This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
I n-am amháin dá dteachaidh — i n-am amháin dá dteachaidh an t-Ógánach Mór
amach a sheilg, go Dún Goilig agus go Gleann na Smól, go Críoch Lochlann
na gceoltaí caoin, é féin agus a bhean. Shuidh siad síos a dheánamh
scíste. Char bh'fhada dóbhtha ann nó go dtáinig chuca scoileánach óg,
agus bhí sé armáilte mar ba chóir. Bhí lann géar mín aige 'n a thaobh
deas, bhí dhá shleagh leis, agus bhí scin ionn a dhorn leis. Agus bhí
leis cornach, ba chosamhail é le corn ina mbéadh an deoch.
"Go mbeannuighthear duit," arsa seisean. "Go mbeannuighthear duit, a
Ógánaigh Mhóir, duit féin agus do do bhean. Bí go súbhach agus ól deoch."
"Ó ná h-ól deoch agus ná caith biadh," arsa'n bhean óg, "go mbéidh fhios
agat goidé'n gleann nach rabh tú ann aroimhe riamh." "Dar a' láimh atá
ort," arsa'n t-Ógánach Mór, "ólfaidh mé deoch agus caithfidh mé biadh agus
molaim é, ca bith é."
Sa deoch sin a d'ól sé ba seirbhe i ndiaidh a h-ól, a dhá chois ó na
glúna síos gur sciob sé den Ógánach Mhór. Annsin scread an aoileann óg
agus tharraing sí go cruaidh a folt. "A Ógánaigh Mhóir, tá tú gan chois
agus níl do cháraid ionns an domhan mhór." "Ó éist a bhean óg agus fulaing
feast'. Cha bhíonn aon chos ionns an tír, nó gheobhaidh mise mo dhá chois arais."
Ach char bh'fhada daobhtha ná go bhfaca siad a' sean-stócach fiadh — fiadh
dhá — chú, cú agus dhá choin agus Gruagach Dhún an Óir air a' tóir ina
ndiaidh. D'éirigh an t-Ógánach Mór suas agus ghabh sé an fhiadh b'fhearr.
"Tabhair domh-sa an fhiadh a b'fhearr," arsa'n Gruagach óg. "Ó dar a'
láimh a tá ort," arsa'n t-Óganach Mór, "is mé féin a rinne an tseilg."
"Tabhair domh-sa an fiadh a b'fhearr agus bhéarfaidh mé biadh agus deoch
duit féin agus do do bhean le do lá.
Ó, labhair a' bhean óg. "A Ógánaigh Mhóir tabhair a' fiadh a b'fhearr
dó." "Ó, bhéarfainn agus bhéarfainn bhreatnach dá n-iarrfá thusa ní ba
mhó." D'éirigh an t-Ógánach Mór suas agus chaith sé air a mhuin fiadh,
tarnaig an sciath agus a' bhean. Ba lúthmhaire an t-Ógánach Mór air a dhá
ghlún ná ochtar air lúth na gcos.
Char bh'fhada daobtha go dteachaidh, go bhfaca siad le na dtaobh, cathair
dheas air dhath an óir. Cha rabh dadaidh dá bhfacaidh súil ariamh nach rabh
sa chathair sin mar ba chóir. A dhaithte an Ógánaigh Mhóir, tá mise
amáireach a' gabháil amach a sheilg, go Dún Goilig agus go Gleann na
Smól. 'Sa bhráthair a ghráidh fágaim coimheád mo mhná ort-sa
agus a cuid óir.
Ach shuidh a' t-Ógánach Mór ionns a' doras. Char lúb gabha, saor ná
ceartcha hinge air chómhlaidh ba daingne ná an t-Ógánach Mór. "Tar, a
aoileann óg, agus suidh faoi mo cheann. Tá an codladh do mo shuan agus
níl an gruagach uair sa ghleann." Tháinig a' bhean óg agus shuidh sí faoi
na ceann. Tháinig an scoileánach óg isteach agus thug sé póg don mhnaoi
óig.
Bhuail sise cic air an Óganach Mhór. "'Ógánaigh mhóir, rinne tú suan agus
níl a' gruagach uair sa ghleann." "Ó, dá bhfuighinn-se liom mo shuan
mar ba chóir, duine cha dtiocfadh ionns a' ród isteach nó go h-áirid sa
ród amach, 's dar a' láimh atá ort a ógánaigh óig díolfaidh tú póg a mhná.
"Ó, ná deánaidh sin orm," arsa seisean, "a Ógánaigh Mhóir, a' chos a fuair
mé amuigh go gcuirfidh mé fút mar bhíodh a ghnáthach. 'S anois nach
leigfidh tú mé sa ród amach?"
"Ó amach nach dtéid tú sa ród, amach cha dtéid tú ionns a' ród, nó go
dtaraidh Gruagach Dhún an Óir isteach nó go ndíolfaidh tú póg a mhná."
"Ó leig mé féin sa ród amach agus a' chos a fuair mé amuigh dom
cuirfidh mé fút mar a bhí de ghnáthach." Shiab sé an chos faoi. "Anois a
Ógánaigh Mhóir, a' leigfidh tú mé sa ród amach?"
"Amach cha dtéid tú nuair a chuirfidh tú an chos eile fúm greim cruaidh nó
do cheann." Shiab sé an chos eile faoi. "Anois an leigfidh tú mé sa ród
amach?" "Ó amach cha dtéid tú ionns a' ród, go dtaraidh Gruagach Dhún an
Óir isteach. Nó a' t-am a dtaraidh Gruagach Dhún an Óir isteach díolfaidh
tú póg a mhná." D'éirigh sé suas le na ghualainn, sheasuigh sé seacht
gceann buille do n-a chionn, bhuail sé an curraig isteach agus bhain sé an
cionn dae d'aon bhéim.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Le M.A. Ó Briain.
Aon am amháin a theachaidh an t-ógánach mór amach ag seilg go Dún Golig
agus go Gleann na Smóil, é fhéin agus a bhean. Shuidh siad síos a dheánamh
a sgíthiste agus thainig chuca sgolánach óg agus bhí sé armáilte mar ba
chóir. Bhí lann géar mín leis ar a thaobh deas, bhí dhá shleagh leis, agus
sgin ina dhorn. Bhí córn leis agus ba chosamhail é le córn a mbéadh ann
deoch. "Go mbeannuighidh Dia dhuit," arsa'n t-ógánach mór. "Go
mbeannuighidh r duit, a ógánaigh mhóir, duit féin agus do do bhean. Bí go
subhach agus ól deoch."
Annsin labhair an bhean óg, "A ógánaigh mhóir, ná h-ól deoch agus ná caith
biadh ná go mbéidh 's agat goidé 'n gleann na rabh tú ann aroimhe riamh."
"Ó dar an láimh atá ort," arsa'n t-ógánach mór, "ólfaidh mé deoch agus
caithfidh mé biadh agus is maith liom é cibé hé." Sa deoch san a d'ól sé
ba seirbhe í i ndiaidh a h-ól, a dhá chois do na glunaibh síos gur sgiob
sé don ógánach mhór. Annsin sgreid an fhaoileann [?] óg agus tharraing sí
go cruaidh a folt. "Ó anois a ógánaigh mhóir tá tú gan chois agus níl do
charaid ins an Dún mhór." "Ó éist a bhean óg agus fuiling tart. Cha bhíonn
aon chos insan tír ná gheobhaidhmise mo dhá chois ar ais."
Cha bh'fada dóbhtha nó go bhfaca siad chucu cú, fiadh báirr agus dhá choin
agus Gruagach mhaoin an Óir ins an tír na ndéidh. D'éirigh an t-ógánach
mór agus bheir sé ar an fiadh báirr agus nuair a thainig Gruagach
mhaoin Óir, dubhairt sé, "Liom-sa an fiadh báirr." "Ó, dar an láimh atá
ort-sa, mise mé fhéin a rinne an tseilg." "Ó, ógánaigh mhóir, tabair damh-sa
an fiadh báirr agus bhéarfaidh mé biadh agus deoch duit fhéin agus do
do bhean le do lae." Annsin labhair an bhean óg, "Tabhair an fiadh báirr
dó." "Ó bhéarfainn nó Éire bhreac nó dá n-iarróchthá ní ba mhó." D'éirigh
an t-ógánach mór agus chaith sé ar a mhuin fiadh, crann agus sgiath agus a
bhean, agus ba luaithe an t-ógánach mór ar a dhá ghlúin ná ochtar le lúth
na gcos. Char bh'fhada dóbhtha go bhfaca siad le na dtaoibh cathair dheas
ar dhath óir, agus chan fhaca súil ariamh cathair a rabh achan chineál
innti mar ba chóir.
"Anois," a dubhairt an Gruagach, "tá mise ag dul amáireach ag seilg go Dún
Dilig agus go Gleann na Smól, a bhráthair a gráidhe fágaim coimheád mo
mhná ort-sa agus a cuid óir. (ach) D'éirigh an t-ógánach mór ar maidin
agus shuidh sé san doras. Chá'r lúb gabha, saor ná ceárdcha, hinch [hinge]
ar chomhlaidh ba daingne ná an t-ógánach mór. "Tair, a fhaoileann óg agus
suidh faoi mo chionn. Tá an codladh do mo shuan agus níl an Gruagach uair
sa ghleann." Thainig an bhean óg agus shuidh sí faoi na cheann. Thainic an
sgoileánach óg isteach agus thug sé póg don mhnaoi óig. Annsin bhuail an
bhean cic ar an ógánach mhór. "A ógánaigh mhóir, rinne tú suan agus gan an
Gruagach uair sa ghleann." "Dá bhfuighinn-se mo shuan liom mar ba chóir,
duine cha dtiocfadh sa ród isteach ná go h-áirid insa ród amach. 'S dar a'
láimh atá ort, a ógánaigh óig, amach cha dtéid tú go dtaraidh Gruagach
Mhaoin an Óir isteach go n-íocfaidh tú póg a mhná." "Ná deánaidh sin orm-sa,"
arsa'n t-ógánach óg. "An chos a fuair mé amuigh go gcuirfidh mé fút
mar bhí gháthach. Shiab sé an chos faoi mar bhí gnáthach. "Anois a
ógánaigh mhóir a leigfidh tú mé sa ród amach?" "Ó amach cha dtéid tú,"
arsa'n t-ógánach mór, "a chos eile go gcuirfidh tú fúm, greim cruaidh nó
do chionn." A dhá chois gur chuir sé faoi. "Anois a ógánaigh mhóir ná
leigfidh tu mé sa ród amach?" "Ó amach cha dtéid tú," arsa'n t-ógánach
mór, "nó go dtaraidh Gruagach Mhaoin an Óir isteach nó go n-íocfaidh tú
póg a mhná. Nó sar mar dtaraidh Gruagach Mhaoin an Óir isteach d'íocfaidh
tú póg a mhná. D'éirigh an t-ógánach mór suas agus sheasuigh sé le na
ghualainn. Cheap sé an buille dona cheann, tharraing sé an corruigh [?] go
teann agus bhain sé an ceann de gan bhéim.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1254d1
(orthographic, English translation).
1. Other versions from the same speaker: CBÉ MS 619, pp 300–5
2. Verse form sung by Seán Bán Mac Grianna, Rann na Fearsaide here.
3. Gordon Mac Gill-Fhinnéin, "Eachtra an amadáin mhóir", Eighteenth-century Ireland 4 (1989) 75–81.
LA1255.1
Teideal: Story: Goll
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí na Fiannú na hÉireanna agus Fiannú na Domhain Thoir, bhí siad i dtólamh
a' troid. Agus chuir Fiannú na Domhain Thoir scéal chuige na Fiannú na
hÉireanna a ghabháil soir agus go rachadh, ndeánfadh siad síothchain agus
gan iad an t-arm éirim a thabhairt leobhtha. Agus nuair a bhí siad-san ag
deánamh — nuair a bhí Fiannú na hÉireanna ag deánamh réidh le ghabháil
soir, dubhairt siad go rachadh siad soir anois agus nuair a — nuair rachadh
na Fiannú thoir a throid leobtha go rabh siad-san — na h-airm leobhtha.
Agus dubhairt siad dá churam nach dtiocfadh leobhtha an dá airm a
thabhairt leobhtha, nach rabh an chead acu. "Bhail," a deir sé, "cha
dtéigheann muid anois, "Bhuel, caidé bhéarfas muidinne?" arsa — "Bheirfidh
mise liom," a deireas Goll, "mo mhiodóg." "Bhuel," a deir siadsan "cha
dtig leat a' mhiodóg a thabhairt leat nó chaithfidh tú goireas dúinn." "Ó
bhéarfaidh mé liom i n-áit fholaigh í agus chan fhaghann siad-san í."
Bhuel, thug siad, d'imthigh siad agus thug Goll a mhiodóg leis ach cha
dtiocfadh le 'nduine innse c'áit a rabh an mhiodóg leis.
Agus nuair a chuaidh siad soir annsin, chóirigh siad a dh'ithe agus ól
agus agus bhí fáilte mhór aig na Fiannú thoir rompu. Ach i lár na h-oidhche
nuair a bhí — chuaidh a' t-ól ionn a gcionn, thoisigh siad a
throid. Agus nuair a bhí siad ag troid annsin, agus cha rabh — bhí an t-airm
aig an mhuinntir thoir, agus cha rabh aon daid air a n-airm na Fiannú
i bhfos, agus bhí siad dá marbhadh. Deir duine acu le Goll, "Cá bhfuil a'
mhiodóg?" Tharraing Goll, tharraing sé amach a mhiodóg agus mharbhuigh
sé ocht bhfichid, ocht gcéad, ochtar agus ocht bhfeara déag sul ma
dteárnadh an t-eadariscín.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill.
Bhí cuid Fianna na hÉireanna agus cuid Fianna an domhain Thoir i dtolamh
ag troid. Chuir siad cuireadh ar chuid Fianna na h-Éireanna a dhul soir
agus go ndeánfadh siad síothcháin agus gan tarn-airm (eirm) a bheith leó.
Agus nuair a bhí siad ag imtheacht dubhairt siad nuair a rachadh siad-san
go mbéadh an t-airm uilig ag an domhan thoir. "Goidé thig linn a dheánamh?
Cha dtig linn an t-am-airm a thabhairt linn." Dubhairt Goll, "bheirfidh
mise liom mo bhidóg." "Ó," arsa fear eile, "cha dtig leat airm ar bith a
bheith leat." "Ó, bheirfidh mise liom mo bhiodóg in áit folaigh," arsa
seisean.
Agus ghread siad leobhtha go rabh siad sa domhan thoir, agus bhí itheadh
agus ól a sáith le fagháil annsin acu. Ach i lár na h-oidhche fuaidh an t-ól
sa cheann agus thoisigh an troid agus bhí an t-airm ag an domhan thoir
agus gan a dhath airm ag Fianna na h-Éireanna. Char smaoitigh Goll ar a
mhiodóg gur fhiafruigh fear acu, "A Gholl, cá bhfuil do bhiodóg?"
Tharraing Goll a bhiodóg amach agus mharbh sé ocht bhfichid, ocht gcéad;
ochtar agus ocht bhfeara déag sal a 'dteárnadh eadarscínn.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 184–7 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1255d1
(orthographic, English translation).
LA1255.2
Teideal: Story: Cuid Mná Fhiannú na hÉireanna
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí lá breagh samhraidh ann agus chuaidh Fiannú na hÉireann amach a sheilg
agus chuaidh na mná síos le h-iad féin a nighe. Agus nuair a chuaidh siad
síos dubhairt siad go mb'fhearr daobhtha dhul go glas-fhairrge na h-Éireanna
an áit a rabh an t-uisce glan.
Ach nuair a chuaidh siad fhad le glas-fhairrge na hÉireanna, bhain siad
daobhtha a gcuid éadaigh, agus d'fhan bean Dhiarmuid Dhoinn, d'fhan sí a —
d'fhan sí a' coimheád a gcuid éadaigh uathusan, cha dteachaidh sí amach
ins an uisce. Char bh'fhada daobhtha go dtáinig diúnlach isteach agus
bád leis agus é ag caitheamh i n-áirde ubhla ionns an aer agus cheapadh sé
air bhárr a chlaidhmhe iad. Agus bhí an bád nar úsbata bheirfeadh sí ar a'
ghaoth a bhí róithe agus cha bheirfeadh a' ghaoth a bhí na diaidh oirthi.
Ach tháinig a' diúnlach isteach agus tháinig sé aníos agus d'amharc sé
fríd na mná agus b'í bean Dhiarmaid Dhoinn a' bhean a ba deise. Bheir sé
greim bárr méire agus caol coise uirthi agus chaith sé isteach ionns a'
bhád í. Agus d'imthigh sé agus d'fhág sé iad. Chuaidh na mná uilig faoi
bhrón. Agus cha rabh fhios acu caidé dheánfadh siad agus tháinig siad
'na' bhaile agus shuidh siad agus thoisigh siad a' ghol.
Ach tháinig annsin na Fiannú — tháinig siad 'na' bhaile. Dubhairt siad-san
"Tá rud éighinteacht ar na mná. Chan fhaca muid ariamh aonduine acu
amuigh ar na h-árdáin mar ba ghnáthach leobhtha." Ach nuair a tháinig
siad isteach, bhí siad uilig faoi bhrón. Agus d'inns siad dóbhtha go
dtugthas ar shiubhal bean Dhiarmaid Doinn.
"Well," a dubhairt Goll, deir sé, "cibé ar bith áit a bhfuil sí,
gheobhaidh mise í." "Well," a deir siadsan — Annsin chogain Fionn 'ordóg.
Agus gheibheadh sé i dtólamh fios as an ordóg nuair a chognóchadh sé í.
Agus arsa sé, "Tá sí féin anois ionns a' Domhain Thoir, in áirde in teach
barr, na shuidhe san fhuinneoig, agus cha dtig linn a fagháil, nó tá
oiread airm annsin agus nach dtig leat a ghabháil isteach. Tá geaftaí
iarainn ann agus cha dtig le aonduine a ghabháil isteach annsin ach a' té
a throideas a' warrior atá annsin roimhe. Dubhairt Goll, deir sé,
"troidfidh mise é."
Ghléas siad leobhtha annsin agus nuair a fuaidh siad air amharc teach,
teach a bárr, rinn bean Dhiarmaid Dhoinn gáire agus shuthfá a' dúileagán
beag a bhí thíos ar thóin a putóige. "Ó," a deir an fear a bhí ann,
b'éigean duit go bhfaca tú rud eighinteacht galánta, nuair a thaitin sé
leat comh maith, cha dteárn tú aon gháire ó bhí tú annseo roimhe.
"Tchidhim leoga," deir sé, "tchidhim a' teacht —
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Le Séamus Ó Néill.
Bhí lá deas grianach ann agus dubhairt na mná go rachadh siad síos ag an
tráigh agus go nighfeadh siad iad féin, go glas-fhairrge na h-Éireanna, an
áit a rabh an t-uisce glan. Bhain siad díobhtha a gcuid éadaigh agus
chuaidh siad a nigheadh féin, agus d'fhan bean Dhiarmuid Dhuinn ag
coimhead na h-éadaighe.
Chonnaic siad bád ag teacht chuca ar an uisce agus bhí sí ag teacht go h-acomair
sin agus go mbeirfeadh sí ar an ghaoth a bhí róithí agus cha
bheirfeadh an ghaoth a bhéadh in diaidh uirthi. Chaithfeadh sé in áirde
ubhall ins an spéir agus cheapfadh sé ar bharr a chlaidhmimh é.
Fuaidh sé suas an áit a rabh na mná agus d'amharc sé fríotha uilig, agus
bean Dhiarmuid Dhuinn a ba deise acu uilig. Bheir sé greim bar méar agus
caol coise uirthi agus chaith sé isteach san bhád í agus ar siubhal leis.
Thuit na mná i mbrón mór nuair a chonnaic siad bean Dhiarmuid Dhuinn ag
imtheacht uatha. Thainig siad 'na bhaile uilig annsin agus bhí siad ag
dhul le buaidreadh fa dtaobh díthe.
Nuair a bhí na Fianna ag teacht 'na bhaile tráthnóna dubhairt siad go rabh
rud ínteacht cuntraílte leis na mná, ná ba ghnathach leóbhtha bheith
amuigh ar na h-árdáin nuair a bhí siad ag teacht 'na bhaile. Ach anois
nuair a tháinig siad bhí siad uilig faoi bhrón, agus d'innis siad dobhtha
go rabh bean Dhiarmuid Dhuinn ar siubhal.
Deir Goll, "Cibé áit a bhfuil sí, gheobhaidh mise í." Nuair a chnagnadh
Finn a órdóg bhainfeadh sé fios aistí. Chagan sé a órdóg agus dubhairt sé
leóbhtha go rabh sí thoir ins an Domhan Thoir, na suidhe ins an fhuinneóig
ins an teach barr (cathaoir?). Agus nach rabh maith do'n aonduine dhul
annsin a throid, na go rabh gáisgidheach annsin le iad a throid. Agus
dubhairt Goll go rachadh seisean agus go dtroidfeadh seisean é.
D'éirigh siad ar maidin agus chuaidh siad leó soir agus nuair a chuaidh
siad ar amharc an chathair bhí sise 'na suidhe go h-árd ins an fhuinneóig
agus rinne sí gáire agus tchífeá an duileagán beag a bhí ar thón a putóg
aicí. Agus an fear a bhí 'na shuidhe ag a taoibh, dubhairt sé gurbh éigin
(eagan, a dubhairt sí) duit go bhfaca tú rud ínteacht a thaitin leat, cha
deárn tú gáire ó thainig tú annseo roimhe.
"Tchím," a deir sí, "cuid Fiann na h-Éireanna ag teacht, agus m'fhear féin
ar dtús, agus leoga is daoibh féin is measa." Nuair a thainig siad fhad
leis an gheabhta, bhí geabht a iarainn annsin. Bhí órd mór agus crann
comhraic. Bheir Goll ar an órd agus bhuail buille ar an chrann comhraic
agus chuir sé an chathair ar chrith agus d'iarr siad ar an ghaisidheach
dhul agus an buille sin a throid.
Deir sé, "níl maith domh-sa dhul a throid an fhir a bhuail an buille sin."
Chuir Goll a ghualainn leis an gheabhta agus chaith sé isteach é. Fuaidh
Diarmuid Donn isteach agus thug sé leis a bhean agus shiubhal siad
leóbhtha ag teacht 'na bhaile go dtainig siad go léana glas. Bhí an lá te
agus iad curthaighthe agus shuidh siad a dheánamh a sgithiste agus thuit
siad 'na gcodladh.
Thainig an sguilleanach arís agus thug sé leis bean Dhiarmuid Dhuinn arais
agus nuair a mhuscail siad bhí bean Dhiarmuid Dhuinn ar shiubhal. Chagan
Finn a órdóg arais agus dubhairt sé go rabh sí arais ar siubhal leis an
fhear agus go gcuirfeadh sé isteach in uaigh í a rabh dhá cheann leis agus
rud ar bith a dheachaidh isteach cha dtiocfadh sé amach a choidhche.
Dubhairt Goll, deir sé, "rachamuid anois comh tiugh agus thig linn agus
rachamise ar cheann ar cheann de'n uaigh agus rachasibhse ar an cheann
eile, agus má tharraingeann sé ar a cheann a bhfuil sibhse air, na
leigigidh isteach é. Agus má tharraingeann [sé?] ar an cheann eile chá
leigim isteach é.
Agus thainig seisean leis an bhean chuig an ceann a rabh na Fianna uilig
air agus bhain siad de í, agus char smaoitigh siad ar Gholl. Nuair a
thainig siad fhad leis an léana glas shuidh siad síos agus smaoitigh siad
ar Gholl. Agus chagan Fionn a órdóg arais agus dubhairt sé, "an bhfeiceann
tú an spéir sin ag teacht agus tá mar bhéadh dhá choinneal ann. Si mo
dhearbhrathair-sa ag teacht agus tá a dhá shúil mar bhéadh dhá choinneal
ann, ar mhéad is tá fearg air, mar a d'fhágmuid nar ndiaidh é. Luighigidh
uilig tuitigidh thart marbh.
Nuair a thainig Goll, chuir sé a ladhar mhór faoi fhear acu agus chaith sé
péirse talamh é. Chosáil sé thart uilig ortha, agus shíl sé go rabh siad
uilig marbh. Agus d'éirigh Fionn suas agus dubhairt sé, "a dhearbhrathair,
caidé tá ort?" "Ó, char bhac daoibh (bac) dá mbéadh fhios agam go rabh
sibh beo, cha leigfinn ceann ar braghad."
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1255d2
(orthographic, English translation).
1. Other versions from the same speaker: CBÉ MS 619, pp 306–13