Fiacla na Míoltóg.       

Bhí gasúr beag ag siubhal le n-a mhathair 'sa
gháraidh tráthnóna amháin i lár an tSamhraidh.
Bhí na míoltóga an-tiugh, agus bhí siad ag cur géar
leis an bheirt aca. Bhí an gasúr ag cuimilt leis ar
a aghaidh agus ag tochas a chinn, agus bhí cuma air
gurbh fhearr leis bheith istigh. "Siubhail leat
isteach 'un an tighe, a mhathair" ar seisean sa
deireadh, "nó ní fhágfaidh siad greim dínn le chéile;
tá fíacla aca sin a ghearrfadh iarann."


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница