Críonnacht Madaidh.       

Chuaidh fear isteach i dteach itheacháin ins an
chathair lá amháin, agus madadh leis. D'orduigh
sé cé bith tráth a bhí a dhith air, agus bhain sé de
a mhiotóga agus d'fhág ar chathaoir iad. Bhí an
madadh in a shuidhe go múinte ag taoibh an dorais
agus é ag coimhead go cineálta ar a mhaighistir.
Nuair a bhí an fear réidh ag ithe, dhíol sé an sgór
agus chuaidh amach. Shiubhail sé anonn go dtí an
taobh eile de'n tsráid, agus chuaidh sé isteach i
siopa a cheannacht toitíní. Lean an madadh a
fhad le doras an tsiopa é; annsin sheas sé tamall
mar bhéadh sé ag smaointiughadh air féin, agus an
dara bumaite bhí sé ar theann rása ag dul bealach
an tighe itheacháin arís. Nuair a bhí a mhaighistir
ag teacht amach ar doras an tsiopa, chonnaic sé an
madadh ag tarraingt air agus a mhiotóga in a bhéal
leis. Chuimnigh sé annsin gur fhág sé in a dhiaidh
'sa tigh itheacháin iad.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница