Im ar an Dá Thaoibh.       

Bhí Máire Nic Gabhann i ndiaidh maistreadh a
dheanamh. Thainic gasúr beag de chuid an bhaile
isteach agus sheas sé ag n-a taoibh ag coimhead
uirthi ag baint an ime de'n chuinneóig. Nuair a
bhí Máire réidh rinne sí ceapaire agus thug dó é.
Nuair a fuair an gasúr an ceapaire, níor dhubhairt
sé a dhath, acht chrom sé a cheann agus chuir pus
air féin. "Caidé tá cearr leat, a thaisgidh?" arsa
Máire.

"Cuireann mo mhathair im i gcomhnuidhe ar an
dá thaoibh," arsa an gasúr, "agus ní'l im acht ar
thaoibh amháin de seo."

"Ó, is furast sin a leigheas," arsa Máire, agus
chuir sí im ar an taoibh eile dó.

"An bhfuil tú sásta anois?" arsa Máire. "Ó,
tá cinnte," arsa an gasúr, "acht nach mór an truagh
nach bhfuil taobh eile air."


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница