Iongantas na Luchóige.       

Bhí luchóg bheag istigh i bpoll lá amháin agus
í ag amharc amach. Bhí lá deas teith ann agus
dubhairt sí le n-a mathair go mb'fhéidir gur bh'fearr
dí dul amach tamall go bhfeiceadh sí cuid de iongan-
tais an tsaoghail. "Tá an cead sin agat" arsa a
mathair, "acht bí cinnte agus ná téigh a gcomhair
an tighe sin thuas, nó is ann atá an cat is ocraighe
ar an tsaoghal. Shiubhail an luchóg bheag léithe
agus mar bhí rudaí iongantacha le feiceáil aici ar
gach taoibh dí, ba ghoirid gur fhág comhairle a
mathar a ceann ar fad, agus níor mhothuigh sí go
rabh sí ar amharc an tighe. Chonnaic sí na cearca
agus na lachain agus na géacha, agus bhí cat mór
bán ghá ghrianrughadh féin ag binn an tighe. Chuir
sí sonnrughadh mór 'sa chat, mar shíl sí nach dtioc-
fadh le dadaidh eile ar an tsaoghal bheith chomh
deas leis. Bhí sí go direach ar tí a dhul a fhad léithe
nuair a d'fhosgail coileach na gcearc a chraos agus
leig cúpla sgairt as. Bhí an luchóg fá bhárr amháin
creatha, agus bhain sí an baile amach chomh tiugh
teith is thainic léithe. Nuair a chuaidh sí 'un an
bhaile, thoisigh sí a innse fá na rudai iongantacha
a chonnaic sí, go h-áirighthe fá'n ainmhidhe bheag
dheas a bhí ag binn an tighe, agus fá'n ainmhidhe
sgannruightheach a bhí ag sgairtigh." Tá mea-
rughadh ort, a thaisgidh" arsa a mhathair: "an
t-ainmhidhe a shíl tusa a bhí chomh deas sin, 'sé an
námhaid is mó atá againn é, agus an t-ainmhidhe
eile a shíl tusa a bhí míofuar, ní'l a dhath dhe dhochar
leis acht oiread linn fhéin."


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница