Sútra an Diamaint

Bhí manach ann fadó. Bhí sé ina shaineolaí ar Shútra an Diamaint. Ní raibh ach cóip amháin den leabhar luachmhar sin sna bólaí úd, agus is aige a bhí sé. Thug sé leis é ar feadh na tíre, á mhíniú agus á mhúineadh don chléir agus do na tuataí.

Lá amháin bhí sé ag siúl trí na sléibhte ar chonair chúng nuair a chonaic sé seanbhean ag díol tae agus cácaí ar thaobh an bhóthair. Bhí tart agus ocras ar an manach, ach ní raibh aon airgead aige. "Tá seoid ríluachmhar agam ar mo dhroim, Sútra an Diamaint," a dúirt sé. "Má thabharfaidh tú tae agus cácaí dom, inseoidh duit cuid dá mhíorúiltí."

Ní raibh an tseanbhean seo dall ar fad ar Shútra an Diamaint, mar a tharla. Thairg sí margadh dó. "Más féidir leatsa, a mhanaigh léannta, ceist shimplí amháin a fhreagairt, beidh tae agus cácaí agat." Bhí seisean sásta agus an-sásta leis sin. "Má itheann tú na cácaí seo," a dúirt sí, "an leis an intinn a bhí agat, leis an intinn atá agat, nó leis an intinn a bheas agat a íosfaidh tú iad?"

Ní raibh freagra ag an manach. Thug sé an leabhar luachmhar as a phaca agus thosaigh ag póirseáil tríd, ag iarraidh treorach. Rinne sé staidéar agus machnamh. Bhí an lá ag diúltú dá sholas nuair a thóg an tseanbhean an tae agus na cácaí agus a cuid trealaimh uilig.

"Nach amaideach an manach thú!" a dúirt sí leis an bhfear bocht ocrach. "Is le do bhéal a itheann tú cácaí agus tae." Thug sí a droim leis agus thug sí aghaidh ar a teach.

Denis King

 
2006-01-17 CPD