Pádraig Ó Gallchobhair (1850–1945), Tulnashane, Killeter, Strabane, Co Tyrone Eolas ar an chainnteoir.
Pádraig Ó Gallchobhair.
LA1277.1
Teideal: Story: Fear a rabh mac aige
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí fear am amháin agus bhí mac aige, agus bhí sé an-dreabhlasach. Agus
rinn sé achan rud nios measa ná a chéile, bhíodh sé ar meisce, agus
ghoideadh sé achan rud, agus bhí sé i n-éis mná, agus bhuaileadh sé
'athair agus a mháthair. Agus shíl sé leis féin am amháin go ndeánfadh sé
aithreachas, agus go rachadh sé ar faosaide chuig an tsagart.
Chuaidh sé ar faosaide chuig an tsagart, agus rinn sé 'fhaosaide, (agus)
d'inns an sagart dó nach dtiocfadh leis aon dadaí 'dheánamh leó — leis.
"Bhuel," arsa seisean, "caidé tá mé le deánamh anois?" "Rachaidh tú chuig
an easbog."
Chuaidh sé chuig an easbog agus rinn sé 'fhaosaide don easbog, agus d'inns
a' t-easbog dó nach dtiocfadh leis-sean aon dadaí 'dheánamh leó — leis.
"Bhuel," arsa seisean, "caidé tá mé le deánamh anois?" "Téigh inns'eair
a' Phápa."
Chuaidh sé inns'eair a' Phápa, agus d'inns sé dó a fhaosaide, agus d'inns
a' Pápa dó go dtabharfadh seisean mathamhnas dó 'á ndeánfadh sé an
t-aithreachas a chuirfeadh sé air. Dubhairt sé go ndeánfadh sé aithreachas
ar bith a chuirfeadh sé air. "Bhuel, gabh 'bhaile," arsa seisean, "agus
tá tom 'e chos na h-abhna ionns a' bhaile, agus suidh faoi'n tom sin go
dtigidh duilleabhar air."
Chuaidh sé 'na' bhaile agus shuidh sé faoi'n tom, agus oidhche amháin bhí
sé i n-a shuidhe, chonnaic sé beirt fhear ar a' tsrath ar a chúl, agus bhí
siad a' tiomáint cupla biorach. Agus thug siad fá dear é, agus tháinig
fear acu chuige agus d'fhios(t)ruigh sé dó, "Cé thú féin, an fear den
tsaoghal thú ar chor ar bith, ná caidé tá tú 'dheánamh annseo comh mall
san oidhche?"
D'inns sé dó go rabh sé 'deánamh aithreachas, agus a' cineál diúnlach a
bhí sé. "Bhuel," arsa seisean leis, "diúnlach daen chineál chéanna mé
féin." Agus deir sé leis a' chomrád, "tiomáin leat-sa na h-eallaigh arais
annsin níos mó, agus dheánfaidh mise aithreachas fost'." Agus shuidh
seisean faoi'n tom fost'. Bhí 'n chéad fhear, bhí sé trí bliadhna faoi'n
tom sul a dtáinig duilleog air, agus bhí 'n dara fear, bhí sé ceithre
bliadhna faoi'n tom sula (dtáinig) duilleabhar air.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó. D'imthigh an cainnteoir sula a ndearnadh é.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 39–40 (phonetic), 183–7 (orthographic,
English translation).
Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 292–3
(orthographic, phonetic).
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 224–7 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1277d1
(orthographic, English translation).
1. Breandán Mag Fhinn, "Voices from the past", Aghayaran 7, 1992, pp 5–7 at 5; orthographic version closely based on Wagner and Ó Baoill above,
with an English translation added
2. Compare An tUltach 12:4 p 7, Rann na Feirste
LA1277.2
Teideal: Song: Maidin Fhoghmhair
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí maidin fhoghmhair 's mé 'triall go Fochaill,
Cé thárluigh sa ród orm ach stór mo chroidh',
Ba deirg' a gruaig ná na caoraí caorthainn,
'S gur bhinne 'béal ná na ceolta sidh'.
Á leag mé mo lámh air a brollach ró-dheas,
Agus d'iarrais póg oirthi stór mo chroidh',
'Sé dubhairt sí "Stop agus ná stróic mo chlóca,
Tá fios d'intinn aige bean a' toigh'."
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó. D'imthigh an cainnteoir sula a ndearnadh é.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 40 (phonetic), 187–90 (orthographic,
English translation).
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 232–3 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1277d2
(orthographic, English translation).
6. cf. Seán Ó Cearúlláin, Gleann Aichle, recorded by Proinsias Ó Conluain for Radio Éireann, 1951, track 12c (ex acetate 3739)
7. cf. A Hidden Ulster 207–10
LA1278.1
Teideal: Story: Beirt fhear a chaill caora
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí beirt fhear am amháin agus chaill siad caoirigh, agus chuaidh siad
síos Gleann Fhinne dá gcuartughadh. Agus shiubhail siad go rabh sé 'n
tráthnóna, agus tháinigh ocras orthu. Chuaidh siad isteach ionna teach,
aig iarraidh biadh, agus d'inns an bhean a' toigh' dóbhtha nach rabh biadh air
bith réidh aici a thiocfadh leis - a thiocfadh leobhtha 'fhagháil.
"Dona go leor," arsa fear acu, arsa seisean, "agus sinn amuigh a' siubhal [conn air scéal]
ar shliabh go bhfuigheadh sinn bás le h-ocras." "Spleoid ort-sa," arsa 'n bhean
a' toighe, "'á labharfá 'n Ghaedhlig air tús báire, gheobhthá biadh go
leor. Shíl sinne gur Albanaigh sibh."
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó. D'imthigh an cainnteoir sula a ndearnadh é.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 40 (phonetic), 188–90 (orthographic,
English translation).
Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, p 293
(orthographic, phonetic).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1278d1
(orthographic, English translation).
LA1278.2
Teideal: Story: Bhí triúr deirbhshiúr agus dearthair ann
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Bhí fear agus bhí trí deirbhshiuirí aige. Agus bhain siad pairc
talamh, agus chuir siad arbhar ann anuraidh, agus bhain siad é i
mbliadhna. Roinn siad é 'réir iomaire agus iomaire, agus bhí iomaire
corr ann. "Liom-sa seo," arsa Eoin Ó Butaidh, "Liom-sa," ars' an
Chailligh Chrupuighthe, "Liom-sa" arsa Síonam Seanam, "Liom-sa" arsa
Tíonam Teanam.
Roinn siad annsin 'réir - bhain siad é i gcómhar, agus roinn siad é
'réir stuca agus stuca, agus bhí stuca chorr ann. "Liom-sa seo," arsa
Eoin Ó Butaidh, "Liom-sa" ars' an Chailligh Chrupuighthe, "Liom-sa" arsa
Síonam Seanam, "Liom-sa" arsa Tíonam Teanam.
Roinn siad 'réir punann agus punann é annsin, agus bhí punann chorr
ann. "Liom-sa seo," arsa Eoin Ó Butaidh, "Liom-sa" arsa'n Chailligh
Chrupuighthe, "Liom-sa" arsa Síonam Seanam, "Liom-sa" arsa Tíonam Teanam.
Roinn siad 'réir croithleog agus croithleog é, agus bhí croithleog
chorr ann. "Liom-sa seo," arsa Eoin Ó Butaidh, "Liom-sa" arsa'n
Chailligh Chrupuighthe, "Liom-sa" arsa Síonam Seanam, "Liom-sa" arsa
Tíonam Teanam.
Bhuail siad é agus roinn siad é 'réir gráinnín agus gráinnín. Agus
cha rabh gráinnín air bith corr ann, bhí siad uilig sásta.
Ar a scríobhadh ón ath-innse (i láimh ...):
Bhí triúr deirbhfhiúr agus deárthair ann aon uair amháin, agus bhí páirc
aca agus chuir siad arbhar ann i gcómhar anuraidh agus bhain siad é i
mbliadhna, agus roinn siad é daréir iomaire agus iomaire agus bhí iomaire
corr ann.
Bhain siad an t-iomaire i gcómhar agus roinn siad é (d)aréir stuca agus
stuca, agus bhí stuca corr ann. "Liom-sa é seo" arsa E Ó Butaigh.......
........ Tíonam Teánaim.
Roinn siad annsin a' stuca 'réir punann agus punann agus bhí punann chorr
ann. "Liom-sa é seo" arsa E Ó Butaigh..................... Tíonam Teánaim.
Roinn siad a' phunann annsin 'aréir sifín agus sifín agus bhí sifín chorr
ann. ...................................................
Bhuail siad an sifín agus roinn siad é 'réir gráinne 's gráinne agus bhí
siad uilig sásta annsin, cha rabh gráinne corr ar bith ann.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 41, 191–3 (phonetic).
Heinrich Wagner and Colm Ó Baoill, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol IV, 1969, pp 293–4
(orthographic, phonetic).
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 228–31 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1278d2
(orthographic, English translation).
1. Breandán Mag Fhinn, "Voices from the past", Aghayaran 7, 1992, pp 5–7 at 6; orthographic version closely based on Wagner and Ó Baoill above,
with an English translation added
2. Cf. Béal. III, 432ff. (An Gráinne Corr) Ros Comáin agus Ciarraí - sad ending!
3. Cf. Árd-Léightheoir Gaedhilge I, 99-106;
Cnuasacht Céad Conlach pp. 98-103 (Na Ceithre Cailleacha);
An tUltach 62,3.
4. "Na Ceathrar Dearthárach a cailleadh mar mhaithe le Croithleog amháin", Scoil Leac Chonaill, p 90
5. Cf. An tUltach 62:3 (3/1985) 25-27 (Na Ceithre Cailleacha)
6. Cf. Gordon Mac Gill-Fhinnéin, "Digression in Irish oral tradition" in "Celtic languages and Celtic peoples" (ed Byrne, Harry, Ó
Siadhail) at p 114 - Gliúram Gleáram etc from Annie Bhán;
also, Gordon Mac Gill-Fhinnéin, "Seanchas Annie Bhán" (1997), pp. 28-9.
LA1278.3
Teideal: Numerals 1–30
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Aon, dó, trí, ceathar, cúig, sé, seacht, ocht, naoi, deich, aon
dhéag, dó dhéag, trí déag, ceathar déag, cúig déag, sé déag,
seacht déag, ocht deag, naoi déag, fiche, aon is fiche, dó is fiche,
trí is fiche, ceathar is fiche, cúig is fiche, sé is fiche, seacht is
fiche, ocht is fiche, naoi is fiche, deich is fiche.
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
Ní hann dó. D'imthigh an cainnteoir sula a ndearnadh é.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Colm J O'Boyle, Phonetic texts of East Ulster Irish, MA thesis QUB, 1962, pp 50–1, 214 (phonetic).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1278d3
(orthographic, English translation).