Clinton, Yeltsin agus Paisley

Tógtar Clinton, Yeltsin agus Paisley suas chun na bhflaitheas sa lift neamhaí agus tugtar i láthair an Fhir Mhóir iad. "Táim seacht sean dubh dóite den mhíghníomhaíocht ar fad atá ar siúl thíos ansin," ar Seisean. "I gceann trí lá déanfaidh mé smidiríní den Talamh. Chuir mé fios oraibh chun go mbeadh deis agaibh dul ar an teilifís agus fainic a chur ar an saol mór, le go mbeidh seans acu aithreachas a dhéanamh."

Tugtar ar ais chun an Talaimh iad, agus nochtann siad arís ina n-ionaid féin faoi seach (osnaí faoisimh ó na gardaí cosanta). Is é Clinton an chéad duine acu a théann ar an tiúb: "Tá dea-scéal agam daoibh, agus drochscéal. Is é an dea-scéal ná go bhfuil Dia ann. An drochscéal ná go ndéanfaidh Sé an Talamh a scriosadh faoi cheann trí lá."

Is le Yeltsin ansin: "Tá drochscéal agam, agus fíor dhrochscéal. Is é an drochscéal ná go bhfuil Dia ann, tar éis an tsaoil. An fíor dhrochscéal ná go bhfuil sé ar intinn Aige an domhan go léir a scriosadh i gceann trí lá.

Téann Ian Mór os comhair na gceamaraí faoi dheireadh: "Tá dea-scéal agam, agus fíor dhea-scéal. Is é an dea-scéal ná go bhfuil Dia tar éis cruthúnas eile a thabhairt dúinn go bhfuil Sé ann. An fíor dhea-scéal ná nach mbeidh Éire Aontaithe ann go deo!"

 
1995-07-22 CPD