Bhí an t-Éan Ion-Churtha Leis.       

Rug cat ar éan lá amháin agus bhí sé ag dul dá
mharbhadh. "Gabhaim párdún duit" arsa an téan,
"'ar ndóigh shíl mise gur duine uasal a bhí ionnatsa,
agus tchím anois nach eadh." "Cad chuige a bhfuil
tú de'n bharamhail sin?" arsa an cat. "Tá, mar
go nigheann na daoine uaisle a n-aghaidh i gcomh-
nuidhe sul a ndeán siad a gcuid." "Leoga maise,
b'fhéidir go bhfuil an ceart agat" arsa an cat, agus
leig sé uaidh an t-éan agus thoisigh ag lighe a chrúb.

Nuair a fuair an t-éan réidhtighthe, d'fhág sé
slán ag an chat agus as go bráth leis, agus nuair a
bhí a aghaidh nighte ag an chat d'amharc sé thart,
acht bhí ádhbhar a dhinnéara ar iarraidh.


Ciarán Ó Duibhín
Úraithe 2008/03/28
Clár cinn / Home page / Page d'accueil / Hauptseite / Главная страница