Urróg

urróg a thabhairt: gluaiseacht láidir thobann a dheánamh, to give a sudden jump, start, lurch, lunge

1. ag capall:

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 145, líne 14
Acht le sin féin thug an capall aon urróg amháin un tosaigh agus chuaidh sí trasna an droichid de léim.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 141, líne 24
Bhain an capall cnó-dhonn urróg as láimh an doctúra, ag iarraidh a cheann a fhagháil leis.

Seosamh 'ac Grianna: An Grádh agus an Ghruaim, lch 115, líne 22
Bhí na marcaigh ar tús agus a gcuid ceannbheart agus léinteacha cruadhach agus a gcuid sleanntracha fada ag luasgánacht le urrógaí na gcapall...

2. ag luing, le linn gaoithe móire:

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 33, líne 9
Bhí an saoiste ag éirghe agus ag géaradh achan bhomaite, agus bhíothas ag baint urrógaí troma as an luing i ngleanntaí míne domhaine na mara.

Seosamh 'ac Grianna: Seideán Bruithne / Amy Foster, lch 55, líne 11
Thug an long urróg agus baineadh béim aiste mar bhuailfeadh sí a soc ar rud chreagach éighinteacht.

agus fiche sampla eile as an leabhar chéanna.

3. ag duine ina shuidhe siar i gcaithir: (to lean forward suddenly)

Séamus 'ac Grianna: Le Clap-Sholus, lch 184, líne 28
“Éist,” ars' an tsean-bhean, agus thug sí urróg aniar sa chathaoir mar bheadh sí a' brath ar éirghe 'un an urláir.

Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg, lch 87, líne 29
Nuair a bhí an seanchaidhe a' tarraingt ar dheireadh an sgéil thug sé urróg aniar ar a' tsúgán.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2006/10/01
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница