Plátaí a rinne Rudolf Trebitsch in 1907Tháinig Dr Rudolf Trebitsch (1876–1918) go hÉirinn ó Wien in 1907, a dheánamh plátaí fuaime do Acadamh na nEolaidheachtaí ins an Ostair. Rinne sé an obair chéanna
in Albain, ar Oileán Mhanainn, i gCymru agus i mBreizh eadar 1907 agus 1909, agus in Inis Uaine in 1906 agus i dTír na mBascach in 1913.
Tá a chur-síos féin, i nGearmáinis, le léigheamh ins na foillseacháin seo: |
![]() Rudolf Trebitsch |
Euzkadi, 1913: Dr Rudolf Trebitsch, Baskische Sprach- und Musikaufnahmen, ausgeführt im Sommer 1913 von Rudolf Trebitsch Dr. med. et phil., 34 Mitteilung der
Phonogramm-Archivs-Kommission der kaiserl. Akademie der Wissenschaften in Wien. Aus dem Anzeiger der philosophisch-historischen Klasse der kais. Akademie
der Wissenschaften in Wien vom 6. Mai (Jahrgang 1914, Nr. XI) separat abgedruckt. (A ph 51, 1914, 78–107).
Cuartú
Tuilleadh
Amharc fosta: Mitteilungen der Phonogrammarchivs-Kommission,
Uimh. 9, 12, 17, 18, 34.
Ní rabh Gaedhilg ag Trebitsch, ach fuair sé comhairle mhaith. Sular fhág sé an baile ar chor ar bith, thug Zimmer an chomhairle seo dó:
Es ist zu beachten, daß eine gesprochene Literatursprache in Irland nicht mehr existiert; man versucht
nur infolge der nationalen Bewegung eine solche zu schaffen; namentlich alle die Leute, die Irisch aus Büchern
gelernt haben, betrachten dieses Irisch als Literatursprache oder Anfang dazu; für Ihre Zwecke hat diese
entstehende Literatursprache nicht mehr Wert als das in Wien, Dresden, Berlin, Hannover oder Köln von Deutschen
gesprochene Französisch für die Kenntnis des wirklichen Französisch.
In Éirinn dó, thug Trebitsch cuairt ar an Oireachtas i mBaile Átha Cliath, áit ar thaifead sé
Pl 685, 686, 687: Domhnall Ó Loingsigh as Cathair Saidhbhín, 24/07/1907
Pl 688, 689: Seámus Ó Súilleabháin as Ciarraidhe, 24/07/1907
Pl 702: Máire Ní Dhubhthaigh, Cloich Cheann Fhaolaidh, 06/08/1907
Pl 703: Seán Ó Briain, Inis Meáin, 06/08/1907
Pl 706: Micheal Mac Ruaidhrí, An Líonán, 07/08/1907
agus ar na h-áiteacha seo:
• Castlelyons:
Pl 690, 691: An tAth Peadar Ó Laoghaire, 26/07/1907
• An Rinn:
Pl 692: Tomás Ó hAodha, 27/07/1907
Pl 693, 694: Pádraig Ó Néill, 27/07/1907
Pl 695: Séamus Ó Ceallaigh, 27/07/1907
• Baile an Fheiritéaraigh:
Pl 698: William Long, 03/08/1907
Pl 699: Siobhán Ní Fhlathartaigh, 03/08/1907
Pl 700: Máire de hÓra, 03/08/1907
• Tuar Mhic Éadaigh:
Pl 709: Seán Ó Ruadháin, 10/08/1907
• Cloich Cheann Fhaolaidh:
Pl 715, 716, 719: Donnchadh Mhac Gabhann, 14–15/08/1907
Pl 717: Séamus Mhac Giolla Chomhaill, 15/08/1907
Ceol uirlise a tógadh ar Pl 696, 697, 701, 705, 707, 708, 713.
Amhrán i nGaedhilg na hAlban ("Schriftsprache") a tógadh ar Pl 704.
Ceol uirlise ón Bhreatain Bhig atá ar Pl 710, 711, 712, 714, 718.
Tchifear mar sin gur 5 phláta de Ghaedhilg Uladh a rinneadh san iomlán, agus b'as Cloich Cheann Fhaolaidh an triúr cainnteoir. Amhráin uilig, cuid acu dá gceol
agus cuid dá n-athris, atá ar na plátaí Ultacha seo. Seo an t-ábhar atá orthu:
Pl. 702: Máire Ní Dhubhthaigh, An Bhealtaine.
Cuid den amhrán "An Cailín Gaedhealach" dá cheol. Dearbhráthair an cheoltóra, Aodh Ó Dubhthaigh, a scríobh síos na focla agus a rinne aistriúchán Béarla orthu.
Pl. 715: Donnchadh Mhac Gabhann, Caoldruim.
Cuid den amhrán "Juno, Apollo, Venus" dá cheol. Séamus Ó Searcaigh a scríobh síos na focla agus a rinne aistriúchán Béarla orthu.
Pl. 716: Donnchadh Mhac Gabhann, Caoldruim.
Amhrán "A Phádraig Mhic Ruaidhrí, a chorp an duine uasail" dá aithris. Séamus Ó Searcaigh a scríobh síos na focla agus a rinne aistriúchán Béarla orthu.
Pl. 717: Séamus Mhac Giolla Chomhaill, Bun a' Leaca.
Amhrán "Rachaidh mé siar go Mullaigh Shliabh Liag" dá aithris. Tomás Ó Brolcháin (as Baile na Scríne) a scríobh síos na focla agus a rinne aistriúchán Béarla
orthu.
Pl. 719: Donnchadh Mhac Gabhann, Caoldruim.
Amhrán "Caitríona Máirtín" dá aithris. Tomás Ó Brolcháin (as Baile na Scríne) a scríobh síos na focla agus a rinne aistriúchán Béarla orthu.
Cuireadh amach na taifid féin ar CD, comh maith le leabhrán úr eolais, in 2003: Dietrich Schüller (Hg.) Tondokumente
aus dem Phonogrammarchiv, Serie 5/2, The Collections of Rudolf Trebitsch, Celtic Recordings — Ireland, Wales, Brittany, Isle of Man, and Scotland
(1907–1909) Níl an t-eolas uilig ins an leabhrán úr, mar sin féin, a bhí ins na sean-tuairiscí. Tá CD-ROM leis a bhfuil air macasamhail de na
sonnraí a scríobhadh síos in am an taifeadta, sonnraí ar an chainnteoir agus ar an phíosa cainnte, an dá chuid. Tá na píosaí scríobhtha amach as an
nuaidh sa leabhrán úr, agus aistriúchán Béarla leo — Dónall P Ó Baoill a rinne an obair sin i gcás na bpíosaí Ultacha. Amharc fosta
annseo.
Tá tuilleadh eolais i nGearmáinis ar shaoghal Trebitsch le fagháil
annseo
nó annseo
nó annseo.