Cáipís
Focal a theagasctar don lucht foghlamtha: "cáipéis," ar "pháipéar" nó "doiciméid".
Tá an focal i nGaeltacht Thír Chonaill san fhoirm "cáipís" agus ciall eile leis.
cáipís a bheith ar dhuine - pionós a theacht air de thairbhe rud eighinteacht a rinne sé,
dire consequences, debt of punishment.
Is dóiche go bhfuil gaol eadar an dá rud, agus gur "páipéar" is bun leis. Ach nach ró-mhinic a thigthí le giota páipéir chuig bunadh na Gaeltachta i dTír Chonaill, murab é le summons as rud eighinteacht a rinne siad, agus droch-scéal a bhéadh annsin. Agus gur sin an chiall a tháinig leis an fhocal.
Seo dornán samplaí ag Séamus 'ac Grianna:
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 134, líne 12
Is cuma caidé an cháipis a bhéas orm dá thairbhe caithfidh mé leanstan liom go rabh
mo rabhán reaithte.
Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh, lch 11, líne 9
Cá mhéad paidirín a bhéadh a dhíoghbháil air a rádh sul a gcuirfeadh sé de an cháipís
a d'fhágfadh bás na ngasúr sin air?
Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 10, líne 21
Shílfeá nach mbéadh cáipís ar bith air as a leithéid sin a theagasg.
Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 107, líne 12
Níl cáipís ar dhuine as déanamh póitín anois acht oiread le déanamh tae.
Séamus 'ac Grianna: An Teach nár Tógadh, lch 110, líne 27
H-iarradh orm an fuagradh sin a reic ar fud mo cheanntair, sa chruth is nach mbéadh sé
mar leithscéal ag aonduine nach rabh 'fhios aige go rabh an cháipís seo fá n-a choinne.