Feart-laoi Sheathrúin An Doirnealach An t-Ultach 14:8 (1937) lgh 1–3 Cibé is ciall domh le tamall, tá mé iongantach tugtha do bheith ag brionglóidigh fríd mo néalta. Agus is iomdha rud aisteach a tchíthear domh. Oidhche amháin ar an mallaibh, chonnaictheas domh gur in mo shuidhe ar laftán beinne a bhí mé. An tráthnóna a bhí ann, shíl mé — tráthnóna ciúin samhraidh agus an lán mara ag teacht aníos an gaoth comh suaimhneach agus shiubhailfeadh scamall ar spéir soininne. Bhí mé ag breathnughadh uaim go pléisiúrtha ar chnoc agus ar chuan, agus le sin thainig ceathrar fear agus shuidh siad ar leic a bhí tuairim a's ar fhad coiscéim síos uaim. Ní thug siad fá dear ar chor ar bith mé. Agus b'iongantach liom nach dtug, mur mbéadh ann ach an cliseadh a baineadh asam comh luath agus thainig siad ar m'amharc. Bhí éideadh Órd Naomh Proinnsiais ar dhuine aca — fear a rabh dreach scoláir air, má bhí sin ar aon fhear ariamh. Fear eile dá rabh ann, b'fhuras a aithne air gur phearsa eaglaise é, aindeóin nach rabh éideadh óird ar bith air. Agus gidh go rabh gnúis mhuiglidhe go leór air, níor dheacair a aithne go rabh mí-shásamh éigin air, ins an am a bhí i láthair. An tríomhadh duine, bhí éadan breagh fearamhail air, agus bhí cóiriughadh air de'n chinéal a bhíodh ar uaisle na h-Éireann tuairim a's ar cheithre chéad bliadhain ó shoin. Bhí claidheamh crochta le n-a scoróig aige, fosta; agus dhéanfá amach, ar dhóigh éigin, go mbainfidhe feidhm ar foghnamh as an chlaidheamh chéadna, i n-aimsir catha a's gleó. I dtaca leis an cheathramhadh duine de, ní rabh ann, de réir chosamhlachta, ach fear comhthrom tíre. Ach caidé an dá shúil ghreannmhara a bhí aige! Agus badh eisean an chead duine aca a labhair ó thainig siad ar m'éisteacht-sa. Thug sé a aghaidh ar an phearsa eaglaise — an fear a rabh an chuma mhí-shásta air. “Maise, a Sheathrúin,” ars seisean, “is doiligh liom a chreidbheáil go rachadh mac Gaedhil ar bith a thabhairt dímeas' duit. Agus, ar scor ar bith, nach ar shéala bheith ag tabhairt onóir duit a bhíthear?” “Is é sin an rud do mheasas féin, a Chathail,” arsa Seathrún. “Ach má's ag tabhairt onóir domh do bhíodar, créad fáth nar scríobhadar m'fheartlaoi ins an teangaidh Ghaedhilge? Nach innte ba chuibhe agus ba chóir a scríobhadh?” “Mur scríobhadh siad i Laidin í, cionn's tú bheith in do phearsa eaglaise,” arsa Cathal agus loinnir bheag shaoitheamhail ins na súile aige. “Dá scríobhadh féin, is cinnte go léighfinn gan duadh ar bith í,” arsa Seathrún. “Ach cibé teanga as ar bhaineadar úsáid, táim-se comh dall uirthe agus do bhéinn ar Araibis.” “An bhfuil an páipéar leat, a Sheathrúin?” arsa fear an chlaidhimh. “Taisbeán dúinn é, le do thoil, go bhfeicimid an féidir tuigse ar bith a bhaint as.“ Chuir Seathrún a lámh i bpóca a chasóige; tharraing páipéar nuaidheachta as an phóca, agus shín do fhear an chlaidhimh é. “Sin agat é,” ar seisean; “ach is eagal liom, a Mhaghnuis, nach dtuigfir é ach oiread agus tuigim féin é.” “Leitreacha na Gaedhilge atá air,” arsa Maghnus, agus é ag breathnughadh an pháipéir. “Is eadh; agus, dar fiadh! tá corr-fhocal Gaedhilge ann, thall agus i bhfos. B'fhéidir gur b'í an tsean-Ghaedhilg chian-aosta atá innte — an teanga a bhí ag an dream ó'r shíolruigh Míle mór féin. Seo dhuit, a Mhícheáil,” ar seisean agus é ag tabhairt an pháipéir do'n Phroinnsiasach, “Dearc-sa air. Má's eól do Ghaedheal ar bith caidé is ciall dó, bainfidh tusa tuigse as. Scríobh tú féin corr-rud a mheas mé bheith duibheagánach go leór.” Bheir Mícheál uaidh ar an pháipéar; agus, ó's é bhí i n-a shuidhe go díreach romham, d'fhág sin an páipéar ar m'amharc fhéin. Thainig fonn as miosúr orm a fhagháil amach caidé bhí ag caitheamh rotha, agus fuair an fonn sin mo bhuaidh. Chrom mé chun tosaigh go fáilthidhe; agus, go h-ádhmhail, níor chosamhail go rabh a fhios ag aonduine aca mé bheith dhá gcomhair, ar chor ar bith. Cuid de'n ghiota a bhí faoi scrúdughadh aca, bhí sé priontáilte i leitreacha móra dubha, agus ní rabh moill orm an méid sin a léigheadh. Seo an rud a bhí ann: “Tógtha ag an bpobal Gaedhealach, mar cuimh- neacháin do Sheathrún Céitinn, an t-éigeas do-dhin, tré n-a árdsaothar doluachuighthe agus doidhearúdta an seanchas Éireann d'eagrú agus do pheannú ar phár, i n-aois nuair do bhí an aigne Ghaedealach, de dheascaibh ainriail allúrach, do cuireadh i bhfeidhm, ar feadh cúig céad bliadhan, i staid do bagair leigint dár gcultúr féinig do bheith báidhte i dtuilidh neamh-shuime. “Do bhí sé go bíng a's go crúing i ngach slighe b'fhéidir; A bhínge 's a chrúinge do scrí sé do b'fhír-éachtach; Puíng a's níor scrí sé gan stíl agus rí-théarmaí; 'Sé is bínge 's is crúinge dar shíolruigh ó Shíol Éabha.” Bhí sé léighte agam fhéin fada sean-chaithte sul a bhfuair Mícheál treabhadh fríd go deireadh; ach i ndiaidh a bhfuair sé ó shaothar uaithe mar fheart-laoi, ní thainig leis bun nó barr a dhéanamh dí. “Ní sean-Ghaedhilg ar bith atá ann,” ar seisean ar ball. “Ní'l creat ná cosamhlacht sean-Ghaedhilge air. Ní'l, agus ní'l sé ar na glas-uaí féin de ghaol le Gaedhilg ar bith dá rabh ariamh ann — dá bhfuil a fhios agam-sa.” “B'fhéidir,” arsa Maghnus, “gur Breathnais atá ann. Giraldus udaí a bhí i n-Éirinn seal tamaill, bhíodh sé ag maoidheamh gur bh'é an rud a ghoid na Gaedhil dornán maith focal ó na Breathnaigh.” “Maise,” arsa Seathrún, “cibé rud atá ann (níor dubhairt sé ‘pé rud’ ar choir ar bith) cibé rud atá ann, ba mhaith liom a fhios do bheith agam cad is ciall dó.” Le sin d'amharc Mícheál ar Chathal, an áit a rabh sé sin i n-a shuidhe agus aoibh bheag gháire air. “Dearc arís air, a Chathail,” ar seisean. “B'fhéidir gur tú a b'fhearr a bhéarfadh chun léire é. Is tú is deireannaighe thainig anall, agus bhéadh baramhail agat fá ciaca b'fhéidir nó nar bh'fhéidir a leithéid de phrácás a bheith ann anois i n-áit na Gaedhilge.” Bheir Cathal ar an pháipéar, agus thoisigh sé dhá léigheadh; agus ní dhéanfaidh mé dearmad choidhche de'n chuma rógánta a thainig air. B'fhuras a aithne air gur a sháith a bhí sé a thabairt dó na gáirí a choinneáil istigh. Bhí Maghnus ag coimhéad air, agus ní rabh sé fhéin saor ó aoibh bheag ghreannmhar a bheith air. “Caidé do bharamhail de, a Chathail?” ar seisean, ar ball. “Ar bh'fhéidir a leithéid de chanamhain a bheith i gcearn ar bith de chúig cúigidh na h-Éireann?” “Maise,” arsa Cathal, agus é ag baint liomóg as a ghaothsán, “ní'l mé ghá rádh nar bh'fhéidir. Bheir sé in mo cheann corr-rud dar chuala mé fhéin — ach go díreach go mb'fhearr liom, i gcead a chóta do Sheathrún, gan seo a chur i gcosamhlacht leó.” “Cad do chualais, a Chathail?” arsa Seathrún. “Innis dúinn é, olc maith é.” “Bhal,” arsa Cathal, agus é ag amharc uaidh ar an fhairrge, “ní maith an chuimhne atá agam ar a leithéidí. Ní fhacthas domh ariamh gur bh'fhiú éisteacht leó, chan eadh amháin bheith ag féacháil le n-a gcur ar cuimhne. Ach bhí ceann aca, agus seo an tús a bhí air: ‘Ag gabhail fríd an choileach domh chuala mé an choillidh ag scairtigh. Thuit mé sé chollach ar mhullach agus bhain sé froc as mo phlaic. D'imthigh mo chorp an méid a bhí ionnam, agus níor bh'fhada sa rása mé nó gur steall mé díom mo mhaidean. Bhí an bearád as miosúr te, agus’ —” Níor leigeadh dó a thuilleadh de'n rámás a rádh. Ní'l léigheadh, nó scríobhadh, nó innse béil ar an dreach bhuartha a thainig ar Sheathrún nuair a chuala sé an rud a mheas Cathal a bheith cosamhail leis an fheart-laoi. “An féidir, a Chathail,” ar seisean, “an féidir go gcreidir gur ráiméis de'n chinéal sin do cuireadh ar leic mo thuamba-sa i mbréig-riocht feart-laoi?” “Maise, a dheárthair,” arsa Cathal, “ba doiligh liom a chreidbheáil. Agus níor dhubhairt mé go gcreidim é — ach amháin de go dtug an feart-laoi in mo cheann é. Cibé ar bith, dubhairt Maghnus go bhfuil corr-fhocal Gaedhilge ins an fheart-laoi. Caidé na foclaí iad? Ní'l a fhios nach rachadh againn seort éigin tuigse a bhaint asta-san.” Bheir Seathrún ar an pháipéar, agus ní luaithe bheir ná chuir sé cár air fhéin mar dhéanfadh tachrán a mbeithidhe ag iarraidh air prugóid sáls a chaitheamh. “Pobal Gaedhealach!” ar seisean. “Créad fá mbeithidhe ag cainnt ar phobal Gaedhealach? Ar ndóigh, ní rabh roinn ar bith agam-sa le pobal ar bith ariamh ach le pobal Gaedhealach. A rádh 's de go samhólaidhe domh go mbéadh baint nó páirt agam le pobal Gallta! Ba leór dóibh a leithéid do luadh, dá mba ag cainnt ar Mhaolmhuire Mhac Craith do bhíodar.” Chroith sé a cheann go samhnasach, agus d'amhairc sé ar an pháipéar arís. “Tá m'ainm annso — Seathrún Céitinn,” ar seisean. “Ach cad é an chliú atáthar a chur liom? Seathrún Céitinn, an t-éigeas do-dhin —! Cad é an cinéal éigis ‘éigeas do-dhin.’” “Cha dtig liom a rádh,” arsa Cathal. “Ach b'fhéidir go bhfuil a fhios ag Maghnus nó ag Mícheál.” “Ní'l a fhios agam=sa,” arsa Maghnus. “Ach ní'l an deagh-chuma ar an fhocal. Ní mheasaim gur cliú ró- mhaith ar bith do phearsa eaglaise a leithéid a rádh leis.” “Is é mo mheas fhéin nach focal Gaedhilge ar chor ar bith é,” arsa Mícheál. “Óraice nó neamh-óraice é, ní'l ciall ar bith agam-sa de.” Chuaidh an Céitinneach a sháthadh an pháipéir i bpóca a chasóige arís, agus ba é an chuma a bhí air go mb'fhearr leis gan an seanchus a chur ní b'fhaide. Ach choisc Maghnus é. “Fan go fóill,” arsa Maghnus. “Dearc ar an fhilidheacht. Caidé tá ráidhte ag an aos dána fá dtaobh díot?” Leig an Céitinneach an páipéar le Maghnus, agus léigh sé an fhilidheacht dhá uair i ndiaidh a chéile. “Ní thuigim ar chor ar bith é,” ar seisean ar ball, “ainneóin gur ghnáthach liom fhéin corr-cheathramhadh a chur i gcionn a chéile. Caithidh sé gur canamhain an-aosta atá ann. dearc-sa air, a Mhícheáil.” Rinne Mícheál mar h-iarradh air, ach sháirigh air maith a dhéanamh. “Ní'l dul agam ciall ar bith a bhaint as,” ar seisean, “agus tá an mheadaracht comh coimhthigheacht leis an chainnt agam. Ar chuala tú a leithéid ariamh, a Chathail?” “Ní'l sé éagcosamhail le ceathramhadh a chum Aodhagán cóir,” arsa Cathal agus rinne sé draothadh beag gáire. “Caidé an cheathramhadh í?” arsa an Céitinneach. “Tá,” arsa Cathal: ‘Brisid fá scige go scigeamhail buidhean ghruagach A's fuireann de bhruinnealaibh sioscaithe dlaoi- chuachach; I ngeimhealaibh geimheal mé cuirid gan puinn suaimhnis, 'S mo bhruinneal ar bruinnibh ag bruinnire bruinn- stuacach.’” Rinne an Céitinneach mío-stá iongantach ar Chathal. “A Chathail,” ars seisean, “is maith atá a fhios agat gur b'é an dán céadna sin dioghadh dar chum Aodhagán bocht ariamh. Bíodh trócaire ionnat, agus leig an deilín sin ar dearmad. An té do chum é, níor bh'fhearr leis rud maith ná gan a chluinstin choidhche arís, agus ní cóir bheith ag cuimhniughadh a chuid baoise dó.” “Maise,” arsa Cathal, “má tchíthear dó-san gur deilín baoth an dán sin, ní h-é sin an rud a tchíthear do aos léighinn na h-Éireann ins an am i láthair. Is é a mbaramhail go bhfuil ‘Gile na Gile’ ar an dán is foirbhthe agus is fíor-dheise agus is fíor-chumtha agus is fíor- choscaraighe dar cumadh arimah i dteangaidh ar bith de sheacht dteangthacha an domhain thiar.” “Caidé bheir ort sin do rádh?” arsa an Céitinneach agus cuma air nach rabh sé ag creidbheáil na cainnte a dubhairt Cathal cóir. “Innseóchaidh mise sin duit, a Sheathrúin,” arsa Cathal go ládasach. “Admhóchaidh tú fhéin go mbíonn a fhios ag Pádraig agus ag Colum an mhór-chuid dá mbíonn ar cois i n-Éirinn — na-nach n-admhóchaidh?” “Admhóchaidh, ar ndóigh,” arsa an Céitinneach. “Bhal,” arsa Cathal, “chuala mise an bheirt aca ag comhrádh le chéile annseo tráthnóna amháin, an tseachtmhain seo chuaidh thart. Bhí siad ag cainnt ar an mheath a thainig ar an tsean-teangaidh agus tharraing Colum air an dán ceannann céadna a bhfuilmid fhéin ag cainnt air. ‘A Phádraig, a dheárthair,’ ar seisean, ‘cé shílfeadh go dtiocfadh an t-am a mbeirfeadh a leithéid de dhaille intinne ar chlanna Geadheal? Cé shamhóladh go dtiocfadh an t-am nach n-aithneóchaidhe idir filidheacht agus macasamhail “Gile na Gile”? — ‘Thainig sé, a Choluim, agus ní'l neart air,’ arsa Pádraig. ‘Tá dálta an duine fhéin ar an Ghaedhilg. Is dual do'n duine bheith seal i bpian-pháis agus é ag fágáil an tsaoghail ud thall. Tá an Ghaedhilg bhocht ag gabháil sa déidheannach agus tá a pian-pháis féin aice le cur thairste. Tá sí dhá bascadh agus dhá briseadh ag ollamhain gan eolas agus ag oidí gan eagna chinn. Ach altugadh do Dhia, ní mhairfidh sí i bhfad ins an chruth sin. Is gearr go mbidh sí san áit a dtabhairfidh sí a ndubhshlán uile go léir.’” “Tchím go díreach,” arsa an Céitinneach go buartha. “Maise, ó thárla mar sin an chúis, ní curtha i n-iongantas an feart-laoi gan dóigh do bhreacadh ar leic mo thuamba-sa. Mar sin fhéin, ba mhór an truagh a bás, mar Ghaedhilg. Agus is mó an truagh í do bheith ins an ainriocht i n-a bhfuil sí.” Ar rádh an cainnte sin dó, thoisigh sé a dh-imtheacht as m'amharc mar d'imtheóchadh cnap ceó nó toite. Thoisigh — é fhéin agus an triúr a bhí i n-a chuideachta. Agus le linn é bheith ag éirghe doiléir agam dubhairt sé cupla focal a d'fhan in mo chuimhne ariamh ó shoin — “Cé'r bh'árd a cáil de bhárr a labhartha líomhtha, 'Na h-áit ní'l fágtha ach gráglach dobhrán 's daoithe!”