BA DEAS

Cé acu a deir tú: ba deas ba dheas? ba sona ba shona? ba te ba the?

Orduigheann an Caighdeán Oifigiúil dúinn gach litir a shéimhiú i ndiaidh "ba".

Ach, nuair a thoisigheann aidiacht le d,t,s, is coitianta go mór i gCúige Uladh gan a séimhiú — gidh nach féidir a rádh nach bhfeiceann muid séimhiú uirthi in ama ar bith. Ach ní chuireann Séamus Ó Searcaigh, mar shampla, fiacal ann: "Coimhréir Gaedhilge an Tuaiscirt", lch 294: Ní bhíonn séimhiú ar t, d, s ar lorg ba. Féach: Ba tuirseach mé i ndiaidh an tsiubhail. Ba deas an lá é. Ba sona sásta é i ndiaidh a dhinneára.

Níl na hUltaigh leo féin mar seo. Deirtear fá Ghaedhilg Chonnacht (Ruairí Ó hUiginn in "Stair na Gaeilge" 9.5, lch 605): I gcás na gconsan d, t, s, agus l agus n caol, is annamh faoi shéimhiú iad, m.sh. ba deas, ba saibhre, ba te.

Agus in Albain, ní shéimhightear d ná t, gidh go séimighthear s go minic:

'S iomadh gaisgeach a bhrosnaich 'sa bhlàr
Gu euchd nuair bu teòtha bha 'n strì

'S bu deurach mo shùil nuair thug mi mo chùl
Ri Muile nam fuar-bheann mór.

Mar sin, níl nós an chaighdeáin dúthchasach ag mórán de na Gaedhil, ach sé an nós is leitheadaí gan séimhiú a chleachtadh ar d,t,s:

ba deas, ba damanta, ba dána, ba daor, ba deacair, ba doiligh, ba dearg

A Mhailidh mhodhmhar dá siubhalfeá 'n ród liom,
Ba deas do lóistín le teacht na hoidhch'.

ba suaimhneach, ba sásta, ba saidhbhir, ba saor, ba saoitheamhail, ba sean, ba seascair, ba searbh, ba sona

Ba charthannach fial thú riamh 's ba sona do lámh

ba te, ba taidhbhseach, ba tairbheach, ba taismeach, ba taitneamhach, ba tanaidh, ba tarraingteach, ba teann, ba tirim, ba tapaidh, ba tréan

A' lá sin ag Teach a' Ghearráin Bháin
Ba tapaidh do lámh 's ba trom...

Is inmholta an smaoitiú é ag "Gaeil Uladh" athchló a chur ar chuid de na claisicí Ultacha, gan an teangaidh ionntu a chur as a riocht.  Chuir siad amach eagrán úr den leabhar "Mian na Marbh" le Tadhg Ó Rabhartaigh ar na maillibh, ach ar an droch-uair níor choinnigh siad an gné seo de Ghaedhilg Uladh.

Chomhair a bheith ar an chéad líne den leabhar, áit a rabh ag Mac Uí Rabhartaigh ba sochmaidhe suaimhneach an tráthnóna, tá seo san eagrán úr ba shochma suaimhneach an tráthnóna, le séimhiú ar "socmaí" agus an ruball bainte daoithe fosta. Agus cupla duilleog níos faide anonn, bhí ba sona séimh a saoghal ann agus anois tá ba shona shéimh a saol — le seimhiú chan amháin an aidiacht i ndiaidh "ba" ach ar an cheann eile ina dhiadh sin comh maith.

Mo mholadh mar sin: ainneoin an CO, ná cuirteadh "ba" séimhiú ar aidiacht a thoisigheann le d,t,s: ba deas, ba sona, ba te.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2002/04/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница