Ag Goid Ubhlaí.        

Bhí beirt ghasúr ag teacht ó'n sgoil tráthnóna
amháin. Bhí siad ag dul thart ag abhaill, agus mar
bhí fhios aca go rabh an fear arbh leis an abhaill as
baile, shíl siad nach mbéadh a dhath dhe mhoill
ortha dornán de na h-ubhlaí a ghoid. Isteach leo-
bhtha ar an bhearnaidh, agus shiubhail siad go
h-an-socair agus go h-an-fhaithchilleach a chois an
chlaidhe go dtainic siad a fhad le coirnéal an gháraidh.
Dar leobhtha anois go rabh siad i bhfolach ar an
tsaoghal mhór, agus nach rabh baoghal ar bith go
bhfeicfidhe iad. Dhreapuigh duine aca suas ar
chrann, agus d'fhan an fear eile ag bun an chrainn
ag coimhead suas. Acht ba bheag a shíl siad go
rabh fear an tighe ghá gcoimhead i rith an ama.
Bhí sé ar a bhealach 'un an bhaile agus ag teacht
thart ag coradh dó, thug sé fá dear mo dhá óganach
ag dul isteach ar an bhearnaidh. Cibé ar bith,
thainic sé gan mhothughadh ar na gasraidh. Thug
sé iarraidh greim a fhagháil ar an ghasúr a bhí ag
bun an chrainn, acht d'imthigh sé air, agus ní fhaca
an gasúr a bhí shuas ar an chrann ar chor ar bith é,
agus shíl seisean, ar ndóigh, go rabh an gasúr eile
annsin ar fad. D'fhan an fear tamall ag amharc
suas agus chuala sé an gasúr ag caint leis fhéin, agus
é ag baint leis ar na h-ubhlaí. Sa deireadh, chaith
an gasúr anuas cúpla ubhall: "sin cúpla ceann
duitse" ar seisean. Bhí slat mhór fhada ag an
fhear agus thug sé cúpla buille milltineach dó isteach
ins na luirgneacha. "'Seadh," arsa an fear, "agus
sin cúpla ceann duitse." Tharraing sé anuas de'n
chrann annsin é - "agus," ar seisean, "má bheirim
ort 'san abhaill seo arís, ní cúpla ceann a gheobhas
tú acht céad ceann."


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница