Aisling Earraigh An Doirnealach An tUltach 12:6 (1935) lgh 1–3 Bhí mé i ndiaidh scaob a chaitheamh ar an scoilteán dheireannach de na “Great Scotts,” agus tuirseach go leór a bhí mé de'n obair. Le n-a chois sin, bhí an tráthnóna a bhí ann, bhí sé cinéal marbhánta trom-chroidheach, agus dar liom go ndéanfainn tamall beag scríste. Shuidh mé ar scáth an chlaidhe, tharraing orm an dúdóg agus dhearg í. Chaith mé liom fá shogh agus fá shult, ach caidé rinne mé ar ball beag ach tuitim in mo chodladh! Agus dálta mar d'éirigh do chorr-dhoirnealach eile, níor bh'fhada in mo chodladh mé nó go bhfaca mé aisling. Chonnaictheas domh gur istigh i halla mhór fhada fhairsing a bhí mé. Bhí ceann-gloine air; bhí priosannaí lán de leabharthaí agus de láimh-scríbhinní ina roghannaí thart leis na ceithre ballaí, agus bhí an t-urlár mar bhéadh leac mhór ghloine ann. Bhí tábla mór darach i lár báire; agus na cathaoireacha a bhí i dtimcheall an tábla sin, d'fhéadfadh Caesar mór féin suidhe ar an cheann a ba táire aca. Ach nach saoitheamhail leat nach dtiocfadh liom a innse ciaca in mo shuidhe nó in mo luighe a bhí mé féin, nó a innse cá h-áit san halla sin a rabh mé? Ní thiocfadh, dá mbéadh mo bhás de gheall leis. Agus rud is saoitheamhla ná sin chonnaictheas domh nach dtiocfadh liom focal ar bith a labhairt nó cor nó bogadh a chur díom. Go rabh mé mar bhéinn faoi gheasaibh fanacht in mo thost ar gach uile dhóigh. Ach ní rabh aon chlúid nó aon chearn dá rabh ann nach dtainig liom a fheiceáil go glinn soiléir. Súil dá dtug mé bealach an tábla, thug mé fá dear go rabh calandar air; agus caidé an dáta bliadhna a bhí air, do bharamhail? Tá — 2185, A.D.! B'iongantach liom sin, ár ndóigh, ach ba ghoirid go bhfaca mé agus gur chuala mé rudaí a b'iongantaighe liom ná é. Mhothuigh mé tuaim os mo chionn a chuirfeadh i gcuimhne duit an trup a bhéadh ag scaoith eala agus iad ar eiteógaigh. D'amhairc mé i n-áirde, agus le sin fhéin foscladh comhla mór sa ghloine a bhí ina dhíon ar an halla. Foscaldh, agus ba é sin an t-am a bhfaca mé an t-iongantas go fíor. Thainig ceathrar fear isteach ar an pholl agus siud anuas chun an urláir leó comh suaimhneach státamhail agus dá mba cheithre faoileógaí iad. Bhí acara ar mhuin gach aon fhear aca a bhéarfadh numbrel in do cheann, agus bhain siad díobhtha na h-acaraí sin agus chroch iad as cineál de ghearrán a bhí ann fá choinne na h-ócáide. An chead amharc a fuair mé ar na fir, d'éirigh baramhail agam gur ollamhain iolscoile a bhí ionnta. Bhí aghaidh gach duine aca mar bhéadh léadhb de phár ann — léadhb de shean- phár agus é breactha uilig le leitreacha den Ogham Chraobh. Agus char mheath mo bharamhail orm. Ach cluinfidh tú. Bhí aon fhear amháin aca, agus ní rabh béal nó súil le feiceáil ann le h-Ogham Craobh; agus ba é sin an fear a shuidh sa chathaoir a ba mhó de'n iomlán. Agus níor luaithe shuidh ná d'éirigh bratach galánta síoda i n-áirde agus d'fhan crochta san aer os a chionn. Thug mé fá dear go rabh leitreacha eighinteacht ríomhtha ins an bhratach agus thug mé iarraidh iad a léigheadh. Níor bh'fhuras domh sin, na bhí oiread casaidheacha i ngach aon leitir aca agus gur dhoiligh a dhéanamh amach cá h-áit a rabh a tús nó a deireadh. Ach d'éirigh liom ar ball, agus seo an rud a léigh mé: An Coimisiún um Shean-Fhadhba. Bhí siad uilig ina suidhe fá'n am seo — iad uilig ach aon fhear amháin. Bhí ceann de na priosanna foscailte aige-sean, agus thug sé leis ceangaltán beag páipéar as agus shín do fhear na cathaoire é. Bheir sé sin uaidh ar an cheangaltán, bhain an tape dhearg de, agus shín páipéar do gach aon fhear de'n mhuinntir eile. Bí ag cainnt ar iongantas! Ní rabh sin ar aonduine ariamh, mur rabh sé orm-sa nuair a chonnaic mé caidé bhí aca. Ceithre chóip de'n “Ultach”! Le sin leig an ceann feadhain a dhruim siar le cúl na cathaoire agus thoisigh sé a chainnt. Agus is i mBéarla a labhair sé. Ach, ár ndóigh,níor chuir sin lá iongantais orm. Cibé ar bith, innseóchaidh mé anois daoibh i nGaedhilg caidé dubhairt sé. “A Cháirde,” ar seisean. (I nGaedhilg a dubhairt sé an méid sin — ach gur shíl mé féin an chead uair gur “A Hardy” dubhairt sé.) “A Chairde,” ar seisean, “Chan cionn's mé fhéin a bheith ghá rádh, ach tá obair mhór déanta ag an Choimisiún Um Shean-Fhadhba. Cinnte, tá an Coimisiún ar bun le corradh agus dhá chéad bliadhain; ach, má tá fhéin, chan i gan fhios. Tá 1,500 leabhar ann nach gcuirfidhe i gcló choidhche, mur b'é an Coimisiún. Is beag agus is ró-bheag fadhbannaí Gaedhilge nach bhfuil réidhtighthe aige. Agus gidh go bhfuil 150 bliadhain caithte ó stadadh de labhairt na Gaedhilge, tá a cliú agus a cáil, mar Ghaedhilge, curtha ar thalamh slán go dtaraidh lá dheiridh an domhain. Agus chan do athrach an Choimisiúin seo againne is cóir bheith buidheach ar a shon sin. An mhuinntir a thainig romhainn, ar Choimisiún na Sean-Fhadhb, chaith siad céad bliadhain ag réidhteach fadhbannaí Ghaedhilge na Mumhan. Caitheadh, ina dhiaidh sin, ceithre scór bliadhain ag réidhteach bearta cruadha chanamhain Chonnacht. Agus le dhá fhichid bliadhain ina dhiaidh sin, tá an Coimisiún ag mion-scrúdughadh an “vigorous hybrid” a labhairtidhe, tráth, i n-Ultaibh. Ach chan le dímeas ar Chúige Chon Chulainn a fágadh ar deireadh é. Chan eadh, ach ar an adhbhar gur ann a ba deireannaighe stadadh de labhairt na Gaedhilge. Cúigeachas ar bith dá laghad ní rabh ag cur as do'n Choimisiún um Shean-Fhadhba ariamh, a cháirde; agus tá mé cinnte go n-admhóchaidh an t-Ollamh Ó Stailc an méid sin.” Níor labhair an t-Ollamh Ó Stailc, ach chlaon sé a cheann, ionann 's dá n-abóradh sé “Is fíor dhuit, a Uachtaráin. Is fíor dhuit.” “Agus anois, a cháirde,” arsa an fear cathaoire, “ní'l le réidhteach againn ach dornán beag fadhb a bhí ar pháipéar a dtugthaidhe ‘An t-Ultach’ air. Agus is é an ceann atá le réidhteach indiú againn ceann a bhí ar ‘Ultach’ na Féile Pádraig i mbliadhain a 1935. ‘An Doirnealach’ an t-ainm pinn a bhí leis an aiste a bhfuil an fadhb innte; agus má dhearcann sibh ar an cóipeanna a thug mé daoibh, tchífidh sibh í, ar an chead iarraidh. Tá stríoc ghorm tarraingthe faoithe ag an Rúnaidhe. Labhair ‘An Doirnealach’ ar naoi gconndae dhéag agus fiche agus ar thrí chonndae eile a bhí ann le n-a gcois sin; ach de réir na scríbhinn a bhaineas leis an am, ní rabh ach dhá chonndae déag agus fiche i n-Éirinn uilig. D'fhágfadh sin deich gcinn de bharraidheacht ag ‘An Doirnealach.’ Mar sin de, is é an rud atá le socrughadh againn ciaca tá earráid cunntais ins an fhadhb nó tá ciall rúnda eighinteacht innte nach mbéadh ion-tuigthe ag aonduine ach ag an té a fuair tréineáil ealadhanta sa nua-Ghaedhilg. Ar an adhbhar sin, iarrfaidh mé ar an Ollamh Mac Bocstaí, ó's aige tá an ghramadach agus an fhoghraidheacht, iarrfaidh mé air a innse dúinn caidé an bharamhail atá aige-sean de'n chúis.” “Dar fiadh!” dubhairt mé fhéin in mo mheanmnaidh, “má théid ag Mac Bocstaí a innse caidé thug orm ‘naoi gconndae dhéag agus fiche’ a scríobhadh, tá eagna chinn aige nach samhólainn a leithéid a bheith aige. Na diabhal a rabh a fhios agam fhéin é bheith scríobhtha agam nó go bhfaca mé ar ‘An Ultach’ é.” Cibé ar bith, i n-áit freagar a thabhairt ar an Uachtarán, is é an rud a ghoir Mac Bocstaí chuige ar an Rúnaidhe. Chuaidh sé sin chuige agus ina dhiaidh sin chuaidh sé chuig prios millteanach mór a bhí ann agus d'fhoscail é. Agus a Athair Shíorraidhe! an rud a bhí sa phrios sin! Shíl mé, an chead uair, gur fathach tarnochta a bhí ann. Bhí sé comh mór le gearr-fhathach ar bith, agus an ghnúis a bhí air, ní dhearnadh a leithéid a tharraingt i gcló ariamh, bhí sí comh míofar sin. An chead amharc a fuair mé ar an diúnlach mhór seo, d'fhág an croidhe a áit agam le tréan na h-eagla. Ach d'imthigh sin díom i mbomaite, na d'athain mé nach duine beó a bhí ann ar chor ar bith. Ní rabh ann ach iomháigh — dealbh a bhí déanta i gcló fathaigh agus gan aon tuinnte amháin éadaigh air. Bhí sé ina sheasamh ar chinéal de bhocsa a rabh ceithre rothaí air; agus caidé rinne an rúnaidhe ach suidhe faoi ar thoiseach an bhocsa! Thóg sé a chosa cupla órdlach os cionn an urláir agus bhain casadh as rotha beag baoideach a bhí ar shleas tosaigh an bhocsa. Mhothuigh mé an furr-r-r, agus le sin féin ghluais an bocsa agus an iomháigh agus an rúnaidhe aníos an t-urlár mar bhéadh traen ann. Bhain an rúnaidhe casadh beag eile as an rotha annsin; stad an furr-r-r, agus sheasuigh m'fhathach breagh ag taoibh Mhac Bocstaí. D'éirigh sé sin ina sheasamh agus leag a ordóg ar chnaipe bheag gheal a bhí eadar dhá shlinneán an fhathaigh. Agus níor luaithe leag ná thainig léaródh solais i gcliabhlach an diúnlaigh sin. Agus ó mhullach a chloigne go h-íochtar a chuid scamhán chonnaic mé gach uile bhall dá rabh istigh ann — an píobán, agus an sine seadhain, agus an teanga bheag, agus an teanga mhór agus céad ball eile. Cinnte, ní rabh siad cosamhail leis na baill a bhéadh i bhfathach nádúrdha ar bith. Bhí cuid aca déanta de leathar, agus cuid aca déanta de mhaide, agus cuid aca déanta de chréfoig bhuidhe, agus dá réir sin. Sheasuigh Mac Bocstaí ag amharc air, agus a sháith bróid air, dar leat. Thug sé aghaidh ar an mhuinntir eile annsin agus aoibh phléisiúrtha air. “Anois, a cháirde,” arsa seisean, “is goirid go mbidh sibh ábalta an chúis a thuigbheáil comh maith liom fhéin.” Níor labhair aonduine aca-san, ach bhí siad ghá choimhéad go géar. Leag sé a mhéar tosaigh annsin ar chnaipe bheag dhearg a bhí i mbarr na sróna ag an fhathac, agus le sin thoisigh furr-r-r beag eile nach rabh baoghal ar comh tréan leis an trup a rinne an bocsa ag teacht aníos an t-urlár dó. Ag cur an fhathaigh i ngléas cainnte a bhí sé. Chonnaic mé na builg bheaga a bhí aige i n-ionad scamhán, chonnaic mé iad ag toiseacht a dh'obair, agus le sin thoisigh an fathach a tharraingt a anála. “Anois, a cháirde, éistigidh!” arsa Mac Bocstaí, agus d'fhoscail sé comhla bheag a bhí i gcúl mhuinéal an fhathaigh. Agus a leithéid de amharc murlán beag agus bhí annsin! Bhí na scórthaí aca ann, agus níor bh'ionann dath do bheirt ar bith aca. Bhain sé casadh as ceann a bhí i lár báire — ceann beag glas — agus siud ar obair cinéal de chlár bheag a bhí istigh i sceadamán an diúnlaigh. Ach chonnaictheas domh fhéin gur bheag a b'fhiú do Mhac Bocstaí a leithéid de shaothar a fhagháil. Bhí mé ag dúil go mb'fhéidir gur “Laoi na Sealga” a déarfadh an fathach, nó “Laoi an Arrachta,” nó rud eighinteacht ar bh'fhiú éisteacht leis. Ach focal ar bith a rabh ciall leis níor labhair sé ar chor ar bith. Agus is aige a bhí an glór garbh. Is iomdha ganndal a chuala mé a ba bhinne go mór ná é. Agus gan bhréig ar bith níor bh'éagcosamhail le ceileabhar ganndail an rud a dubhairt sé. “Ghéag-ghéag,” arsa seisean. “Ghéag-ghéag”; agus mhair an “Ghéag- ghéag” sin aige comh tomhaiste le buillí cluig. Ach mur rabh taitneamh mór ar bith agam-sa ar urlabhra an diúnlaigh, níor bh'é sin do Mhac Bocstaí. Bhí an dreach sásta sin air a tchífeá ar bholóig a gheobhadh a cheann leis fríd chuibhreann de choirce ghlas. Stop sé an clar beag; chuir as an solas a bhí i gcliabhlach an fhathaigh, agus shuidh síos. “Tá a fhios agaibhm caidé bhí ar obair agam,” ar seisean agus an aoibh sin air ar fad. “Dhéanfaidh mé an fhírinne leat,” ars an t-Uachtarán. “Ní'l a fhios agam faoi'n spéir caidé bhí ar obair agat. Ach creidim go bhfuil a fhios ag an Ollamh Ó Stailc.” “Tá baramhail agam,” arsa an t-Ollamh Ó Stailc, ach níor innis sé caidé an bharamhail a bhí aige. “Bhal,” arsa Mac Bocstaí, “an ball sin a chuir mé ar obair, bheir lucht foghraidheachta an ‘géaglamadóir’ air. Chan ag gach aonduine a bíos a leithéid, ach tá mé cinnte go rabh ceann aca ag An Doirnealach. Agus tá mé cinnte gur b'é an ball sin a ba chionnta leis a earráid a rinne sé. Naoi gconndae agus fiche a ba mhian leis scríobhadh. Ach siocair géaglamadóir a bheith aige, ní thiocfadh leis ‘gconndae agus’ a rádh mar ba cheart. Ba é an rud a déarfadh sé ‘gconndae-gheá-gus.’ Agus mar tá a fhios —” Dar fiadh! chuir sin mé fhéin i mbarr mo chéille. Agus is cosamhail go rabh mo racht comh tréan agus gur bhris sé cibé geasa a bhí orm. Fuair mé na cosa liom agus thug mé rúide anonn bealach an tábla. Ach bhí an t-urlár thar bheith sleamhain, agus thuit mé ar mo bhéal 's ar mo shrón. Chonnaictheas domh gur mhothuigh mé lucht na sean-fhadhb ag scig-gháire faom, agus chuir sin tuilleadh mire orm. Thóg mé mo cheann ag brath smachladh a rádh a chuirfeadh deireadh le n-a gcuid magaidh. Ach aon neach amháin aca ní rabh le feiceáil agam. Bhí siad ar shiubhal glan as m'amharc — iad fh'einm agus an fathach, agus an halla breagh agus gach aon chinéal. Agus bhí mé in mo shuidhe de chois an chlaidhe agus an dúdóg ina luighe ar an talamh ag mo chosa. Phrases: bhí ceann-gloine air - it had a glass roof an ceann a ba táire aca - the humblest, least pretentious of them dá mbéadh mo bhás de gheall leis - if my life depended on it ní thiocfadh liom cor ná bogadh a chur díom - I was incapable of the slightest movement an trup a bhéadh ag scaoith eala agus iad ar eiteógaigh - the sound of a flock of swans flying by thainig ceathrar fear isteach ar an pholl - four men entered through the aperture char mheath mo bharamhail orm - my judgement proved correct bhí oiread casaidheacha i ngach aon leitir aca - every letter had so many twists and turns leig sé a dhruim siar le cúl na cathaoire - he leaned back in his chair tá a cliú curtha ar thalamh slán - its fame has been securely established chan dá athrach is cóir a bheith buidheach - the entire credit is due to it ghoir sé chuige ar an rúnaidhe - he called over the secretary d'fhág an croidhe a áit agam - my heart jumped with shock dealbh a bhí déanta i gcló fathaigh - a figure made in the form of a giant shuidh sé faoi ar thoiseach an bhocsa - he sat down on the front of the box thóg sé a chosa cupla órdlach os cionn an urláir - he lifted his feet a few inches off the ground bhain sé casadh as rotha beag baoideach - he turned a small wheel leag sé a ordóg ar chnaipe bheag gheal - he pressed a small white button with his thumb déanta de mhaide - made of wood ag cur an fhathaigh i ngléas cainnte - preparing the giant to speak a leithéid de amharc murlán beag - what a lot of small buttons níor bh'fhiú dó a leithéid de shaothar a fhagháil - it wasn't worth all his trouble comh tomhaiste le buillí cluig - as measured, regular as the ticking of a clock chuir sin mé féin i mbarr mo chéille - it infuriated me fuair mé na cosa liom - I managed to stand up