Nellie McConnell (c1858–1940), Leconnell, Ardara, Lifford, Co Donegal Eolas ar an chainnteoir.
"Mary, Charlie Jimmy, Bridgie Charlie, Ellen, Cassie Molloy". Is dóiche gur b'í Ellen (atá 'na seasamh) an cainnteoir.
Pioctúir: Scoil Leac Chonaill 1900–1969, lch 15.
LA1259.1
Teideal: Song: Maighdean na Gruaige Báine
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Neós is maighdean 'gus baintreabhach mise 'fágadh go óg,
Neós a' gcuala sibh uilig .......gur éaluigh mo mhíle stór.
Neó dá mbéinn-se 'muigh sa lá sin 'smo dhá lámh fán abhainn mhór
Dheánfainn dídean duit a Réallaí agus leigheasfainn do bhrón.
.............. aig na mná sin bhí 'n scéal cráidhtí le haithris
Neó fá mhaighdean na gruaige báine maise a fágadh gan fear í.
Fear a céile bhí aicí póstaí is ar éigean ............ leabaidh
Dá mbéadh Réallaí thaire sáile níor fhearr ............cuireadh
Neós níor mhór liom thusa a Réallaí bheith do chliamhain aig an Rí,
Órú, cúirtíní geala gléigeal' air 'ach taobh duit 's tú 'do luighe,
Neó 'maighdean chiúin chéillidhe a bheith réidhtigh anuas do chionn
Níl .......mo ghrá go léir duit sula dtéid tú ..................
Neós dá bhfeicfeá 'siubhal an tsráid seo bhí a lán de na fearaibh
Órú bhí siad ......................... 's iad ag cainnt air a' bhainis.
Bhí fidil ós cionn cláir ann 's bhí na clársacha 's iad a' seinnm
Bhí go leor de na mná ......... le mo ghrádh-sa a chur a chodladh.
Ós dá mbéinn-se thiar ....... seo ................. ionns orm
Arú shuidhfinn lae 's oidhche ........... taobh deas den tórraimh
Arú Réallaí ................................. do bhéilín deas meala,
'S go mba aoibhinn do'n bhean a phós tú/phóstaí ..........................
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1259d1
(orthographic, English translation).
1. Ó Bhailiúchán na Scol, ón chainnteoir chéanna (CBÉ 1047); scríobhtha le Séamus 'ac Grianra, OS:
Seanamhrán Gaeilge – Muirín na Gruaige Báine
Maighdean is baintreach is mise a fágadh go hóg
'Gcualaigh sibh uilig, a chairde, gur éalaigh mo mhíle stóir.
II
Dá mbeinnse amuigh an lá sin is mo dhá lámh fán abhainn mhóir
Dhéanfainn dídean duitse, a Raghallaigh, agus leigheasfainn do bhrón.
III
Nach ag a haithrín agus ag a máithrín atá an scéal cráite le haithris
Fá mhaighdean na gruaige báine mur fágadh gan fear í.
IV
Fear na céile a bhí aici pósta is nár théid ariamh a leabaidh
Ó chuaigh Raghallaigh ón sáile níor mheas sé ariamh pilleadh.
V
Níor mhór liom thusa, a Raghallaigh, a bheith i do chliamhan ag an rí
Cuirtíní geala glégheala a bheith fá dtaobh duit is tú i do luí.
VI
Maighdean chiúin chéillí 'bheith ag réiteach anuas do chinn
Gur thug mé mo ghrá go léir duit is dona d'éag tú lena linn.
VII
Dá bhfeicfeadh sibh an tsráid seo agus í lán de na fearaibh
Bhí siad as gach cearn ann is iad ag caint ar an bhainis.
VIII
Bhí fidil os cionn cláir ann bhí an chláirseach is í ag seinm
Bhí go leor dona mná mánla ann le mo ghrása a chur a chodladh.
IX
Dá mbeinnse ag an leic adaí ar fhág sibh den t-anam
Shínfinn mo thaobh chlí ar an taobh dheas den charraig.
X
Shínfinn mo bhéilín tláith lena bhéilín deas meala
Is nuair a shílmid a bheith ár bpósadh b'ar an tórramh a bhí an bhainis.
Amhrán a thug mé síos ó Eibhlín — nó Nellie Bheag — Bean Mhic Chonaill. Chan fhuil sí cinnte an bhfuil sé ag teacht i ndiaidh a chéile
mar a chumadh é ar dtús. Tá sí den bharúil gur cheart an dá alt deireanach (IX agus X) a bheith i lár an amhráin. (SMG)
2. Other Ulster versions include:
• "Caoineadh na Baintreabhaighe Óige" in Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaibh Uladh (1915) pp 140–1 and 295,
from Doegen speaker Máire Ní Arbhasaigh (Crossmaglen)
• P[ádraig] Ó h[Uallacháin], "Gaedhilg an Chabháin" in An tUltach 19:8 (1942) p 2 (Gleann Gaibhleann)
• "Baintreabhach agus Maighdean" (reference only to Bailiúchán na Scol) in Pádraig Ó Baoighill, Ó Ghleann go Fánaid
(2000) p 337, from Eibhlín Ní Mhuireadhaigh (An Tearmonn)
3. The song is mostly associated with Connachta, often under the title "Liam Ó Raghallaigh". It was the subject of a series of articles in Éigse:
• Gerard Murphy, "Three poems from the recitation of P Ó Míleóin", Éigse 6:1 (1948) pp 8–22 at 19–22 (Corca Dhuibhne)
• Kenneth Jackson, "A Blasket version of the lament for Reilly", Éigse 6:2 (1950) pp 112–3
• Éamonn Mac an Fhailigh, "A Mayo version of the lament for Reilly", Éigse 6:2 (1950) pp 114–5 (Iorras)
• Mícheál Ó Cuileanáin, "Mac Uí Raghalla an chúil bháin", Éigse 8 (1955–7) pp 32–4 (Corcaigh)
• Ciarán Mac Mathúna, "Caoineadh Liam Í Raghallaigh", Éigse 8 (1955–7) pp 35–42 (lss.)
• Seán de Búrca, "Caoineadh Í Raghallaigh", Éigse 10 (1961–3) pp 35–8 (Tuar Mhic Éadaigh)
• Colm Ó Lochlainn, "The lament for Reilly", Éigse 10 (1961–3) pp 39–44 (Conamara)
4. Some other versions and references:
• Mícheál & Tomás Ó Máille, Amhráin Chlainne Gaedheal (1925) pp 85–7 and 187–8; with a tune added, Eibhlín Mhic
Choisdealbha, Amhráin Mhuighe Seola pp 122–3
• Tadhg Ó Rodaighe, "An Fhilidheacht ba Bhuaine" in an unidentified Irish newspaper from the 1930–50 era; suggests a
Waterford origin for the song
• "Liam Ó Raghallaigh" on Seán Ó Riada, Reacaireacht an Riadaigh, 12" LP, Gael-Linn CEF 010, sung by Darach Ó Catháin
• Tomás Ó Concheanainn, Nua-dhuanaire 3, pp 15–16 and 77
• Robin Flower, Catalogue of Irish Manuscripts in the British Library, vol 2 (DIAS 1992), p 238 (Egerton 117, no 5)
and p 255 (Egerton 130, no 2(c))
• P.W. Joyce, Old Irish Folk Music and Songs, has tunes at p 263 entitled "Lamentation of O'Reilly's Bride", and at
p 321 entitled "Is baintreabhach agus maighdean mé", but neither resembles the tune recorded here.
LA1259.2
Teideal: Prayer: Is mé an peacach bocht
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Is peacach bocht fá ualach throm mé
ar mhéad mo pheacaí is aithreach liom
........... dílis ............ le grádh mo chroidhe.
.... dóchas fíor................. go bhfuighfinn suas
........................................ ........................ anuas
Fáilte a Mhuire Mhaighdean ........, a ........ mór na ngrást
........................... ................. greim don bhocht, don dall a
shúil, máthair ...................................................
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
'G éirghe domh-s' air maidin chuala mé'n uaill dá scairteadh,
Bhí an áit seo ........ lucht ............. agus ....... na n-éan,
............... bhur leabaidh ó neoin 'rís go headradh,
Ach ar siubhal ...................... mhuirnín donn.
Thug mé suas mo leanbh suas go toigh a' leanna,
Gur luigh mise air a' leabaidh gur labhair mé leis .......,
.................................. Seán bhárr a' ghleanna,
Is iomaí cailín deas a mheall tú aréir ....
Rachaidh mise go Gaillimh a dh'éisteacht leis na ................
An áit a bhfuil mná óga ........................................,
Nó ní phillfidh mé 'n a' bhaile ................ cuach an gharraí,
Bhí fir uilig..............................................
Anois atá mé pósta le ........
....... póg amháin ............................. agus mo chúl le mnaoi
D'imtheochainn air maidin le creabhair na ngob fada,
Go dtigidh craobh air an talamh is bláth air an fhéar.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1260d1
(orthographic, English translation).
1. Other Ulster versions include:
• Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (1925) pp 186–7 (Gleann Gaibhleann):
Ag éirghe dhamh-sa ar maidin,
Chuala mé an fhuaim dá casadh,
Grian an tsamhraidh ag lasadh
'Gus ceol binn na n-éan.
• Muireadhach Méith, "Seán Ó Daoighre" in An tUltach 4:5 (1927) p 1 (Crossmaglen — Doegen speaker Máire Ní Arbhasaigh –
and Omeath); id, Amhráin Chúige Uladh I (1927) pp 5–7 – see also 1977 edition by Colm Ó Baoill, pp 34–5, 103 and 166. This contains three verses, each
equivalent to eight of the lines as written here, but there is not much similarity in the words. The first half-verse is also given in id, History of the
Parish of Creggan, p 74. Reproduced, with commentary, in Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster (2005) pp 295–7.
• A version entitled "Seán Mhag Uidhir a' Ghleanna" was written down by Seamus Ennis in Cró na Sealg, Donegal
(CBÉ 1282:267–8).
2. Other versions include:
Donnchadh Ó Floinn, "Béaloideas ó Chéire II", Béaloideas 11 (1941) pp 46–8 @ 46–8 - little resemblance
Mícheál & Tomás Ó Máille, Amhráin Chlainne Gaedheal (1925) pp 41–4 and 176–7
Hardiman, Irish Minstrelsy vol 2
O'Sullivan Bunting I 11 (Journal of the Irish Folk-Song Society vols 22–29)
LA1260.2
Teideal: Song: An Bunán Buidhe
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Ós a bhuinneáin bhuidhe 'sé mo léan do luighe,
'S do chnámha sínte air a' leac faoi linn,
Níor díobháil bidh ann ach easbaidh dighe
Órú d'fhág tú sínte air chúl do chinn.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
Bhéinn féin air a rith chéad chóir
Go mbrisfinn béim air loch faoi chéim
Órú fhliuchfadh do chroidh' is do bhéilín binn.
Agus tá mo chorp leontaí 'gus m'intinn buarthaí
'Gus tháinig an óigbhean chugam isteach,
'S órú d'iarr mise póg uirthi uair ná dhó
Leis a' tsláinte mhór a thabhairt arais;
M'fhocal ó mo mhíle brón
Gan mé óg 's mé póstaí ort,
Órú níl go fóill 's ní bhéadh go deo
'S a mhuirnín óg, mo bheannacht leat.
'Gus ní h-iad mur gcuid éanlaith atá mé 'g iarraidh,
An cuach ná an fraoch/traona ná an chorra ghlas,
Ach a' buinneán sásta atá ...........................
Ba dheise liom féin gach dá bhfuil mé 'rádh.
Bhí siad a' síor-ól na digh',
'S deir siad go mbím air an nós sin ceart,
Níl braon dá bhfuighinn nach leigfinn síos,
Air faitchíos go bhfuighfinn-se bás den tart.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1260d2
(orthographic, English translation).
1. Ó Bhailiúchán na Scol, ón chainnteoir chéanna (CBÉ 1047); scríobhtha le Séamus 'ac Grianra, OS:
Sean-amhrán Gaeilge — An Bonann Buí
A Bhonainn Bhuí, 'sé mo léan do luí
'S do chrámha sínte ar leic Uí Fhloinn.
Ní díobháil bidh nó easbaidh dí
A d'fhág tú sínte ar chúl do chinn.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
Bheinn féin ar a rith a' teacht do chomhair.
Go mbrisfinn béim ar Loch Mhic Céin
A fhliucadh do chroí 'gus do bhéilín binn.
Tá mo chos leonta 's m'intinn buartha
Ó tháinig an óigbean chugam isteach.
D'iarr mise póg uirthi uair nó dhó
Leis an tsláinte mhór a thabhairt ar ais.
Óchon ó, mo mhíle brón
Gan mé bheith óg agus pósta ort.
Ach níl go fóill 's ní bheidh go deo
'S a mhuirnín ó mo bheannacht leat.
Ní hiad bhur gcuid éanlaith atá mé a' iarraidh
an chuach ná an chraobh ná an chorróg ghlas.
Ach an bunann peacach atá lagach aerach
Gur dheise liom féin a ghob ná 'dhath.
Bhí siad a' síor ól na dí
'S deir siad go mbím ar an nóisean chéanna.
Níl braon dá bhfuighinn nach leigfinn síos
Le faitíos go bhfuighinn bás den tart.
D'iarr mo stóir orm leigint den ól
Nó nach mbeinn beo ach seal beag gearr.
Dúirt mé léi go dtearn sí bréag
Nó gur bhfaide mo shaol an deoch sin 'fháil.
'G cualaigh sibh an t-éan a bhí glan réidh
a chuaigh ag éagaoin thart ar ball.
'S a chairde chléibh ólaigí bhur sáith
ná ní bhfuighidh sibh aon deor i ndiaidh bhur mbáis.
Fuair mé an t-amhán, 'An Bunann Buí' ó Nellie Bheag bean Mhic Chonaill. An chéad uair a ghlac mé síos an t-amhrán uaithe chuir sí críoch leis
ag … 'Mo Bheannacht leat' [ie. i ndiaidh dhá véarsa], ach thug sí an t-iomlan de damh ina dhiaidh sin arais. (SMG)
2. Other Ulster versions include:
• Muireadhach Méith, Amhráin Chúige Uladh II (1937) pp 25–8, versions from Rann na Feirste and Óméith (see also
1977 edition by Colm Ó Baoill, pp 74–5, 144–6 and 180–1). Rann na Feirste version repeated in "Amhráin Rann-na-Feirsde", An tUltach 14:1 (1/1937) 7-8;
and again An tUltach 16:4 (1939) p 7. Our first and third verses here resemble the first and third verses from Rann na Feirste, with a slight admixture
from the first Óméith verse. Our second verse here is not found in either the Rann na Feirste or Óméith versions, or in any other version encountered.
• Roise na nAmhran: songs of a Donegal woman, audio CD from RTÉ CD178 (1994), has a version from Árainn Mhór,
little similarity in words.
• Literary versions in, e.g. Énrí Ó Muirgheasa, Céad de Cheoltaibh Uladh (1915) pp 120–1 and 272–4;
Breandán Ó Buachalla, Cathal Buí, Amhráin (1975) pp 75–83 and 133–46, including a short list of printed versions on p 135.