Lucht filidheachta ar a bhféacháil An Doirnealach An t-Ultach 12:10 (1935) lgh 1–3 An tríomhadh brionglóid a rinne mé, ní rabh sí éagcosamhail leis an dara ceann. I gcúirt an dlighidh a bhí mé arís, dar liom, agus bhí Maghnus cóir ina bhreitheamh mar bhí an uair eile. Ach ní rabh mé ar a' ghoiste an iarraidh seo, de bhrigh de nach rabh goiste ar bith ann. Ba chosamhail gur síleadh nar bh'fhiú goiste a chur ar chás ar bith dá rabh le theacht i láthair na cúirte an oidhche seo, Trí chás a bhí ann, agus bhí na príosúnaigh ina mbocsa fhéin nuair a thoisigh an bhrionglóideach agam. “Cuirfimid féacháil ar na príosúnaigh de réir mar tá a n-ainmneacha i ndiaidh a chéile ar an liosta seo,” arsa an breitheamh. “Ainm an Ollamh Mhic Cáthbhruith an chead ainm ar an liosta — mar sin de, éirigheadh Mac Cáthbhruith ina sheasamh go gcluinidh sé caidé an choir atáthar a chur síos dó.” D'éirigh duine de na príosúnaigh ina sheasamh; agus an té tchífeadh é, déarfadh sé nar bh'olc ar chor ar bith a thainig a shloinneadh dó. Bhí an dreach sleamhain buidhe sin air a bhéadh ar cháthbhruith ó aréir ann agus é lom go maith nuair a dóirteadh amach ar scála é. D'amharc sé fá dtaobh de, agus chonnaictheas domh fhéin gur chnap na guailneacha aige nuair a thainig a shúil ar Mhac Uí Ghaedhil. Bhí sé sin ag feitheamh air mar bhéadh cat ag feitheamh ar luchóig, agus b'fhada leis, shílfeá, go n-iarradh an breitheamh air ghabhail i gcionn oibre. Ach níor coinnigheadh mórán cúil air. Fhad 's bhéitheá a' do choisreacadh fhéin mhair an breitheamh ag amharc ar an Ollamh Mhac Cáthbhruith agus annsin d'iarr sé ar Mhac Uí Ghaedhil toiseacht. Siud de léim ina sheasamh Mac Uí Ghaedhil agus an glór dian sin aige a chuirfeadh deann fríd do chluasa. “A bhreithimh,” ar seisean, “is í an choir atá mé a chur síos do Mhac Cáthbhruith seo go dtug sé iarraidh ealadha mhagaidh a dhéanamh de fhilí na Gaedhilge, agus —” “Fan go fóill,” arsa an breitheamh. “An bhfuil fear cosanta ar bith ag an phríosúnach seo? An bhfuil, a phríosúnaigh?” D'amharc an príosúnach air go bodhmánta. “Nach dtuigeann tú mé?” arsa an breitheamh agus iongantas an domhain air. “Gabh mo leith-scéal,” arsa an príosúnach go crith- eaglach. “Ní thuigeann mé tú go maith. Is fada ó shoin do bhíos sa Ghéaltacht.” “Fear cosanta,” arsa an breitheamh. “Fear cosanta. Fear dlighidh a dhéanfadh do chosnamh — an dtuigeann tú? An bhfuil fear cosanta agat?” “Ó, seadh,” arsa an príosúnach. “Do bhí sé chun do bheith agam. Ach anois ní'l sé chun do bheith agam. Níor léigh sé ‘Ag Siabadh a's ag Slugadh’ go léir, is dóigh liom, fós.” “Tuigim,” arsa an breitheamh, “tuigim. Tá go maith. Labhair leat, a Mhic Uí Ghaedhil.” “Thug sé iarraidh ealadha mhagaidh a dhéanamh de fhilí na Gaedhilge, a bhreithimh,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Scríobh sé leabhar ar b'ainm dó ‘Soláthar Suadh,’ agus tá oiread béalastanacht' sa leabhar chéadna agus chuirfeadh fuath na filidheachta faoi dhuine chomhthrom ar bith. Agus ní fhágfaidh mé a chruthughadh sin i muinghin m'fhocail fhéin, a bhreithimh,” ar seisean. “Tá triúr fiadhnaise sa láthair — triúr a bhfuil trácht ar a gcuid oibre i ‘Soláthar Suadh,’ agus, má's toil leat é, cuirfidh mé ceist ortha-san fá na gnaithí.” Le linn é bheith ghá rádh sin d'amhairc mé anonn, an áit a rabh triúr fear ina suidhe agus iad ag cogarnaigh eatortha fhéin. D'athain mé duine amháin aca — Cathal udaí a bhí i gcuideachta na triúire eile a bhí ag cainnt ar an fheart-laoi. Níor chumhan liom go bhfaca mé aonduine de'n bheirt eile ariamh roimhe. Seanduine lom cnámhach a bhí i bhfear aca, agus, an chead amharc a fuair mé air, chonnaic mé gur bh'fhear dall é. Ach b'fhuras a aithne ar a aghaidh nach rabh daille ar bith ar an intinn aige. I dtaca leis an fhear eile de, bhí cuma shaoitheamhail shultmhar air, agus bhí deallradh greannmhar ina chuid súl a bhéarfadh ort taitneamh a thabhairt dó. “Cé na fiadhnaisigh iad?” arsa an breitheamh. “C'ainm iad?” “Antoine Ó Reachtaire is ainm do'n chead duine aca,” dubhairt Mac Uí Ghaedhil; “agus le do thoil-se, a bhreithimh, léighfidh mé giota as ‘Soláthar Suadh,’ agus fiaf- róchaidh mé de Antoine caidé a bharamhail de.” “Ní miste sin a dhéanamh, creidim,” ars an breitheamh. “Bí ag éisteacht, a Mhic Uí Reachtaire.” “Béidh, cinnte,” arsa an seanduien lom agus chuir sé cluas le h-éisteacht air fhéin. Thoisigh Mac Uí Ghaedhil agus léigh sé an giota seo as “Soláthar Suadh”: “Mise Reachtaire an file, Lán dóchais agus grádha, Le súile gan solas, Le ciúnas gan crádh. “Dá mba rud gur bh'eadh é nar chum an Reachtaireach aon líne filidheachta eile ach na línte sin, do bhéadh, dom' dhóigh-se, agus de dhóigh a lán daoine nach mé, agus gur luachmhaire a dtuairim ná mo thuairim-se féin, seód ana-áluinn i gc'róin ar dteangan máthardha cumtha aige; agus is cinnte nar chum sé aon líne i n-aon abhrán dar chum sé aon uaire ariamh atá aon phoinn níos fearr ná na línte sin,” “Caidé do bharamhail de'n méid sin, a Antoine?” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Caidé do bharamhail de'n mholadh a rinne Mac Cáthbhruith ar ‘Mise Reachtaire an file’?” “An ghá mholadh bhí sé?” arsa an Reachtaireach. “Ní cheilfidh mé an fhírinne, a dhuine uasail. Ní rabh a fhios agam ciaca moladh nó cáineadh a bhí dhá dhéanamh aige.” “Ghá mholadh bhí sé,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Is é an rud a bhí sé a mhaoidheamh go bhfuil sin ar ghiota comh maith agus chum tú ariamh. Caidé do bharamhail fhéin?” Thóg an Reachtaireach a lámh agus chuaidh sé a thochas a chinn. Labhair sé ar ball beag. “Maise, a dhreáthairín,” ar seisean, “ní h-é mo mheas go dtainig a leithéid de chainnt as mo bhéal ariamh. Má tháinig, féadann tú bheith cinnte nach rabh mé agam fhéin san am. Má dubhairt mé a leithéid de smachladh ariamh, bí cinnte go rabh an soilear foscalte i mBaile Uí Liaigh, an oidhche roimh ré.” “Ach caidé do bharamhail de, cibé ar bith?” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Cuirim i gcás gur tú chum é, ciaca is fearr é fhéin ná cuid de na rudaí eile a chum tú?” “Ciaca is fearr sin ná cuid de na rudaí maithe a chum mé!” arsa an Reachtaireach go fadálach. “Maise, caithfidh mé a rádh gur aisteach an saoghal atá ann nuair a fhiafruighthear de dhuine ciaca is fearr griodán an bhainne ná an t-uachtar!” “Is leór sin,” arsa an breitheamh. “Ní'l gnaithe le n-a thuilleadh ceastórachta fá'n méid sin. Cé an chead fhiadhnaise eile?” “Brian Merriman,” arsa Mac Uí Ghaedhil, “Brian Merriman, fear a bhfuil eólas maith ar ghnaithe cúirte aige.” “Is é sin mo cheart,” arsa Brian agus aoibh gháire air. “Is amhlaidh is fearr,” arsa an breitheamh. “Tabhair cluas do'n méid atá le léigheadh ag Mac Uí Ghaedhil, a Bhriain.” Thoisigh Mac Uí Ghaedhil: “Dath na locha agus gorm na dtonn Ag teacht go tolgach, torannach, trom. “Ó na línte seo is follas gur thuig Brian Mac Giolla Méidhre cad ba onomatopoeia ann. Ins na foclaí ‘Ag teacht go tolgach, torannach, trom’ cloisimíd cainnt na dtonn go h-ana-soiléir ar fad.” “Caidé do bharamhail de sin, a Bhriain?” “Baramhail mhaith,” arsa Brian agus é ag tabhairt bruideadh do'n Reachtaireach. “Ach nach bhfuil a thuilleadh le rádh agat fá'n chúis?” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Maise, ní'l mórán ar bith,” arsa Brian. “B'fhéidir go mbéadh a thuilleadh le rádh agam, dá mbéadh aithne agam ar Bhrian Mhac Giolla Méidhre.” “Tú fhéin Brian Mac Giolla Méidhre,” arsa Mac Uí Gaedhil. “Ar scor ar bith, sin an t-ainm a thug an príosúnach ort.” “Go díreach,” arsa Brian. “Bhal ní abróchaidh mé ach an méid seo. Go mairidh an príosúnach an dá chluais ghéara atá aige. Is mairg gan a leithéidí agam fhéin — agus braon beag de'n onomatopoeia, má tá maith ann.” “Tá go maith, a Bhrian. Dhéanfaidh sin cúis,” arsa an breitheamh, agus aoibh an gháire air. “Cathal Mac Giolla Gunna an tríomhadh fiadhnaise, tchím. Cá bhfuil sé?” Cibé uair a d'imthigh Cathal, ní rabh sé le feiceáil thíos ná thuas, ach d'innis an Reachtaireach do'n bhreitheamh caidé mar bhí. “Chuaidh sé amach,” arsa an Reachtaireach. “Dubhairt sé gur thirm an chlúid teach an dlighidh ag daoine a bhéadh ag cainnt ar fhilidheacht. Agus bhéinn fhéin leis, maise, ach gur mhaith liom fanacht go n-iarrainn oraibh gan bheith ró- throm ar an tsompla príosúnaigh seo.” “Tchím,” arsa an breitheamh; “agus tá an deagh-ghuth in do bhéal, a Antoine. Ní bhéidh mé ró-throm air. I ndiaidh na fiadhnaise a tugadh ina éadan indiu, ní thig leis mórán dochair a dhéanamh feasta. Cuirfidh mé go príosún Ailt na Lach é, agus leigfear a cheann leis, an lá céadna a leigfear amach an t-Ollamh De Geabairlín.” •••• Scairteadh ar an dara príosúnach annsin. Bhí sé ina fhear comhthrom go leór, de thairbhe méide agus meadhchain de; ach, an chead amharc a bhéarfá air, d'aithneóchá nach rabh ann ach cinéal de leath-dhuine. Agus de réir mar dubhairt Mac Uí Ghaedhil, ní rabh sé leis fhéin mar sin san áit ar b'as dó. Bhí sé ina uachtarán ar “Chúirt Bundún” ins an áit sin, agus “Bundúnacht” an choir a bhíthear a chur síos dó. Bhí rámás cumtha aige, agus thug sé fhéin agus na bundúin eile iarraidh a chur i n-umhail do na daoine gur cheart “dán náisiúnta” a dhéanamh de — gur bh'é ba cheart a cheóladh, lá a mbéadh griollsa ar bith ar leith i gCróc Park, agus dá réir sin. “Léigh ceathramhadh amháin de'n dán,” arsa an breitheamh, agus léigh Mac Uí Ghaedhil an cheathramhadh seo: “Measaim, a rún, nach dúr an duan Cantain i dtiúin ag sugh na suadh; Canfam ar lúth ár liúgh gan ghruaim — Banba ar múscailt, hurú, hurua!” Le h-obair mhór a rinne an breitheamh rún ar na gáirí nuair a chuala sé an cheathramhadh; agus chan rún a rinne aonduine eile ar a racht nuair a chuala siad an breitheamhnas a tugadh ar an té a chum an dán .i. troscadh dhá lá a dhéanamh, am ar bith ní ba mhó a mhothóchadh sé cuisle na filidheachta ag cur air. •••• An tríomhadh príosúnach a bhí ann, bhí cuma iongantach ghalánta air. Ní rabh a dhath de mhoill a aithne air gur mheas sé é fhéin a bheith dornán maith céimeanna os cionn na beirte eile. Agus ba neamh-iongantach dó sin, dá mbéadh unnsa inntleachta aige os coinne gach aon teideal dá rabh fáighte aige de thairbhe filidheachta. Ach cibé daoine a thug na teidil dó, ní rabh mórán beinne ag Mac Uí Ghaedhil ortha. Ag tarraingt dímeasa an domhain mhóir ar náisiún na h-Éireann an choir a chuir sé síos do fhear na dteideal. “Caithfear cosc a chur ar an bhéalastanacht seo, a bhreithimh,” ar seisean. “Caithfear a thabhairt le taisbeáint do'n tsaoghal nach náisiún amadán sinn. Agus cé chreidfeadh nach eadh, má leigtear do'n phríosúnach seo bheith ag rámás leis agus ag cur i n-umhail do choimhthighigh gur b'é ‘Ollamh Fódla’ go fíor é.” “Bhfuil an dadadh dá chuid filidheachta agat?” arsa an breitheamh. “Tá leabhar dá chuid annseo,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Tá dán áirithe sa leabhar, agus deir bunadh an phríosúnaigh nar cumadh a leithéid le feabhas sa Ghaedhilg ariamh go dtí é. ‘Uaigneas thar Lear’ an t-ainm atá ar an dán, agus seo an cheathramhadh is mó fuair moladh dá bhfuil ann. ‘Súil go sáimh ag éasca; Drúcht dá dháil go h-éascaidh; Tamhthann madaidh I bhfad ó bhaile — Oidhche dheas i n-Éirinn.’” “Maise, maise,” ars an breitheamh. “Is olc sin. Bhal, ní'l neart air. Cibé dóigh a bhfuair an príosúnach seo a chuid teideal, tá siad aige; agus is amhlaidh is troime a choir. Mar sin de, tá mé ag órdughadh a chur chun an phríosúin, agus caithfidh sé fanacht annsin, san aon- phlochóig le boc gabhair, nó go ndéanaidh sé trí phunnta ar meadhchain de olainn a bhearradh de'n bhoc.” FRÁSAÍ ar a bhféacháil - on trial de réir mar tá a n-ainmneacha i ndiaidh a chéile - in the order in which they are named níor bh'olc a thainig a shloinneadh dó - his name well suited him chnap na guailneacha aige - he cowered chuirfeadh sé fuath na filidheachta fút - it would give you a dislike for poetry, it would put you off poetry is é an rud a bhí sé a mhaoidheamh - what he meant to say was, he was trying to say that ag tabhairt bruideadh dó - giving him a nudge leigfear a cheann leis - he will be released rinne sé rún ar na gáirí - he suppressed the urge to laugh