Liosta na gcainnteoirí Ultacha
Tomás Ó Gallchobhair (1867–1953), Baile 'n Chaisil, Ardara, Lifford, Co Donegal
Eolas ar an chainnteoir.


LA1257.1
Teideal: Story: Cú Chulainn.

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Nuair a d'fhág Cú Chulainn a' baile, thug sé fáinne dá bhean. "Anois," a deir seisean, "nuair a líonfas mo mhac — nuair a líonfas a mhéar a' fáinne, cuir fhad liom-sa é." Bhuel, nuair a chuir — líon a mhéar a' fáinne, chuir sí fhad le Cú Chulainn a' mac. Nuair a chonnaic Cú Chulainn a' tarraingt air a' mac, chuir sé amach na fir a b'fhearr a bhí aige dá mheetáil. Nuair a... bhí sé á gceangal agus á gcaitheamh ionn a dhiaidh ar a' léana. Nuair a chonnaic Cú Chulainn caidé bhí 'mhac a dheánamh leis na fir, chuaidh sé féin amach á mheetáil — i n-arraicios aige.

D'fhiafruigh... chuaidh a' bheirt a throid. Nuair a — mharbhuigh Cú Chulainn a mhac,
      "Ó, Cúl Chonaill, Cúl Chonaill,
      Aidmhim is tú ......................................,
      'S dona d'athain tú d'aon mhac,
      Urchar fuar fann agus a sleagh ionn aghaidh a h-urla.

"Leig domh tuitim ar m'aghaidh, le h-eagla go ndéarfadh an Fhéinn go ndeánfainn teicheadh as teangmháil."

"Ó," arsa Cú Chulainn,
      "Bheirim-sa mo mhallacht do mhná an domhain,
      Agus do do mháthair féin go h-iomlán.
      A' mhéid de ghanghaíl 'tá ins na mná
      'D'fhág na lanntracha dearg.

      "Och, och, agus mé air mire,
      Ag gabháil suas malaidh Shliabh Buile,
      Cionn mo mhic ionn mo láimh dheis,
      'Chuid airm agus éideadh ionns a' láimh eile.

      "Ó 's ionann mac agus a bheith gan aon mhac,
      An té 'mbéadh aige 'n sé ná'n seacht,
      Ní theánfaidhe 'chreach i n-éineacht."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Mhicheáil Uí Bhriain.

Nuair a d'fhág C.C. an baile thug sé fáinne do a bhean. Anois arsa seisean, cuir mo mhac fhaid liomsa nuair a líonfas a mhéar an fáinne seo. Nuair a líon a mhéar an fáinne chuir a mháthair a mhac innsear a athair. Nuair a thainic an t-athair an fear ag tarraingt fhaid leóbhtha, chuir sé amach na fir a b'fhearr a bhí aige in airicis an fhear. Bhí sé ag breith orra & á gceanailt & a gcaitheamh na dhéidh ar an léana. Chuaidh C.C. é fhéin amach annsin roimhe & chuaidh an bheirt ag troid. Nuair a mharbh C.C. é. C.C. ó ar seisean as tú m'athair. Is duine d'aithin tú d'aonmhac t'urchar fuar fann, 't sleagh i ndeidh a hurlainn. Arsa seisean annsin, leig domh tuitim ar m'aghaidh, le heagla go ndéirfeadh an Fhéin go ndeánfainn teicheadh as teangmháil. Dubhairt C.C. annsin, bheirim-sa mo mhallacht do mhnáibh an domhain & do do mháthair féin go hiomlán, da mhéid do mheang atá ins na mnáibh d'fhág do leanntracha dearg. Och, och, arsa C.C. annsin & mé ar mire, ag gol suas mullaigh Shliabh Bullaigh, ceann mo mhic in mo láimh dheis, a chuid airm & éadaigh sa láimh eile. Is ionann mac & bheith gan aon mhac, t'e:m é bheag é [?] an sé ná an seacht ní theánfaí creach in aonfhear. [?]

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1257d1 (orthographic, English translation).

1. Other versions include:
      Seán Ó hEochaidh, ón chainnteoir chéanna: https://www.duchas.ie/ga/cbe/9000716/7132368/9064436
            (Buidheachas do Chonchúr Mag Eacháin as an eolas seo.)
      Seosamh Laoide, "Cúchulainn agus Connla", Cruach Chonaill (1913) XXVII pp 96–8 (Loch Éisg – cuid de)
      Íde Nic Néill agus Séamus Ó Searcaigh, "Cúchulainn", Cú na gCleas (1914) pp 55–74 esp 69–72 (Rann na Feirste)
      Cathal Póirtéir, Micí Sheáin Néill, scéalaí agus scéalta (1993) at pp 178–80, 188–90, 198–200, 207–9 (Rann na Feirste)
      Pádraig Mac Seáin, Searlaí Mac Anna agus Mé Fhéin (2016) at pp 130–139 (Teilionn)


LA1257.2
Teideal: Story: Gleann na Smól

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Nuair a chuaidh Fionn go Gleann na Smól a sheilg, casadh dó 'n eileat mhaol. Bhí taobh daoith' air dhath a' ghuail, agus a' taobh eile ba ghile ná'n sneachta air tuinn, agus ba luaithe í ná'n seabhac a' tuitim. Chuaidh sí 'mach thair an chnoc agus thionntóigh sí agus mharbh sí an chonairt. Nuair a b'fhada leo a bhí an chonairt — le Fionn a bhí an chonairt air shiubhal, chuir sé 'n ordóg ionn a bhéal, chogain sé faoi n-a dhéad go smior, "Aon neach dár lean an eileat mhaol, ní phillfidh choidhche ach Bran, nár chaill ariamh fuigheall sealg'."

Dar leat na bhfocla tháinig sí i láthair — Bran, 's í sáruighthe fuar fliuch.
      Luigh sí síos i bhfiadhnaise Fhinn
      A ghoil go binn is scread go cruaidh.

"Ó 's cosamhail, a choileáin," arsa ráidhtí Fionn "go bhfuil ár gcinn i gcontabhair chruaidh."

Annsin a tháinig an bhean 'ba séimhightheacha a bhí sileadh súl.

"'Maith 'aithnighim," arsa Fionn, "air dhath do bhrat sróill gur tú 'bhí romham inniú i nGleann na Smól go dearbh
      Fiosruighim duit an maireann beo
      Aon ghadhair seoid d'fhoireann ár gcon.
"Ó, dar a' lámh sin ort a ghaiscidhigh" arsa sise. "Aon neach dár lean 'n eileat mhaol, ní phillfidh choidhche ach Bran, nár chaill ariamh fuigheall sealg'.

"Ní dhóichí a rachainn ar tuinn" arsa sise, "ná gur scarainn mur gcorp-sa mar sin, mur bhfanaim mar chéile ag Fionn an áigh."

      Tharraing sí lann le fiugh-bhrat déag
      Le n' iomarca fíoch ionn a láimh dheis,
      Bhain sí 'n cionn do chaogad laoch,
      Nár mhór a' díthid a rinne a' bhean.

      "Fóill fóill ort," arsa Fionn,
      "Ná cuir chun claidhimh aon fhear níos mó.
      Ghlacfainn-se leat-sa mar mhnaoi,
      Ach go bé Goll caoch na ngréagán cró.

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Mhicheáil Uí Bhriain.

Gleann na Smól.

Nuair a chuaidh Fionn a sheilg i nGl. na Sm. casadh dó an eilit mhaol. Bhí taobh duithe ar dhath an ghuail & an taobh eile ba ghile ná an sneachta ar thuinn. & ba luaithe ná an seabhac ar choill. Chuaidh sí amach thar an chnoc a bhí ann. Thionntuigh sí annsin & mharbh sí an chonairt ach Bran nár chaill ariamh buaidh sealg(a). Nuair a b fhada le F. a bhí an chonairt gan pilleadh chuir sé an órdóg in a bhéal & chogain faoi na dhéad go smior. Aoinneach arsa seisean ní phillfidh dá lean an eilit mhaol ach Bran nár chaill ariamh buaidh sealga. Ag ráidht na bhfocla tháinig sí i láthair Bran 's í sáruighthe suarach fliuch. Shuidh sí síos i bhfiadhnaise Fhinn, ag gol go binn & a sgread go cruaidh. Cosmhail, a choileáin, arsa F. go bhfuil ár gcionn i gcontabhairt chruaidh. Annsin a thainic an bhean ba séimhiacha a bhí ag sileadh súil. Is maith aithnim ar dhath do bhrat seóil gur tú bhí romham indiu i nGleann na Smól go Dair [?] Fiosruighim duit an maireann beó a n gadhar ceóil bhinne ná ar gcon [?]. Dar an láimh sin ort arsa sise araist aríst, aoinneach dá lean an eilit mhaol ní phillfidh ariamh ach Bran nár chaill ariamh buaidh sealg. Ní luaithe ar sise rachainn ar tuinn, go sgarfainn mer gcuirp le mer gcinn, mara bhfágha mé bheith mo chéile ag Fionn an áir. Tharraing sí lann go fíochmhar géar, le n-iomala [?] fíoch ina láimh dheis. Bhain sí an ceann de chaogad laoch, nár mhór an deed a rinne an bhean. Fóill fóill ort arsa Fionn annsin. Na cuir ó'n tsaoghal aonfhear níos mó. Ghlacfainn sa leatsa mar mhnaoi ach go bé Goll caoch na Ghréagán cró. Chuirfeadh sé mé as mo shaoghal, dá ndeánfainn malairt ar mhnaoi, is leisean fhear chaoch alá páirt, Muirbhfidh mise Goll Caoch & an méid a ghlacfadh leis don Fhéinn, mar bhfágha mé bheith mo chéile ag F. an áir.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1257d2 (orthographic, English translation).

See notes on LA1258.1.


LA1258.1
Teideal: Story: Goll agus an bhean mhór

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Nuair a chonnaic Goll cabhlach a' teacht isteach 'un a' chuain, "Cé bhéarfas scéala 'un Fionn," arsa Goll. "Mise" arsa Caoilte, badh é an fear a ba lúthmhaire 'ns an Fhéinn é. Ach nuair nach rabh Caoilte, nach rabh sé aig an chuan, bhí an bhean mhór astoigh i dtír. Nuair a chonnaic sé scéimh na mná, bhreathnuigh sé ó mhullach go lár ach gur dh'fhiafruigh sé cé'n t-oileán nó cén tír arbh as don mhnaoi bhréagh.

"Ó mise nighean Árd-Rí Gréig'," arsa sise. "'bhéarfadh comhrac do deich gcéad laoch mur bhfuil ins an Fhéinn" arsa sise, "agus dul caol.."

"Aithris dó mo scéal go scriosfaidh mé fiora Fáil mur bhfanaim mar chéile aig Fionn an áigh.

Nuair a chuaidh Caoilte fhad le Goll agus d'innis sé a' scéal do Gholl, ghléas Goll céad fear ionn airm ghléasta a ghabháil a chomhrac leis a' mhnaoi mhóir. Nuair a chuaidh a' ghrian síos faoithe, bhí naoi gcéad eile fá seach. An méid eile de na fir a bhí ann, leig siad fead nglaodhach. Ach chuir Goll air a chlogad agus a scéith, a chlaidheamh bheart-seoid ghabháil a chomhrac leis a' mhnaoi mhór. Cibé tchífeadh comhrac na beirte, chuir siad ceatha teineadha dá n-airm uile agus ceatha solus dá gcuid sciatha.

Cé gur mhór an neart a bhí ionn Goll, ba bheag lorg a lámh ionns a' mhnaoi, cé gur mhaith a chlogad agus a scéith, 's iomaí cneadh a bhí 'na thaobh.

Tháinig Fionn fhad leis. "Mhaige" arsa Fionn, "tá tú sáruighthe suaidhtí fliuch le trí h-oidhche agus le trí lá. "An dtabharfá cead do Oscar amhghar" ar seisean, "a ghabháil a chomhrac leis a' mhnaoi mhóir?"

"Á níl sé nár ndrong 'e bheithidhigh," arsa Goll, "ná i n-Éirinn, má's é an t-oileán is aoibhne bláth, aon fhear ní leigfinn a chomhrac léithe go dtuitfeadh sí le mo lámh."

Ach go bhfuair ionn a dhiaidh sin Fionn cead ó Gholl le Osgur amhghar ghabháil a chomhrac leis a' mhnaoi mhóir.

"Anois," arsa Fionn, arsa seisean, "is cuimhnigh a mhic fhad agus bhí tú fá ghruaim aici ins a' teangmháil gharbh."

Thug sé léim leomhain de, chuir sé a chlaidheamh go dtí cuid na dhuirn fríde chorp na mná móire isteach.

Ar thuitim an chinn den mhnaoi mhóir. "Ó mise nighean Árd-Rí Gréige," arsa sise. "A' bhean ba séimhightheacha bhí a' sileadh súl. Ach go bé draoidheacht do-choscta m'athara féin a chuir a chialltaí fá gheasa mé.

"Rinneadh fios dó" arsa sise. "Dá bhfaghainn mac rí nó ceannphort slóigh, go mbéadh mac agam a ngéillfeadh 'n domhain seo, agus go gcaillfeadh seisean a chionn 's a choróin."

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

I láimh Mhicheáil Uí Bhriain.

Goll & an Bhean mhór

Nuair a tháinig G. cabhlach ag teacht isteach sa chuan D'fhiafhruigh sé cé bhéarfadh sgéal ón chuan. Bhéarfaidh mise arsa Caoilte sgéal ón chuan. Sul a rabh sé ag an chuan bhí an bhean mhór istoigh i dtír. Nuair a thainic sé sgéimh na mná, chriothnuigh sé ó mhullach go lár ná gur fhiafruigh sé dí, cé an tír nó cé an talamh dárbh' us í mhnaoi bhreágh. Mise ar sise nighean Airdríog Gréag d'fhéachadh comhraic le deich gcéad laoch mur bhfuil ins an Fhéin & Goll Caoch. Aithris dó mo sgéal go sgriosfaidh mé fir a Fáil mur bhfágha mé bheith mo chéile ag F. an áir. Nuair a d'innis Caoilte sgéal do Gholl, chuir Goll céad fear in airm gléasta chun gol a chomhraic leis an mhnaoi mhóir, ag gol thairsti don ghréin bhí naoi gcéad eile fá seach. An méid eile bhí ann ghol siad fá Áird na laoch. Ghléas Goll air a chlogad & a sgéith & a chlaidheamh bheart óir ag gol ag comhrac leis an mhnaoi mhóir. Cibé tchífeadh comhrac na beirte, chuirfeadh siad ceatha teineadh don arm nimhe & ceatha fola da gcuid sgiathán. Cé gur neartamhail Goll ba bheag lorg a lámh insa mhnaoi. Cé gur mhaith a chlogad & a sgéith s'iomdha créacht bhí air 'na thaobh. Tháinig Fionn fhad leis. Tá tú arsa F. sáruighthe suaidhte fliuch le trí hoidhche & le trí lá. An leigfheá cead do Osgar ãu:gach [?] gol a chomhrac leis an mhnaoi mhóir. Níl sé aonfhear beó na beathaidh ná in Eirinn mas í an t-oileán is aoibhne bláth, aoinfhear ní leigfhinn a chomhrac léithe go dtuitfidh sí le mo láimh. Ach go bhfuighir Fionn cead a ghol le Osgar dhul a chomhrac leis an mhnaoi mhóir. Cuimhnigh a mhic fhaid & bhí tú faoi ghruaim aici insa cheangal gharbh. Thug sé léim leomhain de, chuir sé a chlaidheamh go cuid a dhorn fríd chorp na mná móire isteach.

Ar thuitim don talamh annsin don mhnaoi mhóir mise ar sise nighean Áirdríogh Gréag, a bhean ba séimhiacha bhí silleadh súil ach go bé draoitheachta chrosta m'athara fhéin, chuir fá gheasaibh mé. Rinneadh fios dó da bhfaghainn mac ríogh na ceann port slóigh go mbeadh mac agam a ngéillfeadh an domhan dó & go gcaillfeadh seisean a chionn & a choróin.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 114–7 (orthographic, English translation).
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1258d1 (orthographic, English translation).

1. Both LA1257.2 and LA1258.1 are from "Laoidh na Mná Móire". See eg. JJ O'Kelly, Leabhar na Laoidhtheadh.
A version of this lay was written down by Seamus Ennis from Séamus Ó hIghne from Leargaidh na Saorthach in the Ardara district (CBÉ 1282.272–275).

2. Cf. An Sgeulaidhe Gaedhealach No 22 — "an eilit mhaol"


LA1258.2
Teideal: Numerals 1–30, 40

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


ceann amháin
beirt
triúr
ceathrar
cúig cinn
sé cinn
seacht gcinn
ocht gcinn
naoi gcinn
deich gcinn
aon chionn déag
dhá chionn déag
trí cinn déag
ceithre cinn déag
cúig cinn déag
sé cinn déag
seacht gcinn déag
ocht gcinn déag
naoi gcinn déag
fiche
cionn agus fiche
beirt agus fiche
triúr agus fiche
ceathrar agus fiche
cúig cinn agus fiche
sé cinn agus fiche
seacht gcinn agus fiche
ocht gcinn agus fiche
naoi gcinn agus fiche
deich gcinn agus fiche
dhaichead cionn

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1258d2 (orthographic, English translation).


LA1258.3
Teideal: Days of the week

This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.

Ar a scríobhadh ón phláta:

dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca leis an chanamhaint de.


Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoine
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn

An dtearn mé an Domhnach?

Ar a scríobhadh ón ath-innse:

Ní hann dó.

Nótaí:

0. Other transcriptions of this track:
      Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1258d3 (orthographic, English translation).


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2019/10/10
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница