Gais na Sean-Ghaeilge

Bríathra Flainn Fína maic Ossu

"Bríathra Flainn Fína maic Ossu" an t-ainm atá ar chnuasach seanráite i Sean-Ghaeilge nach bhfuil i ngach ceann acu ach trí fhocal. Is ionann Flann Fína mac Ossu agus Aldfrith mac Oswy, rí Nortumbair a d'éag sa bhliain 705. Ba Ghael a mháthair agus bhí ainm an léinn air sa dá theanga. Tá timpeall 250 nathán sa chnuasach. Taitníonn a ngontacht go mór liom, bíodh go bhfuil cuid acu níos cliste ná a chéile. Seo cúpla ceann acu, i Sean-Ghaeilge agus i Nua-Ghaeilge. Cuirfidh mé leis an liosta ó am go ham.

Atcota

Atcota brothchán bithnert.

Tugann brachán bithneart.

Atcota gáis clotha.

Faigheann gaois clú.

Atcota sochell saidbres.

Faigheann soicheall (.i. flaithiúlacht) saibhreas.

Atcota sotngne sídugud.

Déanann caoinchaint suaimhniú.

Atcota trodach túarcain.

Faigheann trodaí tuargaint.


Deacaid

Descaid braith sanas.

Comhartha brathadóireachta cogarnaíl.

Descaid étrebaire rolabra.

Comhartha místuaime clabaireacht.

Descaid gensa dímaisi.

Comhartha geanmnaíochta míscéimh.
(Bíonn an duine míofar geanmnaí.)

Descaid serce sírsilliud.

Comhartha seirce síoramharc.


Dligid

Dligid díbe dimolad.

Dlíonn sprionlaitheacht dímholadh.

Dligid ecna airmitin.

Dlíonn eagna oirmhidin (.i. urraim).

Dligid ócc eladain.

Dlíonn fear óg ealaín (nó, oideachas).

Dligid máthair míngaire.

Dlíonn máthair goire (.i. cothú agus aire óna cuid clainne).

Dligid ugra etargaire.

Dlíonn achrann eadráin.


Ferr

Ferr cíall cáinchruth.

Is fearr ciall ná caoinchruth (.i. áilleacht).

Ferr dáil debuith.

Is fearr comhdháil ná comhrac.

Ferr dán orba.

Is fearr dán (.i. ceird) ná forba (.i. fearann oidhreachta).

Ferr drub déne.

Is fearr moill ná deabhadh.

Ferr fíor fertaib.

Is fearr an fhírinne ná míorúiltí.

Ferr gáis gaisced.

Is fearr gaois ná gaisce.

Ferr leth lánetech.

Is fearr leath ná láneiteach.

Ferr recond íarconn.

Is fearr réchonn (.i. réamhfhéachaint) ná iarchonn (.i. iarghaois).

Ferr slán sásad.

Is fearr sláinte ná sásamh (.i. do sháith a ithe).


Tosach

Tosach eóluis imchomarc.

Tosach eolais fiafraí.

Tosach sodcha soben.

Tosach ratha dea-bhean.

Tosach tocuid trebaire.

Tosach ratha bainistíocht mhaith.

Tosach uilc úabarbríathar.

Tosach oilc focal uaibhreach.


Trecheng Breth Féne - The Triads of Ireland

Má thaitníonn na seanráite seo leat, tabhair súil ar Trecheng Breth Féne, cnuasach de 256 thré a d'fhoilsigh Kuno Meyer i 1906 sa leabhar The Triads of Ireland. Tá siad i Sean-Ghaeilge agus i mBéarla.