Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Maighread Ní Dhomhnaill (1915–1995), Eadarbhaile, Doochary, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1250.1
Teideal: Story: Bhí beirt fhear etc.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí beirt fhear i n-a gcomhnuidhe ar an bhaile s'againne uair amháin, fear acu a rabh cuid mhór ba aige agus fear eile ní rabh aige ach aon bhó. Ní rabh 'n bheirt aig teacht le chéile go h-an-mhaith. An fear seo a rabh cuid mhór ba aige, mharuigh sé aon bhó an fhir eile. Níor chuir sin aon ..... air an fhear, ach bhain sé 'n craiceann den bhó agus d'imthigh sé go Leitir Ceanainn leis.

Nuair a bhí sé taobh amuigh den bhaile mhór, smaointigh sé go rabh traidhfil píosaí leath-choróin ionn a phóca agus chuir sé isteach sa chraiceann iad. Nuair a chuaidh sé go dtí an siopa fuaidh sé isteach. D'fhiafhruigh fear an tsiopa dó caidé 'bhí 'e dhíobháil air. "Ó," ar seisean, "tá craiceann iongantach luachmhar annseo le díol agam. Nó gach uile bhuille a bhuailfeas tusa air, tuitfidh píosa leath-choróin amach as."

Fuair fear an tsiopa bata mór, bhuail sé buille air an chraiceann, agus thuit píosa leath-choróin amach. Bhuail sé an dara buille agus thuit píosa eile. Bhuail sé an tríomhadh buille agus thuit píosa eile. Annsin chreid sé cainnt an fhir. Cheannuigh sé 'n craiceann uadh agus fuair sé an-luach air, an chéad oiread is gheobhthaidhe air chraiceann coitianta eile.

Nuair a tháinig sé 'na' bhaile fuaidh an scéal amach fá mar d'éirigh leis agus an fear seo a rabh cuid mhór ba aige dubhairt sé leis féin, "Béidh mis' ion-churtha leis." Mharuigh sé a rabh — mharuigh sé an méid ba a bhí ionn a sheilbh agus d'imthigh sé go Leitir Ceanainn leis na craicne. Ach ní bhfuair sé pighinn orthu ach oiread le duine coitchianta 'r bith eile, agus sin mar a cheannuigh sé a chuid droch-bhéasaí.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Bhí beirt fhear ar an bhaile-se 'na gcomhnuidhe. Ní rabh siad ag teacht l chéile go ro- mhaith. Bhí fear acu a rabh cuid mhór bá aige; agus ní rabh ag an fhear eile ach bó amháin. Mharbh an fear a rabh cuid mhór ba aige aon-bhó an fhir eile. Bhain an fear bocht an craiceann díthe & d'imthigh sé go Leitir Ceanainn leis. Smaoithigh sé ar an bhealach go rabh píosaí leath- chóróineacha ina phoca aige. Chuir sé isteach sa' chraiceann iad & chuaidh sé fhad le siopa, d'fhíafuigh fear an t-siopa do goidé bhí leis. "Tá," ar seisean. "Tá craiceann íontach luachmhar liom. Níl aon bhuille a bhuailfidh tusa air nach dtuitfidh píosaí leath-chóróineacha amach."

Fuair fear an t-siopa an bata, bhuail sé buille air & thuit píosa amach. Bhuail sé an dara buille & thuit píosa eile amach. Annsin thug sé luach mór do'n fhear ar an chraiceann. Nuair a tháinig sé 'na bhaile, chuaidh an t'iomr'adh amach fa'n luach a fuair sé ar an chraiceann & annsin mharbh an fear eile gach bó da rabh na sheilbh; bhain sé an craiceann díobhtha, chuaidh sé go Leitir Cheanainn leóbhtha. Ach ní bhfuair sé píghinn ortha níos mó na duine coitchianta ar bith. Sin mar cheannuigh sé a chuid droch-bhéasa.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1250d1 (orthographic, English translation).


LA1250.2
Teideal: Story: Measgán Mhéadhbha

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Measgán Mhéadhbha.

Bhí bean 'n-a comhnuidhe uair amháin i mbaile ar a dtugtar Loch Beara agus bhí sí fhad ar gcúl 's nach rabh fhios aici caidé'n lá den tseachtmhain a bhí ann. Maidín Domhnaigh amháin, thúsaigh sí a bhualadh maistreadh. Ghléas sí an chuinneog agus bhuail sí an bainne go dtáinig an t-im air. Nuair a bhí sin deánta aici, fuair sí scála agus chuir sí uisce ann. Thug sí léithe síos go dtí an doras é agus d'fhág sí ar chathaoir é. Thóg sí an t-im isteach ann.
Bhí binn ós coinne 'n dorais amach, ar an taobh eile den bhealach mhór. Agus nuair a bhí an t-im cóirighthe aici 'na mheascán dheas, d'éirigh sé i n-áirde amach as an scála ann, agus ghreamuigh sé ar bharr na binne ar an taobh eile ann. Agus ó'n lá sin go dtí 'n lá inniú tá an meascán annsin agus fuair an bhinn a' t-ainm "Measgán Mheadhbha".

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Measgán Mhéabha.

Bhí bean 'na comhnuidhe i loch Bara & ní rabh 'fhios aicí goidé'n lá de t-seacthmhain é. Maidin Domhnaigh ghléas sí cuinneóg & thoisigh sí a bhuaileadh máistriú. Nuair a bhí sé buailte, fuair sí sgála, chuir sí uisce ann. Thóg sí an t-im isteach ann & d'fhág sí ar chathaoir é ag taobh an dorais. Bhí beinn os coinne an toighe amach & nuair a bhí an t'im cóirighthe aicí, d'éirigh an measgán in áirde & ghreamuigh sé ar bharr na beinne. Tá sé annsin o'n lá sin go dtí an lá indiú & fuair an bhinn an t-ainm "Measgán Mhéabha."

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1250d2 (orthographic, English translation).


LA1250.3
Teideal: Story: Máire Ní Abhráin

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí bean 'n-a comhnuidhe i n-Éirinn fadó, agus bhí sí cúig céad bliadhain de aois. Bhí Ó Domhnaill i nDún na nGall an t-am sin agus chualaidh sé iomrádh uirthi. Agus rinne sé amach go rachadh sé go bhfeiceadh sé an rabh sin fíor. Shiubhail sé leis agus fuair sé eolas an bhealaigh go dtí go dtáinig sé go dtí an teach.

Chuaidh sé isteach agus bhí seanduine agus seanbhean i n-a suidhe ag an teinidh agus iad i n-aois leanbaidhe acu. "Cá bhfuil mur máthair?" ar seisean. "Ó," ar siadsan, "tá sí amuigh a' buachailleacht." Chuaidh sé amach 'un na páirce agus chonnaic sé 'n bhean a bhí ag coimheád na mba, agus d'fhiafhruigh sé daoithe, "An tusa Mór Ní Abhráin?"

"Is mé," arsa sise. "Bhál," arsa seisean, "cad chuige an bhfuil tusa comh h-óg, agus nighean agus mac istuigh ins an teach agus iad i n-aois leanbaidhe agat?" "Bhál," arsa sise, "níor ith mise greim ariamh ach nuair bhí ocras orm; níor ól mé deoch ariamh ach nuair 'bhí tart orm; níor shuidh mé ariamh in mo chomhnuidhe nuair a bhí fhios agam go bhfuighinn obair ag na comharsain. Agus mur' gcreididh tusa an rud a dubhairt mé, bhí mé fiche bliadhain nuair a tháinig mé 'na' bhaile seo. Níl aon bhliadhain ó shoin nár mharbuigh mé mart, agus chuir mé a gcnámha isteach i cófhra atá annsiud ag an doras. Gabh thusa isteach anois agus cunntas go bhfeicidh tú.

Chuaidh Ó Domhnaill isteach. Chunntas sé amach ceithre chéad agus ceithre scór cnámh. Agus chonnaic sé annsin go rabh cainnt na mná fíor. Ní rabh 'dhath le deánamh aige ach pilleadh 'na' bhaile agus a bheith sásta.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Máire Ní Óbhráin,

Bhí bean 'na comhnuidhe in Éirinn ar bh-ainm díthe Máire Ní Óbhráin & bhí sé ráidhte go rabh sí cúig céad bliadhan d'aois. Bhí Ua Domhnaill 'na chomhnuidhe in Dún na nGall & rinne sé amach go rachadh sé go bhfeicfeadh sé í. Fuair sé eólas an bhealaigh. Chuaidh sé isteach 'un toighe & chonnaic sé seanduine & sean-bhean 'na suidhe ag an teinidh. D'fhiafruigh sé díobhtha cá rabh a máthair. Dubhairt siad go rabh sí amuigh ag buachailleacht. Chuaidh sé amach go dtí í. D'fhiafruigh sé díthe arbh í Máire Ní Óbhráin í. Dubhairt sí gurbh í. D'fhiafruigh sé díthe cé'n bheirt a bhí istuigh. Dubhairt sí gur sin nighean & mac díthe-se. D'fhiafruigh Ua Domhnaill cad t-chuige a rabh sise comh h-óg sin & iad san comh h-aosta. Dubhairt sise nar íth sí greim ariamh ach nuair a bhí ocras uirthí, nar ól sí deoch ariamh ach nuair a bhí tart uirthí. Dubhairt sí go rabh sí fiche bliadhan d'aois nuair a thainig sí 'na bhaile sin; nach rabh bliadhan ó shoin nar mharbhuigh sí mart & gur choinnigh sí cnamh i gcófra sa' teach. Chuaidh Ua Domhnaill isteach & chunntas sé iad. Fuair sé ceithre céad & ceithre scóir ann & ní rabh dath le deánamh aige ach pilleadh 'na bhaile & a bhéith sásta.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 174–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1250d3 (orthographic, English translation).

1. An tUltach 20:4 p 4 — ó'n chainnteoir chéanna.

2. Similar: Seosamh Laoide, "Mór Ní Odhráin" in Irisleabhar na Gaedhilge 10 pp 462–3 (Na Gleanntaí); also in Laoide, Cruach Chonaill (1913) XXII pp 85–6.

3. Not the same as "Máire Ní Abhráin" from Pádraig Ó Connacháin on LA1244.1 .


LA1251.1
Teideal: Story: Paidí Ó Lumhóg

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí fear 'n-a chomhnuidhe i Leitir Ceanainn uair amháin ar bh'ainm dó Paidí Ó Luadhóg. Bhí sé féin agus a bhean maidín amháin agus ní rabh ..... ar bith acu agus d'imthigh Paidí go h-aonach Leitir Ceanainn le bó a dhíol. Tháinig ceannuidhe fhad leis nuair a chuaidh sé isteach 'un aonaigh agus d'fhiafruigh sé dó "Cé dhíolfas an gabhar?" "Ó," arsa Paidí, ".................. tabhairt gabhar ar mo bhó bhainne ...". Tháinig an dara fear fhad leis agus d'fhiafhruigh sé an rud céanna dó agus thug Paidí an freagar céanna air. Tháinig an tríomhadh fear agus dubhairt sé an rud céanna.

"Bhál," arsa Paidí sa deireadh, "Ó tharla go dtug siad uilig gabhar uirthi, caithfidh sé gur gabhar atá innti," agus dhíol sé an bhó ar a deich is punnta. Nuair a tháinig sé 'na' bhaile, bhí an bhean tógtha - bhí sí ar mire leis, agus an dara lá aonaigh i Leitir Ceanainn d'imthigh Paidí agus an deich is punnta leis. ............ sé isteach go teach ólacháin, thug sé deich scillinge don mhnaoi, agus dubhairt sé, "Má thugaim-sa triúr fear isteach annseo roimh an oidhche fá choinne treat, nuair 'thógfas mise mo hata, abair thusa liom a bheith ar shiubhal, go bhfuil an scór díolta." Chuaidh sé isteach go teach ósta agus dubhairt sé an rud céanna, agus chuaidh sé isteach i dteach eile ólacháin agus dubhairt sé an rud céanna.

Tháinig sé fhad leis an triúr ceannaidhe. D'fhiafhruigh sé daobhtha, "Caidé mar shásuigh an gabhar sibh?" "Ó, shásuigh go h-an-mhaith," ar siadsan. "Bhuel," arsa Paidí, "ar ól sibh dadaí go fóill?" "Níor ól," arsa siadsan. "Bhuel," arsa Paidí, "bígí 'g teacht isteach." Fuair sé treat daobhtha agus nuair a bhí siad ag imtheacht thóg Paidí a hata. "Bí ar shiubhal," arsa bean an tsiopa, "tá sin díolta."

Chuaidh sé isteach go teach ósta leobhtha i n-a dhiaidh sin agus rinne sé an rud céanna. Tráthnóna chuaidh sé isteach go teach ólacháin eile leobhtha agus rinne sé an rud céanna. Rinne siad amach go gceannóchadh siad an hata ó Phaidí agus thug siad cúig phunnta dó.

......... aonach lá thar n-a bhárach agus d'imthigh an triúr leis an hata, agus bhí siad amach agus isteach chuig gach uile shiopa, ach ní rabh gar ann, ní rabh maith ar bith sa hata, agus b'éigean daobhtha díol ar shon achan scór. Bhí fearg mhór orthu annsin agus rinne siad amach go rachadh siad agus go muirbhfeadh siad Paidí.

Mheas Paidí go dtiocfadh siad agus bheir sé greim ar dhá choinín. Thug sé cionn acu do n-a mhnaoi agus thug sé leis an cionn eile amach 'un a' chnuic. Arsaseisean le n-a mhnaoi, "Nuair a thiocfas triúr fear isteach roimh an oidhche, cuir thusa amach an coinín fá mo .......... agus abair leis a ghabháil fá mo choinne-sa."

Tháinig an triúr agus rinne an bhean mar d'iarr Paidí oirthi. Tháinig Paidí isteach agus an coinín leis. "Ó," arsa na fir, "an dtéidheann an coinín sin amach fá do choinne-sa gach uile uair a bhíos tú amuigh?" "Téidheann," arsa Paidí, "agus rachadh sé gach uile áit ........." Cheannuigh an triúr an coinín uadh Phaidí agus d'imthigh siad 'na' bhaile leo.

Chuir siad go bank Leitir Ceanainn é agus cúig phunnta thart ar a mhuineál istigh i hainciorsan agus d'iarr siad air briseadh a fagháil ar an cúig punnta. Lean Paidí iad agus chonnaic sé an coinín ag imtheacht agus an hainciorsan air. Chuaidh an coinín isteach i dtomóg .... agus rug Paidí air agus bhí an cúig phunnta aige agus chuaidh sé 'na' bhaile.

Bhí an triúr ag dúil leis an choinín a theacht arais ach dá mbeádh siad annsin ó shin ní phillfeadh sé. Rinne siad amach annsin go rachadh siad agus go muirbhfeadh siad Paidí an iarraidh seo cinnte. Mheas Paidí go dtiocfadh siad. Fuair sé gé mór agus mharuigh sé é. Cheap sé an fhuil i mála agus dubhairt sé le n-a mhnaoi sin a chur isteach i n-a naprún.

Nuair a tháinig an triúr fear, rug siad greim ar Phaidí agus arsa siadsan, "Caidé na cleasannaí atá tusa 'imirt orainne?" "Ó," arsa Paidí, "sí an bhean sin ins a' choirneál is cionntuighe leis an iomlán. Agus thóg sé scin agus sháith sé ins an mhála na fola í agus thuit an fhuil ar an urlár agus thuit an bhean siar agus leig uirthi go rabh sí marbh.

Thúsaigh an triú fear a dheánamh buartha fríd an teach. "Ó," arsa Paidí, "ná cuireadh sin a dhath de bhuaireamh oraibh," agus rug sé ar adharc mhór a bhí i n-airde, a bhí ar an bhalla agus sháith sé isteach i gcluais na mná í, agus d'éirigh sise aniar arais. "Sin adharc iongantach atá agat, a Phaidí," arsa na fir agus cheannuigh siad uaidh í.

D'imthigh siad leobhtha annsin agus lá thar n-a bhárach chruinnigh siad cruinniughadh mór daoine agus rinne siad réidh féasta. Agus nuair a bhí an féasta thart d'éirigh fear acu agus dubhairt sé, "Thig liom-sa anois cleas iongantach a thaispeáint daoibh." Thug sé scin agus sháith sé ins an mhnaoi a bhí i n-a suidhe ins a' chlúdaidh í. Thuit an bhean siar marbh. Rug sé air an adharc annsin agus shéid sé i n-a cluas í —

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Shéamuis Uí Néill.

Páidí Ó Lumhóg.

Bhí Páidí Ó Lumhóg agus a mhnaoi i na gcomhnuidhe in Gleann Domhán. Bhí siad íontach bocht. Chuaidh Páidí go h-aonach go Leitir Ceanainn le bó; thainic ceannuidhe fhad leis & d'fhiafruigh sé dó, "cé dhíolfas an gadhar". "A rásgáil," arsa Páidí, "na tabhair gabhar ar mo bhó mhaith." Thainig ceannuidhe eile & dubhairt sé an rud céadhna & fuair sé an freagar céadna ó Pháidí. Thainig an tríthmheadh fear aníos & dubhairt sé an rud céadna. "Bhail," arsa Pádaí, "ó thárla go ndeir sibh uilig an rud céadna, caithfidh sé gur gadhar atá ann" & dhíol sé an bhó ar a deich is punnta. Nuair a thainig sé 'na bhaile h'obair go muirbhfidhe é; ach níor leig sé a dhath air féin ach an t-airgead a choinneáil go dtainig an dara h-aonach go Leitir Ceanainn. Chuaidh sé annsin; chuaidh sé isteach go teach óil. Thug sé deich sgillingne do fhear an t-sioipa & dubhairt sé leis ma thugaim-sa triúr fear isteach annseo roimh an oidhche fa choinne tréat; nuair a bhéas muid ag imtheacht, tógfaidh mise mo hata & abair thusa go bhfuil sin díolta. Chuaidh sé isteach go teach ósta & rinne sé an rud céadna. Annsin chuaidh sé isteach i dteach óil eile & rinne sé mar an gcéadna. Nuair a chuaidh sé amach casadh an triúr ceannuidhe dó; chuir sé fáilte ropa & d'fhiafruigh sé daobhtha goidé mar a shásuigh an gadhar iad. "O go h-an mhaith" arsa siad san. "Ar ól sibh dadaidh go fóil" arsa Pádaí. "Níor ól," arsa siad-san. "Bíodhaigidh ag teacht isteach annseo," arsa Pádaí. Chuaidh siad isteach; d'ól siad an tréat; thóg Pádaí a hata & dubhairt fear an t-siopa go rabh sin díolta. Rinne sé mar a gcéanna leóbhtha ag an teach ósta & ag an teach óil roimhe. Cheannuigh siad an hata ó Phádaí & chuaidh siad fhad le h-aonach lá thar na bhárach. Chuaidh siad isteach go toigh óil. Fuair siad gach uile chineál óil. Thóg siad an hata nuair a bhí siad ag dhul amach, ach lean fear an t-siopa iad gur bhain sé luach an óil díobhtha. Bhí fearg mhór ortha le Pádaí annsin & rinne siad amach go rachadh siad fhad leis go marbhfadh siad é. Smaoitigh Pádaí go dtiocfadh siad; fuair sé greim ar dhá choinín; d'fhág sé ceann acu ag n-a mhnaoi & thug sé an ceann eile amach 'na chnuic. Nuair a thainig an triúir fear isteach, dubhairt an bhean go rabh Pádaí amuigh ar an chnoc ach [go gcuirfeadh sí teachtaire] amach fa n-a choinne. Nuair a thainig Padaí isteach agus an coinín leis, chreid na fir gurbh é an ceann a chuaidh amach a bhí leis. Cheannuigh siad an coinín ó Phádaí. Nuair a chuaidh siad 'na bhaicle, chuir siad go Leitir Ceanainn é & nóta cúig punnta leis ar a mhuineál le n-a fhagháil briste sa' bhannc. Níor phill an coinín 'na gcomhar. Bhí an-fhearg ortha an iarraidh seo & dubhairt siad go rachadh siad cinnte & go muirfeadh siad é. Bhí Pádaí ionchurtha leó. Mharbhuigh sé gé mór, cheap sé an fhuil i mála; thug sé do n-a mhnaoi é le cur faoi n-a náprún. Nuair a thainig na fir isteach, bhí an-fhearg ortha. Dubhairt Pádaí gurbh í an bhean a bhí sa choirneál a ba chionntuigh le h-iomlán, ach go gcuirfeadh sesiean deireadh léithe. Fuair sé sgian, bhuail sé ar mhála na fola faoi n-a náprún; thuit sise siar & leig uirthí go rabh sí marbh. Thoisigh na fir a dheánamh buartha. "Ná síligidh dadaidhe de," arsa Pádaí. Thug sé leis adharca a bhí in áirde ar an bhalla & shéid sé isteach i gcluas na mná & d'éirigh sise aniar arais. Cheannuigh siad an adharc ó Phádaí. Nuair a chuaidh siad abhaile, rinne siad réidh féasta; thug siad cuireadh do na daoine theacht aige. Nuair a bhí an féasta thart, dubhairt fear acu go dteisineoch- adh cleas nach [bhfaca] aonduine ariamh. Fuair sé sgian; sháith sé ins an mhnaoi a bhí sa choirneál í. Thuit sise marbh; agus d'éirigh an brón ar fud an toighe. Fuair an fear an adharc & shéid sé na cluais. Ach da mbéadh sé ag séideadh ó shoin ní rabh gar ann. Chuaidh an sgéal amach. Rugadh air & crochadh é. Díbreadh an bheirt eile thar sáile & fuair Pádaí réidhte daobhtha. Sin deireadh.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1251d1 (orthographic, English translation).

1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent (25/02/1932) p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil and Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (2009) pp 22–4.

2. Closely similar versions include:
• "Paidí Ó 'Lumhóg", Cruach Chonaill (1913) XVI pp 69–75 (Mín na Gualanna)
• "Scéal Phaidí Ó 'Luadhóg": audio recording made by Liam Mac Cána, Béal Feirste, from Sorcha Chonaill Hiúdaí (1875–1963), Rann na Feirste.

3. Episodes from this story occur elsewhere. The "hat trick" is sometimes found alone, as in:
• Seaghán 'ac Meanman — also a Doegen speaker — "Domhnall Ó Maoldoraidh", Crann an Eolais V (An Toradh) pp 42–52; id, "Tá an Scór Díolta", Cnuasacht Céad Conlach pp. 150–156 (An Ceann Garbh)
• Lorcán Ó Muireadhaigh, "An hata míorbháilteach", Pota Cnuasaigh, cuid 1 (1923) pp 7–9 (Óméith). Cf. Seán Mac Maoláin, "Brionglóid iongantach i nOméith", Fáinne an Lae 1067 (05/10/1918) 4: scéal a innseadh in Óméith fá "Éireannach róganta nach rabh le déanamh aige thall i Sasain ach a hata a chroitheadh trí huaire le neart ólacháin a fhagháil i n-ascaidh".

4. The "rabbit trick" and the "bladder or horn trick" are found together in:
• Pádraig Ó Baoighill, "Fear na Scuab", Faoi Scáth na Mucaise (2005) pp 96–100 (An Tearmann)
and are further combined with elements of LA1265.2 (qv) in:
• Áine Ní Dhíoraí, "An Seanghearrán Bán", Cruacha Scéalta agus Seanchas (1985) pp 93–7 (Na Cruacha)
• Éamonn Ó Tuathail, "Brian Bréagach", Sgéalta Mhuintir Luinigh (1933) XX/XX(a) pp 72–83 (Tír Eoghain). The bladder trick is missing from XX. XXa is also published in An tUltach 3:5 6/1926 pp 6–7 and An tUltach 9:8 10/1932 p 6

An English-language version from County Down, again with elements of LA1265.2: Ulster Folklife 11 (1965), pp 81–84


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2013/06/29
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница