Béarlachas agus Ciotachas — IV. “Leathnughadh” na Gaedhilge An Doirnealach An tUltach 12:3 (1935) lgh 1–2 Tá na t-Earrach ann, agus tá fiche rud le déanamh agam a ba socharaighe domh ná bheith ag cainnt ar Ghaedhilg nó ar Bhéarla. Caithfidh mé an spád agus an tsluasaid a tharraingt orm, mur mian liom bheith ar an ghann-chuid teacht an gheimhridh seo chugainn. Ach i ndiaidh an iomláin, ba suarach an mhaise domh leigean do ghnaithe de'n chinéal sin mo chosc ó'n deagh-chliú a thabhairt do'n mhuinntir ar b'airidh ortha í. Agus ní fios domh dream ar bith is mó thabhuigh deagh-chliú ná na scoláirí atá ar a ndíthcheall ag “leathnughadh” na Gaedhilge. Tá dúil agam go bhfuil a fhios agaibh caidé is ciall do'n fhocal sin “leathnughadh.” Na is mór a d'athruigh a bhrigh le tamall. Bhí an t-am ann, ár ndóighe, agus ní rabh ach aon chiall amháin leis. Agus le fírinne a dhéanamh, tá siad ann a shíleas nach bhfuil ach aon chiall amháin leis go fóill. Sílidh siad gur b'ionann rud a “leathnughadh” agus é a dhéanamh leathan. Seórt éigin láimhdeachais a dhéanamh air a d'fhuígfeadh leithne ann nach rabh ann ariamh roimhe. Buille de chúl spáide a bhualadh ar chuiteóig, cuir i gcás. Ach ná bíodh aonduine agaibh comh maol agus go samhóladh sé choidhche do na scoláirí gur ag gabháil de spáid ar an Ghaedhilg a bíos siad. Na is fada a bhéadh siad gan smaoitiughadh ar a leithéid de íosbairt a thabhairt uirthi, mar Ghaedhilg. Is iad nach smaoiteóchadh! I n-a áit sin is é an rud a bíos siad ghá h-iongabháil sa dóigh a dtiocfaidh urradh innte mar tá in gach aon teangaidh eile ar fiú teanga a thabhairt uirthe. Tá a fhios aca nach mbéadh sí ach lag éidreórach fhad is bhéadh sí comh caol agus bhí sí ar na mallaibh. Agus is í bhí caol! Dearcaigidh ar an fhocal “leathnughadh” fhéin. An Loighic agus an Ealadha Ariamh go dtí le goirid, ba é an rud a síleadh gur b'ionann neach ar bith a leathnughadh agus é a bhrúghadh ins an dóigh nach gcroithfeadh sé crúb choidhche. Ach amharcaigidh ar an athrughadh atá déanta ag na scoláirí ar an méid sin. Is ionann anois an Ghaedhilg a leathnughadh agus a tabhairt i n-éifeacht ins an dóigh a mbéidh sí comh neartmhar leis an Bhéarla fhéin. Agus, ár ndóighe, tá ciall le sin. Ach ciall ar bith dá laghad, ní rabh leis an úsáid a bhíthear a bhaint as an fhocal i n-aois an ainbhfeasa. Ní rabh ná loighic ach oiread. B'ionann cuiteóg a leathnughadh agus í a mharbhadh. B'ionann a leathnughadh agus deireadh a chur léithe. Agus an rud a mbéadh deireadh leis, caidé mar b'fhéidir dó bheith leathan nó caol? Duine ar bith agaibh a bhfuil Euclid an Deiscirt foghlumtha aige, tá a fhios aige gur “ionad gan méid eó” agus gur “faid gan leithead líne.” Ach a rádh 's de gur bh'ionann leithne agus gan bheith ann ar chor ar bith! Chan Euclid de chinéal ar bith sin. Nach orainn a bhí an tarrtháil de dhíothbháil? Caidé an t-eagar a mbéamuis ann mur b'é go bhfuaireamar cabhair ó na scoláirí? Mur b'é iad, an aithneóchaidhe choidhche caidé an galar a bhí ag coinneáil na Gaedhilge i n-a breóidhteachán i measc teangthacha an domhain? Chan aithneóchaidhe. Choidhche go deó ní shamhólaidhe gur bh'easbhaidh leithne a bhí ag cur uirthe. Agus ach oiread le sin ní smaointeóchaidhe ar an dóigh a dtiocfadh a leathnughadh. Ar an dóigh ba ghaiste a dtiocfadh a leathnughadh ba mhian liom a rádh. Sin an áit ar fhóir an loighic agus an ealadha orainn. Bhí an Béarla ag fagháil treise ar an Ghaedhilg. B'éigean duifear éigin a bheith eatortha a bhí ag fágáil lámh an uachtair ag an Bhéarla. Bhí foclaí an Bhéarla leathan. Ní rabh foclaí na Gaedhilge. Ba í an leithne a bhí ag tabhairt an “sway” do'n Bhéarla. Ach ba ghoirid a d'fhan sin ceilte ar na scoláirí “ó do thosnuigh siad ag féachaint isteach sa gceist.” Agus chan ionann sin agus cluasáin eile, bhí a fhios aca caidé mar ba chóir an laige a léigheas. Bhí a fhios aca nach mbéadh faic na frighde de mhaith i ndoctúireacht ar bith nach ndéanfaidhe de réir na h-ealadhan. Agus bhí a shliocht ortha. Tharraing siad ortha a gcuid acaraí ealadhan agus chuaidh a liaghadóracht ar an Ghaedhilg bhoicht. Chuir siad snáthadh bhreagh de fhuil fholláin an Bhéarla fríd na cuisleannacha aice. Chuir sin deireadh le n-a cuid caoile, agus bhisigh sí mar bhéadh éan gé ann. Thainig borradh agus brigh in gach uile fhocal dí. Gan fiú na foclaí “comónta” fhéin nach bhfuil an feabhas le h-aithne go soiléir ortha. An focal “CÉADNA”, cuir i gcás. Chonnaic sibh uilig an t-am nach rabh scil na bhfiach air, mar CHÉADNA. Ní rabh sé leath fhéin comh leathan le “same” an Bhéarla. Dá mbíodh aonduine agaibh ag innse san am sin nach rabh duifear ar bith aoise eadar é fhéin agus Mór na Mogán, caidé déarfadh sé? Chuir- finn leith-ghiní de gheall go n-abóradh sé GUR BH'IONANN AOIS dó fhéin agus do Mhór. An smaoiteóchadh sé a rádh go rabh AN AOIS CHÉADNA aige fhéin agus ag Mór chóir? Ní smaoiteóchadh. Nó dá mbéadh sé ag maoidheamh go rabh sé fhéin agus fear Mhór ag obair seal san aon-áit, caidé déarfadh sé? An abóradh sé gur ag obair san áit CHÉADNA a bhi siad? Chan abóradh, ar an adhbhar nach rabh a fhios aige a leithéid de theacht aniar a bheith i gCÉADNA ar chor ar bith. Ach dearcaigidh ar an athrughadh a thainig ar CHÉADNA ó thoisigh sé a fhagháil iongabhála ó lucht na h-ealadhan. Tá sé i n-a leomhan focail, agus gan sin ceilte air fhéin. Aon órdlach amháin ní rachaidh sé ar a chúl roimh “same” an Bhéarla. Cad chuige a rachadh? Tá sé comh leathan agus comh reamhar agus comh daingean ar a chois agus bhí “same” an lá a b'fhearr a bhí sé ariamh. Obair ar bith dá dtearn “same” ariamh, rachaidh CÉADNA i n-a chionn comh crodha leis fhéin. Is de a rinneadh an ball úimleoideach! Tá sé chomhair a bheith ion-churtha leis an fhocal “BALL” fhéin, agus ní moladh beag nó suarach air sin a rádh. Na tá BALL fhéin ar Ghaedheal comh céimeamhail agus tá ann, na saoghalta deireannacha seo. Bhí an t-am ann, agus gan sin i bhfad ó shoin, agus ba bheag urraim a bhí le fagháil ag BALL cóir. D'fhéadfaidhe, an uair sin stól, nó cathaoir, nó tábla a bhaisteadh as — sin nó bríste, nó bheiste, nó casóg nó a leithéidí. Ach mórán a ba mhó ná sin de ómós, níor ghnáthach a thabhairt dó. Má tá, fuair sé buaidh ar an easurraim sin. Is mór-luachach an teaghlach a bhfuil coróin Impreacht an Bhéarla i n-a h-oighridheacht aca; má's eadh fhéin, ní'l aonduine aca nach bhféad- faidhe BALL a thabhairt mar ainm air fá láthair. D'fhéad- faidhe a fhiafruighe de dhuine ar bith aca “an BALL de'n teaghlach ríoghdha thú”? agus dá mbéadh ciall dá laghad do'n nua-Ghaedhilg aige, d'aithneóchadh sé nach ag tabhairt leas-ainm ar bith air a bhéithidhe. Anois, an rabh dochar domh a rádh gur éirigh BALL i n-a shár-bhall amach a's amach? Ní rabh, ach oiread agus bhéadh dochar domh a rádh gur b'iomdha dréacht breagh de'n nua- Ghaedhilg a bhéadh gan scríobhadh, mur b'é an focal CEIST. Má tá ban-laoch ar bith de chuid na nua-Ghaedhilge a bhfuil “a cuid fhéin déanta” aice, is í CEIST an bhan- laoch sin. Agus aindeóin iomláin a bhfuil plactha aice, ní'l a dhath amháin de chosamhlacht uirthe bheith ag cailleadh a goile. Bíonn a scian aice san fheóil, agus a ladar sa tsugh, agus a liobar sa tae, agus a gaothsán sa leann. Agus mur bhfuil tú a' mo chreidbheáil, tabhair sceiteadh de do shúil fríd an chead ghiota eile de'n nua-Ghaedhilg a tchífidh tú “i bhfuirm cló.” Scéal iongantach é, mur bhfeicidh tú CEIST ar obair annsin comh h-alpardha agus bhí ariamh. Ach tchífidh. Má tá sí do-thógtha fhéin, ba ró- dhoiligh theacht gan í. Mur b'é í, ní bhéadh “an litridheacht nua” leath fhéin comh toirteach agus tá sí. Dá gcaithtidhe gan “ceist na mbróg” a rádh nuair a bhéithidhe ag cainnt ar bhróga, nó “ceist an bhoglaigh” a rádh nuair a bhéithidhe ag cainnt ar fhearthainn, nó “ceist na toite” a rádh nuair a bhéithidhe ag cainnt ar thobaca — dá gcaithtidhe a leithéid sin a dhéanamh, caidé mar bhéadh? Nach léir do'n tsaoghal mhór caidé mar bhéadh? Chaithfidhe theacht le focal amháin in áit triúir; agus nuair a thiocfadh ar ughdair sin a dhéanamh gach dara líne dá scríobhfadh siad, ba mhór an cúl ar an litridheacht é. Ach ní h-eagal dúinn a leithéid de “chonstaic” a theacht orainn. Ná le cois CEIST a bheith comh leathan le “question” an Bhéarla, tá scoith cúl taca aice, mar tá — ógánach ar b'ainm dó SCÉAL. Ná síleadh aonduine nach bhfuil SCÉAL comh leathan le “matter” nó “affair” an Bhéarla. Tá agus giota maith níos leithne — rud atá i n-a chruthughadh nach bhfuil a dhath amháin de mhoill “an Ghaedhilg do chur i bhfeidhm i gcúrsaí an lae indiu.” Ag déanamh go smaoiteóchadh Béarlóir ar “the matter has greatly improved” a rádh? Ní smaoiteóchadh, ar an adhbhar nach bhfuil “matter” fá mhíle do bheith comh leathan le SCÉAL na nua-Ghaedhilge. Ar an chluais is bodhaire agat cluinfidh tú go bhfuil “feabhas mór ar an scéal” nó go bhfuil “an scéal ag dul i bhfeabhas.” Cinnte, ní furas a thuigbheáil, i n-amanna, caidé bíthear a mhaoidheamh le biseach an scéil; ach ní locht ar bith an méid sin. Ní h-eadh, ach buaidh mhaith mhór. Leis na cianta fada bhí sé de locht ar an Ghaedhilg go rabh sí claon beag ar an taoibh a ba so-thuigthe. Níor theanga í a bhí ag fóirstin do lucht stáit nó diplomacy. A cuid caoile a d'fhág mar sin í. Ach, míle altughadh do na scoláirí, tá sí ag fágáil na caoile i n-a diaidh go gasta. Faghadh sí cúig bliadhna eile do iongabháil ealadhanta na n-éigeas, agus béidh sí “sa chead rang de theangthacha na cruinne.” Béidh sí ion-churtha leis an Fhrainncis fhéin i ngnaithí diplomacy. Béidh fir stáit gach tíre ghá foghluim agus béidh sí faoi mheas i ngach uile chearn de'n domhan. Agus nuair a thiocfas an t-am sin béidh ceist áirithe ag déanamh meadhráin do fhearaibh Fáil go léir. Ní bhéidhfear ábalta a thuigbheáil, ar chor ar bith, caidé an daille a bhí ar na damh-scoltacha. Caidé an fáth nar smaoitigh damh-scoláir ar bith ar dhán choscarach chaithréimeach a chumadh i n-onóir na n-éigeas a thug tarrtháil orainn an uair a ba ghéibheannaighe ár gcás. Dán a mbéadh sé i mbun 's i mbarr gach bhéarsa ann “Go leathnuighthear ár nGaedhilge slán!”