Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Séamus Ó Caiside (1854–1942), Teilionn, Lifford, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


Séamus Ó Caiside.
Pioctúir: Ludwig Mühlhausen, Zehn irische Volkserzählungen aus Süd-Donegal


LA1269.1
Teideal: Story: Bhí buachaill óg ins an áit s'againne (tús)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Bhí buachaill óg ionns an áit s'aghainne. Ní rabh aige ach é féin agus a mháthair. Ní rabh talamh ar bith acu ach bothán beag toighe. Agus ní rabh a'n ghléas beo aige ach ag iascaireacht. Smaointigh sé lá amháin go rachadh sé go h-aonach Ard a' Rath' go gceannuigheadh sé lín fá choinne gléasaraí iascaireachta 'dheánamh, líonta agus dorgaí. Chuaidh sé 'un aonaigh agus chonnaic sé cailín óg dar leis a bhí an-dóigheamhail. Agus ba mhaith leis a ghabháil 'un cainnte léithe, agus chuaidh.

Thug sé cuireadh 'steach i dteach taibhirne daoithe, agus thréatáil sé í. Dubhairt sé léithe gur mhaith leis a theacht a' chéad aonach eile 'bhéadh air a' bhaile go bhfeiceadh sé í. Agus dubhairt sí go mbéadh sí annsin fá n-a choinne. B'fhaide leis 'ná bliadhain go dteachaidh 'n mhí thart go rabh an t-aonach le bheith ann. Chuaidh sé 'un aonaigh, agus bhí sí air an aonach fá n-a choinne, agus a h-athair léithe. Thug sé isteach i dteach taibhirne iad gur thréatáil sé iad. Agus dubhairt sé le n-a h-athair gur mhaith leis 'á dtabharfadh sé 'nighean dó le pósadh. Dubhairt a' t-athair, má bhí sí féin sásta, go rabh seisean ró-shásta, agus dubhairt a' bhean óg go rabh. Níor fhág siad an áit go dtearn siad lá pósta.

Tháinig sé abhaile go lúthgháireach cionnas go rabh an bhean le fagháil aige. Agus thug sé cuireadh do bhuachaillí agus do chailíní a rachadh leis 'un na bainse. Cupla lá roimhe an lánamhain bheith le pósadh, dubhairt sí le n-a h-athair go mb'fhéidir gur bh'amaideach a' rud a bhí sí 'gabháil a dheánamh, 'gabháil a phósadh fear nach rabh 'fhios aici aon dadaí fá dtaobh de, agus nach rabh 'fhios aici caidé'n gléas beo a bhí air. Dubhairt a' t-athair léithe go rabh sí mall, agus dubhairt sí nach rabh, go bhfuigheadh sí amach 'ul má bpóstaí iad caidé 'n áit a bhí aige.

D'imthigh sí agus chóirigh sí í féin i n-éideadh bean bhocht a bhéadh a' cruinniughadh, agus shiubhail sí léithe go dtáinig sí 'steach, tráthnóna go mall, toigh Phadaí Ultach, a' buachaill a bhí sí 'gabháil a phósadh. Ní rabh istigh ionns a' teach ach a' tseanbhean, a' mháthair, agus d'iarr sí lóistín go maidin uirthe. Agus dubhairt a' tseanbhean go bhfuigheadh agus fáilte, an cineál áit' a bhí aici. D'imthigh sí agus rinne sí sráideog i gcoirneál a' toighe, agus luigh sí ins a' tsráideog. Ní rabh sí i bhfad i n-a luighe nuair cé shiubhail isteach ach Padaí Ultach, agus gallach ballán leis, i ndiaidh bheith 'g iascaireacht.

D'amharc sé thart agus d'fhiafhruigh sé dá mháthair cé seo 'bhí n-a luighe ionns a' tsráideog. Dubhairt sí gur bean bhocht a tháinig tráthnóna agus d'iarr áit go maidin agus go dtug sí sin daoithe. "Maith go leor," ars' a' mac. "'Mháthair, 'bhfuil aon dadaí bruithte aghat?" "Maise, níl," ars' an mháthair, "is maith atá 'fhios aghat nach bhfuil. An rud deireannach a bhí sa teach ogniú mhuirlis amháin le gráinnín poidín a bhí ann, agus bhí sí ar na mirean acu. Agus níl dadaí eile annsin."

D'imthigh sé agus thug sé leis scin agus ghearr sé 'n cionn bá mhó -

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó, ach is féidir gur air a bhunuigh Séamus Ó Néill an leagan a d'fhoillsigh sé ar An tUltach — amharc nóta 1 faoi LA1270.1 — agus bheir muid annseo an chéad leath den leagan sin.

Bhí buachaill óg ins an áit s' againne. Ní rabh aige ach
é féin agus a mháthair. Ní rabh talamh ar bith acú, ach cró
beag toighe. Ní rabh slighe ar bith beo aige ach ag
iasgaireacht. Rinne sé smaointeadh lá amháin go rachadh
sé go h-Aonach Árd a' Rath go gceannuigheadh sé líon fa
choinne gléasaraí iasgaireachta a dheánamh. Nuair a bhí
sé ar an aonach, chonnaic sé cailín dóigheamhail agus ba
mhaith leis dhul chun cainnte léithe, go bhfághadh sé amach cé
í féin no cá rabh sí 'na comhnuidhe. Chuaidh sé chun cainnte
léithe. Labhair sé go h-an-mhúinte léithe; labhair sí leis
mar a gcéadna. Thug sé cuireadh isteach i dteach tabhairne
díthe go bhfaghadh siad rud ínteacht le h-ól. Dubhairt sé
léithe gur mhaith leis theacht ionnsoir an chéad-aonach eile a
bhéadh ar a' bhaile, 'á mbéadh sise ann. Dubhairt sé ar
ndóighe go mbéadh. Tháinig sé abhaile go luthgháireach agus
b'fhada leis a bhí an mhí ag dhul thart go dteigheadh sé chun
an aonaigh arais. Chuaidh ann arais agus bhí sí ar an
aonach fa n-a choinne, agus bhí a h-athair léithe. Thug sí
aithne dó ar a h-athair; thug sé isteach go teach tabhairne iad
agus thréatáil sé iad. Dubhairt sé le n-a h-athair gur
mhaith leis a dtugadh sé a nighean dó le pósadh. Dubhairt
an t-athair, má bhí sí sásta, go rabh seisean ro-shásta. Ach
níor fhág siad an áit, go dtearn siad suas an lá a bpós-
faidhe iad. Thainig Pádaí Ultach abhaile agus thug sé
cuireadh do chailíní agus do bhuachaillí bheith leis 'na bainse.

Cuplá lá roimhe lá na bainse dubhairt an cailín óg
le n-a h-athair, “B'fhéidir gurbh amaideach an rud atá mé
ag dhul a dheánamhh, fear a phósadh nach bhfuil 'fhios agam
goidé'n slighe beo atá air.”

“Tá tú mall anois,” ars'n t-athair.

“Níl,” arsa sise. “Gheobhaidh mé amach go fóil sul a
bpósaidh mé é.”

Chuir sí culaith bean-bhocht uirthí féin a bhéadh ag
cruinniú, agus shiubhal sí léithe go dtainig sí isteach ag
teacht tráthnóna toigh Phádaí Ultach. Ní rabh istuigh ach an
t-sean-bhean, an mháthair. D'iarr sí lóistín go maidin.
Dubhairt sí go bhfuigheadh agus fáilte, ach nach rabh an áit
ro-mhaith. Rinne sí sráideóg díthe i gcoirnéal an toighe
agus luigh sí ann. Ní rabh sé i bhfad go dtainic Pádaí
Ultach 'un toighe. Deiridh sé le n-a mháthair cé seo a bhí
'na luighe san t-sráideóig. Dubhairt sí gur bean bhocht a
d'iarr lóisdín agus go dtug sí sin díthe.

“O, 'mháthair, bhfuil dadaidh bruithte agat?” arsa
Pádaí.

“Níl,” arsa sise; “nach bhfuil 'fhios agat gur ith tú
na prátaí deireannacha a bhí san teach sul a d'imthigh tú.”
(Nuair a thainig Pádaí isteach bhí gallach ballán leis.)
Thug sé leis an ceann ba mhó acú agus sgoilt sé í;


Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices (2010) pp 96–9 (orthographic, English translation)
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1269d1 (orthographic, English translation).

For other notes, see the following track.


LA1270.1
Teideal: Story: Bhí buachaill óg ins an áit s'againne (tuilleadh)

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Thug sé leis a' cionn is mó de na balláin, agus scoilt sé é. Tharraing sé 'mach a' teinidh agus chuir sé á rósadh é. Nuair a bhí sé róstaí aige, thóg sé an pláta agus chuaidh sé féin agus a mháthair á ithe. "B'fhéidir," arsa seisean, "go mbéadh dúil ag an bhean bhocht atá sa tsráideog greim a ithe de dh'iasc úr comh maith linn féin. Agus ar ndóigh má tá, gheobhaidh sí cuid dó le ithe." Chuir sí amach 'lámh faoi na h-éadaigh, 'tabhairt le fios orthu gur mhaith léithe 'fhagháil. Thug sé daoithe léab dae, agus chrup sí 'steach a lámh arais agus d'ith sí é.

Ní rabh níos mó dae, chuaidh siad a luighe an oidhche sin, agus ar maidin lá thar n-a bhárach, 'á luath 's a d'éirigh Padaí Ultach bhí an bhean bhocht ar siubhal ag éirghe dó. D'fhiafhruigh sé dá mháthair caidé d'éirigh don bhean bhocht a bhí sa tsráideog, go rabh sí air shiubhal. Dubhairt sí nach rabh fhios aici, gur créatúr bocht éighineacht a rabh a buaidhreamh féin uirthi a bhí ann.

Ní rabh níos mó dae, chuaidh sé a dh'iascaireacht mar bhí ariamh, agus nuair a tháinig lá na bainse, ghléas sé fhéin agus 'bunadh óg a bhí le bheith leis, le ghabháil 'un na bainse. Chuaidh siad síos Gleann Gheis agus deir siad, a' bhainis a bhí le Padaí Ultach a' lá sin, nach dteachaidh a leitheid ariamh aroimhe fríd Ghleann Gheis.

Nuair a tháinig siad air amharc theach na bainse bhí cruinniughadh mór fá dtaobh den teach. Chuaidh siad ann, agus leis an scéal fhada 'dheánamh goirid, h-imthigheadh agus pósadh a' lánamhain. Nuair a tháinig siad abhaile i ndiaidh a bpósta, d'iarr sí air a' bhuachaill a bhí a' cur thart uisce bheatha 'chéad ghloine a thabhairt daoithe-se go n-óladh sí sláinte 'n té a b'fhearr a bhí ionns a' teach. Fuair sí 'n gloine agus shiubhail sí fhad le Padaí Ultach. "Seo do shláinte, Padaí Ultach," arsa sise, "agus sláinte an bhalláin a chuidigh mé leat 'ithe a leitheid seo d'oidhche ionn do theach."

Tháinig náire mhór ar Phadaí Ultach nuair a chuala sé go rabh 'fhios aici caidé mar bhí sé i n-a chomhnuidhe agus gur b'í bhí air lóistín ionns a' teach. "Ná bíodh náire ná cás ort, a Phadaí Ultach," arsa sise, "ach is breagh go bhfaca mise go rabh méin mhaith aghat," arsa sise, "leoga ní rachadh mo mhéar a choidhche i bhfáinne leat, ach chonnaictheas domh go rabh an mhéin aghat," arsa sise, "má bhí tú bocht féin, fhad agus bhí méin mhaith aghat, go dtiocfadh liom cur suas leat."

Tháinig sé abhaile agus d'imthigh a h-athair agus cheannuigh sé leath baile talaimh daoithe agus chuir sé dhá bhó dhéag agus tarbh mar chrudh chuici. Bhí siad 'n-a gcomhnuidhe ann go dtí aon lá amháin, aon oidhche amháin go h-áirid, bhí ceann den eallach crothnuighthe aici agus chuaidh sí a h-éileamh. Ní rabh Padaí Ultach ins a' bhaile, agus chuir sí froc Phadaí Ultach orthai agus cheangail sí buarach na bó aniar thairsti...

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó, ach is féidir gur air a bhunuigh Séamus Ó Néill an leagan a d'fhoillsigh sé ar An tUltach — amharc nóta 1 thíos — agus bheir muid annseo an dara leath den leagan sin.

Thug sé leis an ceann ba mhó acú agus sgoilt sé í;
tharraing sé amach an teinidh agus chuir sé an ballán a
rósadh. Nuair a bhí sé rósta, thóg sé ar phláta é agus
chuaidh sé féin agus a mháthair a ithe.

“B'fhéidir,” arsa Pádaí, “go mbéadh dúil ag an
bhean bhocht atá san choirnéal, go mbéadh dúil aicí san iasc
úr.” Chuir sí a lámh amach as faoi na h-éadaigh le
teisbeant gur mhaith léithe giota a fhágháil, agus thug sé
sin díthe. Chuaidh siad a luighe san oidhche agus da luathas
agus d'éirigh siad ar maidin bhí an bhean bhocht ar shiubhal.

“Goidé d'éirigh do'n bhean bhocht?” arsa Pádaí,
“agus goidé thug ar shiubhal comh luath sin í?”

“Níl 'fhios agam,” arsa' mháthair, “an créatúr go
rabh a buaidhreadh féin uirthí.”

Ní rabh níos mó de, go dtainig lá na bainse. Chuaidh
Pádaí Ultach agus mórán taos óg 'na bainse. Nuair a
thainig siad ar amharc an toighe, bhí cruinniú mór fa n-a
gcoinne. Ach leis an sgéal fada a dheánamh goirid,
pósadh an lánamhain. Nuair a bhí an biadh ithte acú d'iarr
an bride ar an fhear a bhí ag cur thart an uisge beatha an
chéad-ghloine a thabhairt díthe, go n-ólfadh sí sláinte an
t-é a b'fhearr léithe san teach. Chuaidh sí fhad le Pádaí
Ultach: “Seo do shláinte, a Phádaí Ultach, agus sláinte
an bhalláin a chuidigh mé leat itheadh a léitheid seo
d'oidhche.”

Thainig náire mhór ar Phádaí Ultach. “Na bíodh náire
ar bith ort,” arsa sise. “Má bhí tú bocht féin chonnaic
mé go rabh méin mhaith agat. Ach go b'é sin, ní rachadh mo
mhéar a choidhche i bhfáinne leat.”

D'imthigh a h-athair agus cheannuigh sé leath baile
talaimh díthe, agus chuir sé dhá bhó déag agus tarbh chuicí.
Oidhche amháin bhí ceann de'n eallach crothnuighthe agus
chuaidh sí amach a cuartú. Chuir sí froc Phádaí Ultach uirthí
agus cheangal sí buarach na bó thairstí agus chuaidh sí amach
a h-iarraidh. Bhí sé tráth mall san oidhche. Thainig
buachaill chuicí ar an chnoc agus thug sé isteach ins na
sgreaig í an áit a rabh damhsa ag dhul ar aghaidh.

Thug sé amach í dhamhsa agus i lár an damhsa thainig
bean bheag isteach trisáilte go dtí na glúine. Bhuail sí
slap san láimh uirthí; d'iarr sí uirthí dhul 'na bhaile nach
rabh aon duine i mbun an bhaile nach rabh amuigh a cuartú,
agus “leoga,” arsa sise leis an bhuachaill, “níl
buidheachas ar bith agam ort-sa a tabhairt isteach annseo
cib bith.” Chuaidh sí abhaile agus nuair a chuala a
h-athair goidé d'éirigh díthe, dhíol sé an talamh arais agus
cheannuigh sé feirm thoir i n-Abhainn Tuisne agus tá siad
beo annsin go fóil.


Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices (2010) pp 94–7 (orthographic, English translation)
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1270d1 (orthographic, English translation).

1. Other versions from the present speaker:
      • Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent 31/03/1932, p 4, from the present occasion. See also Nollaig Mac Congáil and Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (2009) pp 41–4
      • An tUltach 12:10 (1935) p 8, from the present occasion
      • Ludwig Mühlhausen, Zehn irische Volkserzählungen aus Süd-Donegal (1939) pp 18–20, 62–5, 116–7


Ciarán Ó Duibhín
Feabhsaithe 2020/07/23
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница