Sgoil nó Sgolladóracht.       

Nuair a mhusgail Brian óg ar maidin, chumail
sé a shúile agus rinne sé meánfach. D'amharc sé
thart ar na ballaí annsin, agus thoisigh sé a smaoin-
tiughadh. "Caidé an lá atá ann indiu?" ar seisean
leis féin. Smaointigh sé tamall eile agus annsin,
thoisigh sé a chunntas: An Luan, An Mháirt, An
Chéadaoine, An Diardaoin, An Aoine agus An
Satharn. "Hí! Hí! Hí!" ar seisean, "seo é
An Satharn; ní bhéidh agam le dhul 'un na sgoile
indiu, agus codlochaidh mé néal beag eile." Go
díreach le sin, chualaidh sé a mhathair ag sgairtigh
leis go crosta agus ag iarraidh air a bheith in a shuidhe.
"Is doiligh suaimhneas a fhagháil ar dhóigh nó
ar dhóigh eile" ar seisean, "nuair nach mbíonn
sgoil ann, bíonn sgolladóracht ann."


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница