Doimnic Ó Gallchobhair (1892–1940), Doire 'n Chasáin, Na Dúinibh, Co Donegal Eolas ar an chainnteoir.
LA1226.1
Teideal: Story: Na trí hamadáin (tús)
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Tá gleann beag in Tír Chonaill, tá ins an ghleann sin ina chomhnaidhe trí
theaghlach. Tá acu giota talamh agus bhí siad bocht, 'troid leis a'
tsaoghal 's a' saoghal a' troid leobhtha, é in amannaí 'baint bhuaidh'
orthu. Mar b'é an gnáthas ins an am sin 'e lá go rachadh gach uile dhuine
i láthair an tighearna ag ceann deireadh na bliadhna leis an chíos a
dhíol. An bhliadhain sin cha rabh sí acu. Cha rachadh 'dhuine de na fir le
labhairt, d'órduigh achan fhear dona bean a dhol. Chuaidh na mná i
láthair an tighearna. A' chéad bhean a chuaidh isteach chuige, 'sé
dubhairt sí leis, "Ó, a chroidhe, ní bhfuil a' t-airgead sin agam duit
inniu. Caithfidh tú spás a thabhairt domh, tamallt eile."
Bhí fearg mhór ar a' tighearna nuair a chuala sé seo. "Caidé an t-adhbhar
a dtáinig tusa, mura b'é do fhear a ba cheart a theacht agus labhairt
liom?" "Ó, a chroidhe, tá m'fhear-sa amaideach, tá m'fhear-sa amaideach.
Níl a dhath teacht-i-láthair ann, le theacht a labhairt le do
mhacasamhailt-sa." "Bí 'muigh, bí 'muigh." Tháinig an darna bean isteach,
agus dubhairt sí 'n chainnt chéanna. "Caidé thug tusa annseo?" a deir an
tighearna léithe. "Tuige nach dtáinig do fhear? 'S é ba cheart a theacht
agus labhairt liom." "Tá m'fhear-sa amaideach, tá m'fhear-sa amaideach,
níl maith ar bith ann le theacht a labhairt le do mhacasamhailt-sa ar chor
ar bith." Na tríomhadh bean a tháinig isteach, d'inns sise an scéal
céanna. "Caidé an t-adhbhar," ars an tighearna, "a dtáinig tusa annseo a
chainnt liom? Tuige nár chuir tú d'fhear? 'Sé ba cheart a theacht.
Téighigí 'na bhaile anois agus deánaidh achan duine agaibh amadán de mur
bhfear. Cibé agaibh is fearr a dheánfas amadán de mur bhfear, pronnfaidh
mé oraibh a' talamh saor ó chíos 'rith mur saoghail."
An chéad bhean a chuaidh 'na bhaile, riostraigh sí leis an fhear, "Téigh
amach amárach i gcionn do spáid agus obair go cruaidh. Ná bímis niosda
mhagaidh i ndiaidh achan dhuine eile, agus ná bí ag teacht isteach, agus
scairtfidh mise ort nuair a bhéas a' tráth réidh." Chuaidh sé amach annsin
chun a' chuibhrinn ar maidin. Nuair a ghlaoidhneas chuaidh seisean amach,
thoisigh sise, chuir sí an t-éadach síos, chuir sí [ins] na brístí ar na
girseachaí ba chóir bheith ar na gasúraí, agus chuir sí an dreisiúr in áit
na teineadha, an teinidh i n-áit a' dreisiúr. Agus cha dtearn sí a dhath
dinnéar réidh ar chor ar bith. Thug a' t-ocras air-san a theacht isteach
annsin, choimheád nuair a tháinig sí fhad leis an doras. Deir sé, "an
bhfuil a' dinnear réidh agat, a bhean udaí?" "Cé thú?" a deir sí, "ní seo
do theach ar chor ar bith." D'imthigh sé leis annsin, shíl sé féin nárbh é
a theach a bhí ann, fríd an chomharsanacht, cuartughadh thart. Nach rabh sin
amaideach go leor?
An darna bean, deir sise lena fear-ise, "b'fhearr duit a dhol 'un a'
tsiopa inniu, níl faill agam-sa, fá choinne gráinnín tae is siúchra.
D'imthigh sé chun a' tsiopa. Rith sé mar a b'fhearr a dtiocfadh leis, mar
a d'iarr sí. Nuair a bhí sé a' teacht arais, thuit sé thar a' chlaidhe,
ach char chuir sé suim ar bith annsin, bhí sé 'deánamh nach dtearn sé a
dhath air féin. Ach nuair a tháinig sé isteach ar an doras, léim sí 'na
shuidhe agus rith sí síos roimhe, thóg sí a dhá láimh in áirde, "Ó, a
Dhia," a deir sí, "goidé tháinig ort? Goidé tháinig ort, a chroidhe?" "Cha
dtáinig a dhath." "Ó, a Dhia," deir sí, "is beag a shíl mise, an lá a
pósadh muid, go mbéinn 'n mo bhaintreabhach comh luath seo." Le sin,
scannruigh 'n croidhe amach as, shíl sé féin go dtáinig rud eighinteacht
air, agus thuit sé i laige. Streacháil sí é isteach 'na leabtha, dubhairt
sí leis "b'fearr domh chur fá choinne 'n eaglais duit." Cuireadh fá choinne
'n eaglais. Rinne seisean 'ach uile cheart leis. Nuair a bhí chuile chor
deánta, nuair a d'imthigh an t-eaglaiseach, deir sí, "Ó, a chroidhe, is
goirid uait anois. Druid do chuid súile, tá an bás a' teannadh leat."
Dhruid an créatúr a chuid súile, shíl sé go rabh...
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill, ach sa Chló Ghaelach.
Tá gleann i dTír Chonaill. Ins an ghleann sin bhí 'na chomhnuidhe trí
theaghlagh. Bhí acu giota talamh; ag troid leis an t-saoghal agus an
saoghal ag troid leobhtha. Ba é an gnáthas ins an am sin de'n lá go
ndíolfadh siad an chíos ag deireadh na bliadhna. An bhliadhain seo chá
rabh sé acu. Chá rachadh aon duine de na fir le spás a iarraidh air (an
tighearna). D'órduigh achan fhear do n-a bhean a dhul le spás a iarraidh
air. An chead bhean a chuaidh isteach, 'sé dubhairt sí leis, "A chroidhe,
níl a' chíos agam duit indiú. Caithfidh tú spás a thabhairt domh tamallt
eile."
Bhí fearg mhór ar an tighearna nuair a chuala sé seo. "Goidé thug tusa
annseo 'nois?" a deir sé. "Cad t-chuighe nár chuir tú d'fhear annseo?"
"A chroidhe," a deir sí, "tá m'fhear-sa amaideach. Níl maith ar bith ann a
theacht a labhairt le do mhacasamhailt." "Bí 'muigh," arsa seisean.
Thainig an dárna bean isteach. D'innis sí an sgéal céadna. Thainig an
tríthmhadh bean isteach, agus dubhairt sí an chainnt chéadna.
"Tigigidh (téighigidh) agus deánaigidh achan duine agaibh amadán de mur
bhfear." An chead bhean isé dubhairt sí le n-a fear, "Téigh amach
amáireach i gcionn do chuid obair, agus nuair a bhéas an trát réidh
(roidh), scairtfidh mise ort." Chuaidh an fear bocht amach, agus chuaidh
sé 'a romhar san gharadh os comhair an toighe. Thoisigh sise agus chuir sí
na bríste ar na girseachaí; na cótaí ar an gásraí. Chuir sí an dresser i
n-áit an teinidh, agus an teinidh in áit an dresser. Bhí an fear bocht ag
obair amuigh san gharadh go dtug an t-ocras air theacht isteach.
D'fhiafruigh sé an rabh an dinnéar réidh. "Chan é seo do theach ar chor ar
bith," arsa sí. D'imthigh an t-amadán bocht sin fríd an bhaile a
chuartughadh a theach — bhí sin amaideach go leor.
An dárna bean d'iarr sí ar an fhear dhul 'na t-siopa fa choinne gráinnín
tae is siúchra, deifre a dheánamh. Thuit an duine bocht; char chuir sé
suim ar bith annsin. Nuair a thainig sé isteach ar an doras, léim sí amach
roimhe, agus dubhairt "Ó! a Dhia, goidé thainig ort. Is beag a shíl mé an
lá a pósadh muid go mbéinn 'mo bhaintreabhach comh (go) tapaidh seo."
Scannruigh sí eisean an oiread sin, agus thur thuit sé i laige. Shíl sé
féin go rabh rud ínteacht air. Streachail sí é féin isteach 'na leabaidh;
dubhairt sí, "is goirid an bás uait; is fearr domh cur fa choinne an
eaglaisigh." Thainig an t-eaglasach, thug sé dó gach uile ceart (dó).
Nuair a d'imthigh sé, ar sí, "tá'n bás ort; druid do chuid súile; na bog
is na corruigh, chá dtabharann Dia maitheamhnas duit a choidhche."
Ní rabh fairsingeach ag tuilleadh ar a' record [tá sin scríobhtha ins an ath-innse].
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 148–53 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1226d1
(orthographic, English translation).
LA1227.1
Teideal: Story: An cogadh a bhí eadar na hainmhidhthe agus na héanacha
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Seo scéal a d'inns Pádraig John Phádaí domh-sa. Dubhairt sé go rabh sé
fíor, má ba chóir é féin a chreidbheáil.
Dubhairt sé, i bhfad ó shoin, an t-am a bhí cainnt ag na h-ainmheannaí
agus cainnt ag na h-ainmheannaí — ag na h-éanacha, gur ghnáthach leobhtha
cruinniughadh ionns a' choillidh, 'bhí a' fás ar a chuid talaimh-san, fá
choinne foscadh agus suaimhneas na h-oidhche. Sé an deireadh a bhí ann gur
thoisigh siad a thuitim amach le chéile. Sé dubhairt siad nach mbéadh ann
ach páirtidhe amháin, go gcaithfeadh an pháirtidhe eile teicheadh.
Nuair a chualaidh 'm madadh ruadh seo, bhí sé iongantach sásta. Scairt sé
cruinniughadh le chéile de na h-ainmheannaí. D'iarr sé air achan cheann
dá rabh 'gabháil air cheithre chosa theacht agus éisteacht leis-sean.
Dubhairt sé go rabh an cogadh dhul a thoiseacht, go rabh seisean a'
gabháil ar thús a' bhattle, agus go gcoinneochadh sé i n-áirde a ruball i
n-áit flaig, agus dubhairt sé leobhtha troid air a ndíthcheall fhad 's a
chífeadh siad a ruball in áirde, ach dá dtiocfadh an chúis, go bhfeicfeadh
siad a ruball-san a' gabháil síos, gan ceann fanacht leis a' cheann eile
ach imtheacht mar a b'fhearr a dtiocfadh leobhtha.
Chualaidh an cearlamán goidé dubhairt a' madadh ruadh. Chuaidh sé díreach
chuig an iolar. Leig a' t-iolar aon ghrág amháin as agus scairt sé air 'ach
uile éan dá rabh dhul ar eiteogaigh. D'iarr sé orthu éisteacht leis-sean,
agus d'inns sé dóbhtha goidé a dubhairt a' madadh ruadh. Annsin bhí an
seileán ag éisteacht. Agus dubhairt a' seileán go ndeánfadh seisean
cuidiughadh mór dóbhtha, even beag agus mar bhí sé. Dubhairt sé, nuair a
rachadh an troid ar aghaidh, go ndeánfadh seisean a dhíthcheall le fagháil
faoi ruball a' mhadadh ruadh, le gath a chur ann, agus dubhairt sé
nach mbéadh seisean i bhfad a' tabhairt air a ruball a chur síos.
Bhí ceart go leor, agus rinneadh mar dubhairt siad. And do thoisigh an
troid le h-éirghe na gréine, bhí an madadh ruadh air tús, agus a ruball ion
áirde aige. Bhí na h-ainmheannaí uilig air siubhal ionna dhiaidh, ag
léimnigh, a' sabhailt, a' screadaigh 's a' búirfigh, agus a' coimheád
ruball a' mhadaidh ruaidh. B'é an deireadh a bhí ann go bhfaca siad...
nuair a tháinig na h-éanacha, bhí siad ar eiteoig os a chionn. Fuair a'
seileán áiméar, chuaidh sé isteach faoi ruball a' mhadadh ruadh. Chuir sé
gath ann. Nuair a mhothuigh an madadh ruadh seo, cha rabh sé i bhfad a
leigint síos a ruball, agus air siubhal leis. Ar siubhal leis na
h-ainmheannaí ina dhiaidh, ceann i ndiaidh an cheann eile, agus ón lá sin
ó shoin tá 'n bhuaidh aig na h-éanacha. Tá an choillidh acu.
Dá gcluinfeá iad ag ceol air maidin annsin. Deir Pádraig é féin, le h-éirghe
na gréine, go mbíonn sé 'g éisteacht leobhtha, agus i bhfad roimhe,
agus gurb iad a musclann é. Agus dubhairt sé an suailce atá aige. Anois,
tá na h-ainmheannaí fiadhanta seo uilig go léir thall i gcuid talamh
Mhuiris Mhaghnuis Bhrighde. Tá sé a' fagháil trioblóid mhillteanach
leobhtha. Ní bhfaghann sé codladh aon néall, tá siad a' búirfidh oidhche
agus lá, maidin agus tráthnóna, agus béidh air feadh na saoghaltacht seo
anois, an méid duine a bhfuil...
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ar iarraidh, ach dearc nóta 1 thíos.
Seo sgéal a d'innis Pádraig Sheáin Pháidín domh-sa. Dubhairt sé go rabh sé
fíor, ma ba cheart é féin a chreidbheáil.
Annsan choillidh ar a chuid talamh-san i bhfád ó shoin, nuair a bhí cainnt
ag na h-éanacha agus na h-ainmheannaí, ba ghnáthach leobhtha cruinniú fa
choinne fosgadh is suaimhneas na h-oidhche. 'Sé an deireadh a bhí ann gur
thoisigh siad a thuitim amach le chéile, agus dubhairt siad nach mbéadh
ann ach pártaí amháin agus go gcaithfeadh an pártaí eile teicheadh as an
choillidh.
Nuair a chualaidh an madadh ruadh seo, scáirt sé cruinniú le chéile do na
h-ainmheannaí; d'iarr sé ar achan seort dhul ar a cheithre chosa, theacht
agus éisteacht leisean. Dubhairt sé, nuair a thoiseochadh an cogadh go
rachadh sé féin ar thús an bhátail, agus go gcoinneochadh sé suas a ruball
in áit flag, agus na h-ainmheannaí uilig a throid ar a ndícheallt fhad is
chífeadh siad a ruball i n-áirde. Dá dtiocadh sé san chúis go leigfeadh
seisean síos a ruball gan ceann fanacht leis an cheann eile ach teicheadh
ar a shaoghal.
Bhí an cealamán ag éisteacht le seo; chuaidh sé díreach chuig an fhiolar,
agus d'innis sé dó goidé chuala sé. Agus leig an t-iolar greag amháin as;
scairt sé ar achan seórt dhul ar an eiteóig; dubhairt sé go rabh acu le
troid ar shon ceart na coilleadh. Nuair a chualaidh an seileán seo,
dubhairt sé, "Bheag is má bhí seisean go mbéadh a chuideadh mór; go
rachadh sé isteach faoi ruball an mhadaidh ruaidh go gcuirfeadh sé a ghath
ann," agus rinne sé sin. Leig an madadh ruadh síos a ruball; ar shiubhal
leis na h-ainmheannaí na dheaghaidh. D'fhág siad an choillidh ag na
h-éanacha.
Bíonn subhailce mhór ag Pádraig Sheáin Pháidín ag éisteacht leobhtha ag
ceol gach (f)uile mhaidin.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1227d1
(orthographic, English translation).
1. Séamus Ó Néill, "An cogadh a bhí eadar na h-éanacha agus na h-ainmheannaí", An tUltach 11:7 (1934) 8. From the present speaker.
This is probably the written version made on the spot and is therefore reproduced under "ath-innse" above.
LA1227.2
Teideal: Uimhreacha 1-20
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Aon, dó, trí, ceithir, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, haon déag, dó
dhéag, trí déag, ceithir déag, cúig déag, sé déag, seacht déag, ocht déag,
naoi déag, fiche.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1227d2
(orthographic, English translation).