An Níochán

 

An Níochán

Bhí lánúin nuaphósta ina gcónaí in árasán le ballaí tanaí, áit a gcloistear chuile rud, istigh is amuigh. Mar is dual dá leithéidí, bhíodar ag bualadh craicinn moch is déanach, agus á dhéanamh go díocasach callánach. Thosaigh na comharsana ag gearán. Séard a rinne na daoine óga ná an meaisín níocháin a chur ar siúl gach uair a tháinig fonn grá orthu. Bhí go maith agus ní raibh go holc, mar bhí an meaisín seo sách torannach. Roimh i bhfad bhí sé ina chód príobháideadh acu: "Ar mhaith leat an níochán a dhéanamh?" a deiridís nuair a bhuaileadh an fonn iad. Lá amháin dúirt an t-ógfhear lena bhean,

"Ar mhaith leat an níochán a dhéanamh?"

"Níor mhaith, a chroí," a deir sí. "Tá tinneas cinn orm."

Ach tar éis tamaill rinne sí athchomhairle agus dúirt,

"Tig linn an níochán a dhéanamh anois, más mian leat."

"O, ní raibh a lán níocháin ann," a deir sé, "mar sin rinne mé le láimh é."

 
1995-08-20 CPD