Feidhlimidh 'ac Grianna (c1851–1944), Rannafast, Annaghery, Co Donegal Eolas ar an chainnteoir.
Feidhlimidh 'ac Grianna, 1932.
Pioctúir: Gearóid Ó Cuinneagáin.
LA1234.1
Teideal: Story: Sgéal an tSean-ghabha
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Tá loch ionns an áit s'againne a dtugann siad Loch na bhFoithreach uirthi.
Cha dteachaidh aon fhear ariamh a dh'iascaireacht 'un na locha nach mbéadh
díolta air son a shaothair. Gheobhadh siad oiread i gcomhnuidhe agus
dhíolfadh air son a' lae. Bhí bealach mór go dtí í, agus ní... théidheadh
an lucht, an mhuinntir a mbéadh beathaigh acu théigheadh siad a' bealach
mór ach théighimíst-inne i gcomhnuidhe an aithghiorra. Théighimís amach
fríd na cnuic agus bhí sí ocht míle uainn.
Ach bhí sean-ghabha ionn a chomhnuidhe ionns an am a chuaidh thart air
thaoibh a' locha, agus bhí sé a' saothrughadh oiread airgid le a rabh
'ghaibhne ionns an áit uilig. Bhí sé maith i gceart ag cur cruidhtheach
air bheathaigh. Théidheadh siad leis na beathaigh a chur cruidhtheacha
ortha chun na ceárdcha ionnsair a' ghabha agus ghníodh siad lá
iascaireacht'. Agus dhíolfadh an lá air son na cruidhtheach a chur air na
beathaigh.
Bhí siad ag obair leó mar sin go dtí aon mhaidín amháin a chuaidh siad a
dh'iascaireacht agus bhí an sean-ghabha marbh. Thoisigh siad a
chuartughadh an airgid. Chuartuigh siad i rith an lae ach ní bhfuair siad
airgead air bith. Chuartuigh siad a' lá thar na bhárach - ní bhfuair siad
airgead air bith. Thug siad suas a' cuartughadh. Chuaidh achan duine a
dh'iascaireacht, ní rabh duine air bith ag amharc i ndiaidh an airgid a
bhí aig an tseanghabha.
Chruinnigh muidinne suas, scaifte againn, céadtaí bliadhan ionn a dhiaidh
sin, a dhul amach agus lá iascaireachta a dheánamh ar Loch na
bhFoithreach. Chuaidh muid amach. A' chéad bhaoite a chuir mise amach,
chuaidh mo dhubhán síos i súil na h-inneara a bhí amuigh sa loch. Bhí
eascon faoin innear, agus fuair an eascon greim air a' bhaoite. Thug sé
bruideadh domh-sa ach ní rabh maith domh tarraingt, bhí mé i bhfostódh.
Bhí mé annsin ceanglaithe i rith a' lae. Bhí na h-iascairí ag gáiridhe,
ag magadh orm, ag iarraidh orm briseadh. Níor bhris, go dtí go rabh an
tráthnóna ann. Nuair a thoisigh na h-iascairí a dheánamh suas a gcuid
éisc le dhul na bhaile, chonnaic mise go gcaithinn briseadh an uair sin,
sin nó rud éighinteacht a tharraingt.
Thug mé aon tarraingt amháin, agus chaith mé an innear suas agus i ndeas
do chúig slata déag fríd a' fhraoch. D'amharc mé suas go bhfeicinn caidé
bhí liom. Chonnaic mé carrfhiadh thuas agus é ag greafadaigh le n-a
chosa. Chuaidh mé suas. Chruinnigh na h-iascairí go dtí mé go bhfeiceadh
siad caidé thug mé isteach. Nuair a bhí an carrfhiadh ag creafadaigh le
n-a chosa, nocht sé ceann cláir. Thóg mise an clár. Bhí clár eile faoi.
Thóg mé 'n clár sin. Bhí bocsa faoin chlár sin. Thóg mé an bocsa. Bhí
eochair faoin bhocsa. Bhain mé an glas den bhocsa. Bhí an bocsa lán óir.
Thoisigh na h-iascairí a thathaint mar a rachadh siad a dheánamh suas gur
cheart domh-sa an t-ór a rann. Ach níor labhair fear ar bith liom-sa.
Chuir mise an bocsa faoi mo ascail agus shiubhail mé liom 'na' bhaile.
Nuair a thainig mé 'na' bhaile, d'fhiafhruigh mo bhean domh an bhfuair mé
iasc ar bith. Dubhairt mé nach bhfuair. "An bhfuair aon duine aon
chionn?" "Fuair achan duine ualach éisc ach mise." "B'annamh leat sin,"
a deir sí. D'fhág mé féin an bocsa síos ar an tábla. Thug mé an eochair
as mo phóca. D'oscail mé an bocsa agus bhí an bocsa lán óir. "Sin an
iascaireacht atá liom-sa." D'amharc sí ar a' bhocsa. "B'fhearr sin i
bhfad ná an t-iasc."
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill.
Sgéal an tsean-ghabha
Tá loch insan áit seo againne agus ní dheachaidh aon duine dh'iascaireacht
ariamh inntí nach mbeádh luach a shaothair aige.
Ins an tsean-am bhí gabha 'na chomhnuidhe ag taobh an locha. Bhí sé ag
saothrú oiread airgid le gaibhne ins an áit uilig. Bhí sé na gabha an-
mhaith ag cur cruitheach ar bheáthaigh. Théid siad le n-a gcuid beáthach
chuige a chur cruitheach ortha, níodh siad lá iasgaireachta ar an loch,
dhíolfadh an iasgaireacht ar shon na gcruitheach.
Ach aon lá amháin, nuair a chuaidh na h-iasgairí 'na locha bhí an gabha
marbh. Thoisigh siad a chuartughadh an airgid. Ní bhuair siad a dhath.
Thoisigh siad an lá thar na bhárach. Ní bhfuair siad a dhath. Stad a'
cuartughadh.
Céadtaí bliadhan 'na dheaghaidh sin, chuaidh mise agus cuid fear óg an
bhaile amach 'na locha a dh'iasgaireacht. An chéad bhaíte a chuir mise
amach, chuaidh an dubhan síos fríd shúil na h-ainnire. Bhí eascon faoin
ainnir, fuair sí greim ar mo dhubhan. Mhothuigh mé an bruideadh;
tharraing mé, ach bhí mé ceangailte.
Bhí mé annsin. Bhí an chuid eile acu uilig ag marbhadh éisc, ach ní rabh
mé ag marbhadh beathach ar bith. Bhí mé ceanglaiththe. Bhí mé mar sin go
dtí gur thoisigh na h-iasgairí a dheánamh réidh fa'choinne dhul 'na
bhaile. Chaithfinnse tarraingt an uair sin nó achan chineál a chaitheamh
uaim. Thug mé aon tarraingt amháin. Chaith mé an inneoir agus an eascon
cúig slata déag suas fríd an fhraoch.
Bhuail carr-fhiadh eadar an dá adharc leis an inneoir. Chuaidh an carr-
fhiadh a chreafadaigh. Chuaidh mé suas go bhfeicfinn goidé bhí agam.
Chruinnigh na h-iasgairí fá dtaobh domh. Nocht ceann cláir thall ins an
fhraoich. Thóg mé an clár. Bhí clár eile faoi. Bhí bocsa faoi'n chlár
sin. Bhí eochair faoi'n bhocsa. D'fhosgail mé an bocsa. Bhí an bocsa
lán óir.
Chruinnigh na h-iasgairí i gcuideacht a chéile mar bheádh siad a' dúil gur
cheart an t-ór a rann. Ach níor labhair aon fhear liom-sa. Chuir mise an
bocsa faoi m'ascall. Thainigh mé na bhaile.
"Bhfuil iasc ar bith leat?" arsan bhean. "Níl," arsa mise. "Bhfuair aon
duine a dhath?" "Fuair siad uilig ach mise." "B'annamh leat." Bhain
mise an clár de bhocsa an óir. Thesin me an t-ór díthe. "Is fearr sin ná
an t-iasc," arsa sise.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 130–3 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1234d1
(orthographic, English translation).
1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent (11/02/1932) 5, from this occasion. See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín,
Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 16–8.
2. Loch na bhFaircheach = Glentornan Lough (OS).
Dubhairt Niall Ó Dónaill liom go bhfuil Loch na bhFoithreach "ar an diallait eadar an Grogán Mór agus Cnoc na bhFoithreach".
Tagairtí eile:
iascaireacht ar Loch na bhFairtheach: Tadhg Ó Rabhartaigh, An tUltach 7:8 (****) 3;
Loch na bhFairtheach: Éan an Cheoil 38 (as An tUltach);
Cnoc na bhFaithreach: Thiar i dTír Chonaill 183
Na Faithreachaí: Thiar i dTír Chonaill 185
Loch na Faithreach: Scéal Úr agus Sean-Scéal 156
Na Faithreachaí: Ó Neamh go h-Árainn 77
Loch na Faireach: Fallaing Shíoda 111, 112
Cnoc na Faireach: Fallaing Shíoda 107, 111, 116, 117
Na Faireachaí: Fallaing Shíoda 110
3. greafadaigh: Nuair a bhí Mé Óg lch 96
LA1234.2
Teideal: Uimhreacha 1-30
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Aon déag, dhá chinn déag, trí cinn déag, ceithre cinn déag, cúig cinn
déag, sé cinn déag, seacht gcinn déag, ocht gcinn déag, naoi gcinn déag,
agus a fích.
Ceann as fích', beirt as fích', triúr as fích', cearthrar 'gus fích',
cúigear as fích', seisear as fích', seachtar as fích', ochtar as fích',
naoi'eabhar as fích', deich'eabhar as fích'.
h-Aon déag, céithre [sic] dhá cheann déag, trí cinn déag, ceithre cinn
déag, cúig cinn déag, sé cinn déag, seacht gcinn déag, ocht gcinn déag,
naoi gcinn déag, agus a fích(e).
Ceann is fích(e), beirt is fích(e), triúr is fích(e), ceathrar is fích(e),
cúigear is fích(e), seisear is fích(e), seachtar is fích(e), ochtar is
fích(e), naobhar is fích(e), déich gcinn fhichead.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1234d2
(orthographic, English translation).
1. Numerals 1–30.
LA1235.1
Teideal: Story: Sgéal an tSionnaigh
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Beathach iongantach sean-aimseartha an madadh-ruadh. Ní mharbhann sé uan
ná caora fá chupla míle den áit a mbíonn a' bhrocach aige. Bhí sé a'
tarraingt air theach a rabh cuid mhór éanlaith ionn agus a' tabhairt air
shiubhal a gcuid éanlaith. Agus ní rabh dul aig duine ar bith a
fheiceáil.
Lá amháin rinne fear a' toighe amach a' chuid eile acu a chur air shiubhal
ón teach uilig agus é féin coimheád, fiacháil an dtiocfadh sé air a'
mhadadh-ruadh. Dhruid sé na dorsa uilig agus chuaidh sé air chúl na
leabtha. Chuir sé an éanlaith isteach 'na' cistineadh, agus dhruid sé na
dorsa.
Bhuel, bhí sé 'na luighe annsin tamallt beag. Bhí poll thíos aig binn a'
toighe a dtugadh siad lindéir air. Níorbh' fhada gur mhothuigh sé 'n
madadh-ruadh 'teacht agus ag cur a ghaothsáin isteach air an lindéir.
Tháinig sé isteach. D'imthigh 'n éanlaith 'un a' tseomra, ná nach
iongnadh, a' teicheadh. Chuaidh an madadh-ruadh suas 'un a' tseomra ionn
a dhiaidh. Nuair a fuair fear a' toighe a' madadh-ruadh sa tseomra,
d'éirigh sé 'léim ina sheasamh, agus tháinig sé anuas agus sheasuigh sé
air a' lindéir.
Tháinig a' madadh-ruadh anuas. Bhí sé ceapuighthe. Ní rabh fhios aige
goidé bhí le deánamh aige. D'amharc sé thart. Bhí culaith úr éadaigh aig
fear a' toighe a bhí sé i ndiaidh a fhagháil deánta aig an táilliúr, nach
rabh air ariamh. Tharraing an madadh-ruadh anuas an chulaith agus chuir
sé trasna air a' teinidh í. "Bruith leat, más mian leat," dar leis an
fhear a bhí thíos, "ní choróchaidh mise, go dtí go rabh tusa agam."
Bruitheadh an chulaith. Chuaidh sé a tharraingt an éadaigh ón leabaidh
annsin. Bhruith sé a rabh 'éadach air a' leabaidh. Bhruith sé a rabh
'éadach astoigh. Ní rabh maith ann. Ní choróchadh fear a' toighe ón
lindéir.
Ionns a' deireadh chonnaic - d'amharc sé thart. Chonnaic sé gunna, air
dhá bhacán thall ar thaoibh a' toighe. Thug sé anuas a' gunna. Chuir sé
sa teinidh í. Agus thug lasádh ionns a' teinidh, agus thug sé a
h-aghaidh ar an fhear a bhí air an lindéir. Nuair a chonnaic a' fear
thíos a' ghunna sa teinidh, bhí fhios aige go rabh sí lódáilte. Léim sé i
leath-taoibh, agus nuair a fuair a' madadh-ruadh an lindéir foscailte thug
sé léim amach, a gheall air imtheacht. Nuair a bhí sé ag gabháil amach an
lindéir d'imthigh an gunna, mharuigh sí é. Sin mar chuaidh a chríonnacht
i n-a thón don mhadadh-ruadh.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill.
Sgéal an t-sionnaigh
Ba h-íontach críonna an t-sionnach. Ní thabharadh sé abhainn ar bith fá
dhá mhíle a mbéadh bracach aige. Bhí fear amháin agus bhí sé ag tabhairt
ar shiubhal cuid éanlaith.
Lá amháin chuir fear a' toighe uilig ar shiubhal iad ach é féin. Chuir sé
an éanlaith isteach 'na cistineadh, dhruid sé na dóirse agus chuaidh se',
luigh sé thuas ar colbha na leaptha(í).
Ní rabh áit ar bith isteach ag an mhadadh ruadh ag poll a bhí thíos ag
binn a toighe, go dtugadh siad an líndéar air. Níorbh fhada a bhí sé 'na
luighe go dtainigh an madadh ruadh, chuir sé a ghaoth-san isteach ar a
lindéar. Nuair a mhothuigh an éanlaith é, chuaidh siad uilig suas an t-
seomra. Chuaidh an madadh ruadh suas 'na ndeaghaidh, agus léim fear an
toighe 'na seasamh agus sheasuigh sé ar an lindéar.
Thainigh an madadh ruadh anuas, chonnaic sé go rabh sé gaibthte. Ní rabh
fhios aige goidé mar gheobhadh sé amach. D'amharc sé thart. Bhí culaith
úr éadaigh ag fear an toighe. Thug an madadh ruadh iarraidh ar a chulaith
agus tharraing sé ar a' teinidh í.
Nuair a bhí sé bruithte, d'amharc sé thart. Níor chorruigh an fear a bhí
ar an lindéar. Tharraing éadach na leapthaí agus chuir ar an teinidh é.
Dhóigh sé an t-éadach agus níor chorruigh an fear a bhí ar an lindéar.
D'amharc sé thart. Chonna sé gunna ar thaobh an toighe. Thug sé anuas an
gunna agus chuir sé san teinidh é agus thug sé a aghaidh ar an fhear a bhí
'na sheasamh ar an lindéar. Bhí fhios ag an fhear thíos go rabh an gunna
lódáilte, agus léim sé i leath-taobh, agus nuair a fuair a madadh ruadh an
lindéar foscáilte, thug sé iarraidh dhul amach. Nuair a bhí sé ag dhul
amach sa lindéar, d'imthigh an gunna agus mharbh sí é. Sin mar chuaidh an
chríonnacht 'na thóin de'n mhadhadh ruadh.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 162–5 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1235d1
(orthographic, English translation).
1. Cf. Kinnfaela, The Cliff Scenery of South-West Donegal, pp 120–1.
2. "Eoghan Ua Míodhchán agus an Sionnach", in Quiggin, A Dialect of Donegal, 1906, p 215. Glenties area, similar.
3. Seán Ó Súilleabháin, "Seanchas ó'n gCeachainn", Béaloideas 10 (1941) pp 118–47 @ 132, "Gliocas an Mhada Ruaidh" from Mícheál Ó Súilleabháin,
Tuaith Ó Siosta, Co Chiarraighe; fox using fire to evade capture in house.
LA1235.2
Teideal: Paidir na Maighdine Muire
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Fáilte dhuit, a Mhuire Mhór,
'Mhaighdean shoirbh ar neachar fóir,
'Mháthair Íosa, réalt na mara,
Sciath na mbocht 's tú a n-anam caraid.
Tú thóg arais a' bláth udaí thuit
Le haobhas mór na ngrásta uit
Tú thóg an t-uan a shaoruigh sinn
Anois agus uair ár n-éagadh-linn.
Tabhuigh dhúinn síocháin Dé,
Scaoil na glais a cheanglas mé,
Greim don bhocht, don dall a shúil,
Mhathair mhuirneach Rí na nDúl.
Cathair na subhailce 's airc an reachta
Cathair na héigse 's na humhlaidheacht',
Saor sinn uile scéimh do mhic
Ar olc, ar uain, agus ar eiriceacht.
Réalt na maidne 's fhearr de ghrian,
Seachain sinn ar ghuil na bpian,
Moltar thú faoi do choimrigh gan mhaoidheamh
A' t-athair, a' mac agus a' spiorad naomh.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill.
Paidir na Maighdne Muire
Failte dhuit, a Mhuire Mhóir,
Mhaighdean shíor ar neachar phóir,
A Mháthair Íosa, réalt na mara,
Sgé na mbocht agus anam caraid.
Is tú a thóg arais an bláth údaí 'thuit,
...
It [sic] tú thóg an tón a shaothruigh sinn,
Anois agus uair ar n-éagú línn.
Tabhuigh dhuinn i síothchaimh Dé,
Sgaoil na glais a cheanglas mé,
...
A Mháthair mhuirneach a rí na ndúl,
Chathair na subhailce is earc an reacht,
Cathair na h-éag is na h-eólaidheacht.
Saor sinn-ne ar chaoimh do mhic,
Ar olc, ar uain, ar iaróg (eerig).
Réalt na maidne áird-ghrian,
Seachain sinn ar ghul na bpian.
Molt an mhuín faoi do choimrighe gan mhaoidheamh,
An t-athair, an mac, agus an spiorad naomh.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1235d2
(orthographic, English translation).
Cf. LA 1259.2.
1. "Seán Dán Do'n Mhaighdean Mhuire", An Crann 15 (An Nodlaic 1921) lch 6:
Fáilte dhúit! A Mhuire Móir,
A Mhaighdean saor air pheacadh poir,
A Mháthair Íosa, Reult na mara,
Díon na mbocht, 's'ar n-anam-chára.
Is tu thug aráis an blath do thuit,
Éabha, is mór na grásta dhuit;
Rug tu an t-Uan a shaoruigh sinn,
Anois 's' ar uair ár n-eug linn.
Tábhuigh dhúinne síothchain Dé,
Scaoil na glais a cheanglas mé,
Greim do'n bhocht, do'n dáll a shúil,
A Mháthair mhuirneach Ríogh na n-Dúl.
A Mháthair na subhailceadh, agus Airc san réacht
A Mháthair na h-eagna, a's na h-umhluigheacht',
Saor sinn frid chéimh do Mhic,
Air olc, air dhubh, air éiric.
Reult na máidne agus Árd-ríoghan'
Seáchain sinn air bhun na bpían,
Go moltar fa do choimrighe gan mhaoidheamh
An t-Áthair, an Mac a's an Spiorad-Naomh.
Amen.
2. Fionn Mhac Cumhaill, 'Sé Dia an Fear is Feárr (Dublin 1928) lch 107:
Tamhuigh dhúinne síothcha Dé,
Sgaoil na glais a cheanglas mé.
3. "Amhráin Dhiadha Rann-na-Feirsde", An tUltach 11:8 (****) lch 8. Níl ainm leis, ach bhí "M[uireadhach] M[éith]" faoina mhacasamhail eile de altanna.
Possibly from the present speaker. ****Vide idem. 11:9 (****) lch 4.
Fáilte Rómhat, a Mhuire Mhór
Fáilte rómhat, a Mhuire Mhór,
A Mhaighdean Shíorruidhe, ár ndeacair-fóir,
A Mháthair Íosa, réalt na mara,
Sciath na mbocht, 's na n-anam-charad.
Is tú thóg aríst an bláth do thuit
Le h-Éabha, is mór do ghrásta duit
Is tú thóg an tUan a shaoruigh sinn
Anois 's air uair ár n-éaga-linn.
Tabhaigh damhsa síothchain Dé
Scaoil na glais a cheangluigheas mé
Greim don bhocht, don dall a shúil,
A mháthair mhuirneach Rí na ndúil.
Sciathán na subhailce, 's Airc a' Reacht',
Cathaoir na h-eagna 's na h-umhlaigheacht',
Saoruigh sinn le h-éag do Mhic
Air olc, air uabhar 's air fheirg.
A Réalt na maidne 'sa bhairíoghain,
Seachain sinn ar dhubh na bpian
Moltar dúinn fá do chuimrighe gan mhaoidheamh
An tAthair, san Mac, san Spiorad Naomh.
Leagain Eile:
I.1 Fáilte duit...
I.2 A Mhaighdean iarras (nó, shaoras) ár ndeacair-fóil
III.3 ... don dall 'e shúil
IV.1 ... a shearc gan racht
IV.3 Saoruigh sinn air chéim de Mhic
IV.4 Air olc, air dheabhaidh 's air éigin (nó, urchoid)
V.1 ... is fearr drian (?)
V.3 Go mealltar sinn faoi do chuimrighe go bhfuigmuid
4. Antaine Ó Dochartaigh, Oileán na Cruite, óna mháthair. Ulster Herald 5/5/1906 lch 6.
Urnuighe i ndiaidh Paidirín
Is peácach bocht me faoi ualach throm,
Ar mheud mo pheacaíbh is aithreach liom;
Aidmhighim creideamh Dé go síor
Le grádh mo chroidhe 's le dóthchas fíor;
A chois na croiche glaoidhim suas,
Thríd Chríost, ár dTíghearna, claon anuas.
Fáilte dhuit, a Mhuire mhóir,
Mhaighdean shíorruidhe, ar ndídeann cóir,
A Mháthair Íosa, a Reult na Mara,
A Sgáth na mBocht, ár n-anam-chara,
Tóg airíst an bláth a thuit le hÉabha —
A lán de ghrás, is tú a thóg an t-Uan a shaoraidh sinn.
Anois agus ar uair ár n-éug'
Tádhbhaigh dúinne síothchán Dé —
Is cruaidh na glais a ceanglas mé.
Tabhair greim dó'n bhocht, do'n dall a shúil,
A mháthair mhuirneach, 's a Ríoghain na nDúl,
A Sgáthán na Subhailcibh, 's a Chisde 'n Reacht,
A Chatheoir na h-Eagna 'gus h-úmhalacht,
Saor mé le céim do Mhic ar olc agus an eúg.
A Reult na maidne, 's a Árd-Ghrian,
Sábhail sinn ar áit na bpían;
Mholtar faoi do choimirc' gan mhaoidheamh,
An t-Athair, an Mac, 's an Shphiorad Naomhtha.
Is peacach bocht mé faoi ualach throm,
Ar mhéad mo pheacadh is aithreach liom,
Aidmhighim creideamh Dé go síor,
Le grádh mo chroidhe 's le dóchas fíor,
Ó chois na croiche glaoidhim suas,
Ar Chríost, ár dTighearna - "Claon anuas!"
Fáilte dhuit, a Mhuire Mhór,
A mhaighdean shíorruidhe, ár ndídean cóir,
A mháthair Íosa, a réalt na mara,
A sgáth na mbocht, ár n-anam-chara
Is tú thóg an bláth a thuit le h-Éabha
Is tú thóg is d'oil an t-Uan a shaor sinn.
A sgátháin na subháilce 's a chiste 'n reacht,
A chathaoir na h-eagna 'gus na humhlaidheachta,
A mháthair mhuirneach, 's a ríoghan na dúl,
Sgaoil ó na glais mé tá ceangailte go cruaidh,
Anois agus ar uair ár n-éag,
Tabhair dúinne síothcháin Dé.
A réalt na maidne, is áirde céim,
Sábháil sinn ar áit na bpian:
Sinne do chlann do ceannuigheadh go daor,
Agus tabhair go flaitheas sinn go saor,
Go moltar faoi do choimirce gan mhaoidheamh
An tAthair, an Mac, 's an Spiorad Naomh.
Tagra:
Tá na urnaighe seo coitchionn 's leitheadach i mbéal na ndaoine i dTír Chonaill. Chualas í ag Bean Mhic Pháidín, i nGort a' Choirce, agus ag triúr nó ceathrar eile.
Chuir Antoine Ó Dochartaigh i gcló fosta é. Deir sé gur ghnáthach í a rádh i ndiaidh an phaidrín pháirtigh.
6. Úna Ní Ógáin and Roibeard Ó Duibhir, Dánta Dé (1928), Uimh 18, lch 22:
"Is peacach bocht mé fé ualach trom,
A's méad mo pheacaidh is aithreach liom;
Acht admhuighim creideamh Dé do shíor,
Le grádh óm' chroidhe is le dóchas fíor;
Ó bhun na croiche glaodhaim suas,
A Íosa, a Thighearna, claon anuas.
Anois agus ar uair ár n-'eag'
Taobhuigh dúinn-ne síothcháin Dé;
Is cruaidh na glais a cheanglas mé,
Saor mé, a Chríost, ar olc 's ar éag.
Go moltar linn go fíor gan mhaoidheamh
An t-Athair, an mac 's an Spiorad Naomh."
Fuarthas an dá rann ó Antoine Ó Dochartaigh, a fuair óna mháthair iad (lch 138).
7. Lorcán Ó Searcaigh (eag.), Lá de na Laethe (Muineachán 1983), lch. 104, ó Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill, Rann na Feirste.
Seanmóir na nAithreacha Naofa
Fáilte romhat, a Mhuire mhór,
A mháthair shíoraí, neach ár fóir,
Tabhaigh linn i síochaimh Dé,
Scaoil na glais a cheanglas mé.
Greim don bhochtán,
Dall a shúil,
A mháthair na suáilce,
A mháthair gan smál,
A mháthair na humhlaíochta agus na hEaglaise.
Saor sinn le scéimh do Mhic
Ar olc, ar uabhar agus ar éiriceacht.
A Réalt na maidne is ard grian,
Seachain muid ar ghuth na bpian.
Moltar faoi do choimirce gan mhaoin,
An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh.
Is mé an créatúr bocht faoi ualach throm,
De mhéid mo pheacaí is aithreach liom.
Admhaím creideamh Dé go fíor
Le dóchas glan agus grá mo chroí.
Ag bun na croiche glaoim suas,
"A Rí agus a Thiarna, glaoigh orainn anuas."
The title "Seanmóir na nAithreach Naomh" is not appropriate for this piece, as it normally refers to a different item, also known in Rannafast
(e.g. ag Sorcha Chonaill) or Na Cruacha (Scoil na gCruach pp 88–90).
8. Dónall P Ó Baoill (eag.), Amach as Ucht na Sliabh, iml 2 (Gaoth Dobhair 1996), lch 29:
"Fáilte dhuit a Mhuire Mhór
Maighdean shaor ár ndídean chóir
Máthair Íosa réalta na maidne
Scaith na mbocht agus a anamcharad
Is tú a thug ar ais an bláth údaí
A thit le teagasc mór na ngrásta dhuit.
Is tú an t-uan a shaothraigh sinn
Anois agus (ar) uair ár n-éagach linn
Tabhaigh dúinne síocháin Dé
Scaoil na glais a cheanglas mé
Greim don bhocht agus don dall a shúil
A mháthair mhuirneach is a rí na ndúl
Scáthán na suailce, scáthán an reachta
Scáthán na hEaglaise agus na humhlaíochta
Saor muidinne le céim do mhic
(Ó) olc a Dhia agus ó éiric
Réalt na maidne agus a airdrí
Seachain muidinne ar uaigh na bpian
Go moltar sinn faoi do choimrí naofa
An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh."
agus i measc na nótaí ar lgh 254-5 tá leagan eile den ocht líne dheireannach:
"Cathair na suailce, a Airc an reachta
Cathair na heagna agus na humhlaíochta
Saothraigh sinn trí chéim do mhic
Ar olc, ar dhubh is ar éiric
Réalta na maidne agus ardghrian
Seachain sinn ar bhall na bpian
Go moltar faoi do choimirce gan mhaíomh
An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh."
9. Dubhglas de hÍde, Abhráin Diadha Chúige Chonnacht, 1, lgh 390–2;
and, very similar: Searloit Ní Dhéisighe, Paidreacha na nDaoine (1924) lgh 109–10
Is mé an créatur lag faoi ualach trom
De mhéid mo pheacaidh is aithreach liom.
Admhuighim creidimh dia go síor.
Grádh mo chroidhe le dochas fhíor.
Ag cois na croiche guidhim suas.
Ó Íosa mhic Dé claon anuas.
Fáilte dhuitse, a Mhuire Mhóir
A mhaighdean shíorruighthe íoc as fóir
A mháthair Íosa réalt na mbocht
Is tú sgéimh na mbocht
Is tú'n mháthair, caraid
Is tú thóg arais na bláth a thuit
Is tú rug an t-uan a shaorugh sinn
Anois agus ar uair ar n-éaganín
A deachaidh uainn ar siothcháin Dé.
Sgaoil na glais a choinnigheas mé.
Tabhair greim dó'n bhocht as na dall a shúil
A Mháthair Mhuirneach ríogh na ndúl
Cathair suas athar gan reacht
A athair na h-Eaglais agus na humhlaigheacht
Saothruigh sinn cead do mhic
Ar olc, ar uabhar, agus eiriceacht.
Réalt na maidne agus ard na gréin'
Seachan sinn ar bun na bpian
Go moltar faoi do caomainn
An Athair, an Mac agus an Spiorad Naomh.
Mo ghrása don leanbh a rugadh sa stabla, mo ghrása mic Muire agus cuimhnigh m'anam ar uair mo bháis.
Sgiath Dia fá mo chuim, ola Chríosta ar mo chorp, athair na n-aingeal os mo chionn, mac Dé romham agus liom.
11. The verse beginning "Is peacach bocht mé", although not present in this item, opens the version at LA1259.2 .
Besides the versions of this verse found in notes 4, 5, 6 and 10 here, the following may be given:
Dónall P Ó Baoill (eag.), Amach as Ucht na Sliabh, iml 2 (Gaoth Dobhair 1996), lch 45 agus nótaí lgh 262–3:
"Is mé an créatúr bocht faoi ualach throm
Ar mhéad mo pheacaí is aithreach liom
Admhaím creideamh Dé go síor
Le grá mo chroí agus dóchas fíor
Ó chois na croise guím suas
A thiarna Íosa, glaoigh orm anuas."
Áine Ní Dhíoraí (eag.), Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas, lch 183:
"Mise créatúr lag faoi ualach trom
is ar mhéid mo pheacaí is ar aithrigh liom
Admhaím creideamh Dé go fíor
le dóchas is le grá mo chroí
Ag cois na croiche guím suas
A Íosa, ár dTiarna, claon anuas,
agus amharc orm le súile na trócaire."
Adhamhnán (An tAth Aodh Mac Cnáimhsighe), "Cnuasach Sean-Phaidreacha ó Rann na Feirste", Béaloideas 6 lgh 48–55 @ 49:
"'S mé 'n créatúr lag faoi ualach throm,
Ar mhéid mo pheacadh is aithreach liom.
Admhuighim creideamh Dé go síor
Le grádh mo chroidhe, le dóchas fíor.
Ó chois na Croiche glaoidhim suas,
Is, a Thighearna Íosa, claoinigh orm anuas.
A Thighearna déan trócaire orm!
A Íosa, déan trócaire orm!"
Seán Mac Suibhne (eag.), Scéaltaí Phadaí Eoin Mac Gairbheith, lch 142:
"Is mé an créatúr bocht faoi ualach throm
Ar mhéid mo pheacaí is aithrí liom
Admhaím creideamh Dé go síoraí
Le grá mo chroí, le dóchas
Thiar ag bun na Croiche
Glaoim suas ar Íosa Críost
Go nglaodh tú anuas orm."