|
Rugadh Domhnall Ó Baoighill i gCroichshlighe ar 25 Eanáir 1878, an duine a ba sine ag Daniel Boyle agus Ellen Boyle.
Pósadh iadsan i nGaoth Dobhair ar 27 Eanáir 1876. Ba as Croichshlighe eisean, naoi is fiche bliadhain de aois, ní rabh sé pósta roimhe,
feirmeoir a bhí ann, agus badh é Daniel Boyle (deceased) a athair. Ba as Dobhar ise, 20 bliadhain de aois, ní rabh sí pósta
roimhe, agus badh é Mánus Boyle a hathair (chan John mar a deirtear ar theastas an phósta). Seo mar a bhí an teaghlach in 1901. In 1901, bhí Domhnall ag obair mar "tea agent." Ar oidhche an tsluagh-thaifid bhí sé ar lóistín i mbaile Rath-Bhoth. Fuair Domhnall teasdas ó Choláiste Chloich-Cheannaolaidh i mí Lughnasna 1907, agus thoisigh sé láithreach a dh'obair mar thimthire le Connradh na Gaedhilge, i gconndaetha An Dúin, Árd Mhacha, Lughbhaidh agus Mhuineacháin. Chaith sé mí i gcuideachta Aodha Uí Dhubhthaigh ar dtús, ag foghluim na ceirde. |
|
![]() |
Phós sé Kathleen Lacey ag Daimhliag, Co na Midhe ar 27 Iúil 1910. |
|
Ar oidhche an tsluagh-thaifid in 1911, bhí Domhnall, mar thimthire de chuid Chonnradh na Gaedhilge,
ar lóistín i Sráid Fhrangain i nGaillimh. Annseo tá sé ina shuidhe i measc chuid de n-a chomh-thimthirí. Ar gcúl, tá Peadar Ó hAnnracháin, Seán Ó Muirthile, Seán Ó Cearbhaill, Mícheál Ó Briain, Mícheál Ó Foghlú; ina suidhe tá Seán Mac Éinrí, Domhnall Ó Baoighill, Seán Ó Ruadháin. (Pioctúir: Pádraig Ó Cearbhaill, B'aoibhinn a Bheith Beo (Coiscéim 1987), ón Chlaidheamh Soluis) Lean sé a thimthireacht i gconndaetha éagsamhla sa tuaisceart go dtí Geimhreadh 1914–15; bhí sé ag obair i nGlinntí Aontroma in 1910, mar shampla. |
![]() |
![]() |
Bhí sé ar an fhoireann teagaisc sa chéad seisiún de Choláiste Bhríghde, Ó Méith sa
bhliadhain 1912. Ina seasamh ins an phioctúir seo, tá Peadar Ó Dubhda agus Domhnall Ó Baoighill.
Ina suidhe, tá Aodh Mac Gréacháin, Eoin Mac Néill, agus Éamonn de Bhaldrain.
|
|
Scríobh Dubhglas de hÍde litir molta dó, agus post á iarraidh aige in 1915. Tá sé le tuigbheáil ón litir seo go rabh tamall caithte ag Domhnall i bpost riaracháin leis an bhóthar iarainn. Cuirtear síos air mar "businessman" i nDaimhliag in 1919, agus mar "merchant" in 1948. Is féidir gur theagasc sé Gaedhilg i nDrochaid Átha in am éighinteacht. Scríbhinní eile (de réir mar thiocfas muid orthu): Amhrán na mBreug, Irish Independent (1910/10/18) 9 Cití Ní hEághrá, Irish Independent (1913/01/18) 7 |
|
![]() |
|
|
Thug De hÍde cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin in 1938.
|
|
![]() |
|
![]() |
Chuir sé Gaedhilg ar "Forairí an Mhachaire" in 1939.
Síltear gur bhain sé úsáid fosta as “An Siolpach” mar ainm pinn. Bhí litreacha ón tSiolpach ar an “Derry People”, mar shampla, ar 1943/01/30, 1943/02/13 agus 1943/02/27. |
|
Fuair sé bás ar 30 Bealtaine 1948 agus tá sé curtha i nDaimhliag.
|
![]() Reilig Dhaimhliag |