Seán Ó Domhnaill.
As Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear le Conall Ó Grianna an pioctúir seo.
LA1236.1
Teideal: Story : Gruagach an Ghoiste (an chéad chuid)
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí sin ann agus más fada ó bhí, bhí rí ionn a chomhnuidhe ionn Éirinn
fad ó shoin agus bhí gaiste aige fá choinne gabhadh éanach. Mharbhadh sé
lon-dubh achan lá, agus bhí triúr — bhaist na comharsannaí "Gruagach a'
Ghaiste" mar leas-ainm air. Bhí triúr mac aige agus chuireadh sé na mic
'mach air a seal fá choinne 'n éin, 'mac a ba sine 'n chéad lá, 'dara fear
an dara lá, agus a' mac a b'óige an treas lá. C'ainm a bhí ar an fhear óg
ach Donn Ó Dubhaigh.
Lá amháin chuaidh Donn Ó Dubhaigh amach fá choinne 'n éin, agus labhair a'
t-éan leis. "Leig mise air shiubhal," arsa 'n t-éan, "agus gura ba
feairrde duit é". D'fhoscail Donn Ó Dubhaigh a dhorn, agus leig sé 'n
t-éan ar shiubhal. Agus nuair a chuaidh sé isteach chuig n-a athair, arsa
'n t-athair leis, "Cá bhfuil a' t-éan?" "Leig mé air shiubhal é," ar
seisean. "Bhuel, dheamhan oidhche a chodlas tú faoi aon scraith liom-sa
go deo," ars' an t-athair. "Dheamhan a b'fhearr liom mo chodladh," arsa
Donn Ó Dubhaigh, "ach cinnte cha chuireann tú air shiubhal mé gan mo
chulaith chomhraic agus mo ghléas marcaidheacht'." "Gheobhaidh tú sin,"
ars' an t-athair.
Chuir sé air a chulaith chomhraic, thug leis a chlaidhmhe chosanta,
chuaidh a mharcuidheacht air a ghearrán donn, agus níor stad sé, eadar
choisidheacht agus mharcuidheacht agus sheoltóracht go rabh sé i ríochta
na Gréige. Bhí sé i n-a stráinséir 'sa tír sin, agus shiubhail sé leis
go dtí go rabh neoin bheag agus deireadh an lae ann, go dtí gur casadh
fhad le teach beag deismir a chois a' bhealaigh mhóir é. Chuaidh sé suas
go dtí dorus a' toighe, d'amharc sé isteach, agus bhí sean-chailleach
liath ionn a suidhe ins a' chlúdaigh. D'iarr sé óstádh na h-oidhch'
uirthí, agus dubhairt sí go dtabharfadh agus míle fáilte, ach go rabh an
chró bheag a bhí aicí-se ró-shuarach fá choinne gaiscidheach de n-a
mhacasamhailt-san. Dubhairt sé, an dóigh a rabh sise ag cur suas leis ó
bhliadhain go bliadhain, gur bheag a' rud dói-sean a'n oidhche amháin a
bhaint as. "Má's mar sin atá," ar sise, "ceangail do ghearrán don doras
agus tar féin air aghaidh."
Rinne sé sin. D'éirigh an chailleach 'e léim ionn a seasamh, rinne
réidh a shuipéar, agus nuair a bhí a shuipéar deánta aici, chóirigh
sí leabaidh mhín luachair dó agus chuir a luighe é. Níorbh' fhada a
bhí sé ionn a luighe go dtí go gcuala sé trí gháire mhillteanacha.
"A Rí dá bhfoghanaim," ars eisean, "goidé is ughdar do na trí gháire nach
gcuala mé a leitheid ionn umhaigh nó ionn oileán nó i mbealach ar bith
eile dár shiubhail mé ariamh?" "Ná nach gcuala tú," ar sise, "go bhfuil
mac ríogh Faoi-Thuinn le troid le fathach mór as an Domhain Thoir air an
tráigh seo thíos ar maidin i mbárach fá dtaobh de nighean ríogh na Gréige.
Má bhuaidheann mac ríogh Faoi-Thuinn, is leis nighean ríogh na Gréige gan
bhuille gan urchar, agus má bhuaidheann an fathach is leis féin í."
"Cóirigh faoim agus cóirigh tharm, ní mé tá dúil le nighean a' ríogh,"
arsa Donn Ó Dubhaigh, agus thuit sé i n-a chodladh, agus chodluigh sé an
chuid eile den oidhche go sámh.
Ach má ba luath a d'éirigh a' lá lá thar n-a bhárach, ba luaithe d'éirigh
Donn Ó Dubhaigh. Nigh sé 'aghaidh agus a lámha, rinne sé a bhricfásta,
chuir air a chulaith comhraic, thug leis a chlaidhmhe cosanta, chuaidh a
mharcuidheacht air a ghearrán donn, agus níor stad sé go rabh sé ag béal
na trágha. Bhí mac ríogh Faoi-Thuinn agus nighean ríogh na Gréige annsin
a' fanacht leis an fhathach a theacht chucu ó thaobh na fairrge.
Nuair a chonnaic mac ríogh Faoi-Thuinn Donn Ó Dubhaigh a' tarraingt air,
"Seo gaiscidheach as Éirinn," ars' eisean, "agus mo dhona 's mo dhothairne
orm go rachaidh mise i bhfolach faoi thuim go dtí go bhfeicidh mé goidé tá
sé i n-innimh a dheánamh." "Beir air do mhisneach, a chladhaire," arsa
nighean a' ríogh, "nuair atá tú ag gabháil a fhágáil do chuid oibre le
deánamh ag fear eile."
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill.
Gruagach an Gháiste
Bhí sin ann agus ma's fad ó bhí, bhí rí in Éirinn agus bhí gáiste aige fa
choinne gabhadh éanach. Ghabhadh sé londubh achan lá agus bhaist na
daoine Gruagach an Gháiste mar leas-ainm air. Bhí triúr mac aige agus
chuirfeadh sé na mic amach ar a seal fa choinne an éin, an mac a ba sine
an chéad lá, an dara mac an dara lá, agus an mac a b'óige an treas lá. Ca
h-ainm a bhí ar an fhear óg ach Donn Ua Dubhthaigh.
Maidín amháin chuaidh Donn Ó Dubhthaigh amach fa choinne an éin, agus
nuair a rug sé ar an éan na dhorn, labhair an t-éan leis. "A Dhuinn Uí
Dhubhthaigh," arsa'n t-éan, "tabhair cead mo chinn domh-sa, agus gur ba
fearrde duit é." "Leabhra, 'éin, bheirfidh," arsa Donna, "ná is beag mo
sciar-sa duit nuair a bheidh tú roinnte (ranntaí) eadrainn." D'fhosgail
sé a dhorn agus d'imthigh an t-éan. Chuaidh sé isteach 'un toighe ag n-a
athair. D'fhiafhruigh an t-athair do cá rabh an t-éan, agus d'innis sé
dó. "Dheamhan oidhche a chodhlas tú faoi aon scraith liom-sa go deó,"
arsa'n rí. "Dheamhan a fearr liom an chodhladh," arsa Donn, "ach cinnte
chá chuireann tú ar shiubhal mé gan mo chulaith comhraic agus mo ghléas
marcuigheachta." "Gheobhaidh tú sin," arsan rí.
Chuir Donn Ua Dubhthaigh air a chulaith comhraic, thug leis a claidhm
cosanta, chuaidh a mharcuigheacht ar an ghearán donn, agus d'imthigh leis,
agus eadar mharcuidheacht agus choisidheacht agus sheóltaracht, níor stad
sé go rabh sé ar ríoghacht na Gréige. Bhí sé 'na strainséar sa tír sin
ach mar sin fhéin shiubhal sé leis go rabh neóin bheag agus deireadh an
lae ann. Casadh teach beag deismir dó 'a chois an bhealaigh mhóir.
Chuaidh sé suas go dtí an doras agus d'amharc sé isteach. Bhí sean-
chailleach liath 'na suidhe sa' chlúdaigh, agus d'iarr sé ósta na h-
oidhche uirthí. "Bheirfinn agus míle fáilte," arsa sise, "ach níl an cró
beag suarach seo foirstineach ag gaisgidheach de do mhacasamhalt-sa." "Má
tá tú féin ag cur suas leis ó bhliadhan go bliadhan nach beag an rud
domhsa oidhche amháin a bhaint as," arsa Donn. "Ma's mar sin atá," arsa'n
chailleach, "ceangal do ghearán de'n doras agus tar i léith."
Rinne sé sin; d'éirigh an chailleach a léim 'na seasamh; rinne réidh a
shuipeár agus nuair a bhí a shuipeár deántaí aige, chóirigh sí leabaidh
mhin-luachar dó agus chuaidh sé a luighe. Níorbh fhada a bhí sé 'na
luighe go gcuala sé trí gairí milltineacha. "A rí d'á bhoghanaim, goidé
is úghdar do na trí gáirí nach gcuala mé a léitheid in uaighe na in oileán
na in áit ar bith eile dar shiubhal mé ariamh?" "Na nach gcuala tú,"
arsan sean-chailleach, "go bhfuil mac ríogh faoi thuinn agus fathach mor
as an Domhan thoir le troid amáireach ar an tráigh seo thíos fa dtaobh de
nighean ríogh na Gréige. Má bhuaidheann mac ríogh faoi thuinn ar an
eáthach is leis féin níghean ríogh na Gréige gan mhoille gan urchar. Agus
má bhuaidheann an fathach is leis féin í." "Cóirigh faoim agus cóirigh
tharm," arsa Donn, "chan mé tá dúil le nighean an ríogh," agus chuaidh a
chodhladh, agus chodhladh sé an chuid eile den oidhche go sámh.
Ma ba luath a d'éirigh an lá láthair na bhárach, ba luaithe d'éirigh Donn,
nigh a aghaidh agus a lámha, agus fuair sé a bhricfeásta, chuir air a
chulaith comhraic, thug leis a chlaidheamha cosanta, chuaidh a
mharcuigheacht ar an ghearán donn, agus níor stad sé go rabh ag béal na
trágha. Bhí mac ríogh faoi thuinn agus nighean ríogh na Gréige annsin
roimhe, ag fanacht leis an fháthach theacht chuca ó thaoibh na fairrge.
Nuair a chonnaic mac ríogh faoi thuinn Donn Ua Dubhthaigh ag tarraingt
air: "Seo gaisgidheach as Éirinn," adeir sé, "agus rachaidh mé féin i
bhfolach faoi thom go bhfeicidh mé goidé tá sé innimh a dheánamh."
[Áthrú scríbhinne go M A O'Brien]
"Nach dona do mhisneach a chladhaire," arsa nighean an rí, "nuair atá tú
ag fágáil do chuid oibre le deánamh ag fear eile."
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 84–89 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1236d1
(orthographic, English translation).
1. Continued on following record, which see.
LA1241.1
Teideal: Story : Gruagach an Ghoiste (an dara cuid)
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Gruagach a' Ghaiste (ar lean)
Bhain Donn Ó Dubhaigh a' sréin den ghearrán agus shiubhail sé caol díreach
fhad le nighin a' ríogh. Labhair sé léithe ionns na briathra a chantaí san
am sin agus labhair sí leis ionns na briathra céadna. D'fhiafhair sé
daoithe go múinte modhamhail macánta a' leigfeadh sí cead dó néall a
chodladh ionn a h-ucht. Agus dubhairt sí go leigfeadh agus míle fáilte,
ach go rabh eagla uirthi go muirbhfeadh an fathach é, ag toiseacht agus ag
innse dó mar d'inns mise daoibh-se. "Má thig a' fathach nuair a bhéas
mise 'mo chodladh," air seisean, "craith an sréin, agus muscólaidh an
sréin mise."
Leag sé 'chionn ionn a h-ucht agus thuit sé 'n a chodladh, agus chuir sise
lámh ionn a póca agus tharraing sí 'mach siosúr, agus ghearr sí dlaoi de
n-a chuid gruaige as cúl a chinn, chuir isteach i bpáipéar í, chorn a'
páipéar, agus chuir a' páipéar ionn a póca go cúramach.
Ní rabh ann ach go rabh sin deánta aici nuair a tchidh sí 'n long lúthmhar
ghasta a' tarraingt uirthi, fá n-a cuid seoltaí móra geala tógtha go barr
na gcrann, 'treabhadh na fairrge agus ag caitheamh cubhair air 'ach taoibh
daoithe, fathach mór ionn a shuidh' ionn a deireadh, agus bradán fíor-uisce
leis air bharr a shlaite, agus eascon nimhe i mbarr-iallacha a bhróga. I
bhfaiteadh na súl bhí sé istigh ag béal na trágha, agus chuir sé bos faoi
dheireadh an tsoithigh agus bos faoi n-a toiseach, agus d'fhág sé tirim
glan ionn a suidhe thuas air an fhéar í. "Dubhshlán aon fhear air a'
domhan," ar seisean, "an soitheach a chur amach go gcuirfidh mise amach
araist í."
Agus le sin chraith nighean a' rí an sréin agus mhuscail Donn Ó Dubhaigh.
D'éirigh sé 'léim ionn a sheasamh agus d'amharc sé go fiadhta feargach air
an fhathach, agus chuaidh ionn 'airrcis. Casadh an dís ar a chéile i lár
na trágha, agus ars' an fathach, "Teine agus marbhfháisc ort, a
Dhuinn Uí Dhubhaigh ghránna, mhac ghruagaigh a' ghaiste as Éirinn. Nach
mór a' croidhe fuair tú theacht a dh'éileamh mo cheart féin orm-sa? Is
mór liom i ngreim thú, agus is beag liom i ndá ghreim thú, agus níl fhios
agam caidé dheánfaidh mé leat mur' gcaithfidh mé 'n áirde sa spéir thú
agus do mhuineál a bhriseadh 'teacht anuas duit."
"Giorrughadh shaoghail chugat, a bheathaigh shalaigh," arsa Donn Ó
Dubhaigh, "ná fá choinne cóir agus ceart a bhaint as do chionn mhór
mhíothmhar thug mise an bealach seo." "Cé acu is fearr leat, sinne
ghabháil a sháthadh scine fada glasa ionn easnacha a chéile, ná
greimeannaí caola cruaidhe coraidheachta?" arsa an fathach. "B'fhearr
liom greimeannaí caola cruaidhe coraidheachta," arsa Donn Ó Dubhaigh. "'S
iad a chleacht mé i mbaile bheag agus i mbaile mhór, i gcúirt m'athara
agus mo mháthara, agus 's iad a bhéas agam annseo anocht."
Tráth chomhraic a' dís. Chasgair siad a chéile aníos agus síos, anuas
agus suas, aniar agus siar, anoir agus soir, go dtearn siad creagán den
bhogán agus bogán den chreagán, tobar glan fíor-uisce i lár na gcloch
glas. Dá dtaradh éan bheag ó íochtar a' domhain go h-uachtar a' domhain,
gur a dh'amharc, a dh'aor agus a dheánamh iongantais do Dhonn Ó Dubhaigh
is don fhathach mhór a thiocfadh sé. Agus fá dheireadh, nuair a bhí neoin
bheag agus deireadh an lae ann, driúcht a' méadú agus clocha a' géarú
agus éanacha beaga na coilleadh craobhaighe 'gabháil fá bhun dídin agus
foscaidh, thóg Donn Ó Dubhaigh 'mhisneach i meangán a chléibh, agus a'
chéad fhascadh a thug sé don fhathach, chuir sé go dtí n-a dhá ghlún sa
talamh é, 'dara fascadh go dtí n-a bhásta agus an tríomhadh fascadh go
h-ubhall na scornaighe.
"Fód glas ós do chionn annsin, a bheathaigh shalaigh," air seisean. Chuir
sé a lámh síos go dtí an truaill a bhí crochta air a thaoibh, agus
tharraing sé aníos a chlaidhmhe chosanta, agus - "Fóill, fóill," arsa'n
fathach. "'Ghaisgidhigh a b'fhearr a bhí 'r a domhan, agus ná bain an
cionn daoim, agus bheirfidh mé féirín duit is fearr ná mo chionn." "Caidé
an féirín é?" arsa Donn. "Bheirfidh mé mo chlaidhmhe solais duit nár fhág
fuigheall ariamh air a bhuille agus a bhéarfadh solas don domhan," ars' an
fathach. "Ní h-é atá mé 'shanntughadh ach do chionn," arsa Donn Ó
Dubhaigh.
Tharraing sé 'n claidhmhe agus bhuail sé ionn alt a mhuineáil é agus steall
sé an cionn seacht n-eitir agus seacht n-iomaire den fhathach. Agus
chuaidh sé 'e léim eadar a' cholainn agus an chionn agus bhí an lá bainte
aige.
Chuaidh Donn Ó Dubhaigh a mharcuidheacht air a ghearrán agus (thug) sé
iarraidh air a' bhaile. Agus tháinig mac rí faoi-thuinn nuair a fuair sé
Donn Ó Dubhaigh air shiubhal agus d'iarr sé - thug sé leis claigeann an
fhathaigh agus thug sé chuig cúirt a' rí é -
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Myles Dillon.
Bhain Donn Ó Dubhthaigh an srian don ghearrán, agus thug leis ina láimh é.
Shiúl sé caol díreach fhad le níon an rí. Labhair sé léithe insna
briathra chantaí ins an am sin, agus labhair sí leis insna briathra
céadna. D'fhiafraigh sé daoithe an dtabharfadh sí cead dó a chionn a
leagain ina hucht go gcodladh sé néal. Dubhairt sí go dtabharfadh agus
míle fáilte, ach go raibh eagla uirthe go muirfeadh an fathach é nuair a
thiocfadh sé. "Má bhím-sa 'mo chodhladh nuair a thiocfas an fathach,"
arsa Donn, "craith thusa an srian, agus musgáilfidh an srian mise."
Leag sé a chionn ina hucht agus thuit sé ina chodhladh. Chuir sise a lámh
ina póca, agus tharraing sí aníos siosúr, agus ghearr sí dlaoi dona chuid
gruaige as cúl a chinn, chuir isteach i bpáipéar í, chorn an páipéar, agus
chuir ina póca é go cúramach. Níl ann ach go raibh sin déanta aige nuair
atchí sí an lonn lúthmhar lasta tarraingt uirthi fána cuid seoltaí móra
geala tógtha go barr na gcrann. Bhí sí 'treabhadh na faraige agus ag cuir
cioth cóir ar ghach taobh duithe. Fathach mór ina shuidhe ag stiúrú,
bradán fíoruisge ar bharr a shlaite leis, agus éasgon nimhe i mbarriall a
bhróige. I bhfaitiú na súl bhí sé istigh ag bruach na trágha. Tháinic sé
léim amach as an tshoitheach, agus chuir sé bos faoina deireadh agus bos
faoina toiseach agus d'fhág sé glan tirim thuas ar an fhéar í. "Dubhshlán
aon fhear ar an domhan," ar seisean, "í chuir amach arais go gcuirfidh
mise mé féin amach í."
Leis sin chraith níon an rí an srian, agus mhusgail Donn Ó Dubhthaigh,
agus d'amharc sé ar an fhathach go fiadhta feargach, agus chuaidh in(a)
aireacais. Casadh an dís ar a chéile i lár na trágha. "Seil is marbh-
fáisgeadh ort, a Dhuinn Uí Dhubhthaigh ghrána, mhac Ghruagaigh an Ghaiste
as Éirinn! Nach mór an croí fuair tú theacht annseo a dh'éileamh mo
cheart fhéin ormsa. Is mór liom i ngreim thú, agus is beag liom i ndá
ghreim thú, agus níl a fhios agam goidé a dhéanfaidh mé leat mura
gcaithfidh mé i n-áirde sa spéir thú, agus do mhuineál a bhriseadh teacht
anuas duit."
"Giorra saoil chugat, a bheithidhigh shalaigh!" arsa Donn. "Fiach fá
choinnigh cóir is ceart a bhaint as do chionn mór míofar a thug mise an
bealach seo?" "Ciaca is fearr leat sinn a dhuil a shaitheadh sgeana fada
glasa i n-easnacha a chéile, ná greimeanna caola cruaidhe caraidheacht?"
ars an fathach. "Is fearr liom greimeanna caola cruaidhe caraidheacht,"
arsa Donn. "Siad a chleachtuigh mé i mbaile bheag agus i mbaile mhór, i
gcúirt m'athara agus mo mháthara fhéin, agus 'siad a bhéas agam annseo."
Tráth comhraic an dís charagáil siad a chéile aníos agus síos, anuas agus
suas, aniar agus siar, anoir (N') agus soir (s caol), go dear siad creagán
do'n bhogán agus bogán do'n chreagán, tobar glan fíoruisge i lár na gcloch
glas. Dá dtaradh éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain,
gur a dh'amharc, a dh'aor, agus a dhéanamh íontais de Dhonn agus do'n
fhathach a thiocfadh sé. Agus nuair a bhí neóin bheag agus deireadh an
lae ann, driúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na
coille craobhaighe gul fá bhun dídean agus fasgaí, thóg Donn a mhisneach i
mbeannán a chléibh, agus an chéad fhásgadh thug sé do'n fhathach, chuir sé
go dtí n-a dhá ghlúin sa talamh é, an dara fásgadh go dtí n-a bhásta, agus
an trítheamh fasgadh go hubhall na sgornaighe.
"Fód glas ar do chionn, a bheithidhigh shalaigh," arsa Donn. Agus chuir
sé a lámh síos go dtí an truaill a bhí crochta lena thaobh, agus tharraing
sé aníos a chlaidheamh cosanta. "Fóill, fóill ort, a ghaisgidhigh a
b'fhearr a chonnaic mé ariamh," arsa an fathach, "agus ná bain an cionn
daom, agus bhéarfaidh mé féirín duit is fearr ná mo chionn." "Goidé an
féirín é?" arsa Donn. "Bhéarfaidh mé mo chlaidheamh soluis duit, nár fhág
fuigheall ariamh ar a bhuille, agus bhéarfadh solus do'n domhan," arsa 'n
fathach. "Ní hé atá mé a shanntú ach do chionn," arsa Donn.
Tharraing sé an claidheamh, agus bhuail i ngoic a mhuineáil é, agus steall
sé an cionn naoi n-eitre agus naoi n-iomaire amach, agus bhí buaidh an lae
leis.
Chuir sé an srian ar an ghearrán, d'imthigh na bhaile chuig an tshean-
chailleach liath. Nuair a fuair Mac Rí Faoi Thonn ar shiúl é, thug sé
leis cloigeann an fhathaigh chuig Rí na Gréige, agus dubhairt sé gurb é
fhéin a mharbh an fathach.
"Maith thú," arsa 'n rí. Is leat mo níon-sa anois gan bhuille gan urchar.
Chuir sé goirm dála amach ar fud na ríoghachta, agus cé bé nach bhfuair
cuireadh na dála, fuair an tshean-chailleach liath cuireadh, agus nuair a
bhí an cuirthim caithte, chuaidh siad a shocrú cé an lá a phósfaí an
lánamhain. D'éirigh níon an rí ina seasamh, tharraing sí dlaoi na gruaige
aníos as a póca, agus dubhairt sí nach bpósfadh sí aon fhear a choidhche
ach an fear a bhfóirfeadh dlaoi na gruaige do'n bhearn a d'fhág an siosúr
i gcúl a chinn, agus ní raibh an fear sin le fáil.
D'éirigh an tshean-chailleach liath, agus dubhairt sí go raibh
gaisgidheach ar ceathramhain aici sin nach raibh ag an chuithrim. Chuaidh
teachtaireacht fá choinne Dhuinn Uí Dhubhthaigh, agus tháinic sé. Pósadh
an lánamhain agus rinne siad bainis, agus le bánú an lae ar maidin tháinic
éan beag isteach ar an doras agus amach ar an fhuinneóig, agus dá mbéadh
ruball ar an éan, bhéadh an sgéal ní b'fhuide.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 88–93 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1241d1
(orthographic, English translation).
1. Séamus Ó Néill (S.M.), "Béaloideas Uladh", Irish Independent (04/02/1932) 4, from this occasion, but the content is restricted to that of LA1236.
See also Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir, 2009, pp 13–5.
2. Niall Ó Domhnaill (eag.), Scéalta Johnny Sheimisín (Belfast 1953): "Seán Na Luatha Buidhe," pp 60-5. From the present speaker. This is
far from being identical with the story told here, but large parts of the story and of the language are the same. Some phrases from the story here
also appear in the fight with the giant in "Leanbán Chonaill Chearnaigh", idem., pp 46–53 esp p 52.
3. Énrí Ó Muirgheasa (eag.), Maighdean an tSoluis (Dundalk 1913): "An Crochaire Tárnocht," pp 20-34, from Cathal Mhac Cana, Teilinn. This
is extremely similar to the version related here, but extends the narrative for about as long again. Fosta, Pádraig Mac Seáin,
Séarlaí Mac Anna agus Mé Fhéin (2016), pp 54–65.
4. Énrí Ó Muirgheasa (eag.), "Síogaidhe Dhún Gheanainn", Béaloideas 2 (1930) pp 408–15, from Muiris Ó hÉigheartaigh, Cill Charthach, featuring
"Gruagach an Gháire". The editor of the periodical provided a list of other versions on pp 414–5.
5. Seosamh Laoide (eag.), "Aodh Beag Ó Leórtha", Irisleabhar na Gaedhilge 10:113 (1/1900) pp 479–83; fosta in Sgéalaidhe Óirghiall (Dublin 1905) pp 1-10.
From Tomás Ó Corragáin, Fearnmhaigh. The fight with the giant is similar, but is fought three times. Many turns of phrase in common.
6. Examples of similar linguistic expressions and runs and motifs:
Seosamh Laoide (eag.), Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn (Dublin 1906), lch. 8: "Thoisigh an dís ar a chéile mar bheadh dhá leómhan ann go
dtearn siad bogach de'n chreagach agus creagach de'n bhogach, toibre glana fíoruisge i lár na gcloch glas; dhá dtigeadh éan beag ó íochtar
an domhain go huachtar an domhain gura' dh'amharc aeir agus iongantais ar an dís a bhí ann a thiocfadh. Smaoi'tigh Cúchulainn gur bhocht an
rud dó é fhéin fhághail marbh le fathach mór i dtír choimhightheach, thóg sé a chroidhe suas i meangán a chléibh, thóg sé a chlaidheamh agus
bhain sé an cionn de'n fhathach." (ó Mhín na Gualainne, Gleann Fhinne)
Seosamh Laoide (eag.), Cruach Chonaill (Dublin 1913), lch. 26: "Thoisigh an dá fhear mhóra ar a chéile mar bhéadh dhá leomhan ná dhá
tharbh cuithigh go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán, toibreacha fíor-uisge fríd lár na gcloch nglas aníos. 'A
dtigeadh éinneach ó íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheanamh aeir agus eibheár ar a' dís a thiocfadh." (ó Árd a' Rátha)
idem., lch. 36: "Thoisigh an bheirt ar a chéile go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán. 'A dtigeadh éinneach a íochtar a'
domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheánamh aeir agus eibhear ar a' dís a thiocfadh. Throid siad annsin go dtí uair a' mheadhoin lae,
nuair a bhuail Ceóchán aon bhuille amháin ar Chnobhchar na gCros agus chaith sé an cionn naoi n-eite agus naoi n-iomaire amach de'n cholainn."
(ó Árd a' Rátha)
Áine Ní Dhíoraí (eag.), Na Cruacha, Scéalta agus Seanchas (Dublin 1985), lgh 64-5: "D'fhiafraigh sé den tseanduine an dtabharfadh sé
lóistín na hoíche dó. Dúirt an seanduine go dtabharfadh agus céad fáilte ach nach raibh áit ar bith aige a bhí ag fóirstean do ghaiscíoch
óg cosúil leis, ná dá bheathach capaill ach oiread. Dúirt an buachaill leis an rud a bhí maith go leor aigesean ar feadh a shaoil gur dhoiligh
a rá nach mbainfeadh seisean oíche amháin as. Cheangail sé an clibistín i gcionn an toí agus thug sé gráinnín coirce dó agus thug an seanduine
a shuipéar dó." (ó na Cruacha)
Séamas Ó Catháin (eag.), Uair an Chloig Cois Teallaigh (Dublin 1985), lch. 48: "greimeannaí caola cruaidhe coraíocht" srl. (ó na Cruacha)
Ludwig Mühlhausen (eag.), Zehn irische Volkserzählungen aus Sud-Donegal) (Halle 1939), lgh. 28–33: "Gruagach a' Gháire", "Nach mór a fuaír tú ó do
chroidhe... theacht a chuir trioblóid ar bith orm-sa... is mór liom i n-aon ghreim thú agus is beag liom ina mbeirt tú...", "greamannaí cruaidhe ' coraidheacht,
rudaí chleacht mé 'mbaile bheag agus 'mbaile mhór", "chéad fhásgadh thug sé don fhathach chuir sae godtí bhásta a bhríst' sa talamh é; an darna fásgadh chuir
sae godtí ubhall na sgórnaighe é... Fáill ort a ghaisgidhigh! agus bhéarfaidh mé duais duid is fhearr ná mo cheann" srl. (ó Theilionn)