Aodh Ó Dubhthaigh.
Ó chnuasacht Pheadar Uí Dhubhda, Leabharlann Dhún Dealgan an pioctúir seo.
LA1275 is one of the six Ulster records of which careful transcriptions were made as part of the Doegen project.
I have taken this transcription into account in the following.
LA1275.1
Teideal: Teagasc Críosdaidhe an Chonnachtaigh
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
I n-ainm an Athar agus a' Mhic agus an Spiorad Naomh. Amen.
Teagasc Chríost' an Chonnachtaigh.
Cé 'chruthuigh thú?
Chruthuigh an t-Athair mé.
Caidé an cruthughadh 'thug Sé ort?
Rinne Sé ar a' chuma agus ar a' deánamh Leis féin mé.
Cé 'cheannuigh thú?
Cheannuigh 'n Mac mé.
Caidé an cheannacht a thug Sé ort?
A chuid fola agus feola a strócadh ar chrann na croiche, É a cheasadh ar
mo shon.
Cé thug tiodhlaicthí dhuit?
An Spiorad Naomh.
Caidé na tiodhlaicthí thug Sé dhuit?
Na cúig ceadfhadha corportha: blas, boladh, mothughadh, amharc agus
éisteacht. Lúth mo chosa agus mo lámha. An Spiorad Naomh a bheannuigh
mé, thug ó laige go neart mé, agus thug cumhacht domh ar ainspiorad na
láimhe clí.
Cén fáth a n-abrann tú "Amen"?
Ag iarraidh ar Dhia an nidh sin a dubhairt muid a bheith deánta go maith i
n-ainm Dé.
Cé h-é d'athair?
Tá, Dia.
Cé h-í do mháthair?
Tá, an Eaglais.
Caidé bheir an Eaglais mar mháthair agat?
Mar is í do bhaist mé.
Caidé ghnidh baisteadh dhuit?
Ghnidh sí Críostaidhe dhomh.
Caidé an rud "Críostaidhe"?
An té aidmhigheas, chreidigheas agus choimhlíonas dligheadh Dé go
h-iomlán.
Caidé an comhartha Críostaidhe atá ort?
Comhartha na Cora Críosta iona ndeánaim mé féin a choisriceadh.
Cá mhéad uair a ndeán tú tú féin a choisriceadh?
Gach uile uair agus gach uile am. Níl am áiridh agam leis, ach go
speisialta a' luighe agus ag éirghe domh. Bíonn sé 'n-a scáth dídin
eadar muid féin agus an-chumhachtaí 'n Diabhail.
Cé'r beag duit sin a rádh de bhriathra béil agus gan do lámh a chorrughadh leis?
Nuair a chuirim mo lámh ar mo chionn, cuiridh sé i gcuimhne domh gur
thuas atá an t-Athair trócaireach, an chéad phearsa don Tríonóid. Nuair a
chuirim mo lámh ar mo bhroinn, aidmhighim agus creidighim gur ghlac Mac Dé
colann daonna, go dteachaidh Sé i mbroinn na h-óighe, a sábháil a'
chineadh daoiní a bhí 'gabháil go h-Ifrinn.
Cá h-fhad a bhí siad a' gabháil go h-Ifrinn?
Corradh agus ceithre mhíle bliadhain. Nuair a chuirim mo lámh ar mo
ghualainn deas agus ar mo ghualainn clí, aidmhighim agus creidighim gur
eadar an t-Athair agus a' Mac a tháinig agus a dtiocfaidh.
Caidé an comhartha nach trí déithe iad sin, mar tá an t-Athair, a' Mac agus an Spiorad Naomh?
Ní iongantaighe é ná go bhfuil an siocán agus an sneachta agus leac oighreoige agus gan ionntu ach aon uisce amháin.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ar iarraidh, ach dearc nóta 1 thíos.
Cé chruthuigh thú?
Chruthuigh an t-Athair mé.
Goidé'n cruthughadh a thug Sé ort?
Rinne sé ar aon-chumadh agus an deánamh leis Féin é.
Cé cheannuigh thú?
Cheannuigh an Mac mé.
Goidé'n cheannacht a thug Sé ort?
A chuid fola, feola a strócadh ar chrann na croiche, a céasadh ar mo shon.
Cé thug tiodhlachadh duit?
An Spiorad Naomh.
Goidé na tiodhlachaí a thug Sé duit?
Na cúig céadfa corparamhail - blas, boladh, mothughadh, amharc agus éisteacht.
Goidé'n fáth a n-abrann tú "Amen"?
Ag iarraidh ar Dhia an nidh sin a dubhairt muid a bheith deánta go maith in ainm Dé.
Cia h-é d'Athair?
Dia.
Cé h-í do mháthair?
Tá, an Eaglais.
Goidé bheir an Eaglais mar mháthair agat?
Mar is í a bhaist mé.
Goidé nigh an baisteadh duit?
Nigh sé Críostaidhe damh.
Goidé'n rud Críostaidhe?
An t-é aduigheas, chreideas, choimhlíonas dligheadh Dé go híomlán.
Goidé'n chomhartha Críostaidhe atá ort?
Comhartha na Corradh Chréasta (Crocadh Céasta), nuair a ndeánaim mé féin a choisricughadh.
Cá mhéid uair a ndeán tú tú féin a choisriciú?
Gach h-uile uair agus gach h-uile am. Níl am arthuighthe agam leis, ach
go speisiálta ag am luighe agus ag éirghe damh. Bíonn sé 'n-a sgiath
dídin eadrainn féin ag an-chumhachtaí an diabhail.
Cé'r beag duit sin a rádh do bhriathra béil agus gan do lámh a chorrughadh
leis?
Nuair a chuirim mo lámh ar mo chionn cuiridh sé i gcuimhne damh gur thuas
atá an t-Athair Trócaireach, an chéad phearsa de'n Tríonóid: nuair a
chuirim mo lámh ar mo bhroinn aduighim agus creidim gur ghlac Mac Dé
colann daonna, go dteachaidh Sé i mbroinn na h-óighe ag sábháil an
chineadh daoine a bhí ag dhul go h-Ifreann.
Chá fhad a bhí siad ag dhul go h-Ifreann?
Corradh is ceithre mhíle bliadhan. Nuair a chuirim mo lámh ar mo
ghualainn deas agus ar mo ghualainn clí aduighim agus creidim gur eadar an
t-Athair agus an Mhac a tháinig agus a dtiocfaidh.
Cé'n comhartha atá gat, nach trí Déithe iad sin, mar tá'n t-Athair, an Mac
agus an Spiorad Naomh?
Ní h-iontaighe é ná go bhfuil an siocán agus an sneachta agus leic-oidhire
agus gan ionnta ach aon uisge amháin.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 134–7 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1275d1
(orthographic, English translation).
1. Séamus Ua Néill, "Teagasc Críostaidhe an Chonnachtaigh", An tUltach 11:4 (1934) 6. From Eoghan Ó Dubhthaigh, Gort an Choirce, but it is nonetheless
almost certainly the present speaker. This is probably the written version made on the spot and is therefore reproduced under "ath-innse" above.
2. Máire Ní Dhúithche, "Teagasg Críostaidhe an Chonnachtaigh", An tUltach 21:2 (1944) 5. A slightly different version, also from Donegal. Quite
possibly "Máire Ní Dhúithche" was Máire Ní Dhubhthaigh (1877–1967), the sister of the present speaker.
3. A similar piece called "Ughdar na Coisreacan" written down by Seamus Ennis from Nóra Ní Ghallchóir, An Sruthán, Cloch-Cheann-Fhaolaidh (CBÉ MS1282.159–60).
LA1276.1
Teideal: Story: Na Trí Naomh ar a mbealach go Toraigh
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí Naomh Colmcille, Naomh Fíonán agus Naomh Beaglaoich i mullach Chnoc
na Naomh taobh amuigh de Ghort a' Choirce ar a mbealach go Toraigh.
Chuaidh siad síos go dtí 'n cuan. Ní rabh bád ar bith le fagháil acu.
Chaith Naomh Fíonán a chroisín amach ionns an fhairrge, agus dubhairt
sé, "Le cuidiughadh Dé rachaidh mo chroisín-sa go Toraigh." Ach cha
dteachaidh sí go Toraigh, ach bhuail sí isteach faoi Eas Fíonáin.
Chaith Naomh Beaglaoich a chroisín isteach annsin, agus dubhairt sé,
"Rachaidh mo chroisín-sa go Toraigh, le cuidiughadh Dé." Ach cha
dteachaidh sé go Toraigh ach bhuail sé isteach ag — faoi Thulacha
Beaglaoich.
Chaith Naomh Colmcille a chroisín ionns an fhairrge annsin agus dubhairt
sé, "Le cuidiughadh Dé, rachaidh mo chroisín-sa go Toraigh." Chuaidh
croisín Cholmcille go Toraigh. D'fhoscail an fhairrge suas do na naoimh
annsin mar d'fhoscail sí do Mhaoise ag an Mhuir Ruaidh fadó, agus
shiubhail na trí naomh isteach ar thón na fairrge go h-oileán Thoraigh.
Bhí na daoiní 'n-a bPagánaigh ar an oileán ins na laetha sin, agus ní
rabh siad sásta na naoimh a leigint isteach. Bhí brat beag ag Colmcille
ion a lámh, agus dubhairt sé, "'Bhfuil duine ar bith annsin a bheirfeas
leithead an bhrat sin damh, go ndeánfamuid ár scíste." Ní rabh duine
ar bith i dToraigh a bhéarfadh 'n cead sin dó, ach fear amháin de
Chlainn Uí Dhúgháin. Agus dubhairt sé le Colmcille, "Bhéarfaidh mise
cead duit."
Leig Colmcille 'n brat síos ar an oileán. Thoisigh sé a spréadhadh
agus a spréadhadh, gur spréidh sé thaire Thoraigh ar fad. Chuir sé na
luchógaí móra agus na beathaigh allta a bhí i dToraigh ionns na laetha
sin amach air an fhairrge.
Bhí cú nimhe ann, ná ainspiorad. D'fhág sí lorg a ceithre cosa agus
barr a rubaill air chriog nuair a thug sí léim amach ionns an fhairrge.
Thug Colmcille na daoiní chun creidimh annsin. Chuir sé suas teampall
mór agus mainistir i dToraigh agus bhí grádh mór aige air an oileán
bheag sin.
Ach nuair a bhí sé a' fágáil Thoraigh, dubhairt sé: "Mo thrí
thruaighe naoi n-uaire, Toraigh, Uaigh agus Árainn."
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Gan ainm, ach i láimh Shéamuis Uí Néill.
Na trí naomh ar a mbealach go Toraidh.
Nuair a bhí Naomh Columcille, Naomh Fíonan agus Naomh Beglí ar a mbealach
go Toraidh, bhí siad ar bharr Chnoc na Naomh, agus chuaidh siad síos go
dtí an fhairrge. Ní rabh bád ar bith le fagháil acu le dhul isteach 'un
oileáin. Chaith Naomh Fíonan amach a chráisín san fhairrge, agus dubhairt
sé "rachaidh mo chráisín-se go Toraidh le cuideadh Dé", ach cha dteachaidh
sé go Toraidh ach bhuail sé isteach faoi Eas Fíonain.
Chaith Naomh Beglí amach ins an fhairrge agus dubhairt "rachaidh mo
chráisín-sa go Toraidh le cuideadh Dé." Ach cha dteachaidh sé go Toraidh,
agus bhuail sé isteach faoi Thulacha Beglí.
Chaith Naomh Colum Cille a chráisín, agus dubhairt sé "le cuideadh Dé,
rachaidh mo chráisín go Toraidh." Chuir Colum Cille cuideadh Dé ar dtús,
agus chuaidh an cráisín go Toraidh. D'fhoscail an fhairrge suas do na
naoimh annsin, mar rinne sé do Mhaoise ag an Mhuir Ruaidh fadó, agus
shiubhail siad isteach ar thón na fairrge go Toraidh.
Bhí na daoine 'na bPáganaigh ins na laethe sin, agus ní leigfeadh siad na
naoimh isteach 'un oileáin. Bhí brat beag ag Colum Cille na láimh agus
d'fhiafruigh sé an rabh duine ar bith a bheirfeadh leithead an seo damh go
ndeánamuid ar sgíghiste. Ní rabh duine ar bith i dToraidh a bhierfeadh an
cead dó ach fear amháin de Chlainn Uí Ógáin.
Leig Colum Cille síos an brat ar an talamh agus thoisigh sé a spréadhadh
agus a spréadhadh gur spréidh sé thaire Thoraidh ar fad. Thiomáin sé na
luchógaí móra agus na beathaigh allta a bhí i dToraidh san am sin amach ar
an fhairrge.
Bhí cú nimhe ann agus bhí sí ag dhul a thabhairt léim amach ar an
fhairrge. D'fhág sí lorg a ceithre cosa agus a rubaill ar an chreaig a
rabh sí na seasamh air. Thug Colum Cille na daoine chun chreidimh annsin.
Chuir sé suas teampall ags mainistir ann. Bhí grádh mór aige ar oileán
Thoraidh.
Agus nuair a bhí sé a fhágáil, dubhairt sé "Mo thrí thruaighe naoi n-
uaire, Toraidh, Uaighe agus Árann."
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 166–9 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1276d1
(orthographic, English translation).
1. Seán Ó Súileabháin, "Scéalta Cráibhtheacha", Béaloideas 21 (1951–2) at pp 196–8, 297, 328; from Seán Ó Curraoin, Machaire Gáthláin.
2. Méadhbha Ní Chumhaill, "Scéal (fá Cholmcille)", An tUltach 9:8 (1932) p 7.
LA1276.2
Teideal: Prayer: Salve Regina
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Go mbeannuighthear dhuit, a bhainrioghain bheannuighthe, a mháthair na
trócaire, ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas. Is ort-sa ghuidhimid,
clann bhocht díbeartha Éabha, go dtí thú a chuireann muid ár n-osnaí 's
sinn a' deánamh tuirse agus bróin in an gleann seo na ndeor. Ar an adhbhar
sin, a eadarghuidhtheoir, féach orainn le do shúile trócaireach agus
nuair a bhéas ár ndíbreacht ar an tsaoghal seo críochnuighthe, teiseáin
dúinn toradh beannuighthe do bhroinne, Íosa. A Mhuire mhilis cheannsa
chráibhtheach mhilis, guidh orainne a Naomh-mháthair Dé, ionnas go
ndeánfaidhe sinn fiúntach geallamhnacha Chríosta do fhagháil. Amen.
1. "Na hUrnaighthe Coitcheannta", An tUltach 12:12 (1935) pp 15–6 at p 16:
Go mbeannuighthear duit, a Bhainríoghain Bheannuighthe, a Mháthair na
trócaire, ár mbeatha, ár milseacht, agus ár ndóchas, go
mbeannuighthear duit! Is Ort-sa glaoidhimid, clann bhocht dhíbeartha
Éabha, is chugat a chuirimid ár n-osnaidhe, ag mairgnigh agus ag gul
'san ghleann seo na ndeór. Ar an ádhbhar sin, a Eadarghuidhtheóir
ghrásamhail, dearc anuas orainn le do shúile trócaireacha, agus i
ndiaidh ár ndíbeartha annseo, taisbean dúinn toradh beannuighthe do
bhronn, Íosa. A Mhaighdean Mhuire cheannsa, ghrádhmhar, mhilis.
This version is widely reproduced, e.g. in Na h-Urnaighthe Coitcheannta (Dundalk 1952), p. 6; and with minor changes in Pádraig
Mac Giolla Cheara, Leabhar Urnaighthe na bPáistí (Belfast and Dundalk 1941), pp. 57–8; and id. Leabhar an Aifrinn (Dublin 1948), pp. 62–3.
2. An teagasc Críostaidhe fá choinne Díoghóise Rátha-Bhoth (1929) pp 4–5:
Go m-beannuighthear dhuit, a Bhainríoghan bheannuighthe,
a Mháthair na trócaire; go m-beannuighthear dhuit,
ár m-beatha, ár milseacht, agus ár n-dóthchas! Is
ort-sa ghlaoidhimid, clann bhocht dhíbeartha Éabha. Is
chugat-sa a chuirimid ár n-osnaidhe, ag mairgnigh agus
ag gul 'san ghleann seo na n-deor. Ar an ádhbhar sin,
a Eadarghuidhtheoir ghrásamhail, tionntuigh do shúile
trócaireacha orainn, agus i ndiaidh ár n-dibeartha
ann seo, taisbeán dúinn toradh beannuighthe do
bhronn, Íosa. A mhór-thrócaireach, a mhór-chráibhtheach, a
Mhaighdean mhór-mhilis Mhuire.