This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Lá de na laeithibh 's uair de na h-uairibh d'fheall an tseilg air
Fhiannaibh Éireann i nGleann na Smól, agus tháinig siad go Gleann Fada na
Sealg' go bhfeiceadh siad 'bhfuighfeadh siad a dhath a chuirfeadh
dubhlacht a' gheimhridh tharstu.
Tháinig siad fhad le baile a dtugadh siad Gleann Léithín air. Bhí fear
ionn a chomhnuidhe annsin d'ar bh'ainm dó Léithín, giota taobh amuigh de
Fhiontun. Agus bheannuigh sé do Fhionn ionns na briathra faiseanta a bhí
coitcheannta ionns a' tsean-aimsir, agus d'fhreagair Fionn é mar a'
gcéanna. Bhí mac agus nighean aig an fhear seo, Fearghamhain a bhí air a'
mhac agus Finngheal air a' nighin.
D'fhiafruigh sé do Fhionn caidé bhí aig cur buaidhreadh air. Dubhairt
Fionn go rabh lá steich lá samhain ann, agus gur imthigh a' tlí goirgeach
orthu. Agus go rabh sé air lorg seilg chuirfeadh tamallt de'n gheimhreadh
thairis. "Níl fhios agam-sa dadaidh," arsa Léithín, ars' eisean, "ach
tarbh mire atá thall ar Shliabh Sneachta, agus má tá sibh abálta é a
thabhairt libh, bheirfidh sé a sáith le hithe do sheacht gcatha na Féinne
uilig."
"Níor sháruigh an tseilg ariamh orainne," ar Fionn. "Cuirfidh mé féin
a' gasúr libh," ar Léithín, "dheánfaidh sé 'n t-eolas daoibh."
Air maidín lá thar n-a bhárach, d'imthigh siad uilig go mullach Shliabh
Sneacht'. Chuaidh Fearghamhain suas go mullach carraige agus rinne sé
fead, agus tharraing an tarbh orthu. Agus air mhéad den fhearg a bhí air,
bhris sé 'dhá adharc ionn éadán na carraige. Chuaidh na Fianna uilig chun
tsiubhail thart ar chúl na carraige le h-eagla.
Léim an Fearghamhain anuas ionns a' droim air agus thosaigh sé air le n-a
chlaidheamh, agus ghearr sé 'n cionn dó. Rinne sé ceithre ceathramhnacha
annsin dó. "Cé bheirfeas leis na ceathramhnacha seo?" arsa'n
Fearghamhain.
"Bhéarfaidh mise ceathramh liom," ar Goll. "Bhéarfaidh mise ceathramh
liom," ar Oscar. "Bhéarfaidh mise ceathramh liom," ar Diarmuid.
"Bhéarfaidh mé féin ceathramh liom," arsa'n Fearghamhain. "'Bhfuil fear
ar bith annsin," ar seisean, "a' brath a' cionn a thabhairt leis?" Níor
labhair fear air bith. "Bhéarfaidh mé féin liom é," ar seisean.
Thug sé leis an cionn ba mhó de na ceathreamhna, agus smaointigh
Fionn, 'á dtiocfadh ann sa ghasúr, go mb'fhéidir go dtabharfadh sé
buaidhreadh daobhtha go fóill.
Ar a ghabháil 'un a' bhaile daobhtha, ar a ghabháil fhad le Léithín
daobhtha annsin, las siad teinidh agus d'ith siad uilig a sáith. "A'
leigtheá liom a' gasúr sin sheacht mbliadhain," ar seisean le Léithín,
"agus bhéarfaidh mé tuarastal maith dó." "Doiligh liom scaramhaint leis,"
arsa Léithín, ar seisean "ná níl aon ghléas beo agam féin agus ag an
ghirsigh ach é."
"Ach ionn a dhiaidh sin agus uilig," ar seisean, "is doiligh liom thusa a
eitbheáil." Leig sé an gasúr leis. 'Gabháil siar daobhtha aig an Mhullach
Mhór comhgharach ag na Gleanntaí, d'éirigh cráin mhuice romhpu, agus ál
banbhán. Thosuigh siad 'n a ndiaidh agus mharuigh siad a' chráin agus na
banbháin go h-uile, go dtí a'n cheann amháin chuaidh... agus aig gabháil
isteach i bpoll daoithe, bhain Fionn a ruball de. "Má haostar air an
mhuc sin," arsa Fionn, ar seisean, "dheánfaidh sí dochar go fóill."
Ar feadh na seacht mbliadhan, 'siomdhaí catha agus teangmháil a rabh
Fianna Éireann ann, agus chruthaigh an Fearghamhain gur a b'é féin a'
ceathramh fear a b'fhearr a bhí ionns an Fhéinn. Nuair a bhí na seacht
mbliadhna thuas, "Caithfidh mé ghabháil abhaile," ar seisean, "go
bhfeicidh mé m'athair."
"Ná deán é sin," ar Fionn, "Fan againne sheacht mbliadhain eile
agus bhéarfaidh mé an tuarastal céanna duit." "Ó, caithfidh mé
imtheacht," ar seisean, "go dtí go bhfeicfidh mé m'athair, ní fhanóchaidh
mé níos fuide." "Más rud é" sa deireadh arsa Fionn, "go gcaithfidh tú
imtheacht, bíodh fhios agat nach bhfuil bealach na muice …
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill.
Lá de na laethibh agus uair de na h-uairibh
a ghannuigh an t-seilg in gleann na smol;
(agus thainig siad go gleann fo) ar
Fhiannaibh Éireann ag gleann na smol,
agus thainig siad go gleann fada na
sealg go bhfeicfeadh siad an bhfuigheadh siad
dadaidh ann a chuirfeadh dubhlacht an
gheimhridh tharsta. Thainig siad fhad le fear
bhí 'na chomhnuidhe i mbaile taobh amuigh
d'Aontoun i gconndae Dhún na nGall. Bhí
fear 'na chomnuidhe annsin arbh ainm do
Léighín (Liathcheann). Bhí mac agus nighean
aige, Feardhromhain a bhí ar an mhac &
Fionngháil a bhí ar an nighean. Bheannuigh
Lethcheann d'Fhionn insan briathra faiseanta
a bhí coitchianta san am sin & d'fhreagar
Fionn é mar an gcéadna. "Cá bhfuil do thriall
an miste damh a fhiafruighe" ar Leathcheann.
"Ní miste maise leóga" arsa Fionn. "Tá muid
ar lorg seilg'. Tá lá is d'éis la Samhna
ann agus d'imthigh an faidh gargach
orainn & caithfidhmuid ceathramhnacha
geimhridh a leagan amach do na fir. Mur
bhfaghamuid seilg eighinteacht a chuirfeas
dubhlacht an gheimhridh tharainn." "Níl fhios
agam-sa dadaidh" arsa Liath-cheann, "ach tarbh
mire atá thall annsin ar shliabh sneachta &
má tá sibh abalta é thabhairt libh, bheirfidh
sé a sáith le h-ithe do sheacht gcatha na
Féinne go h-uile." "Níor sháruigh seilg ar bith
ariamh orainn" arsa Fionn "agus rachamuid
aige go luath ar maidin." "Cuirfidh mise an
gasúr libh" arsa Liathcheann "& dheánfaidh
sé an t-eólas daoibh." Ar a dhul annsin
dobhtha, fuaidh an gasúr suas i mullach
carraice & rinne sé fead. Fhuaidh na Fianna
uilig thart i gcúl na carraice &
bhris an tarbh a dhá adharc in éadán na
carraice. Léim an gasúr anuas insan druim
air & ghearr sé an ceann de. Rinne sé ceithre
ceathramhnacha de annsin. "Anois" arsa seisean
"cé bheirfeas leis na ceathramhnacha seo?"
"Bheirfidh mise ceathramhadh liom" arsa Goll.
"Bheirfidh mise ceathramhadh liom" arsa
Oscar. "Bheirfidh mise ceathramhadh liom"
arsa Diarmaid. "Bheirfidh mé féin ceathramhadh
liom" arsa Feardhragmhain. "Bhfuil duine ar bith
a dhul a thabhairt an chinn leis?" Níor labhair
fear ar bith. "Maise, bheirfidh mé féin liom é cib bith."
Ag teacht fhad le Gleann Léithchinn dobhtha,
ghléas siad suas teinidh, róis siad an fheól &
d'ith siad uilig a sáith de. Annsin ghléas siad
uilig ortha le bheith ag tarraingt 'na bhaile.
"An leigfeadh tú liom an gasúr go cionn sheacht
mbliadhana & turasdal ar bith a n-iarrfas tú
bheirfidh mise dó é." "Is doiligh liom sgaramhaint
leis" arsa Liathcheann. "Ach na dhiaidh sin is uilig,
is doiligh liom thusa 'eitiughadh" agus leig sé an gasúr
leis. Ag dhul siar dobhtha ag an Mhollán Mhór
comhgarach do na Gleanntaí, d'éirigh cráin
mhuice & ál bannabhán rompa. Mharbhuigh
siad an chráin & iomlán na mbannabhán,
ach earcánan bhalláin dheiridh & bhain
Conán an ruball do ag dhul isteach sa pholl
dó. "Ma h'aostar ar an mhuc, dheánfaidh
sé dochar go fóil." 'S iomdhuidh cath is teangamháil
a rabh Fianna Éireann ann ar feadh na seacht
bliadhan & chruthuigh an Feardhgamhain gur bé
féin an ceathramhadh fear a b'fhearr in Éirinn
a bhí ins na Fiannaibh Éireann. Nuair a bhí
na seacht bliadhana thuas "caithfidh mé dhul
na bhaile go bhfeicidh mé m'athair" arsa seisean.
"Fan agam seacht mbliadhain eile" arsa Fionn.
"Ní fhanóchaidh mé agat" arsa seisean "de ar chúis
ar bith." Bhí an buaidh ar an Fheargamhain, rud
ar bith a chrosfaidhe air, sin an rud a dheánfadh
sé. "Nois má tá t'u ag imtheacht" arsa Fionn, "bíodh
'fhios agat, ná gabh bealach na muice gearrtha."
"O tá fhios agat anois, caithfidh mé dhul an
bealach sin." Bhí trí madaí aige de n-a chuid
féin & sé an t-ainm a bhí orthu, Gliobach, Glionn-
seach agus Márach. Nuair a thainig sé fhad
le Mollán na Muice, d'éirigh an mhuc roimhe.
Bhí lanntracha nimhe ar an mhuc & ní loitfeadh
claidheamh ar bith uirthí, agus leig sé féin
'un reatha é féin is na madaí. Nuair a
thainig sé fhad le Mín an Ghliobaigh, fuaidh
sé suas leis agus sgaoil sé Gliobach léithe.
Agus bhí sé féin & na madaí ag breith as.
Nuair a thainig sé fhad le Srath Glionnsaighe,
fuair sí suas leis indiaidh an Gliobach a
mharbhadh. Sgaoil sé an Glionnseach annsin
léithe & bhí sé féin agus an madadh eile ag breith
as. Nuair a thainig sé fhad le Mín na Márach
thainig sí suas leis indiaidh a' Glionnsach a
mharbha. Annsin sgaoil sé an Mhárach léithe,
bhí sé féin ag breith as ar fad. Nuair a thainig
sé fhad le Loch Muc fuair an mhuc suas
leis. Thoisigh an chath eadar é féin & an mhuc.
Chuir an mhuc é ar a dhá ghlúin. Nuair a
d'éirigh sé arist rinne sé fead. "Siúd fead an
Fheargamhain" arsa Fionnghail. "má tá sé beo."
D'imthigh sí annsin a chuidiughadh le n-a
dearbhthar. Thug sí léithe trí clocha ina práiscín
(naprún) & shiubhail sí anonn fríd Loch Finne.
Nuair a bhí sí ar an taobh thall, shíl sí gur
an taobh i bhfus a bhí an troid leis an sgreadach &
an macalladh a bhí fríd na beanna. D'aithin
sé annsin gur ar an taobh thall a bhí sé.
Fuaidh sí anonn an dara h-uair.
Annsin bhí sí masluighste sáruighste
& fuaidh gruaig a cinn faoi n-a dhá cois &
báitheadh í. Ar maidin lá thar n-a mhárach
fuarthas an Feargamhain & an mhuc marbh
taobh le taobh. Mharbhuigh seisean an mhuc
& mharbhuigh an mhuc é.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1256d1
(orthographic, English translation).
1. "Sgéal an Fheardhomhain Chruim" in Énrí Ó Muirgheasa, Maighdeán an tSoluis, 1913, pp 34–7, from the present speaker. Also in the
second edition in two parts, 1921, part 2, pp 19–23.
2. Versions by Doegen speaker Seaghán 'ac Meanman:
• Crann an Eolais: An Chraobh (c1939) pp. 73–80 — a version for schools
• "Feardhomhain, Mac an Fhir Léith" in Cnuasacht Céad Conlach (1989) pp 30–2.
3. Other central Donegal versions include:
• "An Feardhamhan" in Seosamh Laoide, Cruach Chonaill, 1913, pp 51–3 (Na Gleanntaí)
• Éamonn Ó Tuathail, "An Feadhamhan" in Béaloideas 1 (1927–8) pp 54–7 (Loch Muc)
• Art Hughes, "Mar a fuair Loch Finne a ainm" in An tUltach (6–7/1983) pp 31–2 (Taobh a' Mhuilinn)
• "An Fearghamhain" in Séamas Ó Catháin, Uair an Chloig Cois Teallaigh 1985, pp 69–70 (Na Cruacha): contains only the latter part of the story;
notes on pp 85–6 include a list of printed versions
• "Scéal Loch Finne" in Áine Ní Dhíoraí, Na Cruacha Scéalta agus Seanchas, 1985, pp 19–21 (Na Cruacha)
4. Versions from elsewhere in Donegal include:
• "An Fearrgamhain" in Alf Sommerfelt, "Phonetic texts from the dialect of Torr, Co Donegal" in Lochlann 3 (1965) pp 375–403
at 376,385–8 (Tor)
• "Seilg Ghleann Léithín" in Seosamh Watson, Oidhreacht Ghleann Cholm Cille, 1989, pp 104–6 (Gleann Cholm Cille)