Gadhar agus Coileach.       

Bhí gadhar agus coileach ag siubhal amuigh
tráthnóna amháin agus ag teacht na h-oidhche
chuaidh siad isteach i gcoillidh. Chuaidh an coileach
i n-áirde ar chrann agus rinne an gadhar leabaidh
dó fhéin ag bun an chrainn. Chomh luath is mhus-
gail an coileach ar maidin, thoisigh sé a sgairtigh,
agus mhothuigh an madadh ruadh é, agus thainic
mo dhuine glic thart faoi sgáth na ngéag go dtí an
áit a rabh sé. D'amharc sé suas ar an choileach,
agus thoisigh sé ar a chuid gallamaisighe. Bhí
fhios ag an choileach go maith caidé bhí faoi, agus
d'iarr sé air dhul thart go bun an chrainn agus a
ghiolla a mhusgladh. Rinne an madadh ruadh mar
h-iarradh air, agus níor luaithe a bhuail sé ar
an doras ná léim an gadhar amach agus fuair greim
air.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница