CAIRT

cairt

Má chuartuigheann tú coating sna foclóirí Béarla–Gaedhilg, 's tú ag iarraidh a coating of dust nó a leithéid a rádh, molfar duit leithéidí screamh, scim, cumhdach. Ach sé cairt a scríobhfadh an Conallach.

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola: lch 248, líne 2
...soithigh agus cairt ortha le deannach [i dteach ina rabh an sean-trioc ar díol].

1. Sa chéad áit, cialluigheann cairt an cumhdhach ar chrann (bark): ÓD coirt1, gidh nach mar sin a deirtear é in Ultaibh.

Seaghán 'ac Meanman: Fear Siubhail, lch 32, líne 13
Tá teangaidh aca a bhainfeadh cairt de chrann ...

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 204, líne 5
'Na dhiaidh sin níor chaith mé riamh cairt crann ná duilleogaí tae mar ghníodh cuid eile aca. [ina phíopa]

Niall Ó Domhnaill: Na Glúnta Rosannacha, lch 31, líne 17
D'fháisceadh siad gach uile dheor bhláiche as an im, líonadh siad soithigh leis a bhí déanta fána choinne as adhmad nó slatacha nó cairt chrainn, agus ansin chuireadh siad i dtaisce sa chaorán é, gan sailleadh, lena choinneáil slán fá choinne an gheimhridh.

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola: lch 95, líne 16
Agus shín sé amach péire sgiathán a rabh na feitheogaí le feiceáil ramhar faoi na muinchillí ionnta mar bhéadh cránraí faoi an chairt ar chrann darach.

2. Ach sé an úsáid atá suimeamhail againne, cumhdach tanaí de shalachar, coating, skin, scum (ÓD coirt1, gidh nach mar sin a deirtear é in Ultaibh).

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola: lch 248, líne 2
... soithigh agus cairt ortha le deannach [i dteach ina rabh an sean-trioc ar díol].

Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste, lch 101, líne 19
Acht dá n-abórthá leo [stileoirí] gur nimh a bhí ins a' chéad bhraon [den phoitín], a ghlan a' chairt den worm, is iomdha stileoir sanntach nach dtabharfadh áird ort.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 121, líne 22
Bhí cairt liath shalainn uirthe go bearad na gcrann, agus go barra na simleóir. [long, i ndiaidh teacht fríd stoirm fairrge]

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 82, líne 6
... loicheán dorcha nach mbéadh sruthán ag sileadh isteach inntí nó amach aistí, acht í 'na luighe i gciuineas mharbhthach, faoi chairt dhona chaileannógaighe.

An t-Ollamh C Tóg: An tUltach iml 9 uimh 3, lch 7
Ins an deireadh mhusgail na Muimhnigh a misneach agus ghlan siad cairt shalach na h-Alban dá dteangaidh áluinn uasal.

3. Agus tá ciall eile arís leis, cairt iúil, nó léarscáil (ÓD cairt1). Tá an focal céanna in Albain.

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 210, líne 15
Má's cuimhin liom i gceart, dubhairt tú go rabh cineál de léarsgáil nó de chairt aige a bhí sé a chur i gcomórtas leis an sgríbinn, agus a sháith sé ina phóca nuair a tháinig tú air?’

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 180, líne 4
Chaith Prendergast cairt iúil amach chugainn, agus dubhairt sé linn gur máirnéalaigh a bhí ionnainn ar briseadh a long ina leithéid seo d'áit.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2007/01/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница