Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Seaghán 'ac Meanman (1886–1962), Glenties, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Seaghán Bán 'ac Meanman.
Is le Cnuasach Bhéaloideas Éireann an pioctúir seo.


LA1249.1
Teideal: Story: An dá Mhurchadh agus na Cait Fhiadhaine

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Murchadh Mór agus Murchadh Beag an-ghaolmhar dá chéile, agus bhí an bheirt i n-a gcomhnuidhe ins a' teach amháin. Bhí Murchadh Mór 'n-a phánaidhe mhór láidir, agus choinnigheadh sé Murchadh Beag i gcomhnuidhe faoi n-a smacht.

Aon mhaidín amháin, thug Murchadh Mór cupán do Mhurchadh Bheag, agus arsa seisean, "Gabh amach 'un na coilleadh, agus cruinnigh lán a' chupáin de shubh-craoibh damh." Thóg Murchadh Beag a' cupán, agus d'imthigh sé 'un na coilleadh. Chruinnigh sé na subh-craoibh, agus thug aghaidh ar a' bhaile. Ach caidé tháinig air ach cioth fearthanna, agus chuaidh sé isteach faoi chrann le foscadh 'fhagháil.

Nuair a bhí sé annsin, thúsaigh sé a dh'amharc ar na subh-craoibh milse 'bhí sé ag iomchur 'na' bhaile chuig Murchadh Mór fallsa. Bhuail cíocras é. D'ith sé… d'éirigh an cíocras ní ba mhó, d'ith sé subh-craobh amháin, d'ith sé an dara cionn, chuaidh sé ó'n bheagán go dtí an mórán, agus fá dheireadh d'ith sé suas a rabh ins a' chupán.

Thug sé aghaidh annsin ar a' bhaile agus thug a' cupán folamh do Mhurchadh Mhór. D'amharc Murchadh Mór air agus d'athain sé i gceart go rabh subh-craoibh ann. Duine dubhrúnta mall-fhoclach a bhí ann, agus níor dhubhairt sé dadaí.

Ar maidín lá thar n-a bhárach thug sé 'n cupán do Mhurchadh Beag arís, agus thug sé 'n t-ordughagh céanna dó. Thug — d'imthigh an fear beag 'un na coilleadh, chruinnigh sé na subh-craoibh, thug sé aghaidh ar a' bhaile, ach tháinig cioth fearthanna air, agus chuaidh sé isteach faoi'n chrann chéanna le foscadh 'fhagháil.

Nuair a bhí sé annsin, thúsaigh sé a dh'amharc ar na subh-craoibh 'bhí sé ag iomchur 'na' bhaile chuig an fhallsóir mhór, d'ith sé cionn amháin, d'ith sé an dara cionn, agus fá dheireadh d'ith sé suas a rabh ins a' chupán.

I n-áit é a ghabháil arais 'un na coilleadh annsin fá choinne tuilleadh, thug sé aghaidh ar a' bhaile. Thug sé 'n cupán do Mhurchadh Mhór. D'amharc Murchadh Mór air agus d'athain sé i gceart go rabh subh-craoibh ann, ach duine dubhrúnta mall-fhoclach a bhí ann agus níor dhubhairt sé dadaí.

Ach ar maidín nuair a ghlac Murchadh Beag a bhricfeasta, labhair a' fear mór leis arís. "Gabh amach 'un na coilleadh inniu," deir sé, "agus cruinnigh lán a' chupáin de shubh-craoibh damh. Ach bíodh 'fhios agat-sa, má ghnídh tú mar rinne tú inné agus athrú inné, go bhfuil tú ag deireadh do chúrsa."

"Bhuel," arsa Murchadh Beag, "glacfaidh mé bricfeasta maith, ní dheánfaidh mé ath-bhricfeasta." Rinne sé sin, agus d'imthigh sé 'un na coilleadh. Chruinnigh sé na subh-craoibh, agus thug sé aghaidh ar a' bhaile. Ach go mí-ádhamhail dó féin, tháinig cioth fearthanna air ins an áit chéanna agus chuaidh sé isteach faoi'n chrann chéanna le foscadh 'fhagháil.

Nuair a bhí sé annsin thúsaigh sé a dh'amharc ar na toradh mhilis. Dar leis féin, "Íosfaidh mé cionn amháin. Ní chrothnóchaidh sé é an oiread sin." D'ith sé cionn amháin. Dar leis féin, "Íosfaidh mé dhá chionn eile agus tiocfaidh mé le sin." D'ith sé an dá chionn eile, ach bhí an cíocras a' méadughadh ar fad, agus i ndeireadh na dála, d'ith sé suas a rabh ins a' chupán.

Annsin thug sé aghaidh ar a' bhaile. Bhí fearg iongantach ar Mhurchadh Mhór agus deir sé le Murchadh Beag, "Cuirfidh mé 'un báis thú anois. Ní leigfidh mé níos mó leat. D'fhuiling mé ró-fhada uait ach anois cuirfidh mé 'un báis thú." Ní thearn a' pánaidhe mór dadaí ach bior iarainn a chur isteach ins a' teinidh go rabh sé dearg te. Annsin dhóigh sé 'n dá shúil i gclaigeann Mhurchaidh Bhig.

Nuair a bhí an méid sin deánta aige, "Anois," deir sé leis an fhear bheag, "fágaim thú ins a' tsean-chill sin thall. Ní rabh duine 'r bith istigh annsin nach rabh marbh ar maidín." —

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó, cionnas, is dóiche, go rabh an scéal i gcló ag an chainnteoir cheana féin. Seo annseo an leagan a bhí i gcló in Sinn Féin in 1924 — dearc nóta 1 thíos. Níl annseo ach an méid den scéal a bhí i gcló sa chéad chuid, ar 29/03/1924, ach cheana féin is mó é ná an méid a tógadh ar an phláta.

Bhí Murchadh Mór agus Murchadh Beag an-mhuinnteardha dhá chéile, agus bhí an bheirt 'na gcomhnuidhe ins an toigh amháin. Bhí Murchadh Mór 'na phánuidhe mór láidir, agus chioinnigheadh sé Murchadh Beag bocht i hcomhnuidhe faoi n-a smacht. Aon mhaidean amháin thug Murchadh Mór capán do Mhur- chadh Beag, agus arsa seisean:—

"Imthigh 'un na coilleadh, a's cruinnigh lán an chapáin de shugh-chraobha' domh."

Ghlac Murchadh Beag an capán agus ar shiubhal leis. Chruinnigh sé na sugh-chraobha, a's thug a aghaidh ar an bhaile. Acht ní dheachaidh sé i bhfad go dtáinig cioth fear- thanna air. Bhí crann mór darach ar thaoibh an bhóthair, agus chuaidh Murchadh Beag asteach faoi le fasgadh 'fhaghail. Nuair a bhí sé tamall annsin rinn sé suas a intinn go mblasfadh sé cuid de'n toradh. Thóg sé sugh-chraobh amháin a's d'ith sé é. Bhí sé an- mhilis. D'ith sé ceann eile annsin, agus i ndeireadh na dála d'ith sé suas a raibh ins an chapán. I n-áit tionntódh ar ais 'un na coilleadh, agus tuilleadh a chruinniughadh ba h-é an rud a rinn Murchadh Beag an capán folamh a iomchar a bhaile chuig Murchadh Mór. D'amharc Murchadh Mór ins an tsoitheach, agus ní luaithe d'amharc 'ná d'aithin sé go raibh toradh ann an lá sin. 'Siúd a's go raibh fearg mhór air níor dhubhairt sé dadaidh, nó duine mall- fhoclach dúrúnta do bhí ann. Ar aidin lá ar n-a bhárach thug Murchadh Mór an capán ceudna do Mhurchadh Bheag aríst, agus d'orduigh dó imtheacht amach 'un na coilleadh agus lán an chapáin de shúgh-chraobh a thabh- airt chuige. D'imthigh an fear beag leis, chruinnigh sé na sugh-chraoibh, a's annsin thug a aghaidh ar an bhaile. Acht d'éirigh an spéir dorcha i dtobbaine, thúsuigh an dortadh, a's b'éigean do Mhurchadh Bheag dhul asteach faoi 'n chrann cheudna an áit a raibh sé an lá roimhe. Nuair a bhí sé ar an fhasgadh thúsuigh sé a dh'amharc ar an toradh mhilis a bhí sé ag iomchar 'un an bhaile chuig Murchadh Mór fallsa. Dar leis féin, "Íosfaidh mé ceann amháin, acht tiocfaidh mé le sin." D'ith sé an ceann amháin, agus le sin mheuduigh a chíocras. D'ith sé ceann eile, agus ceann eile, agus ceann eile. Chuaidh sé ó'n bheagán go dtí an mórán, agus ba h-é an deireadh do bhí air gur ith sé suas a raibh ins an chapán. Annsin thug sé an soitheach folamh 'un an bhaile chuig Murchadh Mór. B'fhurust aithne go raibh fearg sgannruightheach ar an phánuidhe mhór nuair a chonnaic sé an capán folamh, acht chár dhubhairt sé dadaidh. Bhí go maith a's ní raibh go h-olc; ar maidin lá ar n-a bhárach thug Murchadh Mór an capán do Mhurchadh Bheag an tríomhadh h-uair a's arsa seisean: "Gread leat 'un na coilleahd anois chomh tiugh geur a's thig leat, agus cruinnigh lán an chapáin de shugh- chraobh. Ná bí i bhfad ar an bhealach, agus ná déan mar rinne tú indé agus athrughadh indé. Má ghnídh, ní rachaidh sé leat, a's béidh tú ag aithrighe an dá lá a bhéas tú ar an tsaoghal."

Dubhairt Murchadh Beag go ndéanfadh sé mar h-orduigheadh dó, agus ghlac sé breic- feasta maith de bhrachan min' coirce a's bainne milis ar eagla go dtiocfadh ocras air. D'imthigh sé 'un na coilleadh annsin. Bhí na sugh-chraobha fairsing agus ba ghoirid go raibh an soitheach lán ag Murchadh. Ní dhearna sé moill ar bith, acht thug a aghaidh ar an bhaile. Bhí an mío-ádh a's an tub- aiste roimhe, agus nuair do bhí sé ag 'ul thart ag an chrann darach thoisigh an bháis- deach a's an dórtadh. Aindeoin go raibh intinn agus rún ag Murchadh an baile a bhaint amach chomh tiugh geur a's thiocfadh leis, ní raibh anonn nó anall ann anois, acht dhul ar fhasgadh. Asteach faoi'n chrann leis agus shuidh síos. Sul a raibh sé ann- sin i bhfad thúsuigh sé a dh'amharc ar an toradh mhilis do bhí ins an chapán. Dar leis féin, "Íosfaidh mé ceann beag amháin agus tiocfaidh mé le sin." D'ith sé ceann amháin: bhí sé an-mhilis. I gceann tamaill d'ith sé ceann eile; bhí an dara ceann seacht n-uaire ní ba mhilse. Chuaidh sé ó'n bheagán go dtí an mórán agus fá dheireadh thall d'fholmhuigh sé an capán. Annsin thug sé an soitheach folamh 'un a' bhaile chuig Murchadh Mór. Bhí fearg chreathnuightheach ar an fhear mhór, agus thúsuigh sé ag cur i dtíortha.

"A shomacháin an chíocrais," arsa seis- ean, ag fagháil gream' muineáil ar an fhear bheag. "Tá tú ag deireadh do chúrsa, agus gheobhaidh tú an íde is airidh ort."

Annsin chuir Murchadh Mór bior iar- ainn asteach ins an teinidh go dtí go raibh an bárr dearg-the, agus dhóigh sé an dá shúil i gcloigeann Mhurchaidh Bhig.

"Bheurfaidh mé do rogha-bás duit anois," arsa seisean.

"Bhal," arsa Murchadh Beag, "tá sean- teach adhraidh shiar annsin, agus ní raibh aon duine loitte a chaith oidhche ariamh ann nach rabh marbh ar maidin. Fág ann mé a's tá tú réidh liom."

Thóg Murchadh Mór Murchadh beag ar a mhuin, a's d'iomchar go dtí an sean- teach adhraidh é an áit ar chuir sé i bhfolach i gcoirnéal dhorcha é i gcúl carnáin de shean-adhmad, a's d'fhág annsin é. Bhí Murchadh Beag ins an choirnéal i bpéin agus i leath-trom go dtáinig an meadhon oidhche. Ar bhuille a dó dheug mhothuigh sé an sgeamhlach a's an tamhach táisg sgáth- mhar amuigh a's astigh a's thart timcheall, agus goidé tháinig asteach acht sgaifte de chataibh fiadhaine, agus bhí órdlach d'ion- gain ar iorball 'ach cait aca. Thúsuigh na cait uilig do chainnt a's do chomhrádh.

"Suidhigidh thart, suidhigidh thart!" arsa na cait óga, "go n-innsimid sgeulta."

Shuidheadar uilig thart ar an urlár, a's thúsuigh an choimhlint a's an iompairc eatorra, mar thoisigheas eadar shean- doainibh, cia d'innseochadh sgeul. Chuaidh sé ó phisín go pisín, agus ó chat go cat, agus fá dheireadh tháinig sé 'fhad le sean-chat mhór riabhach; agus ní raibh cur suas aici dó. Chuimil sí a cuid feusóige, chraith sí í féin, a's thúsuigh sí do sgeulaidheacht.

"Is fada ar an tsaoghal seo mé," arsa sise, "agus tá an sgeul is iongantaighe agam dár chualaidh cluas ariamh. Acht chár cheaduighthe liom ar ór na cruinne go mbéadh duine ar bith de'n chineadh daonnda ag éisteacht liom. Mar sin de, sul a dtoisighidh mé caithfidh sibh rása a thabh- airt thart amuigh a's astigh ar eagla go mbéadh aoinneach ar amharc nó ar éisteacht. Annsin cuirfidh mé rún orraibh uilig."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices (2010) pp 118–23 (orthographic, English translation)
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1249d1 (orthographic, English translation)

1. Other versions from the present speaker:
      • Sinn Féin, 29/03/1924, 05/04/1924 agus 12/04/1924 — dearc faoi "Ath-innse" os a chionn seo
      • Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent 17/03/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil and Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (2009) pp 33–5.
      • An tÁrd-Léightheoir Gaedhilge II (1939) pp 44–56
      • Cnuasacht Céad Conlach (1989) pp 130–8

2. Other versions include:
      • "Tadhg agus Taidhgín" in Pádraig Ó Baoighill, Faoi Scáth na Mucaise (2005) pp 138–42 (Árd a' Rátha)

3. A different story of Murchadh Beag and Murchadh Mór ("tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag a d'ith mo chuid subhcraobh"):
      • Seosamh Laoide, "Murchadh Beag agus Murchadh Mór" in Irisleabhar na Gaedhilge 8–9:106 (5/1899) pp 359–61; also in Cruach Chonaill (1913) pp 86–91 (Na Gleanntaí)
      • Tomás Ó Cillín, "Murchadh Beag agus Murchadh Mór" in Béaloideas 4 (1933–4) pp 201–3 (Maol Raithnighe)
      • Mícheál Ó Flaithfhile, "Dhá Sgéal le hAghaidh na bPáistí: 2, Mionn agus Mionnachar" in Béaloideas 5 (1935), pp 87–91 (Béal Cláir, Co na Gaillimhe)
      • Stockman & Wagner, "Contributions to a study of Tyrone Irish", Lochlann 3 (1965) pp 43–236 @ 233 (Tír Eoghain)
      • Marcas Ó Murchú, "Murchadh Mór agus Murchadh Beag" in An tUltach (3/1986) pp 7–8 (An Dubhchoraidh)


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2013/06/29
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница