Phil 'ac Giolla Cheara (c1843–1932), Leitir, Urris, Clonmany, Inishowen, Co Donegal Eolas ar an chainnteoir.
LA1265.1
Teideal: Story: The Thread-merchants
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí ceannuidhe mór snáith' ann agus chuaidh sé 'cheannacht snáith' 'un a'
mhargaidh. Agus tháinig fear roimhe leis agus mharbhuigh sé é. Agus trí
oidhche ionn a dhiaidh sin, chuaidh sé 'un na reilig' achan oidhche dae thrí
oidhche, dh'éisteacht caidé chluinfeadh sé. Agus chaitheadh — chaitheadh
sé deireadh aníos agus bhí — chuaidh sé ar a dhá ghlúin ins an uaigh.
"Íocaidh, íocaidh," arsa seisean. "Cé a íocfas?" arsa seisean 'n tríomhadh
oidhche. "Ó do shliocht in do dhiaidh," ar seisean. "bhí mise beag 'e
mhaith. Well, 's dócha go bhfeicfinn 'mo dhiaidh mór-áilte nach rabh
sé ar son bás uathu.
Well, bhí sin maith go leor, ghlac sé comhairle an tsamhail agus
bhuildeáil sé toigh sclátaí agus pósadh a mhac agus chuir sé stop air an
ól agus tháinig sagart an oidhcheadh féin thart. "An dtabharfaidh tú
ceathrú don oidhche anocht domh," ar seisean leis an tseanduine.
"Bhéarfaidh," ars' an seanduine, arsa eisean, "ceathrú go Déardaoin
duit." Thosuigh an seanduine agus d'inns sé fríd chomhrádh daobhtha caidé
rinne sé, gur mharbhuigh sé 'n fear, agus gur rann sé cuid mhaith airgid
ar na bochtaibh, agus gur bhuildeáil sé toigh agus achan seort. D'éirigh an
sagart amach agus d'fhág sé é. Chuaidh sé isteach go toigh eile a bhí ann
ionns a' chomharsain.
Agus d'fhan sé an oidhche sin ann. Air mhaidin lá thar n-a bhárach ar
seisean le fear a' toighe, "A' rabh tú amuigh?" "Cha rabh," arsa seisean,
"tá mé ag gabháil amach." Chuaidh sé amach. "Bhfaca tú iongantas ar
bith dae shamhail an oidhche aréir?" a tháinig aníos duit. Tá díg
annseo dae ro shuidhe ar cineál cloch bhun a bhí ann, agus
tá glam a' rachtáil anuas fríd a' toigh. Agus tá an t-iomlán shuidhe air
a shúilibh," arsa sise, "agus char chuir sé aon deor an oidhche sin."
Sin endáilte anois.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ar iarraidh
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 34–5 (phonetic),
169–72 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1265d1
(orthographic, English translation).
1. Seaghán Mhac Meanman Cnuasach Céad Conlach, 1989, pp 84–86: Scéalta Scifleogacha fá na Dálaigh.
Mharbhuigh Dargán Ó Domhnaill bacach, agus labhair éan leis:
"Íoc, íoc!" arsa an t-éan.
"Cé a íocfas?" arsa Dargán.
"Íocfaidh go dtí an seisiú glún déag!" ars an t-éan.
2. Séamus P. Ó Mórdha, "An Aghabog glossary", Clogher Record 5, ****, pp 361–370 (Co Monaghan).
Gloss on "Íocfaidh" at p 366: story of man who was doing ill-turns; heard voice saying "Íocfaidh! íocfaidh!"
He said "Ga hé íocfaidh?". Answer was "Clann do chlainne."
3. Seaghán Ó hAnnáin, Gaedhilg an Fheadha, ms., "Eugfaidh, eugfaidh, clann
do chloinne," ars' an fear-sidhe, agus tharla mar dubhairt sé; d'eug siad
a-lig fad ó shoin; agus chan fhuil ceann amháin acu ann indiu." — Farney story.
4. Seán Ó hEochaidh, "Seanchas Éanlaithe Iar-Uladh", Béaloideas 37–38, 1969–70, pp 210–337, scéal 70, "An píobaire breac" ag pp 259–264.
5. Seán Mac Suibhne (eag.), Scéaltaí Phadaí Eoin Mac Gairbheith, 2014, p 120, marbhuigheadh ceannuidhe éisc a bhí ag tarraingt aneas ar an Chlochán Liath le
airgead don tighearna talaimh. "Bhí snag breac ag eitilt os cionn an áir, agus dúirt sé 'Íocfaidh, Íocfaidh,' agus choinnigh sé a rá sin go dtí sa deireadh gur
dhúirt an fear a rinne an dúnmharú, 'Cé a íocfas?' D'fhreagair an t-éan agus ar sé, 'mac do mhic agus iníon d'iníne.'" Fosta, Pádraig Mac Gairbheith,
"From Gweebarra to Dungloe", Ireland's Eye 6/1998 lch 35.
6. Cf. "Luach na Sé Pinghní", nó "An Dreáir Bocht agus an Dreáir Saibhir", a thóg Proinsias Ó Conluain ó Phadaí Láidir 'ac Culadh i dTír Eoghain — bean a b'éigean
a chur trí huaire sular fhan sí sna uaigh. Baint ar bith aige le seo!
7. Sgéalaidhe Fhearnmhuighe pp 16–21. (?=Toirdhealbhach Irisleabhar na Gaedhilge 10/1900)
Sgéalaidhe Óirghiall, pp 12–16 very similar to no 6. No connection to here.
8. "An Ceannaidhe", Béaloideas 10, 1941, pp 36–7, from Iorras Aithneach ("díoghaltas" ars' an t-éan).
9. "Díolaidh! Díolaidh!" in a Scottish story of retribution for murder (John Stewart, The Camerons, p 184).
LA1265.2
Teideal: Story: Huddens agus Duddens agus Domhnall Ó Daoraí
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Well, bhí Domhnall Ó Daoraí agus — Huddens agus Duddens agus Domhnall Ó
Daoraí, trí comharsanaigh a bhí ionntu. D'imthigh siad agus thug siad
deoch do Dhomhnall Ó Daoraí, chuir siad isteach i mbaga é, agus thug siad
leobhtha go marbhuigheadh siad é.
Chuaidh siad isteach i dtoigh taibhirne, a' bheirt, Huddens agus Duddens.
D'fhág siad Domhnall Ó Daoraí amuigh air a' tsráid. Tháinig siubhlóir
thart, 'ceannacht eallaigh, nó aig dróbh eallaigh leis in éis a gceannacht.
"Tá mise dhul na bhFlaitheas, a dhul na bhFlaitheas sibh féin" na
dearthaigh ó Domhnall Ó Daoraí. "dhul na bhFlaitheas, a dhul na
bhFlaitheas sibh féin é."
"An ligfidh tú mise in do áit?," thíos, "agus bhéarfaidh mé dróbh an
eallaigh duit." "Scaoil an baga go bhfeicidh mé an t-eallach." Scaoil sé
an baga annsin agus d'amharc sé air an eallach.
"Toicí méal," arsa seisean, "siubhalfaidh tú roimh maidin." Chuir sé
annsin 'steach sa bhaga é agus cheangail sé béal a' bhaga, agus "Tá mise
a' gabháil na bhFlaitheas, a dhul na bhFlaitheas sibh féin ar fad," d'abair
sé. Agus chaith siad amach annsin le binn thiar é Domhnall.. ná Huddens
agus Duddens Domhnall Ó Daoraí.
Annsin nuair a bhí sé caithte amach leis a' bhinn acu, tháinig a'
bheirt 'na' bhaile. Lá thar n-a bhárach, bhí Domhnall Ó Daoraí amuigh
a' buachailleacht drobh eallaigh, agus chuaidh Huddens agus Duddens
ionns'air, agus d'fhiafair siad cá bhfuair sé drobh an eallaigh. "Ó, dá
mbéadh sibhse an bheirt ann más shean a léigheamh, bhéadh oiread eile
eallaigh ann."
"Cuirfidh tú muidinne isteach i mbaga," arsa seisean, "achan duine againn
agus cuir ar thearlas an taobh chéanna" Cha dteachaidh seisean isteach.
Caithfidh tú dhul toigh taibhirne. Chaith sé amach a' bheirt. Bhí cuid
na triúire aige-san.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ar iarraidh
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 35–6 (phonetic),
172–4 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1265d2
(orthographic, English translation).
1. This story is typical of the type where two men conspire to defraud or kill a third, but he uses their greed to engineer their downfall. The names may
or may not be similar. Our story corresponds to the final episode in the following:.
Séamus Ó Duilearga, "The Royal Hibernian Tales", Béaloideas 10, 1940, pp 148–203???, at 184–6 and 202: "Donald and
his neighbours". Originally published in 1825. Reproduced in Séamas Ó Catháin, The Bedside Book of Irish Folklore, 1980, pp 50–5. The names are Hudden,
Dudden and Donald O'Nery. See also Béaloideas 48–50, 1980–2, p 137, note 6.
Seaghán Mhac Meanman, Cnuasach Céad Conlach, 1989, pp 157–161: "Odhrán, Dobhrán agus Dónall Ó Naoire".
Éamonn Ó Tuathail, Sgealta Mhuintir Luinigh, 1933, nos XX/XX(a): "Brian Bréagach", the first from Eoin Ó Cianáin
and the second from the Fr Short mss., both Tyrone. The latter version was also published as "Brian Bréagach", An tUltach 3:5, 6/1926, pp 6–7 and again,
An tUltach 9:8, 10/1932, p 6. Names different.
Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas, 1985, pp 93–7: "An Seanghearrán Bán". Names different.
Niall Ó Domhnaill (eag.), Scéalta Johnny Sheimisín, 1948: "An Dá Chathal".
2. There are many other stories on a similar theme, but not including our specific episode — see, for example, Paidí Ó Luadhóg, on Doegen record LA 1251, from Donegal. One such story, also entitled "Hudden agus Dudden agus Dómhnall Ó Laoghaire", was written down in 1939 from a native of Fánaid, and can be found in CBÉ MS 619, pp 338–343.
3. In English from Co Down, mixed up with "Paidí Ó Luadhóg". Ulster Folklife 11, 1965, pp 81–84
4. (different names) Béaloideas 4, p 236 (Árainn); Béaloideas 8, p 30 (Blascaod)
5. An Táilliúr Aerach, "Hudden, Dudden agus Domhnall Ó Laoghaire", An tÉireannach 1:34, 19/1/1935, p 6 agus 1:35, 26/1/1935, p 6.
6. An Stoc, August 1924.
7. Sgéalta Mhicil 61.
8. Irisleabhar Mhuighe Nuadhat, 1922, p 41
9. An Seanchuidhe Muimhneach, pp 202ff.
10. Similar names occur in a Rathlin story told by Alex Morrison, but the plot is different (whistling, in a cave).
11. A "much-compressed" version in English, from the Drumquin area of County Tyrone, is referred to but not reproduced in Séamas Ó Catháin,
"A tale of two sittings", Béaloideas 48–9, 1980–1, pp 135–47 at 137.
LA1266.1
Teideal: Story: The Crooked-legged Gentleman
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Well, bhí fear ann agus bhí athair dae bás agus chuireadh sé an t-athair
an diabhal ag gabháil thart trí h-uaire fá árd ghlas a bhí thuas aig cionn
an toighe. Agus chuaidh sé thart a' chéad uair nu bhí sé teacht thart
stad ann. "Béidh gam againn air na cártaí?" arsa seisean. "Béidh gam againn
air na cártaí." "Béidh," arsa seisean. Thoisigh sé – chuir sé 'n — chuir
a' crooked-legged gentleman, chuir sé a' gam air.
Chuir sé 'n darna lá amach araist agus chuaidh sé thart fá'n árd agus
bhí gam eile acu. " Ar seisean ad b'fhearr damh stad dae imirt chárdaí," ar
seisean, "leis, ná cuirfidh sé seo an taom fit dae deireadh."
Ach lean sé air chor ar bith, chuir sé an tríomhadh lá amach agus chuir an
fear eile a' gam air an chrooked-legged gentleman. "'Nois" arsa seisean,
"Bhéarfaidh tú an Sword of Life and the Life of Man ionns'orm-sa.
Bhéarfaidh mé lá agus bliadhain duit é a thabhairt arais ionns'orm." Agus
tháinig sé 'un toighe agus shuidh sé air cathaoir agus bhris sé trí railí
ionns a' chathaoir leis an osna bhí sé a dheánamh, do sheol sé go gcaithfeadh sé dhol a
dh'iarraidh an Sword of Life agus the Life of Man. "Anois," deir sé, "sin mo
mhuinntir-sa," arsa seisean, "agus muna fhaigheann sé an Sword of Light is
the Life of Man," arsa a bhean, "sin mo mhuinntir-sa a bhfuil sin aige, má
fhaigheann sé sin, tiocfaidh sé agus buailfidh sé thusa leis a' Sword of
Life agus buailfidh sé mo mhuinntir-sa fosta."
D'imthigh sé annsin is d'fhan sé go rabh [sé] fá ceithre lá den aimsir a
bheith suas. D'imthigh sé annsin, 's bhí beathach lúthmhar aige, chuaidh
sé a mharcaidheacht air a' bheathach, agus thiomáin sé leis go rabh sé
annsin. Nuair a chuaidh sé isteach fhad leis a' gheafta bhí ann, scairt
sé an Sword of Life agus the Life of Man a thabhairt amach ionns'air.
Dubhairt siad go dtabharfadh. Tharraing siad a' chlaidheamh air a'
bheathach, agus chaith siad píosa den ioraball dae. Ach ca bith fán
bheathach cha rabh caill air bith air féin. 'N darna lá thug muinntir na
mná beathach dó a bhí nas lúthmhaire ná é, agus chuaidh sé isteach agus
thug siad iarraidh air, é a scairteadh an Sword of Life is the Life of
Man, agus chaith siad an t-iorball, iomlán an iorbaill dae'n bheathach.
Agus an tríomhadh lá chuaidh sé isteach agus fuair sé an Sword of Life is
the Life of Man le tabhairt 'na' bhaile ionns'air an fhear sin. Thug sé
'na' bhaile é. "'Nois," arsa siad-san, "bhfuil fhios agat caidé dheánfas
tú?" "Caidé?" "Iarr air a' claidheamh sin eile a rachas go domhain ionn.
Abair nach bhfaca tú ariamh an scríbhneoireacht sin atá air a' chos aige,
más fada a shiubhlann tú, agus é a thabhairt duit más é a thoil é. Chuaidh
sé air a dhá ghlúin agus d'iarr sé air a' chuairt orthu an claidheamh sin a
tabhairt dó go bhfeiceadh sé é.
Chuaidh sé — dubhairt sé go dtabharfadh. Comh luath is fuair sé an
chlaidheamh chaith sé 'n cionn daen fhear seo, agus — sin endáilte anois.
Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh Shéamuis Uí Néill):
Chuaidh sé thart fá'n árd ghlas agus chas fear dubh do agus dubhairt sé
an mbéadh game aige de na cárdaí, agus chuir an crooked-legged gentleman
an game air (ar an fhear dubh seo). Chuaidh sé amach an darna lá agus chas
an fear céanna leis agus d'fhiafruigh sé do an mbéadh game aige de na
cárdaí agus chuir an crooked-legged gentleman an game air. Chuaidh sé
amach an tríthmhadh lá agus chuir an fear eile an game ar a crooked-legged
gentleman.
Agus dubhairt sé go rabh an sword of life & life of man in geall air agus
thug sé lá agus bliadhain dó é fhagháil. Chuaidh sé isteach annsin. Shuidh
sé agus leig sé osna agus bhris an trí rail a bhí ins a' chathaoir leis an
osna a leig sé. Cha leigfeadh a bhean ar shiubhal annsin é go rabh sé fá
cheithre lá de'n bhliadhain agus fiche.
D'imthigh sé annsin agus thug sé leis beathach lúthmhar a bhí aige thiar
agus cha dearn stad mara na comhnuidhe go deachaidh sé fhad leis a toigh a
rabh an sword of life & life of man ann. Sgairt sé annsin an sword of life
& life of man a chur amach ionnsair. Thainig an mhuintear amach agus
scutcháil siad giota de'n ruball de'n bheathach leis an chlaidheamh.
Chuaidh sé isteach annsin an tríthmhadh lá a bhí sé ar shiubhal agus fuair
sé an sword of life & an life of man. Agus dubhairt sé leis annsin go
gcaithfeadh sé ceann de-san agus de n-a bhean agus d'iarr seisean annsin
request leis an claidheamh a thabhairt dó go bhfeicfeadh sé an scríbhinn a
bhí air. Nuair a fuair sé an claidheamh annsin le h-amharc air, chaith sé
an ceann de'n fhear eile.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 36–7 (phonetic),
174–8 (orthographic, English translation).
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 178–82 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1266d1
(orthographic, English translation).
1. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall, 1905: "An bacach mór,"
pp 19–26, told by Tomás Ó Corragáin, Fearnmhagh. Three games, an
claidheamh soluis, osna sa chathaoir, buille ar an bheathach.
2. Béaloideas 1:3, 1928, pp 276–82 has a version from Cúl Aodha, with four
games, an claidheamh soluis, eireaball an bheathaigh.
3. Edmund Curtis, "Mac Rí Chruacháin", Béaloideas 2 (1929) 35–46, from
Dubhcharaidh, has card games, the breaking chair, claidheamh an t-solasta,
cé a mharbhuigh an t-Ain-Chríost, an ruball den chlibistín. There is a list
of other versions.
4. Gordon Mac Gill-Fhinnéin, Seanchas Annie Bhán, 1997: Cruachán agus
Cráchán, pp 120–42, with four games, an claidheamh soluis (agus "goidé
mar marbhadh an tAn-Chríostaí"), osna agus réabadh cnaipí, an dá chos
deiridh den bheathach.
5. Pádraig Ó Baoighill, Faoi Scáth na Mucaise, 2005: Rí Chruachan Chonnacht,
pp 179–89, from Craosloch, has five games, osna sa chaithir, claidheamh
solais, clibistín, agus cuid mhór eile.
6. Lorcán Ó Searcaigh, Lá de na Laethaibh, 1983: p 59 contains the
following, which resembles one incident in the above:
"Ach chuaigh an mac ab óige go dtí an chistin. Shuigh sé i gcathaoir
shlatach. Níor fhan cnaipe ar a chóta nár phléasc agus rinne sé trí
osna."
LA1266.2
Teideal: Uimhreacha 1-20
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
hAon, dó, trí, ceithir, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, ceann
déag, dó dhéag, trí déag, ceithir déag, cúig déag, sé déag,
seacht déag, ocht déag, naoi déag, fiche.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
None.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 50, 214 (phonetic).
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 268–9 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1266d2
(orthographic, English translation).