Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Barney McAuley (1850–1941), Clonreagh, Glenariffe, Co Antrim
Eolas ar an chainnteoir.

Barney Mac Amhlaidh, 1928.
This picture is copyright Cnuasach Bhéaloideas Éireann, University College, Dublin.



LA1202.1
Teideal: The Prodigal Son
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bha 'n dís mac aig an duine áirithe. Dubhairt a' duine b'óige acu le 'athair, "Athair, athair, tabhair damh mo chuid. Tá mé 'gabháil air shiubhal." Agus roinn seisean ortha a mhaoin eatorr'.

Chuaidh sé air shiubhal. Agus bhí sé cúig bliadhna déag air shiubhal, nuair a tháinig sé arais, agus cha rabh aithne aig 'athair air. Dubhairt sé le 'athair, "Mise do mhac, a bhí caillte."

Agus nuair a chluin a athair sin, chuaidh sé amach agus scairt sé air a chuid lucht seirbhise a theacht isteach. "Seo mo mhac a bhí caillte, a tháinig fó réir. Tabhraibh isteach a' laogh biadhta, marbhaibh é, ithibh, ólaibh agus bíobh go súgach."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

[Tá an ath-innse ar iarraidh — "not transcribed through error" a deirtear — ach seo mar a scríobh Séamus Ó Néill an píosa seo (nóta 1 thíos).  Ós rud é nach bhfuil sé focal ar fhocal leis an phláta, tá gach seans gur ath-innse é.]

Bhí an dís mac ag an duine oirthe (airigh). Dubhairt an t-aon a b-óige aca, "Tabhair domh-sa mo chuid. Tá mise a' tol ar mo chomhairle féin." Roinn seisean or'sa a mhaoin eatorra (autor).

Chuaidh sé ar siubhal agus bhí sé ar siubhal cúig bliadhna déag. Chá rabh fios ariamh uaidh. Tháinig sé isteach lá amháin go toigh a athar. Cha rabh aithne ag a athair air. Dubhairt sé le'n a athair: "Nach bhfuil aithne agat orm?" "Chan fhuil," arsa an athair. "Mise do mhac."

Rith a athair amach agus sgairt sé ar a chuid lucht seirbhise a theacht isteach. "Seo mo mhac a bhí caillte, tháinig fá réir. Léighidh amach agus tabhairidh isteach a' laogh biadhtas agus marbhaidh é. Ithidh, ólaidh ags bíodhaidh go súgach."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 5 (phonetic), 53–5 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 283 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 290–1 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1202d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill, "An mac a bhí caillte", An tUltach 11:6 (8/1934) 1. From the present speaker.

2. Delargy's Glens of Antrim notebooks contain two versions: 1.B:1 (1920) and N4:8 (1925), both from the present speaker (Seosamh Watson, "Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks – I: Texts", Zeitschrift für celtische Philologie 40 (1984) pp. 74–117; Seosamh Watson, "Séamus Ó Duilearga's Co. Antrim Notebooks," Éigse 20 (1984) pp. 187–211). A semi-phonetic transcript is presented on p. 85 of the ZCP article; and note 5 there on page 113 seeks to explain ortha as a tautological insertion into an original "roinn sé a mhaoin eatorr'". Seosamh Watson, "Béaloideas", An tUltach 66:10 (10/1989) 9–10 gives the same version in normal orthography, but (mistakenly, it would seem) attributed to Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1925:

      Bhí an dís mac ag an duine áirid. Dubhairt an t-aon ab óige aca le
      a athair, "Athair, athair! Tabhair domhsa mo chuid!" Agus roinn
      seisean orsa a mhaoin.

      Chuaigh sé ar shiúl agus bhí sé i bhfad ar shiúl agus shíl sé nach
      bhfeiceadh sé é go brách. Tháinigh sé arís agus é go bocht. Cha
      raibh a bheag éadach air nach raobh stróichte. Dubhairt sé le a
      athair an ligeadh sé é isteach agus déanamh leis as haon do a lucht
      tuarastail.

      "Téibh amach agus tabhair isteach an laogh biata — seo mo mhac a bhí
      caillte agus a tháinig fo réir — marbhaibh é! Ithibh! Ólaibh! Bíbh
      súgach!"


LA1202.3
Teideal: Numbers 1–30
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


haon, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naoi, deich, haon dhéag, dó dhéag, trí déag, ceithir déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag, naoi déag, fiche, haon is fiche, beirt is fiche, triúr is fiche, ceithir is fiche, cúig is fiche, sé is fiche, seacht is fiche, ocht is fiche, naoi is fiche, deich is fiche.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 48–9, 214 (phonetic).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1202d3 (orthographic, English translation).

1. The track is undocumented and it is unclear which of the two Antrim speakers was the reciter. Both O'Boyle and the RIA website attribute it to Mac Thiarnáin.


LA1203.1
Teideal: Oisín i ndiaidh na Féinne
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí Oisín i ndiaidh na Féinne a' siubhal air thráigh a' Bhágha Dheirg, nuair a tháinig Pádraig chun a dhéin. D'fhiosruigh sé dae caidé a rabh sé 'dheánamh annsin. Dubhairt sé go rabh sé 'g amharc bhó a chuid comrádaidhthe a tháinig go hAlbain — a chuaidh go hAlbain a throd.

"Ó," arsa Pádraig, "cha bhfeic tú iad a choidhche. Tá siad marbh." "Ó, cha dtig leo bheith marbh." "Ó tá siad marbh," arsa Pádraig. "Thugainn liom-sa agus teiseanaidh mise duit iad." Thug sé — thug Pádraig é go hIfearn, agus theisean sé dó iad in Ifearn a' trod.

Arsa Oisín, nuair a chonnaic sé iad,

      "Chan fhearr bhuatha ná chuca,
      Má mhaireas Goraidh agus Goll,
      Diarmuid Donn agus an tOrscrath,
      Bainidh siad a' lá go tseadh."

Arsa Pádraig, "Béidh siad mar sin go h-éag — go bráthach." "Más mar sin é, tabhair mise leat agus baistigh mé, agus racha mé leat." Thug Pádraig eisean leis fá'n tsruth, agus nuair a bhí siad ionns a' tsruth, chuaidh spíc a chroiste in cos Oisín. Agus chonnaic Pádraig an uisce — an t-uisce deargaí le fuil. Agus tharraing sé a' spíc as a chois.

"Caidé as ciall — caidé as ciall nár ársuigh tú go rabh an spíc in do chois?" "Shíl mé gur daen bhaisteadh é." Agus thug Pádraig a' spíc as a chois.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

[Tá an ath-innse ar iarraidh ach seo an téacs mar a d'fhoillsigh Séamus Ó Néill é (nóta 1 thíos).]

Bhal bhíodh Oisín a siubhal ar thráigh Abha dearg gach uile lá ag amharc trasna na fairrge nuair a tháinig Pádraig chun a dhéin la amháin. Arsa Pádraig leis: "Caidé tá tú a dheánamh annseo gach uile lá?"

"Táim ag amharc fo na fir a chuaidh chun a chogaidh, chan fhuil siad ag teacht 'na bhaile!"

"O!" arsa Pádraig, "chá dtig siad a choidhche, tá siad uile marbh."

"O!" arsa Oisín, "chá dtig le sin a bheith siurailte."

"O! tá siad marbh," arsa Pádraig. Thug Pádraig leis é go h-Ifronn. Thaiseán sé dó iad a rith chun a chéile le iarnán dearg. Nuair a chonnaic Oisín iad dubhairt sé:

      "Má mhaireas Goraidh agus Goll,
      Diarmad 'na Fionn agus an tor scoradh,
      Baineann siad an lá go seala."

Arsa Pádraig, "Tá siad marbh. Béidh siad mar sin go bráthach."

"Tabhair mise leat go Flaitheas Dé" (glas gay), arsa Oisín.

Thug Pádraig leis é go Flaitheas Dé. Thaiseán sé Flaitheas Dé dó. "Anois, tabhair mé agus bhaistigh mé agus tabhair mé chun Dé féin." Thug Pádraig é chun a' t-sruth. Nuair a bhí sé ag a bhaistigh, chuaidh spéic a chrosta fríd chos Oisín. Nuair a chonnaic Pádraig an uisge dearg, "O!" arsa Pádraig, "caidé as nach dhubhairt tú liom go rabh mo spéic ins do chos?"

"Shaoil mé," arsa Oisín, "gur de'n bhaiste é."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 6 (phonetic), 60–3 (orthographic, English translation).
      Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 284 (orthographic, phonetic).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 286–9 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1203d1 (orthographic, English translation).

1. In other versions from the present speaker, this episode is treated as a continuation of "Cogadh na nGaisgidheach" (see the following Doegen pieces).  So it is in Séamus Ó Néill, "Caisleán Luirgeadáin", An tUltach 11:6 (8/1934) 7, and in the two versions in Delargy's notebooks (note 2), and in Sam Henry's English version (note 3).  But according to Delargy's notebooks, the two tales were learned by our speaker from different sources (Watson, ZCP 1984, p 114, note 11(b)), in better agreement with their separation in the Doegen recordings.  "Caisleán Luirgeadáin" is probably a written version made on the spot, and the latter portion of it is therefore reproduced under "ath-innse" above.

2. Delargy's Glens of Antrim notebooks contain two versions from the present speaker of "Gaiscigh an Bhá Dheirg", of which this Doegen recording corresponds to the second part: they are N3:23–30 with a short preamble from N5:14–15 (1925); and N4:2–7 (1925) (see Seosamh Watson, "Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks — I: Texts", Zeitschrift für celtische Philologie 40 (1984) pp. 74–117; Seosamh Watson, "Séamus Ó Duilearga's Co. Antrim Notebooks," Éigse 20 (1984) pp. 187–211). A semi-phonetic transcript is presented on pp. 87–91 of the ZCP article, along with note 11 on pp. 113–4.  The same version is given in normal orthography in Seosamh Watson, "Seanchas Ghlinntí Aontrama — I", An tUltach 66:1 (1/1989) 9–11.  Here is the section corresponding to the Doegen recording:

      Cha raibh Oisín ag an chogadh agus bhí Oisín lá amháin ag siúl
      ar thráigh an Bhá Dheirg agus tháinig Pádraig chun a dhéin agus
      bhí Pádraig ag caint bhó Glas Dé.  Cha raibh fhios aige Oisín goidé
      an seort áite sin.

      Dubhairt Pádraig leis go raibh a chomrádaí uile go léir in Hifreann
      agus thug Pádraig Oisín leis go Hifreann agus thaispeáin sé dó iad uile
      ag troid ansin. Dubhairt Oisín nuair a chonaigh sé iad.

          "Chan fhearr bhuafa ná chuca.
          A mairfeadh Garaidh agus Goll,
          Diarmaid na Lon agus an tOrscrach
          Baineann siad an lá go seá."

      "Cha bhaineann," arsa Pádraig, "Beidh siad mar sin go brách." Nuair a
      chualaigh Oisín sin chuir sé a dhá láimh tiompailt ar muineál Phádraig agus
      dubhairt sé leis go ndéanfadh sé rud ar bith a dh'iarrfadh sé air. Thug
      Pádraig Oisín chun an abhainn nó go mbaistfeadh sé é agus nuair a bhí sé
      ins an abhainn agus é 'ga baisteadh chuaigh tairne a chrostán fríd cos Oisín
      agus dubhairt Pádraig leis nuair a chonaigh sé an fuil ar an uisce.

      "Goidé tá cearr?"
      Dubhairt Oisín go raibh an crostán fríd a chos.
      "Ó," arsa Pádraig, "gad as nachar árs tú domh?"
      "Shíl mé," arsa Oisín, "gur den bhaisteadh é."

3. Sam Henry obtained an English version of the tale (including this baptism episode at the end) in Glenariffe, almost certainly from the present speaker. He entitled it "The Half Man: A Legend of Lurigedan". It is included in a scrapbook of newspaper cuttings in the archive section of Belfast Central Library Ulster and Irish Studies, in a bound volume marked on the spine Newspaper Articles, Sam Henry, at pp 103–4. It is probably taken from the Northern Constitution.

4. Some other versions of the incident may be found in the following sources:
Tyrone:
• Muireadhach Méith, "I dTír na hÓige", An tUltach 2:4 (6/1925) p. 8 ("Naomh Pádraig agus an Fathach"), collected by an tAthair Conn Mhac an Ghirr
• Pádraig Feidhlimidh Mhac Culadh, CBÉ 1217.356
Donegal:
• Séamus Ó Searcaigh, Ceol na n-Éan (1926), pp. 64–5 ("Oisín"), collected from his mother, Oileán na Cruite, Na Rosa
• Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas (1985), pp. 23–9 ("Oisín i ndiaidh na Féinne"), collected by Seán Ó hEochaidh in Na Cruacha, 1947
• Gordon Mac Gill-Fhinnéin, Seanchas Annie Bhán (1997), p. 104
Breifne:
• Éamonn Ó Tuathail, "Seanchas Ghleann Ghaibhle", Béaloideas 4 (1934), appendix, pp. 13–14

5. An log-ainm atá scríobhtha againn mar "thráigh a' Bhágha Dheirg," tugadh faoina scríobhadh ar dhóigheanna eile. I dtráchtas Chaitríona Nic Sheáin, Seán Mac Maoláin, a shaol agus a shaothar, (Coláiste Mhuire, Béal Feirste, 1990) ar lch xxxvi+3–4 agus lch 49, bheir Seán Mac Maoláin an leagan "Caisleán Amhairc Dheirg"; agus i bhfad roimhe sin (An tUltach 12:5, Cáisc 1935, lch 2–3; An tUltach 12:6, 5/1935, lgh. 5–6), bhí "Tráigh Uaimh an Deirg" aige. Tá sé le rádh i leith an leagan atá in úsáid annseo thuas go bhfreagrann sé go cruinn don ghnáth-ainm i mBéarla, "Red Bay"; agus is fiú a luadh fosta gur ainmfhocal fireann é "bàgh" in Albain, ginideach "bàigh".  Cf  fosta "gaiscígh an Bhá Dheirg" ag Watson in ZCP 1984 lgh 113–4 nóta 11, agus ar An tUltach.

6. Tá deacracht leis an cheathramha fiannaidheachta, go speisialta leis an líne dheireannach daoithe, agus níor éirigh liom theacht ar rud cosail léithe i gcló.  Ach tá tagairtí don scéal seo in John Gregorson Campbell, Waifs and Strays of Celtic Tradition: IV. Argyllshire series (1891), ar lgh. 85 agus 287 i measc eile, agus tá líntí sa dá cheathramhain dheireannacha ar lch. 118 aige nach bhfuil ró-éagosail leis na líntí annseo:

      "Mac Luthaich is Oscar an sonn
      Is Diarmad donn is Mac-a-Léigh
      Thoir sid air gach taobh do d'sgéith
      G'ad dhideineadh o bheum an laoch.

      "Cuiribh Oscar 's Diarmad donn
      Fearchar crom 's Mac-a-Ghéill
      G'a dhìon o bhuillean an laoich
      Fear dhiù air gach taobh mu sgéith."

Tá an cheathramha ar iarraidh sa leagan Béarla, ach luaidhtear "Diarmid na Lan" agus "Toruscar" (= Oscar) in áit eile ins an scéal.  I ndiaidh an iomláin, is dóigh liom nach fada ón cheart atá leagan Watson (nóta 2 thuas).


LA1203.2
Teideal: Cogadh na nGaisgidheach (an chéad chuid)
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí naoi gaisgeach air caisleán Luirg Eadan. Chuaidh siad air shiubhal lá amháin chun Sliabh Rush... Sliabh Luachair, a' seilg. Nuair a tháinig — nuair a tháinig Leth-Duine chun a' chuain. Agus cha rabh 'nduine astuigh ach bean Oisín.

D'fhiosruigh sé daoithe cá rabh iad, na fir. Dubhairt sí go rabh iad a' seilg i Sliabh Luachair. "Mur' mbéidh siad aige mo chaisleán-sa in Albain aig a dó a chlog i mbárach — dó dhéag a chlog i mbárach, brisfidh mise iad."

Nuair a tháinig na fir 'un a' bhaile, d'árs sí daobhtha caidé bhí sé 'ráidhte, agus thóg — chuaidh siad amach agus bhí iad a shiubhal — a shiubhal air bharr na creige. Aig cogain na ordóig' — na h-ordóig' — ba ghnáthach le n-a ordóg —

[Ar lean thíos]


LA1204.1
Teideal: Cogadh na nGaisgidheach (an dara cuid)
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Chogain Oisín a ordóg agus chan arsainn an ordóg a bheag dó. Bhí siad — bhí an chainnt briste. Agus bhí sé — chuaidh siad trasna na creige, air bharr na creige, agus chonnaic sé dó dhéag fir a' teacht in 'aghaidh. D'fhuirigh sé — d'fhuirigh sé ná gur tháinig siad chun a dhéin.

D'fhiosruigh sé daobhtha caidé bhí siad a dheánamh annseo. Dubhairt siad go rabh siad aig amharc bho maighistir. D'fhiosruigh sé daobhtha caidé thiocfadh leo a dheánamh. Dubhairt fear acu leis go thiocfadh leis-sean arsughadh rud air bith a shiubhail air bharr na creige sin le cúig bliadhna 'na h-éis. "Tusa — tusa an duine tá mis' aig amharc bhuadh," arsa Oisín.

D'fhiafruigh sé do chionn eile caidé bhí seisean — thiocfadh seisean — a dheánamh. Dubhairt sé go rabh seisean gadaidhe, thiocfadh leis rud air bith a ghoid. Agus cionn eile acu, dubhairt sé leis go rabh seisean dreapaire, gur thiocfadh leis ghabháil suas — a ghabháil suas áit air bith. Agus cionn eile, thiocfadh leis báta a dheánamh ionna gcúig mhimide a rachadh deich míle ionna gcúig mhimide. Thug sé iad uile leis.

Agus chuaidh siad síos air maidin 'un Coiscéim a' Choiligh agus rinn — rinn sé báta, rinn sé seo báta, agus chuaidh siad uile air bórd, agus amach air an fhairrge. Agus bhí siad aige caisleán Leth-Duine aig a dó dhéag a chlog 'n lá thar n-a bhárach.

Agus nuair a chonnaic Leth-Duine go rabh siad annsin, agus go rabh seisean caillte, dubhairt sé leo nach dtiocfadh leis iad a dhíoladh dóigh air bith níos fhearr ná'n dtiocfadh leobhtha coileán a ghoid ó'n phéiste a bhí ionns a' chreig mhór. Agus dubhairt a' gadaidhe go goideadh seisean a' coileán an dtabharfadh — dá dtiocfadh leis an dreapadóir é a thabhairt suas a' chreig. Dubhairt an dreapaire go dtiocfadh leis é a thabhairt suas.

Agus thug an dreapaire — thug an dreapaire suas é 'un a' chreig — 'un a' neid. "Má mhuscaileann sí, marbhaidh sí ibh uile," arsa Leth-Duine. Ach ghoid siad a' coileán agus char mhuscail — char mhuscail siad a' phéiste. Thug siad a' coileán —

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

[Tá an ath-innse ar iarraidh ach seo an téacs mar a d'fhoillsigh Séamus Ó Néill é (nóta 1 thíos).]

Bhí naoi gaisce i gCaisleán Luirgeadáin. Tháinig leath-dhuine as Albain a cuir feasa or'sa. Nuair a tháinig seisean chun an chaisleáin cha rabh a'n duine annsin ach bean Oisín. D'fhiosruigh sé díthe cá rabh na fir. Dubhairt siad go deachaidh siad go Sliabh Rúis ag seilg. "Nuair a thiocfas siad 'na bhaile, arsuigh dobhtha mur mbeidh siad aige mo chaisleán i nAlbain ag a dó-dhéag a chlog i mbáireach beidh siad strócuighthe 'n-a chéile."

Nuair a tháinig na fir 'na bhaile dubhairt sí leobhtha go rabh leath-dhuine annsin as Albain. "Agus mur mbeidh sibh ag a chaisleán thiar i nAlbain ag a dó-dhéag a chlog i mbáireach beidh sibh strócuighthe as a seo."

Chagann Oisín a ordóg, ach, chan arsuigheann a ordóg a bheag dó. Chuaidh sé treasna barr na cairrge a fasgadh a lámh le truaighe. Chonnaic sé naoi fir ag teacht ar bharr na cairrge, agus d'fhuirigh se´annsin nó go dtáinic siad chuige. D'fhiosruigh sé dobhtha caidé bhí siad a dheánamh annsin, no cá rabh siad ag tol. Dubhairt h-aon aca go dtiocfadh leis arsuigh do caidé shiubhal ar bharr na cairrge sin le cúig bliadhna arais.

"Tusa díreach an duine atá mise ag amharc uime. Bhí leath-dhuine as Albain annseo indé." Nuair a chagann sé a ordóg d'arsuigh an ordóg dé cé bhí ann. D'arsuigh sé do caidé thiocfadh leisean a dheánamh an duine eile do - bhí seisean gaduidhe. Bhí h-aon eile aca dreapadóir, agus bhí h-aon eile aca thiocfadh leis bata a dheánamh 'n-a cúig bhomaite a rachadh áit ar bith i n-a cúig bhomaite.

Thug sé iad uile leis, agus ar maidin an lá'r na bhárach chuaidh siad síos chun coiscéim an choiligh. Thóg sé bata i n-a cúig bhomaite, agus bhí siad ag a' chaisleán leath-dhuine thiar i nAlbain a do-dhéag a chlog.

Nuair a chonnaic sé go rabh sé ceartuighthe, dubhairt sé le Oisín go rabh péiste ins a' charraig, agus go rabh coileáin aici ins a neid, agus an dtiocfadh le h-aon de na coileáin a ghiod(eadh) go ndeánfeadh sé maith dobhtha. Dubhairt an gaduidhe go ghoidfeadh seisean a' coileán an dtabhradh an dreapadóir é suas. Thug an dreapadóir é suas agus ghoid an gaduidhe an coileán bhó'n phéiste. Bhí sí 'n-a codladh. Stracadh sí iad as a chéile an muscladh sí. Nuair a chonnaic na h-Albanaigh gur cheant na h- Éireannaigh iad, annsin chuir siad cogadh or'sa agus b'éigean do na h- Éireannaigh a thol go h-Albain a throid na h-Albanaigh mar muic agus mharbh siad na h-Éireannaigh.

Bhí an coileán leo chun a' chogaidh spor neimh a bhrann bhí leo chun a chogaidh. Tháinig sise ar ais as Albain chun Oisín nuair a bhí an cogadh thart.

[Leanann "Oisín agus Pádraig" annseo gan briseadh san ath-innse.]

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 6–8 (phonetic), 63–9 (orthographic, English translation).
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 292–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1203d2 and http://doegen.ie/ga/LA_1204d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill, "Caisleán Luirgeadáin", An tUltach 11:6 (8/1934) 7, from the present speaker. This is probably the written version made on the spot, and the first portion of it is therefore reproduced as "ath-innse" above (the second portion being the "ath-innse" of "Oisín i ndiaidh na Féine").

2. Delargy's Glens of Antrim notebooks contain two versions from the present speaker of "Gaiscigh an Bhá Dheirg", the first part of which corresponds to this Doegen recording
For details and references, see note 2 to "Oisín i ndiaidh na Féinne" aboveHere is the relevant section of Watson's transcription in normal orthography.  (Notice that Oisín's place in Scotland is here taken by an tOrscrath (Oscar), for better integration of the story with "Oisín i ndiaidh na Féinne".)

      Bhí naoi gaiscígh inan cónaí ag an Chaisleán an Bhá Dheirg. Bhí siad ag tul
      gach uile geimhreadh ag seilg go Sliabh Luachair. Nuair a bhí siad ar shiúl
      tháinig leathduine as Albain chun Caisleán an Bhá Dheirg. D'fhiosraigh sé do
      bhean an toighe cá raibh na fir. D'árs sise dó go raibh siad ag seilg ar shiúl
      in Sliabh Luachair. Dubhairt sé léithe mur mbeadh siad ag an cúirt eisean in
      Albain roimhe leis an am seo amárach go gcuirfeadh sé Slua na Muc orsa.

      Nuair a tháinig siad 'na bhaile d'árs sí dófa goidé dubhairt sé. Chuir an tOrscrach
      an ordóig ina bhéal agus chan árs an ordóig a bheag dó. Bhí sé ag tul tiompailt
      na cúirte fad na hoíche ag fáisceadh a chuid lámha. Cha dtiocfadh leis an ordóig
      a bheag a ársadh dó. Thug sé na Gaiscígh leis ar maidin uile treasna barr na creige.
      Chonaigh siad dódhéag fir ag teacht ag casaint orsa. Nuair a tháinig siad chuca
      d'fhiostraigh an tOrscrach díofa cá as dófa na goidé bhí siad a dhéanamh ansin.

      Dubhairt haon aca leis go rabh siad ag amharc bhó mháistir. D'fhiosraigh sé díofa
      goidé thiocfadh leo a dhéanamh. Dubhairt an chéad haon aca nuair a chogain sé a
      ordóig gur árs an ordóig rud ar bith dó. Dubhairt haon eile aca leis go raibh
      seisean dreapaire, go dtiocfadh leis dhul suas áit ar bith. Dubhairt haon eile
      aca leis go raibh eisean seachantóir, go dtiocfadh leis báta a dhéanamh ina gcúig
      bhiomaide. Dubhairt haon eile aca go raibh seisean gadaí agus go dtiocfadh leis
      rud ar bith a ghoid.

      Thug sé iad uile leis. Chuaigh siad síos chun Coiscéim an Choiligh agus an chéad
      haon a dubhairt go dtiocfadh leis rud ar bith a ársadh d'fhiosraigh an Orscrach de
      có bhí ar barr na creige inné. Chogain an seirbhíseach an ordóig agus dubhairt sé
      leis gur leathduine as Albain a bhí ann ar barr na creige inné. Chuaigh an seachántóir
      a thógáil báta agus bhí an báta réidh aige ina gcúig bhiomaide agus chuaigh siad uile
      ar bord agus bhí siad ina deich bhiomaide aige cúirt an leathduine in Albain.

      Nuair a chonaigh an leathduine iad ag teacht dubhairt sé leis féin go rabh sé cártaithe.

      "Caithfidh mé rud ínteacht a dhéanamh dófa."

      Dubhairt sé leis an tOrscrach go raibh péiste insa chreig mhóir agus go raibh
      coileáin aice agus an dtiocfadh leo haon de na coileáin a ghoid an rachadh siad
      chun cogaidh dhéanadh an coileán sochar mhór dófa. Dubhairt an gadaí go ghoidfeadh
      seisean an coileán. Dubhairt an dreapaire go dtabharfadh seisean an gadaí suas chun
      an nead. Dubhairt an leathduine leofa a mhoscaladh siad í go strócfadh sí iad uile.

      Thug an dreapaire an gadaí suas an chreig chun nead na péiste agus ghoid an gadaí
      an coileán agus tháinig siad le chéile aríst go socair. Nuair a chonaigh na
      hAlbanaigh go raibh siad cártaithe leis na hÉireannaigh chuir[d] siad faobhar ón cogach
      ar na hÉireannaigh agus chuaigh na hÉireannaigh go hAlbain a throid agus thiontaigh
      na hAlbanaigh iad féin chun muca agus throid siad mar sin agus mharbh siad iad uile
      ach an coileán, Spor Nimhe Brain — sin an ainm a bhí ar an choileán. Tháinig
      Spor Nimhe Brain 'na bhaile chun Oisín.

3. Sam Henry obtained an English version of the tale in Glenariffe, almost certainly from the present speaker — see note 3 to "Oisín i ndiaidh na Féinne" above.  He entitled it "The Half Man: A Legend of Lurigedan".  In this version it is Fionn who plays the leading part, which makes most sense.

4. For the name "Leth-Duine" (possibly meaning "one of twins"), compare:
An Craoibhín, "Leath a' Duine", Béaloideas 7:2 (1937) 180–4, from Roscommon
J G Campbell, Waifs and Strays (Argyll) IV (1891) p. 25.

5. Some other tales with similarities include:
Donegal:
• Seosamh Laoide, Cruach Chonaill (1913), story number two, "Fionn Mac Cumhaill agus Seacht gCatha na Féinne", pp. 14–38, from Ardara
• Lorcán Ó Searcaigh, Lá de na Laethaibh (1983), story number 17, "Fuadach Chlann Rí na Tuaithe", pp. 80–5, from Rann na Feirste
• Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas (1985), story number 1.2, "Tóin Iarainn gan Tapadh", pp. 10–19, from Na Cruacha
Oirghialla:
• Muireadhach Méith, "Ag Suirghidh le Nighin a' Ríogh", An tUltach 5:7 (8/1928) p. 3, from Omeath
• Pádraig Mac Con Midhe, "Gaedhilg Cho. Árdmhaca", An tUltach 10:2 (3/1933) pp. 2–3, final item ("Scéal"), from South Armagh.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2012/07/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница