Foghraidheacht na n-ainmneacha pearsanta
Le cupla scór bliadhain anuas, tá ainmneacha Gaelacha an-fhaiseanta. Ach 'sé an rud
atá aistidheach fána n-úsáid i gCúige Uladh — le lucht an Bhéarla agus leis an chuid is
mó de lucht na Gaedhilge — gur foghraidheacht neamh-Ultach a bheirtear orthu. Mar shampla:
Ainmneacha mná:
Siobhán: deirtear "shiv-AWN" de ghnáthach, ach 'sé
"SHOE-ann"
an fhoghraidheacht Ultach:
"A Shiubhán Ní Dhuibhir 'stú bun agus bárr mo scéil". Tá fhios agam mná as Tír
Chonaill a scríobhann "Siúan" le bacadh ar dhaoine "shiv-AWN" a thabhairt orthu.
Sineáid: deirtear "shin-ADE" (Sinéad) de ghnáthach, ach 'sé
"SHIN-edge"
an fhoghraidheacht Ultach:
"Éirigh a Shineáid 's cuir síos a' scilléad".
"Seonaid" (SHAWN-edge) a deirtear in Albain.
"Bhail, bhí Sineáid is Seonaidh, bhí siad 'na gcomhnaí i Rann na Feairste." (Éamonn Bhell Fheidhlimidh)
Maighréad: deirtear "mur-RAID" de ghnáthach, ach 'sé
"MY-rid"
an fhoghraidheacht Ultach:
Maighréad Ní Dhomhnaill, Maighréad Ní Mhaonaigh. Sé an
dearcadh a bhí ag bhean toighe amháin i nGaoth Dobhair: Sé
"MY-rid" an Ghaedhilg ar "Margaret"; tá
"mur-RAID" ann fosta ach ainm eile ar fad é.
Máire: deirtear "MOY-ra" go minic, ach 'sé
"MY-reh"
an fhoghraidheacht Ultach — nó "MY-eh" i nGaoth Dobhair
(Moya, mar scríobhann Máire Ní Bhraonáin é).
"D'éirigh Máire Nic Gabhann le spéirthí an lae." (Máire Amrais)
Eithne: deirtear "ETH-na" go minic, ach sé
"EN-yeh"
an fhoghraidheacht Ultach (Enya, mar scríobhann an ceoltóir é).
Éilis: deirtear "EYE-lish" go minic, ach 'sé
"AY-lish" nó "AYLsh"
an fhoghraidheacht Ultach ["ay" mar tá in "day"].
Ainmneacha fir:
Pádraig: deirtear "POD-rig" agus "PAW-rik" go minic, ach 'sé
"PWAD-rig"
an fhoghraidheacht Ultach.
"Pádraig Dubh ag imtheacht ar sheisear aca." (Padaí Tharlaigh Phaidí)
Eoghan: deirtear "OWE-un" go minic, ach sé
"AWE-un"
an fhoghraidheacht Ultach. Tá dhá fhuaim éagsúla le "o-fada" in Ultaibh, díreach mar tá
in Albain ins na focla céanna, agus is samplaí den dá fhuaim sin Eoghan (ò) agus Eoin (ó).
"Eoghan Thaidhg, Eoghan Thaidhg Phadaí Neansaidh." (John Ghráinne)
Eoin: is fiú é seo a chur i gcomórtas le hEoghan. "OWE-un" a deirtear an iarraidh seo, ach tabhair aire fosta go mbéidh an "n" caol agat!
"É féin is Eoin Ruadh is Eoghan Ó Dubhthaigh." (Padaí Tharlaigh Phaidí)
Tomás: deirtear "taw-MOSS" nó "taw-MASS" go minic, ach 'sé
"TOM-ass"
an fhoghraidheacht Ultach.
Is cuimhin linn daoine nach n-abróchadh "taw-MOSS oh FEE-ich" cionnas nach rabh siad toilteanach
Gaedhilg a labhairt, ach bheireadh siad "TOM-as oh FEE" ar an duine, mar mhasla, dar leo.
Ach ina n-ainneoin féin, is iad a bhí á rádh i gceart, do réir fhoghraidheacht oirthear Uladh,
agus chan na Gaeilgeoirí sin a chuireadh snaidhm ina dteangaidh le "tom-OSS oh FEE-ich".
"Bhí Tomás Thuathail Eoghain agus Éamonn Chormaic Ruaidh ar an aonach ar ndóighe." (Padaí Tharlaigh Phaidí)
Seán: deirtear "SHAWN" go minic, ach 'sé "SHAN" (i dTír Chonaill) nó
"SHANE" in oirthear Uladh
an fhoghraidheacht Ultach. Sin an foghraidheacht a d'fhág Shane O'Neill, Shane Barnagh, Shane Crossagh,
McShane, Glenshane, Broughshane, srl, againn. Is fusa an fhoghraidheacht "SHANE" a thuigbheáil
ón litriú "Seaghán".
"Seán Thuathail a chuir tús ar a' tseanchus." (Padaí Tharlaigh Phaidí)
Donnchadh: deirtear "DONE-a-ha" go minic, ach 'sé "DONE-a-hoo" an fhoghraidheacht Ultach;
agus "GHONN-a-hee" ins an ghinideach agus ins an ghairmeach.
"Donnchadh Phadaí Sheáinin agus a chlann mhac." (John Ghráinne)
Tadhg: deirtear go minic "TIGER" — minus the "er" — ach 'sé "TAIG" (rhymes with "craig") an fhoghraidheacht Ultach;
sin mar a litrighthear é — go cruinn beacht — ins na grafitti seictreacha.
Tá ainmneacha eile ann agus is gnáthach le hUltaigh iad a rádh ar an dóigh Ultach:
Ciarán: "KEER-an" ,
Micheál: "MEE-hal" ,
Máirtín: "MAR-cheen"
— gidh go gcluin tú corr "keer-AWN" nó "mee-HAWL" nó
"mar-CHEEN" ag Ultaigh fosta.
Amharc annseo fá choinne liosta de na hainmneacha a bhí in úsáid i measc teaghlaigh Ghaelacha le linn ré dhorcha na nGael in Ultaibh.