faoi mar

Samplaí as leabhar fá Sheán Mac Maoláin:
Ba mhór aige an chanúint Ultach faoi mar ba mhór le daoine eile gach gné dá gcaint dhílis féin. (lch 16);
Shocraigh sé [athair Sheáin] tiontú ar an Bhéarla agus an Béarla a labhairt leo faoi mar a shocraigh formhór an phobail. (lch 21).

Ní scríobhadh Seán "faoi mar". Scríobhfadh sé, do réir Ghaedhilg Uladh, "mar".

Agus leoga sin an rud atá sa leabhar seo in áiteacha eile:
Mar a chuaigh daoine eile le Conamara nó le Corca Dhuibhne is amhlaidh a chuaigh Seán Mac Maoláin le Tír Chonaill. (lch 15) — an abairt díreach roimhe leis an chéad cheann thuas.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2003/03/16
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница