Sruthluigh

Is ionann rud a shruthlú agus a chur in uisce (nó uisce a chur sa rud, nó ar an rud), agus a chraitheadh. Thiocfadh leat éadach a shrothlú, nó cupa, mar shampla. Thiocfadh leat duine a shruthlú, fosta, dá mbíodh olc agat dó!

Dheánfadh sruthluigh gnaithe go minic mar Ghaedhilg ar rinse, dip, shake around (in water), slosh around, slop, wash out, flush.

Seo dornán samplaí.

Éadach a shruthlú: (rinse)

Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 36, líne 1
'Na dhiaidh sin chuaidh beirt de na bráithre síos 'un na h-abhann a shruthlughadh éadaigh.

Seaghán 'ac Meanman: Mám as mo Mhála, lch 56, líne 19
Cia bhí ar shrath na saileog ins an am agus í ag sruthlughadh éadaigh ins an chaise bhig atá ag gabháil trasna an tsratha acht Nóra an Chró.

Soitheach a shruthlú:

Seosamh 'ac Grianna: Ben-Hur, lch 513, líne 17
Shruthluigh sé an cupa ag iarraidh buaidh a fhagháil ar a chuid iongantais.
...playing with the [cup of] water to hide his amazement, now greater than before.

[ie. he swirled the water in the cup]

Séamus 'ac Grianna: Faoi Chrann Smola, lch 40, líne 8
...bhí tormán soitheach agus uisge dá shrothlughadh, bhí sin le cluinstin a' teacht aniar as an áit a rabh siad. [dishes and water being rattled, sloshed around]
...on entendait, venant de là, un bruit de vaisselle qu'on lavait et d'eau remuée.


Biadh a shruthlú:

Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín, ar lch 17, líne 12
Ba é an dara rud a rinn sé chúig nó sé 'cheannaibh do na garbhánaigh a sgoilteadh, an meanach a bhaint asta, iad a shrothlú san fhairrge agus a gcur dá rósadh ar an ghríosaigh a bhí tarraingthe amach aige.

Duine a shruthlú:

Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin, lch 48, líne 14
Ní dheárna sé an-uaillfeartach, nó bhreathnuigh sé, creidim, nach raibh intinn ar bith a mharbhadh nuair a tugadh sruthlughadh de'n tseort sin dó. [fear a tomadh i linn uisce mar dhíoltas as droch-ghníomh a rinne sé]

Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna, lch 77, líne 17
“Níor mhór liom-sa,” ar seisean, “luach chúig bpunnta de shugh na h-eorna a thabhairt do'n fhear a shruthluigh Willy Dubh ins an aoileach thiar ar na Gleannta!” [fear den revenue a bhí in Willie Dubh, nach rabh na daoine ceanamhail air]

Créafóg a shruthlú:

Domhnall 'ac Grianna: Gadaidheacht le Láimh Láidir, lch 424, líne 3
Lá amháin bhí mé féin agus Séamus gnoitheach a' srothlughadh dornán créafóige...
One day Jim and I were busy puddling some dirt...



Ó Dónaill, FGB:
sruthlaigh: rinse; wash out; flush.

Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2007/03/25
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница