Crothnuigh

Is ionann rud nó duine a chrothnú, agus a mhothú nó a thabhairt fá dear nach bhfuil sé sa láthair. B'fhéidir gur cúis bhuartha sin; nó cúis lúthgháire; nó b'fhéidir gur cuma leat ann nó as é. Cibé acu, is crothnú é mar an gcéanna i ngach cás.

Seo dornán samplaí nach bhfuil mórán eagair orthu:

to notice missing/gone/lost:

Tadhg Ó Rabhartaigh: Thiar i nGleann Ceo, lch 259, líne 25
Ba bhocht le Marcus í mhuscladh as a suan; ach nuair a chrothnóchadh sí é ar maidin bhéadh sí fá imnidhe. [when she would notice him gone]

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 296, líne 34
Bhí a fhios againn go mbéadh a rabh de dhaoiní sa taoibh sin de'n tír amuigh sa tóir orainn, a' dá luathas agus chrothnóchthaidhe sinn... [noticed missing, one's absence noticed]

Pádraig Ó Gallchobhair: Cáitheamh na dTonn, lch 73, líne 19
D'fhág sé an teach aréir i ndiaidh ghabháil ó sholas dó agus a cheirteach oibre air, agus ar maidin nuair a chuaidh an mháthair a bhleaghan na bó, fuair sí an sean-éadach sa bhoitheach agus sin an chead chrothnú cuireadh ar Mhícheál, a shíl sí bheith ina luighe ar a leabaidh. [the first he was missed]

Proinnsias Ó Brógáin: Eachtraí Sherlock Holmes, lch 169, líne 8
Bhí mé cinnte ins an am go dtiocfadh liom gach pinginn de a fhágáil arais sul ar bh'fhéidir le aonduine a chrothnú. [before it would be noticed missing]

Séamus 'ac Grianna: Saoghal Corrach, lch 245, líne 8
Chrothnuigh siad as seomra an itheacháin mé, acht níor chuir siad iongantas ar bith ann sin. [noticed missing]

Seosamh 'ac Grianna: Dochartach Dhuibhlionna, lch 23, líne 20
Acht goidé a rinne an tachrán acht cromadh a dh'amhallaigh ar na preátaí a bhí ar an urlár, agus ní rabh oiread de stuaim ag an mháthair agus gur chrothnuigh sí é. [didn't even see/notice it]

Seaghán 'ac Meanman: Fear Siubhail, lch 43, líne 31
Chrothnuigh Brighid an bárdáil nuair do bhí sí ag cur asteach na lachan ag coinfheasgar. [noticed it missing]

Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 119, líne 4
Nuair a bhí an tAifreann leath-thart, chrothnuigh mé Conall ó mo thaobh. [noticed missing]

Pádraig Ó Gallchobhair: Cáitheamh na dTonn, lch 204, líne 7
Anonn sa lá chrothnuigh sé na páistí agus chuaidh sé ar a lorg. [noticed missing]

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 161, líne 21
Crothnuigheadh í ar ndóiche. Shíl Gárdaí an Chósta ar tús gur tharraing sí an t-ancoire, nó gur bhris sí an téad am éighinteacht san oidhche agus gur séideadh amach chun fairrge í. [boat noticed missing]

Seaghán 'ac Meanman: Rácáil agus Scuabadh, lch 59, líne 17
Acht níor mhó ná gur crothnuigheadh as an chuideachta é go raibh sé ar ais i lár an phléaráca. [noticed missing]

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 51, líne 23
Chrothnuigheamar beirt dár gcuid capall. [found to be missing]

Séamus 'ac Grianna: Thiar i dTír Chonaill, lch 34, líne 7
Bhí mé crothnuighthe ar feadh seachtmhaine agus na cladaigh cuartuighthe míle uair ag iarraidh mo chuirp… [be missing]

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 366, líne 11
Fuair sé an t-ainmhidhe a bhí crothnuighthe, ach nuair a bhí sé ghá chuartú chonnaic sé mac tíre bán scoithte leis fhéin ar imeall cas-choilleadh a bhí giota uaidh. [animal lost]

to miss (with homesickness, sorrow):

Seosamh 'ac Grianna: Muinntir an Oileáin, lch 220, líne 14
“Ach goidé fá'n oileán, a Thoirdhealbhaigh; nach gcrothnóchadh duine an t-oileán.” [to miss]

Niall 'ac Suibhne: Néall Dearg, lch 357, líne 16
“A Mhaighistir,” ar seisean de ghlór iongantach lag, “ní chumhain liom athair nó máthair, deárthair nó deirfiúr, agus, mar sin de, ní chrothnóchaidh aon duine mé mur' gcrothnuighidh tusa mé. [to miss]

Seaghán 'ac Meanman: Indé agus Indiu, lch 53, líne 22
Dar leis féin: ‘Nár mheunra a mbéadh 'fhios agam ar chuir siad crothnughadh orm nó an ndeánfaidh siad ollgháirdeachas romham!’ [I wonder did they miss me?]

In áit rud a rádh mar "Cá huair a tugadh fá dear nach rabh sé sa láthair?", níl le rádh ach "Cá huair a crothnuigheadh é?" nó "Cá huair a cuireadh crothnú air?"


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2007/01/15
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница