Pádraig Ó Siadhail (c1894–1976), Ardbane, Meevagh, Downings, Co Donegal Eolas ar an chainnteoir.
Pádraig Ó Siadhail.
(Pioctúir: Ciarán Mac Pháidín)
LA1231.1
Teideal: Story: An t-iascaire
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Ionns an am a chuaidh thart ionns na Dúinibh b'é an gnáthas a bhí ionns an áit
s'againne, a' bád is faide a rachadh amach 'un na fairrge, sagart a
thabhairt air bórd uirthi fá choinne Aifreann a léigheamh. Bhál, b'é
Seán Ó Siadhail an sagart a bhí ionn in m'am-sa le dhul amach a
dh'iascaireacht. Agus ba ghnáthach liom-sa é a thabhairt chuig gach uile
shéasúr liom, amach air a' bhád a b'fhaide amach a rachadh.
Ach bhí sin maith go leor, nuair a bhí ('n) séasúr na h-iascaireacht'
thart, cha rabh fhios agam caidé a b'fhearr damh a dheánamh le dhul 'na
fairrge agus cha rabh gléas air bith agam le dhul ach tháinig soitheach
seoil isteach lá amháin, anoir as [na] Indiacha Thoir, fá choinne lasta de
mhurlas dhóighte — an t-ainm a bheireann muidinne orthu i n-ár n-áit-inne,
sceilpíní.
Agus d'iarr mise ar mo chrew iad a chur ar bórd, an bád a fhagháil
lódáilte agus fagháil réidh. Agus b'é'n an crew a bhí liom, Jimmy
Antoin agus Domhnall Óg. Cha rabh ann ach méid an triúir de chrew.
Rinne siad mar d'iarr mé orthu, agus bhí sin maith go leor, nuair a bhí
achan seort deánta, bhí siad ag iarraidh orm fagháil réidh gach uile
lá, ach cha rabh deifir air bith orm go dtig' an lá seo, fuair an
soitheach mór réidh agus nuair a fuair sise réidh fuair mise air obair
comh tapaidh agus thiocfadh liom.
Startáil muid amach agus níl aon bhórd dá rabh sise a dheánamh nach rabh
mise a' deánamh bórd i n'aice. Ach lá amháin thionntóigh an soitheach
mór thart ar an bhórd ghoirid seo agus dubhairt sé liom, dubhairt sé liom,
innse dae cén áit a' rabh mé fá choinne dhul. Dubhairt mé go rabh mé
aig dhul soir go Bengal ionns na Indiacha Thoir le lód de mhurlas dhóighte,
sin sceilpíní. Dubhairt sé go rabh báigh fhada agam le dhul thairis go
fóill agus go rabh mé a bhunadhas seachtmhain amuigh. Dubhairt mise má
bhí go rabh sin maith go leor.
D'fhiafruigh sé domh an rabh mórán itheacháin nó ólacháin air bórd agam.
Dubhairt mé nach rabh, aon rud ach cuid lá amháin. "Bhál," ar seisean,
"tar annseo ann m'aice-sa." Tháinig mé aníos fhad leis. "Bhfuil fhios
agat caidé'n cúrsá a bhfuil tú air?" "Chan fhuil fhios agam," arsa mise,
"ach tá mé a' do choimeád-sa." "Bhfuil compais air bórd agat?" (sin an rud
a bheir muidinne "snáthad mairnéala[ch]" air in ár n-áit-inne.)
Dubhairt mé nach bhfaca mise aon chompais, rud nach bhfacaidh ariamh, ach
ceann a bhí ag dearthar daoim, agus bhris an teaghlach í, an bárr daoithe,
ag deánamh poll ionns an urlár. Bhí sin fad ó shoin.
Ach dubhairt sé liom gur bh'fhearr domh deánamh suas agus pilleadh arís.
D'fhiafruigh sé domh caidé'n — fearr domh a rabh é air, agus d'inns mé dae
nuair a thiocfadh uair an dó dhéag, nuair a éireóchadh an ghrian amach,
gur sin an dóigh a mbéadh fhios agam-sa caidé an poinnte a rabh mé air.
Go rabh an ghrian air m'aghaidh, taobh thoir air mo láimh chlí, taobh thiar
air mo láimh deis, agus ó thuaidh air mo dhroim. Dubhairt sé go rabh sin
maith go leor.
"Soir deas do shiubhal," ar seisean "fá choinne na Dúinibh. Dubhairt mise
go rabh sin maith agus chuaidh mé air ach d'iarr sé orm gan mo chúrsa a
athrughadh do aon rud dá dtiocfadh ionn mo chasán. Ach nuair a bhí mé
dhá lá ag seoltóracht tháinig soitheach mór aníos agus shéid sé
orm coinneáil ar shiubhal. Ach níor choinnigh mé aon órdlach agus scaoil
sé urchar ach chár fhág mise mo chúrsa aon órdlach d'eathar ná do fhear ar
bith dá bhfaca mé ariamh. Agus tháinig sé agus chuir sé suas un a' gaoithe
í agus chuaidh mise suas chuige gur bhuail an dá bhád againn agus
d'fhiafair sé domh an rabh itheachán nó ólachán air bórd agam. Dubhairt mé
nach rabh ach cuid dhá lá agus dubhairt sé nach rabh aon rud aige-san ach
oiread.
Sheol mé liom go dtí go lá eile, agus casadh soitheach eile domh agus
bhí sise stróicthí, a cuid éadaigh daoithe agus a cuid crainn briste.
Agus cha dtiocfadh liom-sa aon rud a dheánamh ar chor ar bith, bhí an
triúir againn féin beag go leor agus bhí go leor againn le deánamh.
D'fhiafair sé damh an rabh aon itheachán nó ólachán liom agus dubhairt mé
nach rabh, ach lód de mhurlais dhóighte a bhí liom ag imtheacht soir udaí
agus go dtáinig an droch-aimsear orm agus go rabh orm a dhul aríst.
Ar seisean, "Bhéarfaidh mise lód brandaí daoibh-se le dhul soir agus
'sé an rud is fhearr daoibh-se a dheánamh, lód de na murlais sin a
thabhairt domh-sa air a shon." Rinne muid mar d'iarr sé agus nuair a bhí
muid dhá lá ag seoladh, chonnaic mé an soitheach seoil a' teacht, agus bhí
fhios agam gur bád ó tír Cholumbus a bhí innti, agus go rabh fear a dhíth
uirthi le í eolas a thabhairt daoithe 'un a' chuain.
Chuaidh mise ar bórd agus d'fhuíg mé cead ag Jimmy Antoin le í thabhairt
isteach. Agus thug seisean isteach í mar d'iarr mise, agus d'fhág muid é.
Agus fuair mise gairm fiche punnta, chuir mé suas teach taibhirne —
Antoin Ruadh 'ac Eiteagáin agus a cheathrar mac: Danny, John, Antoin, Jimí
Pioctúir: Guth Ghoill 8 (Nollaig 2005) lch 16
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Myles Dillon.
An t-am a bhí insan aít so againn-ne a chuaidh thart níl bád ar bith a
rachadh un na faraige níos fuide ná mbéadh sagart uirthi le Aifreann a
léigheadh, agus bur mise bo fhuide rachadh na faraige ag túis séasuir. Bhí
sagart insan áit so againn-ne, Seán Ó Siadhail, agus rachadh sé liom-sa
chun an t-Aifreann a léigheadh ar an chéad oidhche. Shaoil mé nach rabh
aon iasgaire bhí chomh (go) maith liom fhéin. Nuair a bhí an iasgaireacht
thart ní rabh aon ghléas agam chul na faraige, ach tháinic soitheach seóil
isteach choinne load morláis — sgeilpíní a bheireann muidine ortha insan
áit seo. Ach smaoitigh mise go gcuirfinn isteach load fosta, agus d'iarr
mé ar mo chriú, Jimmy Antoine agus Domhnall Óg, túsú do chur an load ar
bórd. Go tapaidh agus fuair siad réidh, d'innis siad daom-sa, ach ní rabh
aon deifir orm-sa ag imeacht go dtí go raibh an soitheach mór réidh. Agus
nuair a fuair an soitheach mór réidh ba doiligh mise a choinneáil ar ais.
D'imthigh mé amach go tapaidh agus thiocfadh liom. Ní rabh aon bhórd dá
dear an soitheach mór nach dear mise bórd léithi. Nuair a bhéadh ciúineáil
ann bhí mise ábalta an soitheach mór a fhuígeáil, agus nuair a bhéadh
garbhla ann bhí mise ábalta siúl leis an soitheach mór. Rinn sé bórd
tobann orm agus d'fhiafruigh sé daom cá raibh mé ag gul. Dubhairt mé go
rabh mé ag gul go Bengal insna h-India Thoir, lé lód murlais ghoirte —
sgeilpíní an t-ainm a bheireann muidine ortha ins an áit seo. D'fhiafruigh
sé daom an raibh mórán biadh ar bórd agam. Dubhairt mé ná raibh itheachán
nó ólachán agam ach cuid lá. D'fhiafruigh sé daom an raibh a fhios agam
goidé an cúrsa a beirfidh mé un a bhaile, agus go dtabharfadh sé comhairle
orm pilleadh, ná raibh compais agam — sin snathaid na mairnéalaigh, an t-ainm
a bheireann muidine ortha i nÉirinn. Dubhairt mé ná raibh aon
chompais agam, ná bhfaca mé aon cheann ach cionn a bhí ag dearbhráthair
daom, agus bhris na páistí an barr daoithe ag déanamh poll san urlár.
"Well," ar seisean, "do chúrsa soir-ndeas, agus ná athruigh do aon chuid
de da dtiocfaidh in do chasán. Ach an bhfuil a fhios agat ó dheas nó soir-ndeas?"
"Tá's agam ag uair an dó-dhéag san lá, nuair a bhíonn m'aghaidh ar
an ghrian, bíonn mo lámh chlé soir, m'aghaidh ó dheas, mo lámh deas siar,
agus mo chúl 'n a tuaidhe." "Maith sin!" arsa an caiftín. Sheól muid linn
annsin sí dhá lá, no gur casadh orainn soitheach. Shéid sí orainn agus
sgaoil sí urchar lena casán a fhuígeáil. Ach chan fhuígfinn aon órlach
go dtí gur chuir sé fríd an ghaoth í, agus chuaidh mé suas le na thaobh.
D'fhiafruigh sé daom an raibh itheachán nó ólachán ar bórd agam, agus
dubhairt mé ná raibh agam ach cothrom lá amháin. D'fhiafruigh sé daom cá
raibh mé, d'innis mé daof. Sheól mé liom annsin ar feadh dhá lá,
aguscasadh soitheach daom annsin. Bhí a cuid seólta stróicthe agus a chuid
crainn briste. Dubhairt mé ná dtiocfadh liom cóir a thabhairt air.
D'fhiafruigh sé daom an raibh aon dhath itheachán nó ólachán ar bórd agam.
Dubhairt mé ná raibh ach murlais ghoirte. Dubhairt sé go raibh sin maith
go leor, gurbh' fhear é ná gan a dhath. Dubhairt sé go raibh lód brandi
leis-sean, go ndéanfadh sé malairt liomsa. Dubhairt mé go raibh sin maith
go leor. Sheól mé annsin ar feadh lá no go bhfaca mé soitheach eile agus
bhí's agam gur as tír Cholumbus a tháinic sí, agus go raibh fear eólas de
dhith uirthi ar an chósta. Chuaidh mé ar bórd, agus d'fhiafruigh mé duith
an raibh fear de dhith air. Dubhairt sé go raibh, ach go raibh sé dhá lá
ua na Dúinibh. D'fhiafruigh sé daom an raibh eólas agam ar an chósta.
Dubhairt mé go raibh, agus d'innis mé cuainíní de thart fá'n chósta.
D'iarr mé ar Jimmy Antoin máistireacht a ghlacain ar mo bhád fhéin, mar
bhí fiche punnta le fagháilt chionn's an bád a thabhairt isteach. Thug mé
isteach í, agus choinnigh an bád beag in m'aice. Nuair a fuair mé un na
nDúinibh d'innis mé daofa go raibh mé thoir sna h-India, agus chuir mé
suas teach tabhairne, agus choinnigh mé mo dhá fhear in g compall liom.
D'innis mé do'n t-shagart goidé mar d'éirigh daom, agus bur sin deireadh
mo rása.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 100–5 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1231d1
(orthographic, English translation).
LA1232.1
Teideal: Story: Mac an Rí agus nighean an ghréasaidhe bróg
This sound file is the property of the Royal Irish Academy, Dublin.
Ar a scríobhadh ón phláta:
Tá dath gorm ar théacs a bhfuil mé éigcinnte de.
Tá dath donn ar théacs ar díol suime é i dtaca
leis an chanamhaint de.
Rí a tháinig ionns an áit s'againne, agus bhí an aon nighean aige. Bhí sí
air a' scoil in mo chuideachta-sa, ionns a' leabhar liom, agus bhí siar
annsin mac gréasaidhe bróg. Ba mhaith le(is) nighean an rí mac an
ghréasaidhe bróg seo a fhagháil le pósadh, agus d'iarr sé air an
ghréasaidhe bróg dá dtiocfadh leis acomhall a dheánamh suas eatorru.
Ach bhí sin maith go leor. Nuair a chuaidh mac an rí a dh'iarraidh nighean
a' ghréasaidhe bróg, bhí siad — dubhairt an gréasaidhe bróg leis gur b'é an
rud a b'fhearr dó a dheánamh dhul agus ceird a fhagháil sul a bhfuigheadh
sé a nighean-san. Ach 'sé an rud a happenáil, cha rabh ceird aige. Air
na tríomhadh cuairt a tháinig sé a dh'iarraidh nighean a' ghréasaidhe
bróg, chan fhuair sé í agus d'imthigh sé ag gol an uair seo.
Nuair a d'imthigh sé ag gol, bhí sé a' siubhal air an bhóthar i rith tamall
fada go dteachaidh sé go dtige coillidh. Agus nuair a chuaidh sé go dtige 'n
choillidh, casadh seanfhear dae, ag gearradh slatach'. Agus tháinig sé
amach roimhe. "'Bhuachaill óg," ar seisean, "caidé seo an t-adhbhar atá
ort-sa, do fhear comh breagh leat, bheith 'dhul thart ag gol?" "Ó, tá,
nighean gréasaidhe bróg de fhear bocht nach bhfuighinn-se le pósadh, agus
mé in mo fhear shaidhbhir." "Maith go leor," arsa seisean, "caidé an
t-adhbhar atá cionntach le seo?" "Tá, mar nach bhfuil ceird agam."
"Bhál, cha bhíonn tú i bhfad a' fagháil ceirde. A' bhfuil scin póca
agat?" "Tá, maise," ar seisean. "Bhál, tar isteach annseo liom-sa."
Chuaidh siad isteach 'un na coilleadha do bhaint slatacha, agus nuair a
bhí siad ag baint na slatacha, 'sé an cheird a d'fhoghluim sé dae, ag
deánamh basgaidí.
Bhí sin maith go leor, nuair a fuair sé a' cheird tháinig sé arais
agus d'iarr sé a nighean ar an ghréasaidhe bróg agus fuair sé í mar a
bhí an cheird seo aige, ag deánamh basgaidí.
Ach tamallt i n-a dhiaidh tháinig soitheach isteach agus chuir sí síos
ancaire ar an Mhaol Ruadh, agus chuaidh siad suas i láthair an chaisleáin.
Agus nuair a chuaidh an caiftín agus a' crew suas chun a' chaisleáin a
chuartughadh im agus uibheacha, chonnaic siad an ainnir uasal thuas annseo
agus bhí bród air an chaiftín a leitheid a fheiceáil. Dubhairt sé le n-a
chrew gur mhaith leis í seo do ghoid, agus gur b'é an dóigh a dtiocfadh
leis sin a dheánamh, comhairle 'thabhairt orthu theacht ar bórd chuige-san,
agus nuair a gheobhadh sé istigh 'nnsa chábán iad, gur b'é an rud a
bhí ag an chrew le deánamh, an slabhradh a ligint ar shiubhal, mar nach
dtiocfadh leobhtha é a thabhairt ar bórd, de thairbhe go dtógfadh sé
rattle, agus bheith faoi sheola comh tapaidh agus thiocfadh leobhtha, agus
gan a dhath a dheánamh ach go bhfuigheadh siad amach air an aibhléis mhór.
Bhí sin maith go leor, rinne siad mar d'iarr sé orthu agus thug sé
comhairle orthu 'un a' chábáin agus chuaidh siad isteach annsin. Ach
nuair a bhí siad gar do bheith traidhfil lá a bheith amuigh, chuir sé
isteach i mbairille 'n rí óg agus chaith sé amach é agus an t-éadan ionns
a' bhairille. Bhí 'n rí seo ag gabháil ó thuinn go tuinn leis an
bharaille go dtige lá amháin, stad sé do léimnigh. Tholl an duine bocht
amach lena scin póca, agus bhí sé istigh air an oileán seo, agus nuair a
fuair sé faisnéise go rabh sé air an oileán, pholl sé amach agus bhris sé
an bairille agus fuair sé amach.
Chuaidh sé ó éan go h-éan fríd an choillidh a bhí air an oileán seo, ag
gearradh slatacha agus ag deánamh basgaidí, a ndíol, ag iarraidh a bheith
a' coinneáilt, an duine bhocht, é féin ó ocras. Ach go dtí go dtáinig sé
go dtige baile mór agus bhí cúirt ann, ná caislean mar bheireann muid-inne
air ionns an áit seo. Agus chuaidh sé suas i láthair an chaisleáin
agus d'fhiafruigh sé don tsearbhóntaí an chaisleáin an rabh an ainnir
uasal seo istigh.
Dubhairt sí go rabh. Dubhairt sé gur mhaith leis ainnir uasal ar bith dá
mbéadh fá'n chaisleán a fheiceáil, agus tháinig sí 'mach agus d'fhiafruigh
sé daoithe an gceannóchadh sí basgaid, mar nach rabh fhios aige cé bhí
roimhe. Ach d'aithin sise eisean, agus ar sise, "Ceannóchaidh. Ach tar
annseo amárach le cionn níos deise." Agus bhí fáinne aige dar bhris sé
féin agus í féin ag a bpósadh, agus d'fhiafruigh sí dae agus dubhairt sé
go rabh. Agus d'aithin sé annsin lá thar n-a bhárach cé bhí aige.
"'Nois," ar sise, "téigh síos ins a' teach sin agus glac do lóistín ann
agus cuir ort culaith mhaith éadaigh, agus amárach béidh féasta againne
nuair a thiocfas an caiftín isteach, agus bhéarfaidh muid mayor a' bhaile
mhóir annseo, agus dheánfaidh mise scéal nó amhrán do innse, agus nuair a
bhéas sin deánta tchidhfimid — bhéarfaidh mise iarraidh mé féin leis a'
scéal seo a dh'innse, go bhfeicfidh muid caidé mar rachas. Dubhairt
seisean go rabh sin maith go leor.
Rinne siad mar d'iarr sé agus nuair a bhí an suipéara agus an tae thart
acu ins an oidhche seo, tháinig an caiftín isteach agus dubhairt sí,
nuair a bhí mayor a' bhaile mhóir —
Ar a scríobhadh ón ath-innse:
I láimh Shéamuis Uí Néill.
Thainig rí ins an áit seo againn-ne, agus bhí a mhac ar an sgoil in mo
chuideachta-sa. Bhí nighean gréasuidhe bróg ins an leabhar liom. Ghlac mac
an rí notion díthe, nuair a bhí siad ar an sgoil, agus nuair a thainig sé
in aois pósta, chuaidh a dh'iarraidh nighean an ghréasuidhe bróg. Ní
bhfuigheadh sé í mar na rabh céard aige. Na tríthmhadh cuairt a thainig sé
a h-iarraidh, chá dtabharfadh an gréasuidhe bróg dó í. D'imthigh sé ag gol
ar an bhóthar.
Bhí sé ag dhul fríd coillidh. Casadh sean-fhear de. D'fhiafruigh se'dé
goidé an t-adhbhar a bhí aige a bheith ag gol — buachaill breagh cosamhail
leis. Dinn sé de. "O," ar seisean, "Budh sin a bhfuil? Bhfuil sgin póca
agat?" "Tá," arsa seisean. "Bhuel, isteach annseo leat," ar seisean, "agus
bheirfidh mise céard duit."
Thúsaigh siad a bhaint slatacha agus deánamh basgaidí. "Anois," ar
seisean, "tá céard agat." Chuaidh sé annsin agus d'inn sé do'n ghréasuidhe
bróg, go rabh céard aige, deánamh basgaidí. "Maith go leor," arsa seisean,
"gheobhaidh tú m'inghean."
Nuair a pósadh iad, bhí siad beo ins an chaisleán ar an Mholl Ruadh.
Thainig soitheach seola isteach. Chuaidh an caftaoin agus an chriú suas
'na caisleáin a dh'iarraidh ime agus uibheacha. Nuair a chonnaic an
caftaoin an ainnir uasal ghlac sé notion díthe. D'inn sé do'n chriú go
dtabharfadh sé comhairle ortha ar bórd, agus rinn. D'iarr sé ar an chriú,
nuair a gheobhadh sé an ainnir uasal agus an fear uasal ins an chábán
leisean, an slabhradh do leigint ar shiubhal, mar dheánfadh sé rátáil a
thabhairt isteach. Agus rinn siad mar d'iarr sé.
D'iarr sé ortha an bád a sgaoileadh agus a leigin 'na fairrge. Nuair a
chuaidh siad cupla lá 'na fairrge, chuir siad mac an rí isteach 'na
mbáirrle, agus chaith siad amach é. Bhí sé ag dhul ó thuinn ó go tuinn go
dtí lá amháin, stop é. Mheas sé go rabh sé ar talamh. Rinne sé poll lena
sgin-phóca ar an bháirrle agus fuair sé amach. Shiubhail sé leis fríd an
oileán, fríd coillte ag gearad slatacha agus ag deánamh basgaid fa choinne
díol, ach go dteachaidh sé go dtí an caisleán.
Thainig an searbhfhontaidhe amach. Dubhairt sé na rabh aon chuid de sin a
dhíth ortha. "Ba mhaith liom-sa an ainnir uasal fheiceal, má's é do thoil
é." Thainig sí agus d'fhiafruigh sí de an rabh páirt de fháinne aige a
bhris siad, mar d'aithin sí é. "Goidé 'n fáinne é sin?" ar seisean. "Tá,
an fáinne a phós muid." "Ní aithnim thú," ar seisean. "Bhail," ar sise,
"téigh síos ins an teach sin thíos agus glac lóistín agus cuirfidh mé
cuireadh ort san oidhche amáireach."
Bhí cruinniú mór aici an oidhche na bhárach. Bhí maor an bhaile mhóir
istigh. Nuair a bhí an suipeár agus an tae thart, dubhairt sí gur mhaith
léithe sgéal nó amhrán a chluinstint. Dubhairt an maora arbh é a thoil
féin é go ndeánfadh sí í féin an chéad iarraidh. D'inn sí sgéal mar tá
mise a innse duit-se. D'fhiafruigh sí goidé ba cheart a dheánamh leis an
chaftaoin sin. "Bheirfinn-se é agus bhruithfinn i mbairrle tar é. Dá bé
annseo a dheánfaidhe é." "Bhail, seo an fear a rinne é, agus seo m'fhear
seo." Agus rinneadh sin leis.
Nótaí:
0. Other transcriptions of this track:
Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic Voices, 2010, pp 142–7 (orthographic, English translation).
Acadamh Ríoga Éireann, http://doegen.ie/ga/LA_1232d1
(orthographic, English translation).
1. Compare "Fear na mBascaed" le Mícheal Ó Baoighill, Rann na Feirste, in Lorcán Ó Searcaigh (eag.), Lá de na Laethe (1983), lgh 49–52.