|
Rugadh Aindrias Ó Baoighill ar 1888/04/07 ag Moll na Mine Beag, do Owen Boyle, feirmeoir, agus Mary Boyle.
Do réir an teastais sibhialta, pósadh iad-san ar na Gleanntaí ar 1879/09/14, tráth a rabh Owen 24 agus Mary 20 (?).
Ba as Moll na Mine do Owen, agus ba é Paddy Boyle a athair; agus ba ón tStrath Uachtar do Mhary, agus ba é Andy Boyle a h-athair. Ar an taifead eaglasta den phósadh tá achan rud mar an gcéanna ach amháin sonnraí an fhir: Joannis Boyle, ó Ghort na Saileach (nó Gort na Muclach?), agus ba é Jacobus Boyle ón áit chéanna a athair. Tá sonnraí na mná mar a bhí siad sa taifead sibhialta, ina measc, gur ón tSrath Uachtair í, áit ar an bealach ó Árd an Rátha go Tamhnach an tSalainn. Ach deirtear in áit eile gur b'as Mín an Leargain máthair Aindriais, áit atá níos comhgaraighe do Mholl na Mine Beag, agus áit a rabh fear dar bh'ainm Andrew Boyle, pósta ar Anna De Ward; baisteadh triúr nigheanach daobhtha eadar 1867 agus 1873, ach ní rabh Mary ar bith ina measc. Tá amhras ann mar sin fá chruinneas na sonnraí seo uilig. Bíodh sin mar atá, bhí comhnaí ag Owen agus Mary i Moll na Mine Beag, agus bhí Aindrias ar an cheathrú duine de aon duine dhéag teaghlaigh. Cúis mearbhaill eile áit a bhreithe. Bheireadh sé féin “Carbad” ar an áit seo — mar shampla, ina chuid alt ar An tUltach, nó ba mhinic é ag trácht ar na h-árdáin agus na carraigeacha agus na beanna a chleacht sé ina óige. D'innis sé, mar shampla, mar thug a athair mór é go bárr an Chnuic Dhuibh — “siubhal fiche bomaite ón teach” — go bhfeiceadh sé thíos uaidh an chéad traen ag teacht thart na Beanna Buidhe, é ag tarraingt ar na Gleanntaí, ins an Mhí Mheadhoin 1895. “Carabut, Glenties” an seoladh a thug sé i litir a chuir sé chuig Pádraig Mac Piarais ar 1903/12/12. Anois, ní baile fearainn é Carbad, ach is é a bheir lucht na h-áite ar an mhór-chuid (ar a laghad) de Mholl na Mine Beag, agus do réir chosamhlachta ar chuid de Ghort na Saileach. Níor luaidh Séamus Ó Catháin (“Placenames of Inniskeel and Kilteevoge,” ZCP 31 (1970) 59–145) an Carbad seo, nó Carbad ar bith eile diomaite den Charbad Mhór/Bheag i nDruim na hÁtha, atá fá ocht míle soir ó Mholl na Mine Beag. Díol suime é go bhfuair an Cathánach a chuid eolais ar Mholl na Mine Beag ó fhear dar bh'ainm Patrick O'Boyle, aois c 45 — deir Séamus faoi “he was not acquainted with Irish.” Ba é James Boyle, a fuair bás fá thuairim na bliadhna 2000, an fear deireannach den teaghlach in Moll na Mine Beag. Mac dearthára le Aindrias a bhí ann. Bhí casán coise buailte ag an bhunadh thar an chnoc go dtí baile na nGleanntach, agus bhí an casán seo in úsáid ag James ar fad. |
![]() Aindrias Ó Baoighill (Pioctúir: St Connell's Museum, Glenties) |
![]() An teach inár tógadh Aindrias ar an Charbad. |
Ceist eile, an rabh Gaedhilg ón chliabhán ag Aindrias? I litir chuig Nollaig Mac Congáil in 1977, thug Niall Ó Domhnall
“cainteoir dúchais” ar Aindrias, gan an dara smaoitiú a dheánamh. Ach i bpíosa ar an Derry Journal (1972/03/24 lch 14),
dubhairt scríbhneoir gan ainm fá Aindrias “although Irish was in use in that area [Mulnamine], it was not his first language.”
Do réir an tsluagh-thaifid — foinse nach dtig taobhadh léithe i gcomhnaí — cuireadh síos do n-a mháthair in 1911 nach rabh aici
ach Gaedhilg amháin — ach cuireadh síos Gaedhilg agus Béarla daoithe roimhe sin in 1901, mar a cuireadh síos don teaghlach uilig
diomaite den chuid a b'óige acu. Ar An tUltach (2/1964, lch 18), scríobh Aindrias fá “an dara leabhar de Cheachta Simplí
an Athar Eoghan” a fuair sé in aisce bliadhanta fada roimhe sin ó mhaighistir na scoile, ach ar ndóighe ní shocórann sin an cheist
ach comh beag. |
![]() Sean-reilig na nGleanntach: Pray for the Boyle Family, Carabad. (Pioctúir: Angela Gallagher) |
|
Bhí Aindrias ina mhúinteoir taistil ag Connradh na Gaedhilge i dTír Chonaill ó 1905 — rinne sé cúrsa múinteorachta ar Choláiste Chonnacht,
Tuar Mhic Éide, i Samhradh na bliadhna sin — agus ina thimire ó 1918.
Luaidhtear é bheith ag teagasc ar an Óghmaigh in 1904, i bhFánaid in 1907, agus i nGleann Fhinne in 1910. In 1911, bhí sé ar lóistín
ar an Fhearainn (Narin). Bhí sé i gCloich Cheann Fhaolaidh fosta, agus i gCarn Domhnaigh. Bhí sé ina mhúinteoir agus é ina chomhnaí ar an Chlochán nuair a phós sé Annie Bridget Conway (1891–1969) ar 1921/08/10 ag Cill Taobhóige. Ba as Glascó Annie, agus oibrí siopa a bhí innti. As Éirinn a tháinig a h-athair, Thomas Conway, agus a máthair, Annie O'Donnell. Phós siad-san i nGlascó in 1884. Fá 1925, is cosail, a fuair Aindrias post i Srath an Urláir mar Chláruighteoir do Chonndae Thír Chonaill, agus bhí an post sin aige go lá a bháis. Lean sé air a theagasc ranganna Gaedhilge i Srath an Urláir. Agus thoisigh na leabharthaí a theacht uaidh: • Fir Mhóra na hÉireann (le hÉamonn 'ac Loingsigh), c1925 • Sgéilíní na Finne, 1928 • An Dílidhe, 1930. • Lorna Doone (aistriúchán), 1934 (tá cóip a phronn sé ar a dheartháir, Domhnall, ag Iarsmalainn Naomh Chonaill, Na Gleanntaí) • An Úir Dhubh (aistriúchán), 1937 (tá cóip a phronn sé ar an tSag Séamus 'ac Lochlainn ag Iarsmalainn Naomh Chonaill) • Silas Marner (aistriúchán), 1938 • An tAiridheach, 1939 Bhí eolas ag glún iomlán de léightheoirí An tUltach air mar “Fiach Fánach”. Scríobh sé a chéad alt don iris mhíosail sin in 1949/05. Bhí “Giobógaí Nuaidheachta” mar theideal aige ar feadh tamaill, gur h-athruigheadh sin chuig “Nuacht ó Thír Chonaill.” Lean sé don obair seo a fhad is a mhair sé beo. Is iomaí seod canamhainte atá ins na h-altanna seo, a bhuidheachas sin don am a chaith sé ag teagasc ar feadh na conndae. Scríobhadh sé achan tseachtmhain fosta don Donegal Peoples' Press faoin leas-ainm “Cárthach” (m.sh. “I Measc na nGaedheal”, 1932/01/9~16~23~30). Chuir Anraí Mac Giolla Chomhaill eagráin úra amach faoi litriú chaighdeánach: Fiach Fánach (1992), rogha aistí as An tUltach; agus Cnuasach na Finne (1993), ina bhfuil na ceithre bhun-leabhar uilig le chéile. Fuair Aindrias Ó Baoighill bás ar 1972/03/17, agus cuireadh ar na Gleanntaí é, ins an Reilig Úr annsin. |
![]() Reilig Úr na nGleanntach |