Ollamh i n-a phríosúnach An Doirnealach An t-Ultach 12:9 (1935) lgh 4–6 An bhrionglóid udaí a rinne mé fá fheartlaoi Sheathrúin, bhí duifear an domhain eadar í fhéin agus an chead cheann eile a rinne mé. In mo shuidhe ar laftán beinne a bhí mé, dar liom, an oidhche a chuala mé an fheartlaoi dhá cárdáil. Ach cá h-áit a rabh mé an dara h-oidhche ach istigh i gcúirt dlighidh! Bhí mé ar dhuine de lucht an ghoiste. Agus san am ar thoisigh an bhrionglóideach agam, bhí an breitheamh i ndiaidh theacht isteach agus suidhe ar an bhinnse. D'athain mé ar an chead iarraidh é. Ba é Maghnus cóir a bhí ann — an fear a bhí i gcuideacht Chathail agus an dá phearsa eaglaise a bhí ag cainnt ar an fheartlaoi. Ní rabh bhuig, nó clóca, nó cifleóg amaideach ar bith air, ach é cóirighthe mar bhí sé an chead uair a chonnaic mé é. Ní fhaca mé giolla ar bith cúirte ann ach aon fhear amháin — an bollsaire. Agus mur rabh clóca ar an bhreitheamh bhí sin air-sean. Bhí slóp fada dubh ó mhuinéal go múrnán air; agus an ceannbheart a bhí air, bhéarfadh sé in do chuimhne an liathán gan chois a bíos ar a gcloiginn ag ollamhain iolscoile. Rinne an breitheamh comhartha le n-a láimh agus scairt an bollsaire ar an Ollamh De Geabairlín. Le sin foscladh doras taoibhe a bhí ar an chúirt agus siud isteach dhá ghall- óglach bhreaghtha agus an t-ollamh eatortha. Bhí an dreach air a bíos ar hórán dá chinéal — dreach marbhánta maol- intinneach, agus bhí spéaclóirí air ag iarraidh bheith ghá fholach sin. Ba é an chuma a bhí ar an duine ghránda go rabh sé croithte i gceart. Bhí sé corrach go maith ar a chois, agus is dóiche gur b'é sin an fáth or órduigh an breitheamh gléas suidhe a thabhairt dó. Thug an bollsaire stól thrí gcos chun tosaigh agus shuidh an t-ollamh air. D'fhan na gallóglaigh i n-a seasamh — fear ar gach taobh de. “Caidé an choir atá curtha síos do'n fhear seo?” arsa an breitheamh, agus dar leat gur a sháith truaighe a bhí aige do'n tsompla. Le sin d'éirigh fear eile i n-a sheasamh — fear nach dtug mé fá dear go dtí sin. Agus is iongantach nach dtug, na chan díth nach rabh méid chomhthrom ann, agus bhí culaidh de bháinín bhán air. Dhéanfá amach gur bheag am a chaith an diúnlach céadna fá thoighthe dlighidh. Bhí an dreach folláin sin air a bíos ar fhir a chaitheas bunadhas a n-ama amuigh faoi'n spéir. Thug sé freagar ar an bhreitheamh, agus ba aige a bhí an glór breagh cinn. “Tá trí choir dhá gcur síos dó,” ar seisean. “An chead choir — go dtug sé iarraidh mharbhtha ar an teangaidh Ghaedhilge. An dara coir — go dtug sé iarraidh dundaláin chríochnuighthe a dhéanamh de aos óg na h-Éireann. An tríomhadh coir — go dtug sé iarraidh an tír seo na h-Éireann a náiriughadh os coinne an tsaoghail mhóir.” Shuidh sé annsin, agus thug an breitheamh aghaidh ar an phríosúnach. “A Ollamh De Geabairlín,” ar seisean, “chuala tú na trí choir atá curtha síos duit. An bhfuil tú cionntach ionnta, nó an bhfuil tú neamh-chionntach?” D'éirigh De Geabairlín i n-a sheasamh agus cuma bheag fhaitcheach air. Thug sé iarraidh labhairt, ach sháruigh air. Bhí an duine bocht fhad fríd a chéile agus gur thréig an chainnt é. “An bhfuil tú cionntach ins na coirthe seo?” arsa an breitheamh leis go deas suaimhneach. Chroith De Geabairlín a cheann. “An bhfuil tú neamh-chionntach?” arsa an breitheamh. Chrom De Geabairlín a cheann; agus, ar mhéad 's bhí de lagar air, ní thainig leis a thógáil arís. “Tá go maith,” arsa an breitheamh, agus é ag tabhairt aghaidhe ar an fhear a labhair i n-éadan De Geabairlín. “Anois, a Mhic Uí Ghaedhil,” ar seisean, “éistfimid le cibé cruthughadh atá agat go dearn an príosúnach na coirthe seo atá tú i ndiaidh a chur síos dó.” Siud i n-a sheasamh Mac Uí Ghaedhil agus an dubh-chuil air. “A bhreithimh,” ar seisean, “cuireadh na coirthe seo síos do'n Ollamh De Geabairlín de thairbhe leabhair a scríobh sé. ‘Buaidheanna agus Díombuaidheanna Lucht Peann agus Páir’ an t-ainm atá ar an leabhar, agus —” “Fóill, fóill!” arsa an breitheamh, “an leabhar atá ag baint le gnaithe cogaidh atá ann? Má's eadh, is aisteach liom an t-ainm a bhí ar an saighdiúirí.” “Ní h-eadh, a bhreithimh,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Ní'l baint ar bith aige le gnaithe cogaidh. ‘Lucht Peann agus Páir’ an t-ainm a thug an t-ughdar ar scríbhneóirí.” “Buaidheanna agus díombuaidheanna scríbhneóir!” arsa an breitheamh. “Caithfidh mé a rádh gur saoitheamhail liom é mar ainm ar leabhar. Ach is cuma. Labhair leat.” “Leabhar é atá i n-ainm a bheith ag tabhairt eólais dúinn ar litridheacht Gaedhilge,” arsa Mac Uí Ghaedhil; “agus an té a scríobhfadh a leithéid de leabhar, dar leat go bhféachfadh sé le gan goin nó loit a dhéanamh ar an teangaidh Ghaedhilge. Shílfeá, ar scor ar bith, nach gcuir- feadh sé fá n-a choinne fhéin dúnmharbhadh a dhéanamh dh'éan- ghnaithe uirthe. Ach is follas gur b'é sin an rún a bhí ag an Ollamh De Geabairlín. Agus ní'l moill sin a chruthughadh. Má's toil leat é, a bhreithimh, léighfidh mé giota as na ‘Buaidheanna agus Díombuaidheanna’ — giota a bhféad- fainn a mhacasamhail le h-olcas a fhagháil ar gach uile leathanach dá bhfuil ann.” “Léigh é,” arsa an breitheamh. Thóg Mac Uí Ghaedhil soitheach uisce a bhí ar an tábla bheag le n-a thaoibh, agus d'ól sé tarraingt a chinn as. “Ní furas a léigheadh, a bhreithimh,” ar seisean. Réidhtigh sé a sceadamán annsin agus léigh sé an méid seo: “Gur scar an scríneóir seo ó stíl na sean- scéaluíochta is follas ó'n slighe i n-ar láimhseáil sé an tiúnscal ar ar thóg sé foirgniú an scéil atá i dtosach an leabhair agus i n-a bhfaghaimid an teag- bhlachán nach mbéadh duine go mbéadh taithí aige ar an seanstíl do bhí i réim go dtí le déannaí ag súil go mbuailfí leis é go dtí go mbéadh deire an scéil, déarfadh duine, nach mór sroiste aige.” B'fhuras a aithne go rabh iongantas a anama ar an bhreitheamh. Bhí a dhá shúil comh mór le dhá phréata, agus bhí sé mar bhéadh duine a mbeithidhe ag baint na h-anála de. Bhain sé fhéin bolgam as crúiscín uisce, agus, de réir chosamhlachta, leig sin an chainnt leis. Le Mac Uí Ghaedhil a labhair sé. “Innis seo domh,” ar seisean. “An é an rud atá tú ag maoidheamh gur scríobh an príosúnach an chainnt sin ar shéala í bheith i n-a Gaedhilge?” “Cinnte, a bhreithimh,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Is é sin an fáth a bhfuil mé ag cainnt. Tá sí briste, brúighte, buailte, agus curtha amach glan as a riocht mar Ghaedhilg aige. Agus má leigtear an obair dhiabhalta sin leis-sean agus le n-a mhacasamhail fhéin eile, is gearr, feasta, an saoghal a bhéarfas teanga Phádraig, Bhrighde aus Choluim Cille léithe.” “Tchím,” dubhairt an breitheamh ar ball beag. “An bhfuil a thuilleadh le rádh fá'n chead choir agat?” “D'fhéadfainn tuilleadh mór a rádh, a bhreithimh,” arsa Mac Uí Ghaedhil; “ach má's toil leat-sa é, labhairfidh mé anois ar an dara coir.” “Tá go maith,” dubhairt an breitheamh. “Caithfidh mé giota eile a léigheadh as na ‘Buaidheanna agus Díombuaidheanna,’” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Ta cainnt annseo ar ghontacht, agus —” “Caidé dubhairt tú?” arsa an breitheamh. “Ca h-air a bhfuil an chainnt?” “Ar ‘ghontacht,’ a bhreithimh,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Caidé an rud sin?” arsa an breitheamh. “Shíl mé gur dhubhairt tú nach rabh baint ar bith ag an leabhar seo le gnaithe cogaidh.” “Agus ní'l, a bhreithimh, ní'l sin aige,” dubhairt Mac Uí Ghaedhil. “‘Cainnt ghonta’ a bheir leithéidí an phríosúnaigh ar chainnt a tchíthear dóbhtha bheith beacht, bríogh- mhar, aithghiorrach.” “Tuigim,” arsa an breitheamh. “An bhfuil a'n dadamh de'n chinéal sin cainnte sa leabhar seo?” “Tá cainnt ann atá gonta, má's fíor do'n phríosúnach,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Sin an rud a bhí mé ag brath a léigheamh. Tá trácht aige san leabhar ar scríbhneóir áirithe adeir sé bheith as miosúr gonta. Ins an ghiota atá mé a mhaoidheamh bhí an scríbhneóir ag cainnt ar fhear bhocht a bhí ag cruinniughadh a chodach. Bhí droch- éadach ar an chréatúr. Leis an scéal fhada a dhéanamh goirid, bhí gach dara ball dá chroiceann ris. Ach chan mar sin adubhairt fear na gontachta é. Seo an cunntas a thug seisean air: “Éadach nach raibh nua air. Éadach nach raibh leath-nua air. Éadach nach raibh nua i n-ao'-choir air. Puill ar an éadach sin. Puill mhóra ar an éadach sin. Puill ana-mhór ar an éadach sin. Gan aon éadach eile mar a raibh na puill sin. Gan aon tuinnte i n-ao'-chor mar a raibh na puill sin. Aon rud i n-ao'-chor ní rabh ar feiscint mar a raibh na puill sin ach croiceann an duine ar a raibh an t-éadach go raibh na puill sin air.” Bhuail racht casachtaighe an breitheamh, agus tharraing sé air a hainceirsin ag iarraidh bheith ghá chosc. Ach, de réir chuma, níor bh'fhuras a chosc, agus bhí uisce i n-a rith le gruaidheanna an duine chóir sul a rabh an rabhán reaithte. Bhain sé bolgam eile as crúiscín an uisce agus labhair sé le Mac Uí Ghaedhil. “Ach innis seo domh,” ar seisean. “Caidé an bhaint atá ag sin leis an choir atá curtha síos do'n phríosúnach — go dtug sé iarraidh dundaláin chríochnuighthe a dhéanamh de aos óg na h-Éireann?” “Tá, a bhreithimh, i gcead duit-se, tá an bhaint seo aige leis an choir: béidh na ‘Buaidheanna agus na Díom- buaidheanna’ dhá léigheadh ag an aos óg ins na scoltacha, agus béithear ag cur i n-umhail dóbhtha gur cainnt aithghiorrach atá ins an liosún liobasta sin fá'n éadach. Agus má chreideann an créatúir go bhfuil aithghiorracht ar bith ins an phrácás sin, cá bhfuil an rud a mheasfadh siad bheith líodránta gan snas? Ar ndóigh, béidh siad comh millte agus nach n-aithneóchadh siad eadar dán de chuid Eoghain Ruaidh Mhic an Bháird agus an ghibrisc a bíos ar pháipéar laidheasans na madadh.” Chrom an breitheamh a cheann agus chumail sé a bhos dá shúile. “Agus an tríomhadh coir?” ar seisean, nuair a thóg sé a cheann arís. “Abair cibé tá le rádh agat fá'n tríomhadh coir — go dtug an príosúnach iarraidh náisiún na h-Éireann a náiriughadh os coinne an tsaoghail mhóir.” “Sílim, a bhreithimh, gur furas domh sin a chruthughadh as an ghiota atá mé i ndiaidh a léigheamh,” arsa Mac Uí Ghaedhil. “Dá gcuirtidhe Frainncis ar an ghiota sin, caidé an bharamhail a bhéadh ag na Franncaigh dínn fhéin agus dár gcuid gontachta? Dá gcuirtidhe Gearmáinis air, caidé déarfadh na Gearmánaigh linn? Dá gcuirtidhe Béarla air, caidé an magadh agus an fhonomhaid a dhéan- fadh na Sasanaigh fúinn? Gontacht! Cainnt bheacht aithghiorrach! Cloth that was not new on him. Cloth that was not half-new on him. Cloth that was not new at all on him. Holes on that cloth. Big holes on that cloth. Very big holes on that cloth! B'fhearr liom ná bliadhain de shaoghal bheith cinnte nach bhfuigheadh na Sasanaigh a leithéid de ghléas magaidh orainn.” Shuidh Mac Uí Ghaedhil síos, agus d'amhairc an breitheamh ar an Ollamh De Geabairlín. “An mian leat fhéin labhairt, a phríosúnaigh?” ar seisean; “nó an bhfuil fear cosanta ar bith sa láthair agat?” D'éirigh an príosúnach i n-a sheasamh agus shín sé giota de pháipéar do'n bhollsaire. Thug sé sin an páipéar suas chuig an bhreitheamh, agus mur dtainig iongantas air-sean agus é ghá léigheadh, chan lá go fóill é. “Tchím,” ar seisean nuair a bhí deireadh léighte aige. “Tá sé scríobhtha annseo i mBéarla ag an phríosúnach go rabh dlightheoir fostóidhthe aige — dlightheoir a bhfuil céim iolscoile de thairbhe Gaedhilge aige. Ach deir sé nar chleacht an dlightheoir mórán ar bith Gaedhilge a labhairt le tamall agus nar mhaith leis theacht chun na cúirte seo gan bheith ábalta a labhairt go réidh. Mar sin de, thoisigh sé, tá cupla lá ó shoin, dhá foghluim as leabhar a bhfuil iomrádh mór air — leabhar ar b'ainm dó ‘Siabadh agus Slugadh’ — agus is eagal leis an phríosúnach nach bhfuil an leabhar uilig léighte aige go fóill. “Ach tá rud is mó de shuim ná sin annseo. Deir an príosúnach nar shamhail sé ariamh go rabh sé ag déanamh dochair ar bith do'n Ghaedhilg — gur bh'fhada uaidh a leithéid de dhroch-rún — ach gur cuireadh i n-umhail dó gur rí- scoláire a bhí ann agus go rabh lámh fhíor-mhaith aige ar an pheann. Agus —” Ach le sin go díreach bhuail racht millteanach casachtaighe an breitheamh, agus thionntóidh sé a chúl leis an chúirt nó go bhfuair sé faoiseamh. Thionntóidh sé thart go fadálach annsin, agus ar seisean: “Anois, a lucht an ghoiste, fuígfidh mé agaibh-se a rádh ciaca tá an príosúnach cionntach nó neamh-chionntach ins na coirthe seo atá curtha síos dó ag Mac Uí Ghaedhil. Má mheasann sibh nach mbaineann an obair sin mórán ama asaibh, féadann sibh gan ghabhail chuig seomra an ghoiste, ar chor ar bith.” D'amhairc mé fhéin thart ar na fir eile a bhí ar an ghoiste, agus, gidh gur shaoitheamhail leat é, ba é sin an chead uair a thug mé fá dear caidé an cinéal iad. Fir bhreaghtha thíorthamhla a bhí ionnta uilig an tsaoghail, agus ba aca a bhí scoith na Gaedhilge. Ní rabh fear ar bith aca nar mheas an príosúnach bheith cionntach ins na trí coirthe, ach ní rabh fear ar bith aca nar mhian leis gan bheith ró- chruaidh air. An ceann feadhain a bhí ortha, d'éirigh sé i n-a sheasamh agus dubhairt sé sin leis an bhreitheamh. “Sílim go bhfuil an ceart agaibh go h-uile agus go h-iomlán,” arsa an breitheamh. “Aontuighim libh nar chóir bheith ró-throm air. Ba doiligh liom fhéin bheith trom ar chréatúr dheileoir ar bith; agus, ar an adhbhar sin, ní thabhairfidh mé de bhreith daortha ar an Ollamh De Geabairlín ach príosúntacht thrí mbliadhain i bPríosún Ailt na Lach. Agus, le fírinne a dhéanamh, ní chuirfinn an oiread sin fhéin air ach go bhfuil mé 'gheall ar faill a thabhairt dó foghluim a dhéanamh ar choiblearacht bróg.” FRÁSAÍ (an feartlaoi) dhá cárdáil - (the panegyric) being discussed, under discussion bhí mé ar dhuine de lucht an ghoiste - I was one of the jury ar an chead iarraidh - at the first attempt liathán gan chois - a trowel without a handle (a mortar-board) stól thrí gcos - a three-legged stool caidé an choir atá curtha síos dó? - what crime is he accused of? chan díth nach rabh méid chomhthrom ann - it was not for any lack of stature on his part dhéanfá amach - you would think to look at him thug sé iarraidh mharbhtha ar an teangaidh Ghaedhilge - he attempted to murder the Gaelic language an tír seo na h-Éireann - this country of Ireland thréig an chainnt é - he was unable to speak ar mhéad 's bhí de lagar air - such was the weakness that affected him agus an dubh-chuil air - bristling with aggression nach gcuirfeadh sé fá n-a choinne fhéin - that he would not set out with the intention of a mhacasamhail le h-olcas - its equal for faultiness d'ól sé tarraingt a chinn as - he drank an ample draught of it an é an rud atá tú ag maoidheamh go - do you mean that, are you inferring that ar shéala í bheith i n-a Gaedhilge - purporting to be Gaelic beacht, bríoghmhar, aithghiorrach - concise and forceful an giota atá mé a mhaoidheamh - the piece I mean, the piece to which I refer gidh gur shaoitheamhail leat é - strange to relate