Dátheangachas agus Débhéascna

Is minic a deirtear gur tír dhátheangach í Éire, agus an té a bhfuil eadar Ghaeilge agus Bhéarla aige is gnách a rádh gur duine dátheangach atá ann. Céard is dátheangachas ann, agus an ionann dátheangachas d'achan chineál?

Chan ionann! Áirítear dhá chineál dátheangachais de ghnáth, gidh go bhfuil sé fíor gur meascadh den dá thíopa idéalacha seo iad cásanna praiticiúla an dátheangachais. Bheirim orthu anseo dátheangachas comhordaitheach agus dátheangachas cumaiscthe.

Leis an phríomhdhifríocht eadar an dá chineál dátheangachais a léiriú caithfidh muid a ghabháil beagáinín beag baoideach i dtuilleamaí an bhrainse udaí de theangeolaíocht a dtugtar séimeantaic air. Is é an rud atá i séimeantaic ná eolaíocht na gciall éagsúl a bíos leis na focla.

Tugaimis aire ar an bhriathar udaí Béarla "to ask". Tá cialla éagsúla ag baint leis: "fiafraí, ceist a chur" agus "iarraidh". Ní luíonn sé le réasún ar aon nós go mbaintear úsáid as an fhocal chéadna le friotal a chur ar an dá chiall seo. A mhalairt atá fíor: is gnách gur focal ar leith atá ann le "fiafraí", "ceistiú" a rádh agus focal eile le "iarraidh" a rádh. Deirtear nach ionann réimse na céille - nó an réimse séimeantach - i mBéarla agus sna teangacha eile.

Is minic nach ionann an réimse seo ag focal Béarla atá in ainm a bheith ag freagairt d'fhocal áithrid Gaeilge de réir na bhfoclóirí. Is ionann, cuir i gcás, "lá" agus "day". Bhail, cén Béarla a chuirfeá ar an abairt seo Gaeilge: "Níor chuir sé lá iontais orm"? "It didn't surprise me a day"? Beag an baol. "It didn't surprise me a bit", b'fhéidir. Anseo sáraíonn an focal Gaeilge teora an réimse shéimeantaigh atá ag an fhocal Béarla "day" agus é ag trasnaíl isteach ar réimse an fhocail "bit".

An té a d'fhoghlaim teanga iasachta, agus sin go measartha, is féidir a rádh go bhfuil sé dátheangach. Dátheangachas cumaiscthe atá i gceist ansin: breathnaíonn sé ar an teanga iasachta mar aistriúchán ar a theanga dhúchais. Má tá an Béarla aige ó dhúchas, agus an Ghaeilge ina teangain iasachta, agus é ag fáil radhairc ar leabhar, is é an chéad fhocal a rithfeas leis ná "book". Ansin smaointeochaidh sé: "and book is leabhar in Irish". Tabhair fá dear nár rith "leabhar" leis gan mhoill - bhí d'fhiacha air iarracht chomhfheasach a thabhairt le theacht ar an fhocal Gaeilge.

Is féidir "dátheangachas scoile" fosta a thabhairt ar an rud chéadna, tharla gurb é seo an seort dátheangachais a thigeanns ort agus tú i gceann teanga a fhoghlaim ar scoil, 'gheall ar na torthaí scoile seachas ar son na teangan féin, gan teagmháil leis an teangain bheo go tráthrialta.

An seort eile dátheangachais bíonn sé ag roinnt le na daoiní a bhíodh ag éisteacht leis an dá theanga ó saolaíodh iad. Is féidir go rabh Sualainnis, mar shampla, ag an athair agus Fionlainnis ag an mháthair, agus achan duine acu ag labhairt a theangan dúchais féin amháin leis an pháiste. Sa bhealach seo tig a thuigbheáil ag an pháiste de réir a chéile gur dhá chóras éagsúla atá i gceist anseo, agus nuair a bhéas an méid sin tuigthe aige, toiseochaidh sé a dh'iarraidh gan an bheirt a mheascadh le chéile.

"Dátheangachas comhordaitheach" a bheirthear ar an tseort seo dátheangachais, nó fiú "dátheangachas nádúrtha". An té a bhfuil dátheangachas comhordaitheach ag baint leis, nuair a gheibheanns sé radharc ar leabhar, is iad an dá fhocal - "kirja" na Fionlainnise agus "bok" na Sualainnise - a ritheanns leis san am chéadna.

Ar ndóigh is cásanna idéalacha iad an bheirt seo. Bíonn foirmeanna measctha díofa ar fáil achan áit a bhfuil teacht ar lucht an dátheangachais. Is féidir mar shampla an-chaighdeán a bhaint amach i dteangain iasachta ionas gur geall le dátheangachas comhordaitheach atá i gceist. Is féidir fosta do theanga dúchais a ligean i ndearmad agus tusa gan áiméar a húsáide - rud a bhfuil a fhios go rómhaith ag muintir na Gaeltachta, mo léan.

Murab ionann feidhm an dá teangan ag an duine dátheangach, chan ionann iad sa tsochaí dhátheangaigh ach oiread. Is é is minicí a bhaineanns teanga a haon le pobal nó dream eitneach a haon, agus teanga a dó le dream eitneach a dó. tChíthear a leithéid san Fhionlainn: an duine a bíos ag labhairt Sualainnis le mórchuid a chuid carad is gaoltach is "Sualannach de chuid na Fionlainne" é, is den dream eitneach Sualannach é, agus má thréigeann a chuid clainne an teanga, ni bheidh siad ina Sualannaigh eitneacha a thuilleadh - ghníthear gnáth-Fhionlannaigh díofa, ós rud é gurb í an teanga an t-aon suaitheantas eitneach amháin atá ag na Sualannaigh san Fhionlainn.

Ní i gcónaí a chloíonns teora na dteangthach leis an teorainn eitnigh áfach. Is ann do dhreamanna eitneacha agus iad dátheangach go hiomlán, agus iad barúlach gur cuid dá bhféiniúlacht iad an dá theanga seachas ceann amháin acu. Débhéascna a chuirtear ar a leithéid de staid i mbéarlagair na sochtheangeolaíochta.

Is é an stát Meiriceánach Theas udaí Paragua a dtráchtar air mar an sampla is fearr dá bhfuil ann de dhébhéascna. Tá dhá theanga ag formhór mór na bParaguach: Spáinnis, arb í an teanga oifigiúil í a dteántar úsáid aisti ar scoil is os comhair na n-údarás; agus Guaraní, arb í teanga dhúchasach Mheireacánach na mbólaí seo í. Bíonn an teanga Guaraní ag na daoiní uilig i bParagua, ag clainn lucht na hinimirce as an Eoraip féin: ní chuireann an craiceann bán aon chúl orthu Guaraní líofa a fhoghlaim ó na páistí eile ar an tsráid, agus más i bParagua a tháinig ann dófa, is dóichí ná a athrú gur as Guaraní a bíos siad ag ársaí téamaí is ag inse scéilíní magaidh. Ach má chromann siad ar ábhar léinn a chardáil, iompaíonn siad ó Ghuaraní go Spáinnis.

An té nach bhfuil ach Spáinnis aige cha dtig leis go rómhaith caidreamh nádúrtha a dhéanamh leis na Paraguaigh eile; an té nach bhfuil Spáinnis aige ní féidir leis ardléann a fhoghlaim.

San tsampla sin is teangthacha gan ghaol gan mhuintearas ar bith iad an bheirt atá á gcanadh ag lucht na débhéascna. Is minic áfach a bíos siad an-ghaolmhar le chéile.

Go dtí gur cuireadh deireadh leis an deachtóireacht mhíleata sa Ghréig bhí dhá leagan den teangain náisiúnta á n-úsáid go débhéascnúil sa tír udaí. B'í an Katharevousa, nó an Ghlan-Ghréigis, an t-ardleagan, agus na forógraí oifigiúla is na nuachtáin á n-eisiúint inti, gan aon trácht a dhéanamh ar an tsaol eaglasta. Cha rabh an leagan seo á labhairt ag aon duine ach amháin ag ócáidí oifigiúla sollúnta. Bhí leagan eile ann: an Dhimotikhi, nó an GhnáthGhréigis, agus í ina gnáthurlabhra ag na Gréigigh - mura rabh canúint ínteacht réagúnda acu, ar ndóighe. Leagan íseal den Ghréigis a bhí inti, mar a deirtear.

Rud spéisiúil é nach rabh na scríbhneoirí NuaGhréigise sásta leabharthaí a chumadh as GlanGhréigis tharla gur teanga shaorga mhínádúrtha a bhí inti. As GnáthGhréigis a scríobhadh leithéidí Nikos Kazantzakis agus Kostas Kavafis. Ní rabh an scríbhneoireacht chruthaitheach suite taobh istigh de theorainneacha úsáide an ardleagain, nó taobh istigh a réimse, mar ba chóir a rádh.

Is féidir sampla eile a thairiscint go fóill: an Rúisis agus an tSeanShlaivis Eaglasta. Ba bheag go leor a chumtaí litríocht d'aon tseort as Rúisis na ngnáthdhaoiní go dtí gur chuir an tImpire Peadar Mór bun le litríocht shaolta na Rúisise - b'as an tSeanShlaivis Eaglasta a d'fháisctí cibé litríocht sa teangain, bíodh is gur féidir theacht trasna ar chorrscríbhneoir Rúisise roimh ré Pheadair, ar nós an chlaontóra chreidimh Avvacum. Theastaigh ó Pheadar litríocht shaolta agus téacsleabharthaí eolaíochta a fháil foilsithe as Rúisis, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar dhul chun cinn eolaíochta na dtíorthach Iartharacha Eorpacha. B'ansin a tháinig borradh faoi scríbhneoireacht na Rúisise, agus mar is eol dúinn, ba mhór millteanach an traidisiún liteartha a d'eascair as sin, ó Phúiscín go dtí Séachov. Is féidir áfach lorg na débhéascna a aithint go fóill ar an Rúisis. Is minic go leor, mar shampla, nach ionann athruithe na gconsan in aimsir láithreach an bhriathair chéadna nuair atá ciall theibí ag dul leis, leis na hathruithe a ghníthear air agus brí nithiúil ag baint leis. (Prosveitit, prosveistsiu = teagasc, teagascóchaidh mé; prosveitit, prosveitsiu = x-ghathú, x-ghathóchaidh mé.)

Panu Höglund a sgríobh,
1996-09-10

 
1997-01-17 CPD