“Is” An Doirnéalach An t-Ultach 14:9 (1937) lgh 4–5 Fear nach bhfaca mé le ní'l a fhios ca fhad go dtí sin, casadh orm é, lá amháin i dtús an tsamhraidh, agus caidé tharraing sé air ach gnoithe gramadaighe! Is iomdha rud a ba deise do'n chroidhe agam, ach bhí oiread le rádh aige siud agus é comh dian fá dtaobh de agus gur sháruigh glan orm neamh-shuim a dhéanamh de n-a scéal. Thug sé bail na madadh orm cionn's go bhfuair mé de dhánacht a dhearbhughadh os coinne cláir go mb'fhéidir do scoláirí móra na Gaedhilge meangcóg ar bith a dhéanamh. “Bhí tú ag cainnt ar rud nach rabh ciall agat dó, a Dhoirnéalaigh,” ar seisean, “agus má tá tú 'gheall ar eolas ar bith ar Ghaedhilg a bheith choidhche agat, dhéanfaidh tú mo chomhairle-se.” “Agus caidé an chomhairle a bhéarfá domh?” deirim fhéin. “Bhail,” ar seisean, “bhí tú ag cainnt ar an bhriathar, IS, agus bhí cúl do chinn leis na gnoithe. Ní rabh agat ach an rud a bhain tú as leabhartha a scríobh na fir chliste sin, agus gan tú ag tuigbheáil a leath. Innis seo domh,” ar seisean. “An rabh tú ag comhrádh le aon fhear aca ariamh, sa dóigh a dtiocfadh leis an scéal a mhíniughadh duit i gcainnt shimplidhe de'n chinéal a thuigfeá i gceart?” “Maise, ní rabh,” arsa mise. “Ach ní fhacthas domh ariamh gur díothbháil ‘simplidheacht’ a bhí ar a gcuid cainnte. Ba é an rud a chonnaictheas domh gur bh'í ba ‘simplidhe’ dar chuala mé nó dar léigh mé le mo shaoghal beatha.” “Seo!” ar seisean go h-iongantach dairíribh, “fág an magadh 'do dhiaidh, agus déan mar iarrfaidh mise ort.” Bhail, leis an scéal fhada a dhéanamh goirid, thoiligh mé go ndéanfainn a chomhairle; agus ba í an chomhairle í ghabhail chun cainnte le h-ollamh dar b'ainm Fios Mac Faisnéise. Agus chuaidh. Ceart a choidhche, bhí Fios iongantach caoidheamhail, agus labhair sé liom mar labhairfeadh deagh-liaigh le duine a mbéadh easláinte mhór air. “Dhéanfaidh mé mo dhíthcheall duit, a Dhoirnéalaigh,” ar seisean. “Tá a fhios agam, ar ndóigh, nach bhfuil agat- sa ach déanamh do ghnoithe de Ghaedhilg agus de Bhéarla, agus nach bhfuil eólas agat ar theangaidh ar bith eile. Agus an té ar mhaith leis gnoithe IS a thuigbheáil i gceart, bhéadh sé de dhíothbháil air dornán maith teangthach diomaoidhte díobhtha sin a bheith aige.” Ní dhearn mé fhéin ach claonadh beag a bhaint as mo cheann, agus lean Mac Faisnéise dá scéal. “Léighim ‘An t-Ultach’,” ar seisean, “agus chonnaic mé na rudaí dubhairt tú fá IS, agus ba léir domh, ar an chead iarraidh, go rabh tú contráilte.” “Agus,” arsa mise, “mur bhfuil dochar domh a fhiafruighe, cá h-áit a rabh mé contráilte?” “Is iomdha áit,” ar seisean, agus é ag crothadh a chinn go brónach. “Sa chead chás de, ní rabh sé tuigthe agat go mbíonn an T-EOLAS go díreach i ndiaidh IS i gcomhnuidhe, i gcomhnuidhe.” “Maise, ní rabh,” arsa mise, “agus tá eagla orm nach bhfuil sin tuigthe go fóill agam.” Chroith Mac Faisnéise a cheann ath-uair. “Agus, ina dhiaidh sin, ní'l a dhath amuigh is só- thuigthe — ag an té a bhfuil ciall do theangthacha aige. Dearc fhéin ar an abairt seo,” ar seisean, agus thug sé leis duilleóg pháipéir agus scríobh sé uirthe i leitreacha móra — IS AINMHIDHE MUC. “Ca h-air a bhfuilthear ag cainnt san abairt sin?” deir sé liom. “Ar ainmhidhe agus ar mhuic,” arsa mise. “Agus caidé táthar a rádh fá dtaobh díobhtha?” ar seisean. “Ní léir domh go bhfuilthear ag rádh dhath ar bith ach gur ainmhidhe muc,” arsa mise. “Agus caidé an chiall atá le sin?” ar seisean. “Maise,” dubhairt mé fhéin, “má tá ciall ar bith leis ar chor ar bith, is í an chiall atá leis gur ainmhidhe muc.” Char chrothadh cinn é go dtí sin. D'amharc Mac Faisnéise orm mar d'amharcfadh naomh ar an té bhí 'fhad ar an drabhlas agus gur dhoiligh gan dúil a bhaint de n-a rath. Mar sin fhéin, níor chaill sé uchtach ar fad. “Nach bhfeiceann tú,” ar seisean, “an té déarfadh sin, go mbéadh sé ag tabhairt EOLAIS uaidh? Bhéadh sé ag cainnt ar mhuic agus ag innse duit caidé an rud í — ag innse duit gur AINMHIDHE í. ‘Muc’ ADHBHAR na cainnte agus ‘ainmhidhe’ an T-EOLAS, agus nach bhfeiceann tú an áit a bhfuil an T-EOLAS — go díreach i ndiaidh IS?” “Tá sin soiléir go leor,” arsa mise, agus chuir mo chuid cainnte an dubh-lúthgháir ar Mhac Faisnéise. “Há!” ar seisean. “Sin an dóigh!” agus chumail sé a dhá láimh do n-a chéile le tréan áthais. “Anois tá tú ag toiseacht 'fhoghluim rud eighinteacht! Coinnigh greim maith ar an méid sin — bíonn an T-EOLAS i gcomhnuidhe go díreach i ndiaidh IS.” “Ach — ” arsa mise. “Caidé?” ar seisean agus aoibh an gháire ar fad air. “Bhail,” arsa mise, “is iomdha cinéal abairte diomaoidhte de sin ann; ba mhaith liom dá ndéanfá cuid aca sin a mhíniughadh domh, fosta.” “Cinnte!” ar seisean. “Fan go smaointighidh mé — ó seadh! Seo cinéal eile,” agus scríobh sé síos: IS MISE FIOS MAC FAISNÉISE. “'Sé,” arsa mise, “agus cinéal é ar mhaith liom thú 'á mhíniughadh.” Rinne sé gáire beag go pléisiúrdha. “Sílim,” ar seisean, “go bhfuil a fhios agam caidé tá ag caitheamh ort. ‘IS MISE FIOS MAC FAISNÉISE’ — shílfeá, anois, gur bh'é rud a bhí sin ag innse dhuit cé MISE.” “Agus nach é?” deirim fhéin. “Amaidighe!” ar seisean. “Is é rud atá sé ag innse cé FIOS MAC FAISNÉISE.” “Dar bríce!” dubhairt mé fhéin agus mo sháith iongantais orm. “Dhéanfaidh mé an fhírinne leat, a dhuine uasail: ní bhéadh a fhios sin agam choidhche mur beith gur innis tú domh é.” “Ní bhéadh a fhios!” ar seisean, agus oiread iongantais air agus bhí orm fhéin. “Ní bhéinn cinnte de, agus gan tuaileas ar bith agam air ach é 'fheiceáil i scríbhinn mar tá sé agat-sa annsin,” dubhairt mé. “Tá eagla orm nach bhfuil mé a' do thuigbheáil,” ar seisean, agus, gan bhréig ar bith, bhí cuma air bheith ag innse na fírinne. “Dearc mar seo air,” arsa mise. “Cuirim i gcás go dtiocfadh strainsear 'un an tighe anois — fear nach rabh aithne ar bith aige ar aonduine de'n bheirt againn, ach a chuala iomrádh ort-sa. Ag iarraidh EOLAIS ar FHIOS MHAC FAISNÉISE a bhéadh an fear sin, ar ndóigh, agus tráth déarfá thusa IS MISE FIOS MAC FAISNÉISE, bhéitheá ag tabhairt an EOLAIS sin dó.” “Ar ndóigh!” arsa Fios cóir; “agus nach sin an rud adubhairt mé leat? Nach bhfeiceann tú gur san fhocal MISE atá an t-eolas agus gur go díreach i ndiaidh IS atá sé?” “Sílim go bhfeicim,” dubhairt mé fhéin. “Bulaidh fir!” arsa Fios. “Tá leat fá dheireadh!” “Ní'l, go fóill,” arsa mise. “Ní'l!” ar seisean agus cuma air nach rabh sé a' mo chreidbheáil. Ach ghlac mé uchtach agus chuir mé athrach bala ar an scéal. “Cuir i gcás,” dubhairt mé, “gur shíl an strainsear gur mise, agus nach tusa, FIOS MAC FAISNÉISE agus go dtug sé an t-ainm sin orm. ‘Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail’ déarfainn; ‘ach tá eagla orm gur bhain earráid bheag duit. Is mise an Doirnéalach.’ Anois, shílfinn-se, sa chás sin de, nach san fhocal, MISE, ach san dá fhocal, AN DOIRNÉALACH, atá an T-EOLAS — agus, ar ndóigh, chan go díreach i ndiaidh IS atá siad-san.” Bhain sin stangadh beag as Fios. Ach bhí dóchas mór as a chuid léighinn aige, agus thainig sé chuige fhéin i moimeinte. “Ní'l annsin ach rud atchíthear duit,” ar seisean. “Glac m'fhocal-sa air. Má's maith leat aonduine dhá shílstin go bhfuil eólas ar bith ar Ghaedhilg agat, na h-abair choidhche go mbíonn an T-EOLAS i bpáirt ar bith de'n chineál sin ráidhte ach go díreach i ndiaidh IS.” “Dh'aindeóin a athrach sin de bharamhail a bheith agam fhéin?” arsa mise. “Dh'aindeóin a athrach sin de bharamhail a bheith agat fhéin,” arsa Fios. “Agus i ndiaidh an iomláin, cé thusa ach... AN DOIRNÉALACH?” “Is” An Doirnéalach An t-Ultach 15:1 (1938) lgh 5–6 Dheamhan gur chuir Fios lán mo léineadh de chorruighe orm, agus thug mé i n-amhail bléascadh air agus traidhfeal de n-a ghnoithe a thabhairt le h-innse dó. Ach níor luaithe mise fá fheirg ná bhí seisean fá aithreachas, agus chuaidh sé dh'iarraidh orm gan a smachladh díomúinte 'aithbhirt air. Agus bhí oiread de racht buaidheartha ar an chréatúr agus gur imthigh an fhearg díom i moimeinte. “Ná bí ina dhiaidh orm, a Dhoirnéalaigh,” ar seisean. “Agus ní bhéitheá ina dhiaidh orm, dá dtigeadh leat an chúis 'fheiceáil mar tchím-se í. Tá an scéal uilig comh soiléir agam-sa agus nach mbíonn an fhoighid cheart agam leis an mhuinntir nach bhfeiceann comh soiléir céadna é.” Dubhairt mé fhéin, ar ndóigh, gur chuma dó, nar dhubhairt sé a dhath a rabh dochar ar bith ann — gur chuma liom-sa ach an t-eolas 'fhagháil a bhí de dhíothbháil orm, agus go mbéinn buidheach le mo lá dó, dá dtéidheadh aige na gnoithe a chur i dtuigse domh mar ba cheart. Shásuigh sin go breagh é, agus d'admhuigh sé nar bh'fhuras do aineolaidhe an dearcadh ceart 'fhagháil ar na riaghlacha. “Ach tá seo ann,” ar seisean: “Siud an cinéal amháin abairt a bhfuil deacair ar bith ag baint leo — an cinéal a rabhamar ag cainnt ortha — macasamhail ‘IS MISE FIOS MAC FAISNÉISE.’ Smaointigh ar chinéal ar bith eile de na h-abairteacha a mbíonn IS ionnta, agus cuirfidh mé do rogha geall nach bhfeiceann tú deacair ar bith dá laighead ann.” Chuaidh mé a smaointiughadh, agus i gcionn chupla moimeinte tharraing mé orm an peann agus an páipéar, agus scríobh mé: “IS É SÉAMUS AN SAGART,” agus, a dhuine na gcarad! bhí Fios ar fhear comh sásta agus tá ar an domhan chláir, nuair a chonnaic sé an rud a scríobh mé. Thainig coinnle ar a shúile le tréan áthais, agus bhuail sé bos bheag sa tslinneán orm mar dhéanfá le gasúr a bhéitheá a mholadh, agus sin tuillte aige. “Ní bhéidh moill ort a thuigbheáil, an iarraidh seo, a Dhoirnéalaigh,” ar seisean. “Ní'l le déanamh agam-sa ná agat-sa ach amharc ar an abairt sin, agus aithneóchaimid i moimeinte gur ins na foclaí sin, É SÉAMUS atá an t-EOLAS. Tá an abairt sin ag cainnt ar AN tSAGART; tá sí ag innse dúinn cé é fhéin; tá sí ag innse dúinn gurab É SÉAMUS é. Sin an áit a bhfuil an t-EOLAS — ins na foclaí É SÉAMUS, agus tchí tú fhéin an áit a bhfuil siad sin. Tá siad go díreach i ndiaidh IS.” “Tá go maith,” dubhairt mé fhéin; “ach cuir i gcás gur ar SHÉAMUS a bhí an abairt ag cainnt — gur bh'é rud a bhí sí ag innse dúinn cé eisean — cá bhfuil mar chuirfeá bail uirthe?” Bheir Fios ar an pheann agus ar an pháipéar go h-athchomair aigeantach, agus scríobh sé: “IS É AN SAGART SÉAMUS.” “Anois an bhfuil tú sásta?” ar seisean, agus bhí deallradh ina aghaidh, ar mhéad is bhí de áthas air. Dar fiadh! ní rabh a fhios agam fhéin caidé ba cheart domh a rádh, nó smaointigh mé ar chuid de na h-abairteacha a chonnaic mé ag an mhuinntir a bhí writing to a theory — macasamhail “IS É AN FEAR MÓR SOIN THALL GO bhFUIL FÉASÓG AIR AGUS GADHAR LEIS ATÁ AG CAINNT LE PÁDRAIG MÓR Ó TUATHALÁIN AS GLEANN NA MADRA DONN SÉAMAS.” Ina dhiaidh sin, ní dhearna mé ach a fhiafruighe de ar bh'é sin a' bhail a bheirtear i gcomhnaidhe ar a leithéid de abairt. “Cad chuige a bhfuil tú ghá fhiafruighe sin díom?” arsa Fios. “Caidé tá ag caitheamh ort anois?” “An rud ceannfhionn céadna a bhí ag caitheamh orm, an uair eile,” arsa mise. “Caidé an dóigh?” ar seisean. “Bhail,” dubhairt mé fhéin, “tchíthear domh go bhféad- fadh ceachtar de'n dá bhrigh a bheith leis an abairt a scríobh mé fhéin — ‘IS É SÉAMAS AN SAGART.’” “Ní léir domh é,” ar seisean. “Ní léir!” arsa mise. “A Athair Shíorruidhe! ní léir domh-sa a athrach. Cuir i gcás go rabh beirt dearbhráthair ann — Séamas agus Pádraig, agus go rabh Séamas ina shagart agus go rabh Pádraig ina bhráthair. D'fhéadfadh strainsear iad fheiceáil agus gan a bheith ró- chinnte ciaca Séamas nó Pádraig an bráthair. Nach bhféadfadh?” “D'fhéadfadh, ar ndóigh,” arsa Fios. “Bhail,” arsa mise, “dá mbéadh an strainsear ag cainnt ina dhiaidh sin le duine a rabh aithne mhaith aige ar an bheirt, d'fhéadfadh an duine sin an méid seo a rádh leis: ‘IS É SÉAMAS AN SAGART, AGUS IS É PÁDRAIG AN BRÁTHAIR.’” “D'fhéadfadh, cinnte,” arsa Fios. “Bhéadh sé ag innse cé h-é an sagart agus cé h-é an bráthair.” “Bhéadh,” arsa mise, “agus bhéadh an t-EÓLAS ins na foclaí É SÉAMUS agus É PÁDRAIG.” “Go díreach,” arsa Fios, “agus tchí tú fhéin gur i n-aice IS atá na foclaí céadna.” “Tchím,” arsa mise, “agus d'fhéadfadh strainsear eile bheith ag cainnt ar Shéamus agus ar Phádraig agus a leithéid seo a rádh: ‘Bhí mé ag cainnt le Séamus indiú — leis an bhráthair, tá a fhios agat.’ Agus comh dóiche le n-a athrach, déarfadh an t-eolaidhe: ‘Caidé dubhairt tú? Is é Séamus an sagart.’” “Déarfadh, creidim,” arsa Fios. “Agus cá bhfuil an t-EÓLAS san abairt sin?” arsa mise. Thochais Fios a cheann mar rinne sé, an uair eile, ach ní rabh a dheifre air ag tabhairt freagair orm, an iarraidh seo. “Tá sé cinéal casta,” ar seisean fá dheireadh, “agus caithfidh tú faill smaointe a thabhairt domh.” “Agus caidé fá'n riaghail?” arsa mise. “Shíl mé gur i n-aice IS a bíos an t-EÓLAS i gcomhnaidhe.” Rinne sé moill bheag eile, agus annsin thainig aoibh gháire air. “Tá an riaghail ceart go leór, a Dhoirnéalaigh,” ar seisean. “Tá riaghail bheag eile a shiubhaileas léithe, agus a choinnigheas sábháilte i gcomhnuidhe í.” “Agus caidé an riaghail bheag í?” arsa mise. “Tá,” ar seisean, “i n-abairteacha de'n chinéal sin, bíonn for-ainm — É, nó Í, nó IAD — i n-aice IS i gcomhnuidhe. Na-nach mbíonn?” “Bíonn,” arsa mise. “Bíonn, ar ndóigh,” ar seisean, “agus is cuma cá h-áit a mbíonn an t-EÓLAS, bíonn an for-ainm ag déanamh a ionaid. Anois an rud a dtig leis ionad an EÓLAIS a dhéanamh, is ionann é agus an t-EÓLAS fhéin, agus féadtar a rádh, mar sin de, go mbíonn an t-EÓLAS i gcomhnuidhe i n-aice IS.” “Dheamhan gur riaghail shásta atá innte!” arsa mise. “An dtig leat smaointiughadh ar abairt ar bith a bhfuil an t-EÓLAS ina deireadh, agus for-ainm innte ag déanamh ionaid an EÓLAIS i n-aice IS?” “Thig, leoga. Tá an litridheacht lán dá leithéidí sin,” ar seisean. “‘IS Í CRÍOCH DO BHÍ AR AN OBAIR SIN AN RÍ DO MHARBHADH’ — sin ceann aca.” “I ndeireadh na h-abairte sin atá an t-EÓLAS?” arsa mise. “Is eadh,” ar seisean. “AN RÍ DO MHARBHADH — sin an t-EÓLAS.” “Agus an t-Í atá i n-aice IS, tá sé ag déanamh ionaid AN RÍ DO MHARBHADH?” “Ta, ar ndóigh,” arsa Fios. “Agus an bhfuil gníomharthaí ann atá firinnscneach agus gníomharthaí eile atá baininnscneach?” arsa mise. “An gníomh baininnscneach AN RÍ DO MHARBHADH? Mur b'eadh, caidé an dóigh a bhfuil Í ag déanamh a ionaid?” “Óró, a Dhoirnéalaigh, tá cuid mhór le foghluim agat,” ar seisean agus an dubh-thruagh aige domh. “Chan Í ach É ba cheart a bheith annsin, ach rinneadh oiread neamh- shuime i ngramadaigh na Gaedhilge agus gur leigeadh sin chun dearmaid. Cionn's ainm baininnscneach a bheith i n-aice an fhor-ainm, síleadh gur cheart do'n fhor-ainm fhéin bheith baininnscneach.” “Agus ní rabh a fhios sin ag Maghnus Ó Domhnaill, ná ag Flaithrí Ua Maol Chonaire, ná ag an Chéitinneach, ná a leithéidí?” arsa mise. “Maise, is eagal liom nach rabh a fhios,” ar seisean. Leig mé ochlán cráidhte asam, agus d'amhairc Fios orm go dian. “Caidé adhbhar do mhairgnighe anois, a Dhoirnéalaigh?” ar seisean. “Tá,” dubhairt mé fhéin, “gur amaideach domh-sa bheith ag iarraidh bheith ag fagháil tuigse ar rudaí bhí do- thuigthe ag a leithéidí siud.” “Óró, ná cuireadh sin beag-uchtach ar bith ort,” arsa Fios. “Sin dóigh an tsaoghail. Bíthear i gcomhnuidhe ag éirghe níos feasaighe. Nach iomdha rud a bhí ceilte ar fhir léighinn sa tsean-aimsir, gidh go bhfuil eolas ar na neithe sin ag gasúraí an bhaile anois?” “Féadaidh sin,” arsa mise; “ach ní'l dóchas ar bith agam fhéin go mbéidh an tuigse cheart choidhche agam ar riaghlacha IS.” “Béidh — ó béidh,” arsa Fios, “ach dhéanfaidh mé an fhírinne leat, a Dhoirnéalaigh; sílim gur ghaiste thuigfeá iad, dá ndéanainn iad a mhíniú duit i mBéarla. Na fir léighinn a bhfuil bun-rúta an eolais seo uilig aca, is i mBéarla a bíos siad ag cainnt. Tá téarmaí an Bhéarla iongantach fóirsteanach. An Copula a bheir siad ar an bhriathar IS; an Subject a bheir siad ar ADHBHAR na cainnte, agus an Predicate a bheir siad ar an EÓLAS.” “Agus,” arsa mise, “cá h-ainm atá aca ar an fhor- ainm a shiubhlas leis an Phredicate 'gheall ar an riaghail a choinneáil gan briseadh?” “Sin an Proleptic Predicate,” arsa Fios. Thug mé buidheachas dó, agus d'fhág slán aige. Agus ba mhithid domh imtheacht, na chonnaictheas domh mo cheann a bheith ag teacht thart mar bhéadh roithleagán rotha ann. Na riaghlacha a bhí ag Fios, bhí mé ghá bhfeiceáil os coinne mo dhá shúl, dar liom, agus iad amach a's isteach fríd a chéile mar tchífeá doirb an uisce bachta. Ach ba bheag de shuim an méid sin i bhfarradh 's an rud a bhí mé 'fheiceáil i ndiaidh mé deilín na dtéarma a chluinstin. Thainig siad sin de rúchladh fríd na riaghlacha, agus an áit a ba tiugh ba tana. Rinne siad ármhach a rabh leabhair air. Thuit riaghlacha go leór leis an Chopula, agus thuit a dhá oiread leis an Subject agus leis an Phredicate. Agus an Proleptic fhéin, gidh gur bheag a thoirt, rinne sé a lann a mheascadh i riaghail a bhí comh fada le dorugha láimhe. “Is” An Doirnéalach An t-Ultach 15:2 (1938) lgh 4–5 Bhí mé fada go leór sul ar shíothlóidh an intinn agam i ndiaidh an méid a chuala mé ag Fios fá théarmaí an Bhéarla. Cibé ar bith, shíothlóidh sí, agus rinne mé amach, an uair sin, gur bh'é mo leas leabhar gramadaighe de chuid an Bhéarla a cheannacht. Cheannuigh mé ceann ags chuaidh mé a chuartughadh abairteach a bhéadh cosamhail leis na rudaí a mbíonn IS ionnta sa Ghaedhilg. Bhí mé ag déanamh dá bhfeicinn an rud adubhairt fear an Bhéarla fá n-a leithéidí sin, go bhfuighinn tuilleadh mór eólais ar ghnaithe an Phredicate agus an Subject. Ach féadaim a rádh go rabh an cuartughadh i n-ascaidh agam. Agus chan díth nach rabh cainnt go leór ag fear an Bheárla ar an dá nidh adubhairt mé. Ach ní rabh os cionn chupla abairt aige a rabh an briathar To Be ionnta ar chor ar bith; agus na cupla ceann sin fhéin, níor chosamhail ar chor ar bith iad leis na h-abairteacha a mbíonn IS ionnta. Ní rabh siad ag rádh gur bh'ionann dhá nidh, ná dá chinéal ainmhidhe, ná gur aon duine amháin a leithéid seo de fhear agus mac a athara. Bhí cuid aca ag cainnt ar bhoin, ach níor innis siad caidé an rud í. Níor dhubhairt siad ach macasamhail “The cow is in the field.” Le n-a chois sin, bhí cuid aca ag cainnt ar Shéarlas Rí, ach níor innis siad dúinn cé'r bh'é fhéin. Níor dhubhairt siad ach “King Charles was beheaded.” Sin an cinéal eólais a bhí siad-san a thabhairt uatha. Ina dhiaidh sin, níor cheart domh a rádh gur i n-ascaidh ar fad a bhí an cuartughadh agam. Ar scor ar bith, sílim fhéin nar bh'eadh. Tchíthear domh gur fhoghluim mé rud éigin dá thairbhe. Agus is é an rud é go rabh cúl a gcinn ag na scoláirí leis an scéal. Sa chead chás de, is de nádúir na Gaedhilge an briathar a bheith i dtús na h-abairte. Agus níor mhothuigh mé aonduine de na scoláirí fhéin ag rádh go rabh aon dadamh “neamh-loighiceamhail” sa méid sin. Ar feadh m'eólais-se, níor dhubhairt duine ar bith aca gur bheaichte do'n Ghaedhilg gan an briathar a bheith ar tús. Dá “loighiceamhlacht” iad, d'athain siad gur de bhun-riaghlacha na Gaedhilge an dream sin focal a bheith i dtús na n-abairteach. Ach nach iongantach nar smaointigh siad go bhféadfadh dreamanna eile focal a bheith ann a mbíonn a n-áit fhéin ar leith aca do réir riaghlacha na teangtha? Agus tchíthear domh-sa go rabh cúl a gcinn leis an Ghaedhilg aca nuair a sháruigh ortha smaointiughadh go bhféadfadh a leithéid a bheith amhlaidh. Tráth chuaidh siad a bhreathnughadh na n-abairteach a mbíonn IS ionnta, is é mo mheas go dtug siad iarraidh ionad na bhfocal a mhíniughadh de réir predicates an Bhéarla. Chuir siad “Is ainmhidhe muc” i gcomórtas le “A pig is an animal.” Chonnaic siad gur i ndeireadh na h-abairte a bhí an t-EÓLAS ag an Bhéarla, agus gur i dtús na h-abairte a bhí an t-eólas ag an Ghaedhilg. Agus níor luaithe chonnaic ná siud aca an riaghal: I n-aice “IS” a bíos an t-eolas i gcomhnaidhe! Ach an eadh? Má's eadh, is ainmhidhe aisteach mise. Dá gcastaidhe i lúb cruinnighthe mé agus duine éigin a theacht chugainn agus a fhiafruighe dínn cia againn an Doirnéalach, is dóiche go n-abórainn “Is mise an Doirnéalach”; agus gan amhras ar bith, bhéinn ag déanamh gur san fhocal MISE a bhí an t-EÓLAS sa chás sin. Ach cuir i gcás go dtainig an strainsear sin caol díreach chugam fhéin agus gur dhubhairt sé “Go mbeannuighidh Dia duit, a Ollamh Fódla,” is dóiche go n-abórainn, “Tá eagla orm gur bhain earráid bheag duit, a dhuine uasail. Is mise an Doirnéalach”; agus bhéinn ag déanamh gur ins na foclaí AN DOIRNÉALACH a bhí an t-eólas sa chás sin. Agus duine ar bith ariamh a chuala Gaedhilg dhá labhairt go nádúrdha, tá a fhios aige nach ionann mar déarfainn an dá abairt. Sa chead abairt chuirfinn teann le MISE, agus sa dara h-abairt chuirfinn teann le AN DOIRNÉALACH. Ach tá eagla orm nach ar CHAINNT a bíos na scoláirí ag smaointiughadh. Ar dhubhairt Gaedhilgeóir ar bith ariamh macasamhail “Is é an fear mór soin thall go bhfuil féasóg air agus gadhar leis atá ag cainnt le Pádraig Mór Ó Tuathaláin as Gleann na Madra Donn Séamas”? Ní furas liom é chreidbheáil gur dhubhairt. Ach chonnaic mé a leithéid i scríbhinn ag fear gramadaighe! Sin an bhail a thug na Predicates ar na scoláirí agus ar chuid dá scríobhthar i n-ainm bheith ina Ghaedhilg! Mar dubhairt mé cheana féin, sílim go rabh cúl a gcinn aca leis an chúis nuair nar smaointigh siad go bhféadfadh rud éigin diomaoidhte de'n Phredicate a bheith ann a shocóradh eagar na bhfocal i gcuid mhór de na h-abairteacha a mbíonn IS ionnta. Bím-se ceart nó contráilte, tchíthear domh go bhfuil dreamanna ar leith focal ann agus a n-áit fhéin ar leith i n-abairteacha mar iad seo aca, comh deimhin agus tá áit ar leith ag na briathraí. Ceithre dhream atá siad ann: 1. AINMNEACHA COITCHEANNTA, mar tá, “duine,” “fear,” “bean,” etc., ann; 2. FOR-AINMNEACHA PEARSANTA, mar tá “mé,” “tú,” “é,” “í,” etc., ann; 3. AINMNEACHA DÍLSE, mar tá “Pádraig,” “Niall,” etc., ann; 4. (a) AINMNEACHA SA TUISEAL SEALBHACH, mar tá “m'athair,” “mo mháthair,” etc., ann, agus (b) AINMNEACHA AGUS AN t-ALT LEO, mar tá “an t-athair,” “an mháthair,” etc., ann. Tá siad roimh a chéile annsin agam do réir mar gheibh siad tús áite i n-abairteacha a mbíonn IS ionnta. An chead dream, bíonn tús aca ar dhream ar bith de na trí dhream eile: 1 roimh 2 — Is fear mise, 1 roimh 3 — Is fear Séamus, 1 roimh 4(a) — Is fear m'athair, agus 1 roimh 4(b) — Is fear an sagart. An dara dream, bíonn tús aca ar dhream a trí agus ar dhream a ceathair: 2 roimh 3 — Is mise Séamus, 2 roimh 4(a) — Is mise do mhac, 2 roimh 4(b) — Is mise an sagart. An tríomhadh dream, bíonn tús aca ar dhream a ceathair: 3 roimh 4(a) — Is é Séamus do mhac, 3 roimh 4(b) — Is é Séamus an sagart. I dtaca leis an dá chinéal atá sa cheathramhadh dream, thig ceachtar aca a chur ar tús nó ar deireadh de réir mar fhóireas: 4(a) roimh 4(b) — Is é mo mhac-sa an sagart. 4(b) roimh 4(a) — Is é an sagart mo mhac-sa. Agus bíodh an t-eagar sin “loighiceamhail,” nó ná bíodh, is é mo mheas gur b'é an t-eagar atá dúthchasach ag an Ghaedhilg é sa méid a bhaineas leis an chinéal abairteach a bhfuil mé ag cainnt ortha. Ach b'fhéidir nach bhfuil sé comh “neamh-loighiceamhail” agus shílfeá. Dearc ar dhá fhocal de'n chead dream féin — “duine” agus “fear.” D'fhéadfá “Is duine fear” a rádh, ach an abórthá “Is fear duine”? Dheamhan é, ach oiread agus déarfá an smachladh streachlánach udaí a bhí ag fear na gramadaighe. Anois cad chuige a gcaithfeadh “fear” a bheith ar deireadh? Bhail, leisc a bheith a' bhur mbodhrughadh le domhain-loighic (tá tréan dí agam fhéin), cuirfidh mé an chúis in bhur láthair mar seo: chaithfeadh “fear” a bheith ar deireadh san abairt atá mé a rádh, ar an adhbhar nach bhfuil oiread FEAR ann agus tá de DHAOINE ann — ar an adhbhar gur cumhainge an bhrigh atá leis an fhocal “fear” ná tá leis an fhocal “duine.” Agus sin an áit a bhfuil croidhe an scéil, dar liom-sa. Abairt ar bith de'n chinéal seo a mbíonn dhá fhocal dhá gcur i n-ionannacht le chéile innte, agus brigh níos cumhainge le focal aca ná tá leis an fhocal eile, cuirtear an focal sin na cumhang-bhrighe i ndeireadh na h-abairte. Agus bím-sa ceart nó contráilte, tchíthear domh go bhfuil cuid mhór de na foclaí rannta ina ndreamanna, de réir chumhainge a mbrighe, sa teangaidh Ghaedhilge. Nach cumhainge an bhrigh atá le for-ainm pearsanta ná tá le h-ainm coitcheannta? “Duine,” cuir i gcás, d'fhéadfá sin a thabhairt ar neach ar bith dar shíolruigh ó Ádhamh. Ach cá mhéad ceann de na for-ainmneacha pearsanta a mbéadh brigh comh leathadach sin aca de ghnáth? Nach cumhainge an bhrigh atá le h-ainm díleas ná tá le leath a bhfuil ann de fhor-ainmneacha pearsanta? Ach ní'l ainm díleas fhéin comh cumhang de bhrigh agus tá macasamhail “do mhac” nó “an sagart.” Nó is beag ainm díleas nach bhféadfaidhe ainm coitcheannta a dhéanamh de corr-uair. “Is Pádraig mise, fosta,” cuir i gcás. Is é an chiall a bhéadh le sin go bhfuil mise ar dhuine de cibé mílte daoine a bhfuil “Pádraig” mar ainm ortha. Sin agaibh anois mo dhearcadh-sa ar eagar na bhfocal i n-abairteacha a mbíonn IS ionnta. Féadfaidh sé bheith “neamh-loighiceamhail,” agus féadfaidh sé bheith neamh- léigheannta, ach tchíthear domh é 'bheith ag cur le nádúir na Gaedhilge. Le n-a chois sin, tchíthear domh é 'bheith so-thuigthe go leór. Agus, ar ndóigh, ní riaghlacha do-thuigthe is fearr fhóireas do... AN DOIRNÉALACH.