Seán Ó Siadhail, 1901–1971


Rugadh Seán Ó Siadhail in Rhode Island in 1901, mac le Seán Ó Siadhail (.i. Johnnie Mháire, c1857–1934) as Ros Guill agus Susan Murray (c1867–1908) as Cill Saidhe (Kilsyth) na hAlban. Ba mhac é Johnnie Mháire le Edward Shiels (.i. Edward Mhicí Éamoinn, c1809–1865), Doire 'n Chasáin, siopadóir agus muilteoir, agus Máire Ní Luadhóg.

I gceann na h-aimsire chuaidh Johnnie anonn go h-Albain, agus bhí teach tabhairne aige in Cill Saidhe. Phós sé Mary McCahill in St. Machan's Church, Baile na Leamhnachta (Lennoxtown) in 1886. Ba as Dún na nGall a h-athair, John McCahill (mianadóir guail) agus as Milton of Campsie a máthair. Fuair Mary bás in 1892 agus d'fhág triúr páiste, Edward, Annie agus Máíre, i gcúram a deirfiúra.

Phós Johnnie Mháire arís, in 1895, ar Susan Murray i gCill Saidhe, agus rugadh nighean, Julia, annsin in 1897. Bhí lucht staonaireachta fá Chill Saidhe anuas ar an ól, agus d'imthigh Johnnie go Meiriceá, áit a rabh sé ag obair mar chléireach. Rugadh mac, Seán (nó John Anthony), ag 25 Bridge St, Newport, Rhode Island ar 5 Mhí na Nollag 1901.

Bhí Susan, Julia agus Seán (óg) anonn is anall eadar Albain agus Meiriceá cupla uair, go dtí gur phill an teaghlach ar Albain, agus bhí siopa acu in Alexandria. Ach fuair Susan bás in 1908, agus tá sí curtha ins an aon uaigh le Mary McCahill i gCill Saidhe.

Tamall ina dhiaidh sin, thug Johnnie an dá pháiste 'na bhaile go Ros Guill, agus bhí siopa beag aige in aice na céadha ins na Dúnaibh. Bhí siopa mór ag a dheartháir, Micí Mháire, i nDoire 'n Chasáin agus ba annsin a bhí comhnaí ar Sheán agus Julia le Micí agus a bhean Cití Ruairí (Catherine). Bhíodh Julia agus Seán fosta ag cuidiú le n-a n-athair ina shiopa siud.

Phós Johnnie an tríomhadh h-uair in 1912, ar Sarah McClafferty (Sarah Tharlaigh). Nuair a fuair sise bás in 1933, fágadh Johnnie ina bhaintreabhach don tríomhadh h-uair. Fuair sé féin bás in 1934 agus cuireadh é i Míobhaidh.

Pósadh Julia ar John McFadden ar an Fhál Charrach in 1916, agus bhí beirt mhac acu: Jack, a rugadh i mBéal Feirste in 1917, agus Hugo, a rugadh in 1920. Nuair a fuair Micí Mháire bás in 1919, phill Julia a chuidiú le Cití, agus is i Ros Guill a tógadh Jack agus Hugo. Maighistir scoile agus scríbhneoir Gaedhilge a bhí in Jack Mac Pháidín (1917–2002).

johnnie
Johnnie Mháire, Susan Murray agus a gclann:
Julia agus Seán, c1907
(Pioctúir: Ciarán Mac Pháidín)


Ach is ar Sheán a tharraing muid an scéal. Chuaidh sé ar Choláiste Adhamhnáin agus go Magh Nuadhat agus rinneadh sagart dó in 1925. Ghnothaigh sé BA (1921), BD BCL (1925), ICL (1926) agus HDipEd (1927). Bhí sé ina léigheachtóir le Gaedhilg agus Breathnais annsin in 1927. Bhí sé ag obair i gColáiste Adhamhnáin (1927–30), ach thug sé cupla cuairt ar Mheiriceá in 1928–30 fosta — cláruigheadh é sna Virgin Islands ins an tsluagh-thaifead in Aibréan 1930 — agus chuir sé síos ar an tsaoghal i Meiriceá i sraith fhada alt i mBéarla ar an Derry People, a chríochnuigh ar 1930/04/26. Bhí sé ina sheiplíneach ag Coláiste Bhrighde, An Fál Carrach (1930–31). Bhain sé amach MA ó Mhagh Nuadhat in 1931. Chaith sé na bliadhanta 1931–34 ins an Róimh i mbun doctúireachta (DCL 1932). Ag pilleadh 'na bhaile dó, bhí sé ina chiúrat ag Cnoc Fola (1934–40) agus baint aige le Coláiste Cholmcille (Gaoth Dobhair) in 1936–40. Chuir sé iarratas isteach in 1940 ar Ollamhantacht na Gaedhilge i Magh Nuadhat, ach chan fhuair sé an post sin. Bhí sé ina chiúrat i nGort a' Choirce (1940–44). Bhí sé ina sheiplíneach le cabhlach na Breataine (1944–48). Bhí sé ina scrúduightheoir teagasc Críostaí do dhíoghóise Ráth Bhoth (1945–63), agus ina shagart paróiste i gCloich Cheannfhaolaidh (1963–71). Chuaidh a dheirfiúr Julia go Cloich Cheannfhaolaidh in 1963, a choinneáil toighe dó. Fuair sé bás annsin ar 1971/01/22 agus cuireadh i nGort a' Choirce é.

sos

uaigh

Reilig Ghort a' Choirce

uaigh


leabhar1
leabhar2
leabhar3
leabhar4
leabhar5

Ar a chuid scríbhinní i nGaedhilg bhí:
    "An Cáirdnealach Ó Lúog", Irisleabhar Muighe Nuadhad (1925) lgh 3–8
    "Ar Bharr na dTonn", Irisleabhar Muighe Nuadhad (1925) lgh 55–7
    "Slán mairstin don Cháirdnealach [Ó Dómhnaill]!", Irisleabhar Muighe Nuadhad (1926) lgh 1–2
    "Ar Dhruim na Mara", Irisleabhar Muighe Nuadhad (1927) lgh 84–6
    "Pádraigín Háicéad, sagart d'Ord San Doiminic, file Gaedhealach (1600–54)",
        Irish Rosary May 1931, June 1931, July 1931, August 1931, September 1931, October 1931
    "An Fhilíocht Ghaedhealach",
        Irish Rosary January 1932, February 1932, March 1932, April 1932, May 1932, July 1932, August 1932
    "Seathrún Céitinn, file & stáraidhe (1570–1650)",
        Irish Rosary October 1932, November 1932, April 1933, June 1933, July 1933
    "Críost ár d-Tighearna 'is Gaedhil na hÉireann", Irish Rosary August 1933
    "An mhuirthéacht 'san Rúis", Irish Rosary April 1934
    "Sgríbhneóirí Mheirioca. I. Mark Twain (1835–1910)",
        Irish Rosary October 1934, December 1934, January 1935, March 1935
    "Sgealta cois Fairrge", Irish Rosary ????
    Aistí Soisgéalacha (An Gúm, 1937)
    Pádraigín Haicéad (Clólucht Thírchonaill, Leitirceanainn, 1938)
    Cléireach an Aifrinn (Clólucht Thírchonaill, Leitirceanainn)
    Teicheadh na n-Iarlaí — a historical pageant (in press, 1940)
    An Pápa sa Choillidh Bhig (aistriúchán ar Lughaidh Breathnach, The Pope in Killybuck)
    A Mhire is a Ritheann an Grádh (An Gúm, 1952)
    Turas na Croise (1969)

Thug sé an Óráid ag Feis Thír Chonaill 1927, agus tá sin i gcló ins an Derry Journal (1927/07/04 lch 6).

leabhar6
leabhar7
leabhar8
leabhar14
leabhar13
leabhar12
leabhar10
leabhar9
leabhar11

I mBéarla, scríobh sé (J A Shields MA DCL) — bheirtear sonnraí sa chás go dtáinigtheas orthu:
    The Lily of the Cloister: Sister Marie-Céline of the Presentation (St Anselm's Priory, Washington DC, 1928)
    Patrick Pearse, Irish Patriot (Published privately 1937)
    Guide to Lourdes (Browne & Nolan 1939; Fallon 1957; Gill 1958, 1965, 1969, 1971)
    The Spirit of Lourdes (Gill 1958)
    Our Lady of Beauraing (Wicklow 1958)
    Mary Our Mother (1959)
    The Virgin of the Poor (1959)
    The Wonder of Fatima (1960)
    The Weeping Madonna of Syracuse (1960)
    Shrines of Our Lady (1960)
    Pasch to Pentecost (Bray: The Record Press 1961)
    Guide to Fatima (Clonmore & Reynolds 1962)
    Our Blessed Lady (Clonmore & Reynolds; Burns & Oates 1963)
    Our Lord and His Apostles (Bray: The Record Press 1963)
    Our Lord and Saviour Jesus Christ
    Our Lord's Infancy
    Our Lord's Public Life
    Our Lord's Last Journey
Bhí rachairt mhór ar na treoir-leabharthaí do Lourdes agus Fatima, agus haistrigheadh ceann Lourdes go Frainncis.

Taobh amuigh de sin, scríobh sé altanna ar na páipéirí nuaidheachta fá chursaí creidimh, taistil, iascaireacht fhairrge &rl. Ina measc bhí:
    "Mass Honoraria: their historical origin and development", Irish Ecclesiastical Record, series 3, 31 (1928) 125–146
    "United States Tour", Derry People, sraith de 25 alt a chríochnuigh ar 1930/04/26 lch 2
    "Fishing Items", Derry Journal (1931)
        No 13 (1931/07/31 lch 3), No 21 (1931/09/25 lch 3), No 30 (1931/11/27 lch 3)
    "Fishing Items, Second Series", Derry Journal (1932)
        No 17 (1932/04/08 lch 3), No 18 (1932/04/15 lch 3), No 25 (1932/06/03 lch 3)

Mar shagart bhí ómós ar leith aige don Mhaighdean Muire, agus is é ba chúis leis na grottos atá líonmhar fá na bealtaí i gCloich-Cheannfhaolaidh. Ba lena linn (1965) a tógadh teach a' phobail ar Inis Bó Finne: "Bhí dáimh ar leith ag Dr Shields le muinntir Inis Bó Finne agus acu-san leis. Fear fairrge a bhí ann agus bhí deagh-chaidreamh ag a athair roimhe le bunadh an oileáin." (Bliainiris Ráth Bhoth 1991)

Buidheachas ar leith do Chiarán Mac Pháidín, a sholáthruigh go fial cuid mhór den eolas geinealaighe agus de na pioctúiri seo.

Craobh a gheinealaigh

                          --------------------------
                          |                        |
                    Micheál Ó Siadhail     Éamonn Ó Siadhail--------------Máire Ní Luadhóg
                                           (Edward Mhicí Éamoinn)  |
                                           c1809–c1865             |
                                           Doire 'n Chasáin        |
                                    -----------------------------------------------------------------------------
                         1          |        2                         3                                        |
    Mary McCahill----------------Johnnie----------------Susan Murray-------Sarah McClafferty                 Michael--------Catherine (Cití Ruairí Éamoinn)
    c1865–1892        |          c1857–1934   |         c1867–1908     | m 1912   c1862–1933                 c1851–1918 |  c1859–1958
               m 1886 |                       | m 1895                                                                  | m c1886
       -----------------------          ------------------------------------                                      gan chlann
       |          |          |          |                                  |
    Edward      Annie      Máire      Julia-----John McFadden           SEÁN
    1887–       1888–      1891–      1896–  |  1889–                   1901–1971
   (thóg deirfiúr na máthara iad)            | m 1916
                                       ----------------------------
                                       |            |             |
                                     Rose          Jack          Hugo
                                     1916–1916     1917–2002     1920–2010



Foinsí:
Jack Mac Pháidín, Ar Toinn is ar Tír (2007), lch 10
Seán Ó Gallchóir (eag.), Teach Pobail Mhuire na nGrás, Inis Bó Finne (2015), lgh 26–31
Seán Ó Gallchóir (eag.), Teach Pobail Chríost Rí, Gort a' Choirce 1953–2003 (2003), lgh 25, 30–33, 103, 129, 131, 156
Seosamh Ó Ceallaigh (eag.), Colaiste Uladh 1906–2006 (2006), lch 197
Patrick J Boyce, Memories of Mevagh (2015): Johnny Mháire (lch 85), Micí Mháire (lch 74)
Civil Registry; sluagh-thaifid 1901 agus 1911; páipéirí nuaidheachta
Tá mion-eolas ar na foinsí le fagháil ach "View Page Source" nó a mhacasamhail a roghnú ins an tsiortaitheoir (browser).


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2020/09/20
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница