|
Rugadh é ar an Bhaile Úr i bhFánaid, mac le Micheal 'ac a' tSaoir (c1849–1906) ó Bhaile na Loiste agus Máire Nic Conaglaigh (1852–1896) ó Bhaile an Chnuic,
a pósadh ar 1877/02/08 ag Fán a' Bhualtaigh agus a rinne comhnaí ar an Bhaile Úr.
Baisteadh Seán ar 1877/12/10, agus thainig ar a laghad deichniúr eile cloinne ina dhiaidh.
Ba deirfiúr í an mháthair do'n bheirt as Fánaid a dtearnadh taifead ar a gcainnt in 1931 faoi scéim Doegen —
Pádraig 'ac Conaglaigh agus Nóra Bean Chlinton.
De na "Cáit Shíle McAteers" é, do réir nóta i gCartlann Dhíoghóise Ráth Bhoth. Chuaidh sé chuig Coláiste na nGael i bPáras ar 1895/09/20, agus rinneadh sagart dó annsin ar 1901/06/02. Is cosail go rabh sé in Almhain (Cill Dara) 1901/11–1908/06, agus annsin phill sé ar Dhíoghóise Ráth Bhoth: An Charraig 1908/07–1912/04, agus Anagaire 1912/04–1915/12. Bhí sé ina chigire eaglasta ar an díoghóise 1915–1921, ina chiúrat ar an Fhál Charrach 1921–1925/09; ina riarthóir in Inbhear 1925/10–1929/11; agus ina shagart paróiste i dTeampall Chróine Íochtarach 1929–1945 — seo an pharóiste ina bhfuil Ceann Caslach agus Ailt an Chorráin agus Oileán Árainn Mhór. Fuair sé bás ins an otharlann i mBéal Átha Seanaigh ar 1945/02/14, Céadaoin an Luaithrigh, agus cuireadh é i gcré ag na hAcraí (Ailt an Chorráin). Le linn é bheith in Anagaire, in 1914, chuir an tEasbog Ó Domhnaill é i gceannas ar an ghluaiseacht "Crann Eithne" a bhí bunaithe aige le seachadadh na Gaedhilge taobh istigh den teaghlach a neartú. Tá cunntas ar an obair seo ag Eoin Ó Searcaigh, “Crann Eithne: saothar an tSagairt Mhic an tSaoir”, An Claidheamh Soluis 1914/12/26 lch 3. Ach níor fágadh ró-fhada go lán-aimseartha i mbun an chúraim sin é, nó b'éigean dó pilleadh ar obair na paróiste fá Cháisc 1915. Agus é in Ailt an Chorráin, tharla báitheadh Árainn Mhór (1935 — Ó Ghleann go Fánaid lch 140); taisbeanadh Bhaile Mhic Fhearaigh (1939 — Ó Ghleann go Fánaid lch 176); agus pléascán Bhaile Mhaghnuis (1943 — Ó Ghleann go Fánaid lch 175). Mar scríbhneoir, tharraing sé chuige an t-ainm cleite "B N Loiste", ó bhaile dúthchais a athara. Seo cuid dár scríobh sé. • “Alastar ar aistir. An tuincleir agus an t-easbog,” The Irish Rosary, Feabhra 1935 • “Éisteacht na Cásca,” The Irish Rosary, Aibrean 1935 • “Cleasaidheacht na gCos,” The Irish Rosary, Iúl 1935, lgh 520–3 • “Árus nuadh na bportán,” The Irish Rosary, Lughnasa 1935 • “Seic an chúitimh,” The Irish Rosary, Deireadh Foghmhair 1935 • Inbhear Náile, dráma goirid, An Gúm 1936 • Cathal Faoi Ghealltanas, dráma goirid grinn, An Gúm 1936 Léigheacht a thug sé ar a chuid oibre le Crann Eithne, "Language Movement in Donegal", i gcló ar an Derry Journal 1932/09/30 lch 14. Léigheacht eile, dar teideal "Gasúr sa Ghaedhealtacht," i gcló ar an Derry People 1933/05/06 lch 10. |
![]() (Pioctúir: Niall Mag Fhionnghaile) |

![]() |
Ag Teach Pobail na nAcraí,
Ailt an Chorráin In Loving Memory of Very Rev John Canon McAteer PP Lower Templecrone who died 14th February 1945 aged 67 years. On his soul Sweet Jesus have mercy Our Lady pray for him Erected by his nephew Father John J Kelly New Jersey. |
![]() |