Hugh Graham, University of Minnesota, 1918 (College of Saint Teresa Archives) |
Rugadh Aodh Mac Gréacháin 18 Samhain 1878 ag Shanaghan, in aice le Katesbridge, Co an Dúin.
Feirmeoir a bhí ina athair, James Graham, agus Ellen Burns an t-ainm a bhí ar a mháthair.
Pósadh iad-san i nDruim Mór ar 15 den Chéad Mhí 1878; ba as Shanaghan do James, agus ba as Coill Chon Murchaidh,
taoibh le Shanaghan, do Ellen.
Bhí deartháracha agus deirfiúracha ag Aodh, a b'óige ná é féin: Patrick, James, Mary, Susan, Agnes, John, Ellen. Fá 1891 (mar a shíltear), bhog an teaghlach go Coill Chon Murchaidh, an áit a rabh siad ina gcómhnaidhe in 1901, agus Aodh ina measc — múinteoir a bhí ann, i ndiaidh é na bliadhanta 1896–8 a chaitheamh ar Choláiste De La Salle, Port Láirge. Bhí Gaedhilg agus Béarla ag Aodh, ag Agnes agus ag John. Pósadh Aodh ar Susan McKey, Fidh-inis, Droim Bearach, i mBaile na hInnse ar 19 Lughnasa 1909, agus in 1911, bhí Aodh agus a bhean Siubhán ina gcómhnaidhe i mBaile na hInse; i nGaedhilg a líonadh foirm an tsluagh-thaifid. In 1911, bhí an chuid a ba mhó de theaghlach Uí Ghréacháin go fóill i gCoill Chon Murchaidh, agus bhí Gaedhilg agus Béarla maoidhte ar James, Minnie, Susan, Agnes agus Ellen. Rugadh mac do Aodh agus Siubhán, James Gerard Maeliosa, i mBaile na hInse ar 1912/04/17; agus nighean, Mary Teresa (Maureen), ins an áit chéanna, ar 1915/02/19. Bhí Aodh ina mhaighistir i scoil Tulaigh Oirir (agus b'fhéidir i scoltacha eile sa cheanntar sin) 1899–1904, agus ina árd-mhaighistir, Scoil na nGasúr, Baile na hInse, 1904–17. Bhain sé amach céim B.A. ó Ollscoil Ríoga na hÉireann 1907. Rinne sé stáidéar i gColáiste Ríoga na hEolaidheachta, Baile Átha Cliath, Samhradh 1914. Fuair sé H.Dip.Ed. ó Ollscoil na Ríona, Béal Fearsaide in 1916 (an bhliadhain chéanna a bhfuair Séamus Ó Searcaigh an chéim sin). Theagasc sé Gaedhilg i mBéal Fearsaide, in Óméith agus i nDún Pádraig, 1909–16. Theagasc sé Béarla agus Matamaitic i gCeardscoil Dhún Pádraig, 1912–5. |
Bhí Aodh gníomhach in obair na Gaedhilge agus an náisiúnachais i gCo an Dúin.
Fuair sé an chéad duais as cnuasacht logainmneacha i bhFeis Ó Méith 1901,
agus dubhradh fá n-a chuid oibre i gcomharsanacht Chaisleán Uidhilín
(‘The Reawakening of the North,’ Irish News 21/03/1905 8): “The work which was so well begun by Aodh na Geachain [sic] in October, 1901,
has been well continued by Domhnall ua Murchadha, Padraig Mhac Giolla Dhe, and at present by Seumas ua Murchadha...”)
Ba é a thug scéalta 16–21 de chuid Sgéalaidhe Óirghiall do Sheosamh Laoide — in Óméith a fuair sé iad uilig. Chuir sé ádhbhar isteach ar chomórtais an Oireachtais in 1903, faoin ainm pinn “Réamann na Rannta”: ‘Trácht ar chúrsaí Seagháin Uí Néill nó Seaghain an Diomais’; tá fagháil air mar rannóg GL264 de LS G255 i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (eolas ó Sheán Mac Labhraí). Bhí píosaí Gaedhilge aige ar an Ulster Herald (agus ar na páipéirí eile a bhí gaolmhar leis) eadar 12/1904 agus 04/1905. Scríobhadh sé corr-rud chuig An Claidheamh Soluis nó chuig an Irish News. Bheir sé le fios i litir ar An Claidheamh Soluis gur scríobh sé síos rud beag Gaedhilge ó na cainnteoirí deireannacha i gCo an Dúin. Bhí teastas teagaisc Gaedhilge aige ó Choláiste Chomhghaill i mBéal Fearsaide in 1908. Tá lucht teagaisc agus lucht foghlama Choláiste Chomhghaill le feiceáil ins an phioctúir seo, a fuarthas i Nuall Scoile (iris na coláiste). Is é Aodh an tríomhadh duine ó chlé ins an rang tosaigh. |
|
|
Ghlac sé páirt mhór in eagrú Choláiste Bhríghde, Ó Méith, an chéad bhliadhain, 1912. Ina seasamh ins an phioctúir seo, tá Peadar Ó Dubhda agus Domhnall Ó Baoighill. Ina suidhe, tá Aodh Mac Gréacháin, Eoin Mac Néill, agus Éamonn de Bhaldrain. |
Thoisigh cuid den teaghlach a dh'imtheacht go Meiriceá. Bhain a dheartháir Patrick amach Nua Eabhrac i mí Aibreáin 1912,
agus deirtear go rabh “sisters and brothers” i mBoston ag fanacht leis. Tháinig Patrick go Nua Eabhrac arís ar 1920/05/07,
i gcuideachta a mhná nua-phósta, Mary Hunter (pósadh iad i mBéal Fearsaide ar 1920/04/07). Tháinig Aodh é féin go Nua Eabhrac
i mí Lughnasna 1916 agus d'fhan mí ann, is cosail. Bhí a dheartháir John agus a dheirfiúr Miss E Graham ag fanacht leis
i mBoston. Thaínig sé arís i mí Mheadhon an Fhoghmhair 1917, ar imirce bhuan an iarraidh seo. Seo an cur-síos a thug
lucht inimirce air: 5' 3" ar airde, craiceann solusta, gruag dhonn, súile gorma. Bhí Aodh ar a bhealach go St Paul, Minnesota, áit a rabh post teagasc fá n-a choinne — an post céanna a d'fhág Lorcán Ó Muireadhaigh nuair a phill sé ar Éirinn. Theagasc Aodh Béarla agus Matamaitic i gColáiste Naomh Thomáis annsin in 1917–18. Bhí sé ina árd-mhaighistir ar Rosemount Pub. Sch., 1918–9; agus ina Superintendant, Maple Lake H.S. district, Minnesota, 1919–20. Bhain sé amach M.A. ón University of Minnesota in 1919. Fuair a bhean chéile bás ar 16 Samhain 1919, i mBaile na hInse, agus cuireadh í i nDroim Bearach. |
Aodh, a bhean agus a chlann c1917 |
Pósadh Aodh ath-uair, ar Margaret Teresa Meagher, ó Halifax, Nova Scotia, ar 18 Meadhon Foghmhair 1922.
Tugadh an chlann amach go Meiriceá chuige annsin; bhain siad Boston amach ar 1922/09/15, i gcuideachta a n-aintín Ellen; bhí siad
ar a mbealach an chéad-uair chuig a n-uncal John in Dorchester MA. Bhí Aodh i gceannas ar Roinn an Oideachais, Coláiste Naomh Treasa, Winona, Minnesota, 1920–4. Foillsigheadh leabhar leis, The Early Irish Monastic Schools, i mBaile Átha Cliath in 1923. Rinneadh saoránach de Mheiriceá de in 1924. Bhain sé Ph.D. amach ón University of Minnesota in 1927, le tráchtas ar an mheadhon-oideachas i Minnesota. Bhí sé ina leas-ollamh le Oideachas, Ollscoil St Louis, 1927–30; agus ina Ollamh le Oideachas in Ollscoil John Carroll, Cleveland, ó 1930 go dtí 1949. |
Fuair Aodh Mac Gréacháin bás le taom croidhe ar 2 Bealtaine 1952, agus cuireadh é in Cleveland.
Beo ina dhiaidh bhí a bhean; a mhac, James, ina chomhnaí in Atlanta, agus a nighean, Maureen (a bhí pósta ar Charles Leo
Beatty) in Cleveland, agus cúig ua. Bhí na deartháracha aige, Patrick agus John, in Boston; agus bhí ceathrar deirfiúrach ina gcomhnaí
fá Dhroichead na Banna. |
An teach inar tógadh clann Mhic Gréacháin (Pioctúir: Ciarán Mac Murchaidh) |