Oighreogach

Sé seo an focal Ultach ar uisce nuair a shiocann sé, agus chan "leac oighre".  Sí oighreogach a chuireann tú in do dheoch lena choinneáil fuar, agus is í a bhíonn faoi do chosa ar an bhealach mhór nó ar an loch lá cruaidh siocáin.  Oighreogachoidhreogach a scríobhtar, ach deirtear é mar go mb'eadh "eireogach" a bhéadh ann.

Seo cuid de na téarmaí a chastar orainn sa litridheacht:
cnap oighreogaighe: block of ice, iceberg, ice-flow (abair "eireogaí" ionntu seo uilig)
cnoc oighreogaighe: iceberg
cruach oighreogaighe: glacier
cuibhreann oighreogaighe: glacier
leac oighreogaighe: ice-flow
léadhb oighreogaighe: section of ice
stucán oighreogaighe: icy peak

Baintear úsáid mheafarach as an fhocal fosta.  Is cuimhin liom féin Seán Bán 'ac Grianna ag innse scéil, inar caitheadh daoine le chéile a bhí coimhigheach agna chéile.  Ach tharla rud eighinteacht a bhain cainnt astu, agus annsin, mar a dubhairt an scéalaidhe, "bhí briste ar an oighreogaigh."  Nach deas an chainnt sin, le taoibh an ruda a thiocfadh 'un a' bhéil againne, rud mar "bhí an leac oighre briste".


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2006/09/17
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница