Séamus agus Treasa Nic a' Bháird, 1916.
Pioctúir ó Aingeal Nic a' Bháird.
LA1280.1
Teideal: Dialogue from Troid Bhaile an Droichid
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhuail Séamus suas 'toighe Phaidí, agus d'fhág thiar gloine a bhain
snagarnach as agus d'fhág sruth uisce le na shúilibh. Agus bhí buideál
beag fosta 'un a' bhealaigh leis.
"Goidé do bharamhail de sin?" arsa Paidí.
"Níl lá loicht air," arsa Séamus, nuair a fuair sé 'anáil leis.
"Ariamh char ól tú gloine ionchurtha leis," arsa Paidí.
"D'ól," arsa Séamus, "agus ólfaidh. Chan a rádh atá mé nach bhfuil sé
toghna fosta, ach rinne mé fhéin téigheadh anuraidh nach n-amharcóchadh sé
air."
"Shaoil mé," arsa Paidí, "gur scoith a dteárnadh annseo ariamh an braon
atá mé a rádh."
"Níl lá scéil air adeirim leat, a Phaidí. Lean leat mar tá tú, agus cha
n-abrann duine ná diúlach leat nach bhfuil uisce beatha galánta agat."
Amach le Séamus agus anuas 'na bhaile fá choinne a bhata. Chraith sé an
t-uisce coisreactha air fhéin, agus ar Chaitlín, agus d'iarr ar Chaitlín
paidir a chur leis.
"Maise, rath Dé agus Muire ar mo bhéal," arsa Caitlín, "paidir ná cré cha
chuirim leat agus an siubhal amaideach a bhfuil tú air. Cha rachadh
amhlóir, chan é amháin duine leagas amach dó fhéin a bheith siosmaideach
ciallmhar stuamdha, ins a' tsiubhal seo inniu. Cha cheilim ar Dhia nó ar
a' tsaoghal é, ba mhaith liom thú griosáil mhaith bhuailte 'fhagháil, ach
gan do mharbhadh ar fad, sul a bpillidh tú. Agus níl ach amaidigh domh an
béal a bheith a' milleadh an anma agam, paidir nó paidir nó cuid den
phaidir cha chuirim leat."
"Tá teangaidh in do cheann, a Chaitlín, a bhainfeadh an craiceann anuas
de'n dearnaid, agus nár choiglidh Dia thú é a chaitheamh ar cheithre
bhallaí an toigh e go dtigidh mise arais. Tá mise ar shiubhal. Agus fad
agus mhairfeas órlach de'n bhata seo le chéile, béidh Séamus Mór Ó
Duibhir ar a sháimhín suilt, ag 'ul agus a' gearradh, a' cosnadh 's a'
cnagadh, mar chleacht agus mar ba dhual d'ar maoidheadh ariamh air."
Siud 'un siubhail é agus níor chuimhnigh sé a hata Domhnaigh a chur air.
Agus bhí an ceann lom-chaithte a bhí ar a cheann droch-dhaithteach
tuarthuighthe leis an aimsir, agus comh míochmhar gránna agus chonnaic tú
ariamh.
"Pill annseo," arsa Caitlín, "agus cuir ort do hata, agus steall dhuit an
show sin atá ort."
Ach ní phillfeadh Séamus. Ní chorróchadh sé an sean-hata gránna anois de,
leisg oiread de shásamh a thabhairt daoithe. B'fhearr leis leoga, in
éantoisg uirthi, é bheith seacht n-uaire ní ba ghráiceamhla.
Chuaidh Séamus faoi n-a churach, d'iomchair ar a mhuin síos 'na trágha é,
agus leag i mbéal na tuinne é. Chuaidh sé isteach annsin ann, fá
mhuinighin Dé, agus is iomdha buille de chéaslaidh a tharraing sé ó sin go
rabh sé ar an tír. Níl aon bhomaite de uair go leith nár bhain an cúrsa
as, agus d'aindeoin nach rabh a mhacasamhail le fagháil ar an chósta le
brígh cuirp, cruadhas agus urradh, bhí a sháith aige dó, agus bhí sé
leath-chlaoidhte go leor agus spuaiceacha comh mór le uibh circe ar bhosa
a dhá lámh ag dorna na céasladh sul mur shroich sé an tráigh.
Shónnruigh bean Shéamuis Mhóir Uí Ghallchobhair Séamus a' teacht. Agus
bhí fhios aici go maith gur a' teacht a chuidiughadh le n-a fear fhéin a
bhí sé. Agus bhí beathach fána shréin agus fána dhiallait aici ar a'
tráigh fá choinne Shéamuis.
"Sé do bheatha," ar sise. "Téigh a mharcaidheacht comh tiugh géar agus
thig leat, agus bain a' t-aonach amach i bpreabadh na súl má rinne tú
riamh é. Nuair a shroichfeas tú an fad sin, caith an t-adhastar fá
mhuineál an bheathaigh, tabhair a ceann daoithe, agus bainfidh sí fhéin an
baile amach."
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann do'n ath-innse, cionnas gur ag léigheamh as a leabhar fhéin a bhí
an cainnteoir; dearc nóta 1 thíos.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1280d1
(orthographic, English translation).
1. This extract is read by the author from his book Troid Bhaile an Droichid (1907). The above version differs only in very minor
respects from the book.